Méid an Téacs

Gaelscoil Átha Í – Ceardlann Drámaíochta

Bealtaine 28, 2010

Ar an Déardaoin, 22 Aibreán, chuaigh Rang a Ceathair as Gaelscoil Átha Í go Ceatharlach chun bualadh le Ranganna a Ceathair i nGaelscoil Eoghain Uí Thuairisc. Socraíodh go mbeadh na ceardlanna drámaíochta ann i dtosach báire agus an dráma é féin mar an chuid deireanach den lá. Thógamar 18 linn agus bhí thart ar 60 páiste ann ó Cheatharlach. Roinneamar na gasúir i ngrúpaí 20 nó mar sin agus thosaigh siad ag cur aithne ar a chéile. Ba dheis iontach é seo dóibh aithne a chur ar ghasúir eile trí mheán na Gaeilge agus na spéiseanna agus dúil céanna acu. Cé go raibh cuid mhaith díbh cúthaileach ag an tús, níorbh fhada a mhair sé sin!

Nuair a tháinig muintir Bhranair, tosaíodh ar na ceardlanna éagsúla. Sna ceardlanna, labhraíodh ar chúpla ábhar:

  • Maistíneacht ar scoil, sa bhaile, srl.
  • Conas déileáil le maistín
  • Féin-mhuinín
  • Féiniúlacht
  • Gníomhaíochtaí comhoibritheacha

I ndiaidh am lóin, cuireadh an dráma i láthair agus b’iontach an léiriú é. Bhí an t-ábhar an-fheiliúnach do na gasúir agus so-thuigthe. Thaitin na carachtair leo agus thuig na gasúir cad as a bhí siad ag teacht. Úsáideadh an “stáitse” ar bhealach an-ealaíonta agus bhí go leor samhlaíochta ag teastáil le brí iomlán a bhaint as. Thaitin sé go mór leo uile agus ina dhiaidh, pléadh cuid de na heachtraí uaidh, rud a thug seans do na gasúir an bhrí a bhain siad féin as a chur in iúl.

Anuas ar ábhar an lae, ba sheans iontach é do na gasúir bualadh agus súgradh le gasúir ó Ghaelscoil eile agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh i ngnáthshuíomh sóisialta agus cairdeas a chothú idir an dá dhream. Lá fiúntach, tairbheach agus taitneamhach!