Méid an Téacs

Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió ó Raidió Fáilte

Lúnasa 20, 2012

Ar mhaith bheith i do chraoltóir raidió? Tá Raidió Fáilte ar lorg Gaeilgeoirí le páirt a ghlacadh i gcúrsa traenála atá á reáchtáil i gcomhar le Ciste Craoltóireachta na Gaeilge le tacaíocht ó Northern Ireland Screen.
Dianchúrsa i scileanna raidió agus craoltóireachta atá i gceist. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe an dóigh lenagclár raidió féin a ullmhú, a chur i láthair, a thaifead agus a chur in eagar.
Le cois bunscileanna raidió, beidh na rannpháirtithe ag foghlaim scileanna agallaimh agus cur i láthair, an dóigh le trealamh ardteicniúil taifeadta agus eagarthóireachta Raidió Fáilte a úsáid taobh istigh den stiúideo agus úsáid ghléasanna taifeadta in-iompraithe le hagallaimh, vox-pops agus imeachtaí a thaifead taobh amuigh den stiúideo, chomh maith le modhanna taighde agus scríobh scripteanna le haghaidh clár raidió, agus eagarthóireacht agus meascadh fuaime.
Seo an dara dianchúrsa traenála a reáchtáil Raidió Fáilte i mbliana. D’éirigh thar barr leis an 7 traenálaithe a ghlac páirt sa dianchúrsa a reáchtáil muid i mí Belataine/Meithimh agus tá cuid acu ina gcraoltóirí reatha ar Raidió Fáilte anois.
Bíonn Raidió Fáilte ag craoladh scoth na gclár Gaeilge – 7 lá na seachtaine, 24 uair sa lá – óna stiúideo úrnua ar Bhóthar na bhFál i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste.
Deis iontach atá sa chúrsa traenála seo tús a chur le slí bheatha sna meáin chumarsáide mar láitheoir raidió nó mar iriseoir agus do chlár raidió féin a chruthú ar stáisiún raidió lán-Ghaeilge.
Beidh aoi-chainteoirí ag teacht isteach ó na meáin chumarsáide náisiúnta le comhairle a thabhairt do dhuine ar bith atá ag smaoineamh faoi shlí bheatha in earnáil an raidió nó sna meáin chumarsáide.
Anuas air seo, beidh an deis ag na rannpháirtithe a slot féin a fháil ar sceideal gnóitheach Raidió Fáilte– an t-aon staisiún lán-Ghaeilge sa Tuaisceart!
Ná cailligí an deis!
Gabh i dteagmhéal le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh ar 028 90 310013 nó seol ríomhphost chuig donall@raidiofailte.com  roimh an 03 Meán Fómhair.

Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh
Oifigeach Traenála agus Léiriúcháin
Training and Production Officer Raidió Fáilte 107.1 FM
Teach Uí Chorráin/Curran House
Ionad an Dá Spuaic/Twin Spires
155 Sráid Northumberland
Bóthar na bhFál Iochtarach/Lower Falls Road
BT13 2JF Béal Feirste/Belfast

+44 (28) 90310013
oifig@raidiofailte.com

http://www.facebook.com Ag craoladh i mBéal Feirste agus ar fud an domhain
Irish language radio broadcasting worldwide from Belfast
www.raidiofailte.com

Le tacaíocht ón Choiste Craoltóireachta Gaeilge agus Northern Ireland Screen
Supported by Irish Language Broadcast Fund agus Northern Ireland Screen