Folúntas: Cúntóirí Eagarthóireachta
Meán Fómhair 25, 2014
Cúntóirí Eagarthóireachta (3 phost)
(i) Conradh 24 mí ó 1 Eanáir 2015–31 Nollaig 2016 (2 phost)
(ii) Conradh 12 mí ó 1 Eanáir 2015–31 Nollaig 2015 (1 phost)
Tá FIONTAR ag earcú taighdeoirí ar conradh chun oibriú ar thionscadail éagsúla sna daonnachtaí digiteacha Gaeilge. Tá cúig mhórthionscadal taighde ar siúl faoi láthair: www.focal.ie, www.logainm.ie, www.ainm.ie, www.iate.europa.eu (na téarmaí Gaeilge), agus www.duchas.ie chun Cnuasach Bhéaloideas a dhigitiú (i gcomhar le UCD). Beidh na taighdeoirí páirteach i meitheal idirdhisciplíneach FIONTAR.
Riachtanais:
Bunchéim onóracha sa Ghaeilge. Is gá céim Mháistreachta i réimse ábhartha mar aon le taithí chuí ghairmiúil i réimse na Gaeilge scríofa i ról eagarthóireachta, aistriúcháin nó taighde. Ní mór don iarrthóir a bheith inniúil ar obair thaighde a chur i gcrích agus a léiriú go bhfuil sé/sí in ann obair shlachtmhar a dhéanamh agus spriocanna a chomhlíonadh.
Tá caighdeán ard cruinnis sa Ghaeilge scríofa agus eolas ar an ngramadach riachtanach. Beidh tástáil scríofa sa Ghaeilge mar chuid den phróiseas earcaíochta.
Scála Tuarastail: €29,342–€30,200
Tá fáilte roimh iarrthóirí teagmháil le FIONTAR chun an post seo a phlé: An Dr Caoilfhionn Nic Pháidín (01-7005173); caoilfhionn.nicphaidin@dcu.ie
Spriocdháta iarratais: Dé hAoine, 17 Deireadh Fómhair 2014.
Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó: Human Resources Department, Ollscoil Chathair Bhaile Átha
Cliath, Ascaill Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 9.
Fón: +353 (0)1 700 5149; Facs: +353 (0)1 700 5500
R-phost: hr.applications@dcu.ie
www.dcu.ie/vacancies/current.shtml
Fostóir comhdheiseanna is ea Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá páirtmhaoiniú ag na tionscadail seo ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.