Protest over FG language strategy
Feabhra 15, 2011
Future of Irish to be made key issue for election
Feabhra 14, 2011
Making Irish an option
Feabhra 11, 2011
Different Fine Gael views on Irish in exam
Feabhra 10, 2011
Kenny’s move on Irish
Feabhra 8, 2011
Fixing the education system
Feabhra 8, 2011
An beatha teanga nó bascadh teanga atá i ndán dúinn?
Feabhra 3, 2011
TUARASCÁIL: Ar an Aoine, 6ú Deireadh Fómhair 1972 bhíos ag taisteal ar an traein ó Londain go hAbertawe (Swansea). Ceithre mhí caite agam ag baint leanlusanna i nGairdín Shasana (Kent) agus mé ag filleadh ar Ollscoil Chorcaí.
Gan cloiste agam le ceithre mhí ach Béarla na Banríona i gcanúintí éagsúla. Cad é mar stangadh a baineadh asam ag pointe áirithe ar an turas nuair a folmhaíodh an carráiste im thimpeall de Bhéarlóirí agus líonadh é le Breatnóirí. Ag an am sin bhí dianfheachtas faoi lán seoil sa Bhreatain Bheag an Bhreatnais a athbheochan agus bhí ag éirí leis. I mBreac-Ghaeltacht an Leitriúigh (mo cheantar dúchais) in iarthar Chiarraí bhí miocracasm den dianfheachtas céanna ar siúl ag séiplíneach óg, fuinniúil, díograiseach darbh ainm Donncha Ó Laocha.
Comharthaí bóthair agus siopaí á n-aistriú; tionscail tinteáin á mbunú; seanscoil thréigthe á stracadh as a chéile le bheith ina ionad pobail; ranganna agus cúrsaí samhraidh á n-eagrú; an óige á spreagadh agus aitheantas agus deontaisí stáit á n-éileamh; neamhaird agus lagmhisneach an phobail á gcloí. Dúshlán dodhéanta, déarfadh mórán. D’éirigh leis an dá dhianfheachtas, go gearrthréimhseach ar aon nós, ach ní gan dua agus gan allas na gcnámh. Tá siombail na traenach suimiúil, dar liom. Foghlaimíonn tú an t-uafás i dtaobh teangacha ón gcóras iompair phoiblí i dtír ar bith. Tá comhráite Gaeilge cloiste agamsa ar thraenacha agus ar bhusanna ó shin i leith in Éirinn ach ní go rómhinic. Comhráite teoranta freisin.
Níor chuala riamh lucht charráiste ina iomláine ag spalpadh as Gaeilge gan trácht ar chuile phaisinéir ar an traein nó ar an mbus. Cinnte, ní bheadh taistealaí traochta as tír iasachta den tuairim gurbh í an Ghaeilge ár dteanga náisiúnta agus é ag imeacht roimhe lena mhála droma ó stáisiún traenach amháin go stáisiún bus eile. Séard atá ar siúl againn anseo in Éirinn (agus sna tíortha Ceilteacha ar fad) ná go bhfuilimid ag iarraidh teanga a choinneáil beo. Gan ligint di bás a fháil. Í a chothú agus a neartú ó ghlúin go glúin. Suim a spreagadh inti i measc na n-óg. Na Gaeltachtaí a chaomhnú agus a leathnú. Na teaghlaigh Ghaeilge a mhisniú. Lucht labhartha na Gaeilge a fhorbairt agus dóchas a thabhairt dóibh i dtaobh na teanga a labhrann siad.
Tá sláinte na teanga níos fearr anois ná mar a bhí ag aon am le céad bliain anuas. Tá stádas aici mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá ag éirí leis na meáin chumarsáide ” TG4 agus RnaG ach go háirithe ” an teanga a thabhairt isteach i ngach teaghlach in Éirinn. Tá dearcadh níos folláine ina leith le brath sa tsochaí i gcoitinne agus tá tacaíocht ann di. Tuigimid mar chine agus mar náisiún nach ndéanfar an Ghaeilge a athshealbhú mar phríomhtheanga labhartha na tíre ach ag an am céanna tuigimid gur cuid lárnach dár gcoinsias agus dár meon Gaelach í.
Tá an Straitéis 20 Bliain don nGaeilge 2010-2030 seolta, straitéis a bhfuil sé mar sprioc aici líon na ndaoine a labhrann Gaeilge go laethúil a mhéadú ó 83,000 go 250,000, lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht a mhéadú de 25 faoin gcéad agus líon na ndaoine a mbeadh eolas acu ar an nGaeilge a mhéadú ó 1.66 milliún go dhá mhilliún sa tréimhse chéanna. Tá maoiniú curtha ar fáil don chéad bhliain den straitéis cheana. Neosfaidh an aimsir an aisling bhréige atá anseo nó aisling a dhéanfar a fhíorú. Más rud é gur imithe ar gcúl a bheidh an teanga i mbliain a fíoraithe (ie. 2030), beidh a port seinnte mar theanga.
Ceist chonspóideach í ceist na Gaeilge éigeantaí, ar ndóigh. Is ionann éigeantas agus riail agus bíonn fadhb ag an-chuid daoine óga le rialacha. Ar an dtaobh eile de is léim chandaim atá ann ó ábhar scoile éigeantach go hábhar roghnach. Bíonn ísliú stádais i gceist le hábhar roghnach i gcónaí. Is í an Ghaeilge teanga oifigiúil an Stáit de réir Bhunreacht na hÉireann. Ar an ábhar sin is “teanga chosanta” í agus caithfear í a chaomhnú nó an gcaithfear? Deir saineolaithe áirithe agus páirtí polaitíochta nó dhó go mba chóir bogadh ar aghaidh agus an t-éigeantas a bhaint agus an roghnachas a chur ina áit.
Sa bhliain 1974, nuair a bhí comhrialtas d’Fhine Gael agus de Pháirtí an Lucht Oibre i gcumhacht, cuireadh deireadh le riachtanas le haghaidh pas sa Ghaeilge chun Scrúdú na hArdteistiméireachta a bhaint agus chun post a fháil sa státseirbhís. B’é toradh na reachtaíochta sin ná gur fágadh an Ghaeilge in áit na leathphingine sa státseirbhís ó shin le státseirbhísigh áirithe gan aon Ghaeilge acu nó níos measa fós, namhdach ina leith. Anois tá Fine Gael ag bagairt go mba chóir deireadh a chur leis an éigeantas tar éis an Teastais Shóisearaigh. Céim mhór ar gcúl a bheadh ansin.
Bheadh “éifeacht dúradáin” aige a dhéanfadh tasc dodhéanta, geall leis, as múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais. Ní bheadh stádas ag an nGaeilge mar ábhar scrúdaithe a thuilleadh. Is beag tábhacht a bhaineann leis an Teastas Sóisearach mar scrúdú sa mhéid is nach scrúdú deiridh é. Rachadh an “éifeacht dúradáin” seo siar go dtí rang na naíonán beag sa bhunscoil. Dhéanfaí stádas agus íomhá na teanga sa chóras oideachais a chreimeadh go dtí an chnámh ionas nach mbeadh fágtha ach conablach lofa feasta. Is cinnte go n-athródh dearcadh na n-óg i leith na Gaeilge diúltach agus namhdach thar tréimhse ama.
Bheadh an lá ag an Seoinín agus is cinnte go mbeadh líon na ndaoine a lorgódh díolúine dá bpáistí gan an Ghaeilge a dhéanamh méadaithe go mór. Thitfeadh an t-éileamh don nGaelscolaíocht agus ar thinreamh sna Gaelscoileanna dá réir. Bheadh sé íorónta dá mbeadh an rialtas nua ag tacú leis an straitéis 20 bliain don nGaeilge ar lámh amháin agus ag tacú le creimeadh na teanga sa chóras oideachais ar an lámh eile. Níos íorónta fós mar go bhfuil príomhról tugtha don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i bhfeidhmiú na straitéise i gcúrsaí oideachais.
Bheadh an rud ar fad éigiallda. Go háirithe de bharr an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na Gaeilge de le roinnt blianta anuas. Beidh 40 faoin gcéad dos na marcanna ag dul don mBéaltriail i Scrúdú na hArdteistiméireacht ón mbliain 2012 ar aghaidh. Tá pleananna ann chun béaltriail a thabhairt isteach ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh. Tá dóchas ag múinteoirí Gaeilge go bhfuil tús curtha le ré nua i múineadh na teanga feasta. Má chuirtear deireadh leis an éigeantas tar éis an Teastais Shóisearaigh cuirfear deireadh go deo leis an dóchas sin agus cuirfear tús le meathlú marfach na teanga.
Impím ar Enda Kenny (cainteoir líofa Gaeilge mar a tharlaíonn) gan an chéim chinniúnach sin a thógaint agus tír gan anam agus gan teanga a fhágáil mar oidhreacht againn.
Is scríbhneoir é Mícheál Ó Ruairc. D’fhoilsigh Coiscéim nóibhille stairiúil dá chuid, Caisleán Ghriaire, le gairid
The Irish Times – Mícheál Ó Ruairc
Taighde baoth
Eanáir 20, 2011
CROBHINGNE: IS ANNAMH don Roinn Oideachais agus Scileanna dúiseacht de phreib.
Tá an chuma air gur mhúscail duine éigin de dhroim tuarascála éigin a chruthaigh go raibh an ráta litearthachta i measc páistí agus daltaí scoile abhus tite go tubaisteach laistigh de chúpla bliain. Nuair a léigh mé an cur síos ar an gcuntas ar an trácht ar an tuairisc ar an tuarascáil, ba dhóbair dó geit chomh mór a bhaint asamsa agus an duine san Roinn Oideachais a léim as a leaba i lár na hoíche chun dul i mbun gnímh.
Dream a bhfuil PISA orthu a chaith an cúram le chéile, agus dream iad nach bhfuil aon bhaint acu leis an túr den ainm sin (níl siad chomh claonta sin), ná pizza a sheachadtar chun an tí. Programme for International Student Assessment an t-ainm fada atá orthu agus gabhann siad timpeall an domhain le miosúr agus le slat ag iarraidh an cam a dhéanamh díreach. Is de shuimiúlacht, gan amhras, a bhfuil d’fhocail Bhéarla ann sa bhéarlagair oideachasúil atá bunaithe ar ainmhithe, assessment féin, agus dogmatic, agus ratification, agus deduckshun, rud a dhéanann asail cheana féin de mhórán dá mbíonn á rá.
Is é fáth ar baineadh geit chomh mór sin asamsa ná nach bhféadfadh titim chomh suntasach sin a bheith ann go grod. Ar nós madraí na sráide féin bíonn a fhios ag formhór na múinteoirí cad tá ar siúl ina gcuid ranganna beag beann ar dhuine a theacht chucu le rialóir agus chun boscaí a thiceáil. Tá creideamh simplí saonta amuigh ansin a cheapann gur fearr a inseoidh páipéar agus ceistneoir an fhírinne duit seachas do dhá chluais agus do dhá shúil agus pé brachán atá laistigh ded bhlaosc. Ní cuimhin liom mórán múinteoirí ag éamh amach go fiata: “Cúig bliana ó shin bhí na páistí go léir in ann léamh, ach i mbliana, féach, níl ach dornán!” Ná níor chuala ach oiread go rabhthas ag magadh faoin bpáiste bocht sa chlós a raibh leabhar faoina ascaill aici.
Nuair a shéanann píosa taighde oideachais an chuid is fearr de chéadfaí is de chúilfhéith an duine, de ghnáth bíonn rud éigin bunoscionn leis. Cruthaíonn an taighde Éireannach is déanaí maidir le litearthacht de – taighde atá eolaíochtúil gan amhras, agus taighde atá bunaithe ar an modheolaíocht is cruinne dár cheap na saineolaithe is airde cáil, taighde nach bhféadfaí locht ná laige a fháil air maidir le cur chuige ná le cur i láthair ná le cur i bhfeidhm -cruthaíonn sé go bhfuil cumas litearthachta níos fearr ag na páistí a léann leabhair seachas iad siúd a chuala trácht tharstu!
Cruthaíonn siad, leis, go mbíonn an cumas léitheoireachta is oilte ag daltaí a bhfuil leabhair sa teach acu, nó a thaobhaíonn leabharlann go rialta! Anois, cad ina thaobh nár smaoinigh aon duine air sin? Táimse breá sásta mo chuid seirbhísí féin a chur ar fáil (ar chostas mór, gan amhras) a chruthaíonn go mbíonn sé fliuch nuair a thiteann báisteach, go mbíonn gannchúis airgid ag daoine bochta, gur Caitliceach is ea an Pápa agus go mbíodh éadaí dubha ag Mrs. Kennedy.
Ach, cad a dhein an státseirbhíseach a léim as an leaba ar chlos torthaí an taighde sin dó? Cad eile, ach plean, nó mar a deir siad anois, straitéis a cheapadh? Agus cad a bhíonn in aon phlean oideachais a léiríonn deacrachtaí foghlama? An réiteach is neamhdhócha a réiteoidh an fhadhb. Samhlaítear deacracht le saoránacht, agus féach!: íslítear stádas na staire. Samhlaítear deacracht le Gaeilge, aha!: múintear níos lú di ionas go bhfeabhsóidh an caighdeán. Samhlaítear deacracht le litearthacht, cad eile!: caitear breis ama le abc agus laghdaítear an t-am a chaitear le léitheoireacht.
Déantar fadhb theicniúil de fhadhb chultúir, agus moltar réiteach teicniúil ar ghnó atá neamhtheicniúil ó bhonn. Táthar ag moladh anois, mar a mholtar i gcónaí, níos mó ama a chaitheamh le meicníocht na léitheoireachta seachas le hábhar léitheoireachta sna scoileanna agus sna forais oideachais. Is é réiteach na litearthachta daoine a chur ag léamh.
Más cúrsa abc agus méar ar an bhfocal atá sa léitheoireacht feasta, scéal liom daoibh, ní athrófar giob. Is féidir scileanna léitheoireachta a mhúineadh agus a fhoghlaim go lá pilib gan chleite, ach ní léifear pioc mura gcuirtear ábhar suimiúil os comhair múinteoirí agus mic léinn agus daltaí.
The Irish Times – Alan Titley
20 Eanáir 2011
Seolann an Rialtas straitéis 20 bliain don Ghaeilge
Nollaig 23, 2010
Sheol an Taoiseach, Brian Cowen, Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge (2010-2030) i mBaile Átha Cliath inné. Is iad an dá phríomhchuspóir atá ag an straitéis líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil a ardú ó 83,000 go 250,000 agus líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht a mhéadú de 25 faoin gcéad.
Chuige sin, tá naoi réimse gnímh sa straitéis – cúrsaí oideachais, an Ghaeltacht, an teaghlach, seirbhísí poiblí, an geilleagar, na meáin chumarsáide, foclóirí, tionscnaimh eile agus reachtaíocht. Beidh Coiste Rialtais ar an Ghaeilge ann le maoirseacht a dhéanamh ar obair na straitéise de réir mar a théann sí ar aghaidh agus tá oifigigh shinsearacha sa státseirbhís le bheith ar fáil le cuidiú leis an choiste.
Tá Aonad Straitéise bunaithe i Roinn na Gaeltachta agus is é an t-aonad seo a bheidh freagrach as treoir a thabhairt dá feidhmiú, le reachtaíocht a shocrú a bhunóidh Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta agus le cúram a dhéanamh de cheantair Ghaeltachta.
Ceann de na príomh-mholtaí sa straitéis Údarás na Gaeltachta a athchóiriú mar Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Beidh ceanncheathrú na heagraíochta seo sa Ghaeltacht agus beidh feidhm fiontraíochta ag an údarás nua i gcónaí agus é freagrach as nithe a bhaineann leis an Ghaeilge ar fud an Stáit i gcomhthéacs an phlean úir.
Lena chois sin, leanfaidh Foras na Gaeilge ar aghaidh ar an bhonn céanna agus beidh na freagrachtaí céanna tacaíochta agus maoinithe ar an eagras sin ar bhonn uile-oileáin.
Tugtar le fios sa cháipéis gur gá “tús áite” a thabhairt don ghéarchéim theangeolaíoch sa Ghaeltacht agus “aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin trí ghníomhaíochtaí na bpríomhinstitiúidí Stáit atá freagrach as an nGaeltacht a chur san áireamh i gcreat comhtháite um pleanáil straitéiseach teanga do phobail Ghaeltachta”.
Bronnfar stádas Gaeltachta ar cheantar de réir chritéir theangeolaíocha faoi Acht nua Gaeltachta. Beidh próiseas pleanála teanga ann ina n-ullmhófar plean teanga do gach ceantar Gaeltachta. Beidh faoiseamh dhá bhliain ann do phobal nach bhfuil in ann na critéir a bhaint amach le go mbeidh seans acu pleananna teanga a fhorbairt lena stádas Gaeltachta a choinneáil: “I gcás go dteipfidh ar phobail pleananna teanga inghlactha inbhuanaithe a fhorbairt laistigh den tréimhse dhá bhliain sin, ní áireofar sa Ghaeltacht iad níos mó.”
Déanfar athbhreithniú ar phleananna teanga gach seacht mbliana agus scríobhtar go bhféadfaí “limistéir nua a áireamh mar Ghaeltacht má chomhlíonann siad na critéir theangeolaíocha nua faoin Acht nua Gaeltachta”.
Ó thaobh chúrsaí oideachais de, scríobhtar sa straitéis go ndéanfar iarracht an córas oideachais a fheabhsú trí theagasc na Gaeilge a threisiú i mbunoiliúint múinteoirí agus deis a thabhairt dóibh tréimhsí níos faide a chaitheamh sa Ghaeltacht.
Cuirfear tuairim is 20 faoin gcéad de na háiteanna i gcoláistí oideachais i leataobh do mhic léinn a gcuirtear oideachas orthu trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus i ngaelscoileanna agus dóibh siúd a bhaineann ardleibhéal cumais amach i scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta.
Tá rún ann tuilleadh infheistíochta a dhéanamh san oiliúint inseirbhíse do mhúinteoirí agus i scéimeanna na scoláireachtaí Gaeltachta atá dírithe ar mhúinteoirí atá ag teagasc cheana féin. Cuireann an plean níos mó béime ar an tumoideachas leis an teanga a theagasc sa chóras bunscolaíochta agus cuirfear tacaíocht ar fáil don Údarás um Ard-Oideachas le clár a fhorbairt don oideachas tríú leibhéal.
Tugtar suntas ar leith don Ghaeilge i mBaile Átha Cliath agus luann an straitéis plean ar leith teanga a ullmhú don chathair agus a timpeallacht, á rá go bhfuil “tábhacht mhór shiombalach” le húsáid na Gaeilge san ardchathair. Cuireann an straitéis roimpi méid na ndaoine a labhraíonn Gaeilge sa chathair a mhéadú trí dheiseanna a chur ar fáil chun í “a úsáid go nádúrtha ó lá go lá”.
Ó thaobh mhaoiniú de, cuirfidh an Roinn an straitéis i bhfeidhm trí úsáid a bhaint as an acmhainn reatha atá ar fáil.
DÚIRT AN Taoiseach, Brian Cowen, go raibh “plean cuimsitheach fadtéarmach” ag an Stát don Ghaeilge den chéad uair riamh.
Straitéis “stairiúil” a bhí ann agus lá “stairiúil” don Ghaeilge a bhí ann. Bheadh “obair mhór” i gceist le spriocanna na straitéise a bhaint amach ach bhí sé cinnte de go n-éireodh le lucht na Gaeilge.
Ba chuid lárnach d’oidhreacht agus d’fhéiniúlacht phobal na hÉireann í an Ghaeilge: “Níor cheart dúinn riamh dearmad a dhéanamh uirthi agus níor cheart dúinn riamh leithscéal a ghabháil as í a chosaint agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di.”
Dúirt Aire na Gaeltachta, Pat Carey, gur slabhra gan bhriseadh a bhí sa Ghaeilge a shínigh siar 2000 bliain agus bhí plean “nua-aimseartha don Ghaeilge” seolta don mhílaois seo – plean a raibh sé mar chuspóir ann a chinntiú nach mbrisfí an slabhra sin.
Ba iad an Rialtas agus an pobal a chur an plean le chéile. Bíodh is gur straitéis rialtais a bhí ann, níor leis an Rialtas í; ba leis an phobal í: “Is libhse í agus is fúinne agus is fúibhse atá sé a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm í.”
Mhol uachtarán Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa, an Rialtas as plean “chomh cuimsitheach, fadradharcach a aontú le tacaíocht traspháirtí”. Bhí áthas air go raibh freagrachtaí breise le fáil ag an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge agus go mbeadh an príomhról acu i bhfeidhmiú na straitéise san earnáil oideachais.
Ba mhór leis fosta go mbeadh ábhar breise ar an Ghaeilge le múineadh i nGaeilge ar scoileanna Béarla; go ndéanfaí pleanáil teanga de réir contae; go ndéanfar forbairt ar raidió Gaeilge do dhaoine óga agus go raibh tábhacht na Gaeltachta aitheanta sa straitéis. Mar sin féin, níor shásaigh an tagairt sa straitéis do bhunú Gaelscoileanna an grúpa agus leanfadh siad ar aghaidh leis an bhrú ar an ábhar sin.
Thug an t-eagras thuaidh/theas, Foras na Gaeilge, le fios go raibh “spriocanna dúshlánacha” sa straitéis agus go mbeadh ar lucht na teanga “tarraingt le chéile leis an bhfís atá taobh thiar den straitéis a fhíorú”.
Ba é tuairim Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, lárchomhairle na n-eagras deonach, gur ghá “tógáil ar na gealltanais” agus “plean feidhmithe” a chur le chéile le spriocanna na straitéise a bhaint amach.
Dúirt Éamonn Mac Niallais thar ceann an scáthghrúpa, Guth na Gaeltachta, go rachadh an plean chun tairbhe na Gaeilge ach é a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, bhí “cuid mhaith de na moltaí … an-ghinearálta agus mar sin, braitheann cur i bhfeidhm na straitéise go mór ar thoil pholaitiúil agus ar acmhainní bheith curtha ar fáil ag an chéad Rialtas eile”.
acmhainn – resources, athbhreithniú – review, comhthéacs – context, deis – opportunity, faoiseamh – relief, géarchéim – crisis, infheistíocht – investment, próiseas – process, mílaois – millennium, nádúrtha – natural, slabhra – chain, straitéis – strategy, tábhacht – importance
Irish Times – Pól Ó Muirí
Plan could treble number speaking Irish, says Cowen
Nollaig 23, 2010