Gaelscoil open day bids to resolve row
Meitheamh 28, 2011
Gaelscoil groups take issue with report
Bealtaine 3, 2011
Give us a choice of two Irish subjects
Márta 31, 2011
Change how Irish is taught at primary level
Márta 30, 2011
Time to drop Irish as core subject
Márta 28, 2011
Bring Irish back to its roots
Márta 3, 2011
Don’t force students to study Irish
Márta 3, 2011
LANGUAGE DIVIDE
Feabhra 24, 2011
Hanafin: FG policy puts Gaeilge in danger
Feabhra 24, 2011
Caithfidh an Gaeilge a bheith éigeantach
Feabhra 24, 2011
A CHARA, an t-Uasal Kenny, “Más beo do bheo dá néis, Na gaid go léir a scaoileadh, Is nach corpán ar do chosa thú, Iontach liom mar éacht é.”
Scríobh Máirtín Ó’Díreáin na línte seo, ach is dócha nach bhfuil siad cloiste agat go dtí seo. Samhlaíonn an file an duine a thréigeann a the anga dúchais mar chorpán – é sin do phlean don tír seo? An bhfuil tú ag lorg glúin nua corpán chun a bheith ina gceannairí ar an tír seo? Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge éigeantacht sna scoileanna ar eagla go gcaillfimid ár n-aithne.
Beidh daoine ag gearán faoin nGaeilge go deo. Cloisimid daoine ag rá gur cur amú ama é a bheith ag foghlaim Gaeilge mar ní bhfaighfidh an Ghaeilge postanna dóibh, ach ní bhaineann an teanga le cursaí airgid agus eacnamaíochta. Baineann sé le spiorad agus anam an naisiúin. Tá cosúlacht ar an scéal nach dtuigeann tú tábhacht na Gaeilge mar chuid dár n-oidhreacht. Ar chuala tú riamh gur tír gan teanga tír gan anam? Bíonn daltaí ag gearán faoi mhata i gcónaí ach ní chloisim éinne ag rá go mba chóir go mbeadh an ábhar sin roghnach don árdteist. Beidh an rogha againn don ollscoil – nach leor sin? Is eol duit nach bhfuil vóta ag na daoine a mbeidh an cinneadh seo ag dul i bhfeidhm orthu.
Ar chuir tú an cheist orthu maidir leis an rud ba mhaith leo a bheith deanta maidir leis an nGaeilge? Níor chuir éinne riamh an cheist ormsa agus níl sé ceart ná cothrom. Níl an ceart agat ár bhféiniúlacht a thógáil uainn. Briseann an dúchas trí shúile an chait: is feidir linn éalú on nGaeilge ach ní thréigfidh an Ghaeilge muid riamh. Nuair atá gach rud caillte againn de bharr an chúlú eacnamaíochta, beidh rud á lorg againn, rud a thógfaidh muid as an oíche dhorcha. Is é an rud sin ná ár n-oidhreacht, ár dteanga féin, ach má tá sé imithe, beidh sí imithe go deo. Bheadh an poll sin inár gcultúr mar chnéa oscailte i gcroí na tíre agus ní stopfadh sé ag cur fola. Sinne Fianna Fáil: ní Sasanaigh sinn, ní Eorpaigh sinn. Is É ireannaigh sinn agus tá suil agam nach ndéanfai mid dearmad air. Ba chóir go mbéimís go léir fíorbhródúil as an teanga álainn atá againn. Fuair ár sinsir bás ar son na Poblachta, ar son na Gaeilge.
Guím nach dtíocfaidh an lá go deo go mbeidh an Ghaeilge roghnach sna scoileanna. Iarraim ort le mo chroí ina iomláine. Rinne na Sasanaigh gach iarracht ár dteanga a scriosadh – caithfimid a bheith cúramach nach gcríochnóimid féin an rud a theip orthu a dhéanamh.
Ruth Lawlor
Tramore
Co Waterford
Irish Examiner – Litir chuig an Eagarthóir