Applications open for grants to study, teach and research in US
Lúnasa 24, 2012
North’s GCSE top grade percentage rises again
Lúnasa 24, 2012
The sum of Irish and maths
Lúnasa 23, 2012
An rás mallaithe
Lúnasa 23, 2012
CROBHINGNE: TÁ TORTHAÍ na hardteistiméireachta ar fáil arís agus rás na bpointí in airde láin.
An chaint chéanna bliain i ndiaidh bliana. Casadh beag an t-am seo toisc marcanna sa bhreis a bheith ar shumanna seachas mar a bhíodh.
An tAire a d’iarr na hathruithe agus atá anois ag iarraidh iad a chasadh siar, nó mar adeir siad sa bhéarlagair neodrach, “athbhreithniú” arís a dhéanamh orthu.
Máithreacha agus aithreacha an tsaoil ag glaoch ar an raidió agus ag breacadh chun na nuachtán um éagothroime an chórais.
Ní féidir a rá nach bhfuil smut mór den cheart acu. Is diabhalta agus is éagórach an córas é go mbeadh saol agus fáistine duine ag brath go hiomlán ar conas mar a rinne an duine sin ar aon lá cinniúnach amháin, fág gach a ndearna sé roimhe sin as an áireamh.
D’fhéadfadh sé a bheith ar an duine ba mheabhraí amuigh, agus é ag obair ó dhubh go dubh, agus a bhundún curtha amach go míbhéasach aige ar feadh sé mbliana fada allais, agus ar lá na sprice tinneas cinn a bheith aige, nó is measa ná é, go bhfuair a shinseanmháthair bás.
Is intuigthe go léir go n-éileofaí, dá réir sin, córas a thabharfadh san áireamh cumas duine san fhairsingeacht, seachas scrúdú a bheadh i dtaobh leis an aon iarracht amháin. Moltar meastóireacht leanúnach, tuairiscí ó mhúinteoirí, fillteáin reatha, litreacha molta, teastais dochtúra, fianaise fhad na haimsire…
Tá an moladh seo chomh ciallmhar sin gur chóir é a chur i bhfeidhm ar gach gné den saol a bhfuil iomaíocht éigin i gceist. Bhí an t-ádh le buíon na dteistiméireachtaí i mbliana go raibh na cluichí Oilimpeacha ar siúl tar éis allas na scríbhneoireachta, mar is deimhnitheach go mbeadh go leor ag féachaint orthu i mí an Mheithimh mar mhalairt ar na leabhair. Ní móide gur rith sé leo, áfach, go raibh rud éigin éagothrom ó bhonn aníos ag baint le na cluichí céanna úd.
Tá na cluichí Oilimpeacha seo, agus beagnach gach saghas spóirt eile bunaithe ar an tuairim amaideach go mbaineann bua le feabhas faoi leith ar lá áirithe.
Níor ghá go mbeadh aon bhaint ag an lá áirithe atá sa treis le haon rud a chuaigh roimhe, gan amhras, agus dá réir sin, bronntar boinn óir agus airgid agus cré-umha ar dhaoine a ráiníonn gurb iad is fearr ag pointe áirithe, agus déantar dearmad glan ar na gaiscígh eile ab fhearr ná iad a tharla go glanseansúil nach raibh siad chomh maith leo ar lá úd na cinniúna.
Ní cheapaim féin gurb aon tslí loighiciúil í seo le comórtas cluichíochta a eagrú. Mo thuairim mhacánta féin, gur chóir na cluichí Oilimpeacha a mheas ar conas mar a éiríonn le lúthchleasaithe idir dhá mhórchomórtas. Dá réir sin, sa chás is go mbeadh duine ag caitheamh an chasúir fad fada áirithe ar feadh cheithre mbliana, ba cheart go meáfadh sin níos mó ná aon chaitheamh mór timpistiúil amháin agus an ghrian ag taitneamh.
Fairis sin, áfach, mura n-éireodh le duine seachas a chéile ar an lá spriocálta ba chuí go mbeadh córas achomhairc ann ina dtiocfadh gach duine ar ais chun an ráis a rith arís, nó na saighde a theilg, nó na léime a thabhairt, nó an chasúir a chaitheamh.
Ina theannta san, níl aon amhras ná gur chóir tuairimí agus tuairiscí na saineolaithe a chur san áireamh. Cuir i gcás an cóitseálaí proifisiúnta sin a thuig go raibh reathaire amháin thar barr agus a scoith gach duine thall is abhus oíche i ndiaidh oíche, níl aon chúis nach gcuirfí a bhreith sin suas is anuas leis an amaitéarach aon uaire a bhainfeadh bonn óir gan súil, gan choinne.
Bheadh sé fuiriste go leor teacht ar chóras a mheáfadh tuarascálacha chóitseálaithe seachas a chéile, córas a dháilfeadh pointí orthu de réir boscaí a thiceáilfí ar ghréasáin eolaíochtúla de réir na slata tomhais b’oibiachtúla amuigh.
Abair go rithfeadh duine 100 méadar faoi bhun 10 soicind – ní bheadh aon deimhne againn gur dhein sé riamh roimhe sin é, ná go ndéanfadh arís mura mbeadh tuarascálacha agus meastóireacht leanúnach againn ón aos oiliúna.
Ní hí an cheist, mar sin, na scrúduithe a reáchtáil níos cosúla leis na cluichí Oilimpeacha, ach na cluichí Oilimpeacha a reáchtáil níos cosúla leis na scrúduithe, mar atá siad á moladh.
Is beag é m’amhras ná go mbeadh foraois de bhoinn óir againn an chéad uair eile, ach na tuarascálacha a bheith i gceart.
www.irishtimes.com
Raidió yí-há
Lúnasa 22, 2012
CHEADAIGH AIRE Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, deontas €27,000 don stáisiún idirlín, Raidió Rí-Rá, an tseachtain seo caite.
Tá Rí-Rá ag craoladh an cheoil is déanaí ó na cairteacha trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga ó bhí Márta 2008 ann. Mhol McGinley an stáisiún as “an obair fhiúntach” agus “fís” a bhí acu freastal a dhéanamh ar riachtanais teanga dhaoine óga; bhí “an-mholadh” ag dul dóibh.
Dúirt cathaoirleach an stáisiúin, Traic Ó Braonáin, gur mhór leo an t-aitheantas agus an chabhair a thug an deontas dóibh cur lena gcuid seirbhísí. Ba é cuspóir Rí-Rá an mhuintir óga a spreagadh “leis an teanga a úsáid ar bhealach spraíúil, nuálaíoch lasmuigh den seomra ranga”.
www.irishtimes.com
A bonus for mathematics students
Lúnasa 21, 2012
Girls outperform boys in most Leaving subjects
Lúnasa 17, 2012
24 hours in . . . An Ghaeltacht
Lúnasa 16, 2012
Droichead Feirste
Lúnasa 16, 2012
CUIRFIDH an t-ionad cultúir i mBéal Feirste, An Droichead, tús le féile seachtain ón lá amárach, a scríobhann Pól Ó Muirí. Mairfidh na himeachtaí go dtí an Domhnach, 26ú Lúnasa.
Beidh ceolchoirmeacha le hIarla Ó Lionáird agus Steve Cooney, Breandán Begley agus Caoimhín Ó Raghallaigh agus Pádraig Rynne, Dónal Lunny, John McSherry agus Graham Henderson, mar aon le ceardlanna ceoil do thosaitheoirí.
Le cois an cheoil, beidh na scannáin Poitín agus Mise Éire le feiceáil, turas siúlóide logainmneacha, oíche airneáil, dianchúrsa Gaeilge, bunrang Gaidhlig agus imeachtaí do pháistí.
Eolas: www.androichead.com
IRISH TIMES
The ups and downs of results 2012
Lúnasa 16, 2012