Folúntas: Stiúrthóir Naíonra in Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí
Lúnasa 17, 2016
Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra in Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí. Is iad na huaireanta oibre ná 08.45r.n.- 12.15i.n. (le huaireanta breise ar fáil má tá suim ag an bhfostaí iontu).
Tá cumas maith Gaeilge (labhartha agus scríofa) riachtanach don phost.
Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag iarrthóirí chomh maith, nó iad a bheith sásta tabhairt fúthu:
- Traenáil gharchabhrach
- CDBO Leibhéal 6 nó níos airde
Rátaí iontacha ar fáil don iarratasóir cuí.
Déan teagmháil le Nicole ag nicole2006@eircom.net má tá spéis leat cur isteach ar an bpost.