Méid an Téacs

Todhchaí Choláiste Chineál Eoghain, Bun Cranncha i mbaol

Aibreán 30, 2013

Tá imní léirithe ag GAELSCOILEANNA TEO., Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall agus pobal Choláiste Chineál Eoghain i mBun Cranncha maidir le fógra ón Roinn Oideachais agus Scileanna a chuireann todhchaí na scoile i mbaol. Tá sé tugtha le fios ag an Roinn go bhfuil aitheantas sealadach na scoile, a d’oscail i 2007, le haistarraingt de bharr uimhreacha íseal. Tá 3 rogha leagtha amach ag an Roinn don scoil, eadhon; dúnadh go céimiúil, aistriú go hAonad faoi stiúir iarbhunscoil lán-Bhéarla áitiúil, nó an rogha a bheith ag na daltaí freastal ar Choláiste Ailigh, Litir Ceanainn, atá níos mó na 30 ciliméadar ó Bhun Cranncha.

Tá 34 dalta ag fáil oideachas trí mheán na Gaeilge i gColáiste Chineál Eoghain faoi láthair, agus 17 cláraithe le tosú sa scoil i Meán Fómhair 2013. Is buille tromchúiseach a bheadh ann dóibh dá gcaillfeadh an scoil a stádas agus dá gceilltfí oideachas lán-Ghaeilge orthu dá bharr. Roghnaigh na daltaí agus tuismitheoirí seo oideachas lán-Ghaeilge ar an tuiscint go mbeidís in ann dul go leibhéal na hArdteiste agus iad tumtha sa Ghaeilge. Bheadh cearta agus mianta na ndaltaí á shárú ag an Roinn dá ndéanfaí aitheantas na scoile a aistarraingt.

In ainneoin na n-uimhreacha beaga faoi láthair, tá éileamh méadaitheach ar oideachas lán-Ghaeilge ag leibhéal na bunscoile sa cheantar, le líon na ndaltaí ag dul in airde i nGaelscoil Bhun Cranncha. Tá sé den riachtanas am a thabhairt do Choláiste Chineál Eoghain dul i bhfeidhm go dearfach ar an ngaelscoil áitiúil le haistriú láidir idir an dá leibheál a chinntiú. Tá baol láidir ann go n-imreodh cinneadh in éadan todhchaí Choláiste Chineál Eoghain droch-thionchar ar an mbunscoil mura dtabharfaí deis dá daltaí leanúint leis an ngaeloideachas ag leibhéal na hiarbhunscoile. Déanann Coláiste Chineál Eoghain freastal ní hamháin ar na daltaí seo, áfach, ach ar daltaí a thagann ó Dhoire le hiarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge a lorg. Tugann seo deis don Roinn agus don Rialtas comhoibriú tras-teorainn a chur chun cinn de réir a ndualgais faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus freastal a dhéanamh ar phobal leathan scoile. Beadh baol ró-mhór ann do thodhchaí fad-téarmach na scoile dá n-aistreofaí go hAonad í, agus buairt go dtitfeadh líon na daltaí go suntasach dá bharr.

“Tá géarghá le stádas Choláiste Chineál Eoghain a chosaint agus gach deis a thabhairt don scoil fás agus forbairt” a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. “Aithnímid an tábhacht a bhaineann le hinmharthanacht láidir scoileanna agus le húsáid éifeachtach acmhainní an Stáit i leith soláthair scolaíochta, ach tá an cinneadh seo ag teacht roimh am. Tá tiomantas léirithe ag pobal Inis Eoghain don scolaíocht lán-Ghaeilge agus bheadh sé tubaisteach dá gcuirfí deireadh le hinstitiúid croí-lár an phobail. Bheadh dúnadh na scoile in éadan gach gealltanas atá déanta ag an Stát i leith tacú leis an oideachas lán-Ghaeilge sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Iarraimid ar an Roinn am breise a thabhairt don scoil feasacht faoin scoil a ardú agus í a chur chun cinn sa phobal le go mbeidh uimhreacha inmharthanacha acu.”

Tá achomharc ar chinneadh na Roinne déanta ag Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall ar son na scoile, agus síneadh á lorg acu d’aitheantas sealadach do Choláiste Chineál Eoghain. Fógrófar toradh an achomhairc seo go luath agus beimis ag súil leis go dtabharfaidh an Roinn aird ar mhianta agus riachtanais an phobail agus go mbeidh iarbhunscoil lán-Ghaeilge mar rogha ag daltaí Inis Eoghain.

Tuilleadh eolais:
Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO.
bláthnaid@gaelscoileanna.ie | 01 8535195

Nóta don eagarthóir
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.