Méid an Téacs

Brú le Gaelcholáiste úr a bhunú i ndeisceart Bhaile Átha Cliath

Meán Fómhair 8, 2010

TÁ MEÁNSCOIL nua Ghaeilge de dhíth i ndeisceart Bhaile Átha Cliath le cur le forbairt na teanga sa chathair, de réir lucht teanga.

Dúirt Lúgh Ó Braonáin, urlabhraí thar ceann Bhunchoiste Ghaelcholáiste Dheisceart Átha Cliath agus múinteoir, go raibh seacht mbunscoil Ghaeilge sa cheantar ach nach dtiocfadh leis an dá mheánscoil – Coláiste Íosagáin agus Coláiste Eoin – freastal mar ba cheart ar líon na ndaltaí a bhí ar lorg oideachais dara leibhéal trí mheán na Gaeilge.

Bhí áit ag an dá mheánscoil do 160 duine gach aon bhliain ach ba ghairid go mbeadh 300 páiste ag fágáil na mbunscoileanna Gaeilge agus bheadh ar mórán acu freastal a dhéanamh ar scoileanna príobháideacha agus táillí a íoc, a dúirt sé.

Chreid sé go raibh “an-bhrú” ar Choláiste Íosagáin agus Eoin. Ba scoileanna “iontach maith” iad ach bhí orthu “go leor páistí a dhiúltú” agus a bpolasaí iontrála a athrú i mbliana le freastal a dhéanamh ar éileamh na bpáistí a bhí ag iarraidh oideachas a fháil iontu.

“Rud uafásach,” a bhí ann, a dúirt sé, nach raibh seans ag an oiread sin páistí bunscoile deis oideachais dara leibhéal a fháil trí Ghaeilge.

Chuir lucht na nGaelscoileanna fuinneamh ina gcuid oibre le go mbeadh an teanga ag na páistí ach “stopann a n-oideachas i nGaeilge ag 12 bliain d’aois”.

Obair in aisce a bhí ann agus ba mhór an trua gurbh amhlaidh a bhí an scéal, a dúirt sé.

Bunaíodh Bunchoiste Ghaelcholáiste Dheisceart Átha Cliath sa bhliain 2004 le riachtanas meánscoile nua a chur chun cinn. Bhuail siad leis an iar-Aire Oideachais, Mary Hanafin, lena gcás a dhéanamh sa bhliain 2007.

Léirigh an grúpa go raibh na daltaí ann do Ghaelcholáiste nua ach bhí imní ar an Roinn Oideachais go mbeadh sé róchostasach scoil nua a thógáil i mBaile Átha Cliath theas an t-am sin.

D’aimsigh lucht an Ghaelcholáiste suíomh ar a raibh seanscoil dhúnta ó shin. Chreid siad go mbeadh an suíomh lárnach do dhaltaí bunscoileanna i ndeisceart na cathrach, go raibh sé fóirsteanach agus gurbh é an réiteach ab fhearr é le Gaelcholáiste idirchreidmheach, saor ó tháillí, do chailíní agus bhuachaillí a bhunú.

Thuig lucht na scoile nach raibh airgead le cur amú ag an Roinn faoi láthair ach mheas siad go bhféadfaí an suíomh nua a chóiriú ar €2 milliún, airgead nach raibh chomh mór sin i gcomparáid le scoileanna nua a thógáil nó obair atógála a dhéanamh ar sheanscoil.

Bhí siad ar bís le bualadh leis an Aire nua Oideachais, Mary Coughlan, lena gcuid pleananna a phlé léi mar go raibh spéis aici i nGaeilge. Ní raibh cruinniú socraithe léi go fóill, ámh.

Idir an dá linn, bhí siad ag iarraidh ar dhaoine dul ar líne agus achainí ar son na scoile nua a shíniú ag www.gaelcholaiste.com agus a dtacaíocht don scoil nua a léiriú.

Lena chois sin, d’fhógair Forbairt Naíonraí Teo gur osclaíodh 18 naíonra Ghaeilge nua an tseachtain seo caite. Tá na naíonraí lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Port Láirge, Liatroim, Cill Dara, Cill Mhantáin, Ciarraí, Loch Garman agus san Iarmhí. Cúig naíonra nua a osclaíodh sa bhliain 2009.

Dúirt cathaoirleach Fhorbairt Naíonraí Teo, Máire Uí Bhriain, gur chuir na naíonraí cúram leanaí ar chaighdeán ard ar fáil agus gur thug siad tacaíocht do thuismitheoirí a bhí ag iarraidh a bpáistí a thógáil le Gaeilge.

Leaving Cert Irish syllabus criticised

Meán Fómhair 1, 2010

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Call for new Irish subject rejected

Lúnasa 31, 2010

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Four Irish schools set to open in North

Iúil 30, 2010

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Parents press on with plans for Gaelscoil

Iúil 19, 2010

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Le bogadh

Iúil 1, 2010

Beidh Gaelscoil na Lochanna, Baile Coimín, Co Chill Mhantáin, ag fágáil slán inniu lena seanláthair scoile ar thailte an choláiste ghairmoideachais agus iad ag déanamh réidh le bogadh go scoil nuathógtha an fómhar seo.

Dúirt príomhoide na scoile, Seán Ó Cearnaigh, go raibh lucht na scoile buíoch de “mhuintir an VEC as ucht an deis a thug siad dúinn anseo”.
Mhol sé stiúrthóir chúrsaí gairmoideachais, Paddy Fallon agus a fhoireann, as a gcuidiú agus a dtacaíocht ó bunaíodh an scoil Meán Fómhair 2006, an chéad ghaelscoil le hoideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil in iarthar Chill Mhantáin.

Tá 31 páiste sna naíonáin shóisearacha agus os cionn 100 páiste anois cláraithe leis an ghaelscoil idirchreidmheach seo. Bhí “an-bhród” ar phobal na scoile as dul chun cinn an tógra agus as obair dhíograiseach bhaill an bhoird, tuisimitheoirí agus múinteoirí, a dúirt sé.

The Irish Times – Pól Ó Muirí
30 Meitheamh 2010

Feachtas le hábhar nua Gaeilge a chur ar fáil don Ardteist

Bealtaine 12, 2010

TUARASCÁIL: TÁ FEACHTAS láidir ar bun chun tabhairt ar an Roinn Oideachais agus Scileanna ábhar nua, Litríocht agus Saíocht na Gaeilge, a chur ar fáil don Ardteistiméireacht.

Chun a míshástacht leis an “chéim síos” don litríocht san Ardchúrsa Gaeilge a chur in iúl don Aire Oideachais chomh maith le polaiteoirí eile, oideachasóirí, lucht tríú leibhéal agus daoine eile ar spéis leo todhchaí na teanga, bunaíodh Meitheal Ghaeilge ATAL, ar a bhfuil ionadaithe ó Ghaelscoileanna, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus Comhairle Oideachais Gaeilge agus Ghaeltachta.

Ba mhian le Meitheal go ndéanfadh freastal ceart ar dhaltaí na Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge agus ar scoláirí ar mian leo staidéar ceart a dhéanamh ar an nGaeilge. Tá 95 faoin gcéad de na múinteoirí Gaeilge sna coláistí lán-Ghaeilge ag tacú leis an éileamh.

Is í Áine Ní Ghallchóir ó Ionad na dTeangacha Nua in Ollscoil na hÉireann Maigh Nuad atá ina cathaoirleach ar Mheitheal. Dar leis an ghrúpa “ní aithníonn an siollabas nua Gaeilge go bhfuil cainteoirí ó dhúchas, daltaí na Gaelscolaíochta ná daltaí cumasacha agus díograiseacha eile ann ar féidir leo agus ar mian leo caighdeán ard maidir le teanga agus saíocht na Gaeilge a bhaint amach ag deireadh an dara leibhéal oideachais”.

Tá siad den tuairim go ndéanfaidh sé “dochar don Ghaeilge, mar theanga phobail, mar ábhar scoile agus mar ábhar acadúil muna gcuirtear clár níos téagartha ar fáil go comhuaineach leis an siollabas seo”.

Tá Meitheal ag éileamh ar an Roinn Oideachais imlitir 20/2010 a tharraingt siar nó ábhar nua – Saíocht agus Litríocht na Gaeilge – a chur ar fáil agus an ceart ag gach dalta an t-ábhar breise seo a dhéanamh in éineacht leis an nGaeilge agus 200 pointe a bheith ar fail dó.

I litir a chuir Meitheal amach chuig na scoileanna iarbhunleibhéil lán-Ghaeilge iarradh ar na múinteoirí Gaeilge aiseolas a thabhairt faoi leasuithe an Roinn Oideachais ar an siollabas agus a dtuairimí faoin chúrsa nua, atá á éileamh ag Meitheal, a chur in iúl. Tá 90 faoin gcéad acu den tuairim nach bhfuil dóthain dúshláin ag baint leis an chúrsa nua. Tá os cionn 90 faoin gcéad míshásta le gach gné den chúrsa agus deir 95 faoin gcéad acu gur mhaith leo ábhar nua.

Ó d’eisigh an Roinn Oideachais an siollabas leasaithe do scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta i lár mhí an Mhárta tá míshásamh léirithe ag eagraíochtaí éagsúla agus ag daoine aonair, an tAire Gaeltachta Pat Carey ina measc, faoin laghdú suntasach ar an litríocht sa chúrsa, go mórmhór sa chúrsa ardleibhéil.

Sa siollabas nua, a bheidh i bhfeidhm ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn, agus a ndéanfar scrúdú air i 2012, beidh 40 faoin gcéad de na marcanna ag dul don bhéaltriail agus 10 faoin gcéad eile don triail chluastuisceana. Tá an cúrsa litríochta gearrtha siar do shleachta gearra as saothair phróis agus roinnt dánta agus gan ach 16 faoin gcéad de na marcanna ag dul dó.

Tá laghdú ar líon na bhfocal atá le scríobh san aiste ó 600 focal go 400 focal agus deireadh le Stair na Gaeilge. Ciallaíonn na hathruithe seo go bhféadfadh duine pas, nó fiú Grad C, a fháil san Ardchúrsa Gaeilge ar chumas cainte agus tuisceana amháin.

Agus daltaí ar thóir pointí do chúrsaí tríú léibhéal is beag spreagadh atá sa chúrsa chun forbairt a dhéanamh ar scríobh agus léamh na teanga agus tuiscint cheart a fháil ar oidhreacht liteartha na Gaeilge.

IS í Fíona Uí Uiginn, múinteoir Gaeilge i gColáiste Íosagáin agus ball de Bhord Stiúrtha Ghaelscoileanna, rúnaí Mheitheal agus tá taithí 30 bliain aici ag múineadh Gaeilge i scoileanna éagsúla.

“Ní fheileann an cúrsa litríochta atá sa siollabas leasaithe do dhaltaí na Gaeltachta ná na nGaelcholáistí toisc nach bhfuil dóthain litríochta ann ná aon dúshlán ag baint leis an méid atá ann,” a dúirt sí le Tuarascáil. “Ar an drochuair, níor thapaigh an Roinn Oideachais an deis leasú a dhéanamh ar an siollabas litríochta áit a raibh géarghá leis. Tá an méid céanna litríochta le clúdach ag na daltaí seo fós ach tá laghdú suntasach ar an méid atá le déanamh ag an dalta ardleibhéil.

“De bharr na n-athraithe seo fágfaidh na scoláirí an scoil gan aon tuiscint acu ar an saibhreas liteartha atá sa Ghaeilge ná aon tuiscint ar oidhreacht liteartha agus chultúrtha na teanga. Cruthóidh sé sin fadhb mhór dóibh siúd gur mian leo leanacht leis an nGaeilge ag an tríú leibhéal.

“Ní bheidh na scileanna i léamh agus scríobh na teanga acu a mbeifí ag súil leo ag leibhéal na hollscoile. Níos measa ná sin ní bheidh na scileanna teanga ag na scoláirí sna scoileanna Gaeltachta nó sna Gaelcholáistí le tabhairt faoi ábhair mar Stair, Eacnamaíocht, Tíreolas, Gnó ag leibhéal na hArdteistiméireachta. Ní chreidim gur féidir linn na scileanna sin a thabhairt dóibh leis an siollabas seo.”

Is trí Bhéarla a dhéantar an teagasc in 85 faoin gcéad de na scoileanna iarbhunleibhéil sa Stát agus, ag cruinniú a d’eagraigh Comhar na Múinteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath le déanaí, thug formhór na múinteoirí a bhí i láthair le fios go raibh siad sásta leis an siollabas nua. Bhí ionadaithe ón eagras ar an ghrúpa a dhréachtaigh an siollabas nua.

Dúirt Anna Davitt, príomhfheidhmeannach Chomhar na Múinteoirí Gaeilge go raibh a lán de na múinteoirí den tuairim go raibh an iomarca litríochta ar an chúrsa roimhe seo. Ag an am céanna tuigeann an t-eagras go bhfuil gá le cúrsa a mbeadh níos mó téagair ann do dhaltaí a bhfuil ardleibhéal Gaeilge acu agus tacaíonn an eagraíocht le héileamh Mheitheal ábhar nua, Saíocht agus Litríocht na Gaeilge, a chur ar fáil.

Tugann Mícheál Ó Ruairc cúrsaí do mhúinteoirí ar fud an Stáit ar son Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus deir sé gurb í tuairim thromlach na múinteoirí a fhreastlaíonn ar na cúrsaí go bhfuil an siollabas nua níos fearr ná an an ceann a bhí ann.

Chuir an méid a bhí le scríobh faoin litríocht agus san aiste a lán daltaí ó dhoras, a dúirt sé agus is é an toradh a bhí air gur roghnaigh siad an t-ardchúrsa a dhéanamh in ábhar eile.

B’údar imní dóibh, áfach, a laghad ama (15 nóiméad) atá leagtha síos don bhéaltriail agus 40 faoin gcéad de na marcanna ag dul dó.

Cé go bhfáiltíonn Meitheal roimh an bhéim ar an teanga bheo sa siollabas nua is údar imní dóibh nach léir, go dtí seo, cén córas monatóireachta a bheidh i bhfeidhm chun cumas cainte na ndaltaí a mheas sa bhéaltriail. Go dtí seo níl aon treoir tagtha ón Roinn Oideachais faoi sin.

Faoi láthair, déanann daltaí idirbhliana i roinnt scoileanna an scrúdú cainte, a eagraíonn Ionad na dTeangacha Nua i Maigh Nuad ar a dtugtar Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG).

Tá córais mheasúnachta TEG ceangailte leis an bhfráma comónta Eorpach a mhol Coimisiún na hEorpa i 2001 chun gur féidir cumas cainte an fhoghlaimeora i dteanga Eorpach amháin a chur i gcomparáid lena chumas i dteanga Eorpach eile.

Irish Times – MÁIRÉAD NÍ CHINNÉIDE

‘Ní gá scoil nua’

Bealtaine 5, 2010

NÍ GHÉILLFIDH an Roinn Oideachais agus Eolaíochta d’fheachtas Ghaelscoil Ráth Tó, Co na Mí, agus aitheantas oifigiúil a bhronnadh uirthi i mbliana.

D’eisigh an Roinn ráiteas i mBéarla leis an cholún seo, á rá, de bharr go raibh anailís déanta acu ar “pupil numbers for September this year and of the capacity in existing schools it was not necessary to establish a new school in Ratoath to cater for the demographic increase”. Bhí an Roinn sásta go dtiocfadh leis na scoileanna a bhí ann freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais faoi láthair agus go ndéanfaí an cás a athscrúdú i 2011.

Tugadh le fios i ráiteas na Roinne go raibh “pivotal role” ag an bhunoideachas “in the preservation and expansion of the first official language. The promotion of the Irish language has been an important aim of successive Irish Governments and its place in our education system has been consistently protected”.

Bhí athbhreithniú ar siúl ar an dóigh le bunscoileanna nua a bhunú agus ní raibh rún ag an Roinn scoil nua ar bith a bhunú go dtí go mbeadh an obair sin déanta “except in places where new schools are warranted because of increased demographics”.

Tá daltaí na scoile le dul i mbun ranga fómhar na bliana seo agus tá an grúpa, Aitheantas, i mbun feachtais le haitheantas oifigiúil a fháil don scoil, a cás a phoibliú agus le hairgead a bhailiú di.

The Irish Times – Wednesday, May 5, 2010

Eagrais Ghaeilge ar lorg aitheantais do Ghaelscoil Ráth Tó

Aibreán 28, 2010

TÁ comhghuaillíocht nua oideachais, Aitheantas, bunaithe ag cúig eagraíocht Ghaeilge – Conradh na Gaeilge; Glór na nGael; Comhluadar; An Foras Pátrúnachta agus Gaelscoileanna – agus é mar chuspóir acu tacaíocht a chur ar fáil do Ghaelscoil Ráth Tó, Co na Mí. Rachaidh daltaí na gaelscoile nua i mbun ranga Meán Fómhair na bliana seo gan aitheantas oifigiúil Stáit acu.

Dúirt urlabhraí thar ceann Aitheantas, Feargal Ó Cuilinn, leis an cholún seo go raibh pobal an cheantair “díomách” nach raibh aitheantas oifigiúil ag an scoil. Ba í an cheist a bhí pobal na háite ag cur, a dúirt Ó Cuilinn: “Táimid ann. Táimid réidh. Cén fáth nach bhfuil gaelscoil oscailte?”

Bhí 35 páiste cláraithe agus léirigh staitisticí an Roinn Oideachais féin go raibh gá le scoil nua sa cheantar. Bhí na gaelscoileanna eile sa chontae “lán go doras” agus ní raibh spás iontu.

Tháinig fás as cuimse ar phobal an cheantair le blianta beaga anuas, a dúirt sé. Bhí tuairim is 800 duine ina gcónaí ar Ráth Tó tamall de bhlianta ó shin ach bhí idir 3,000 agus 4,000 duine anois ann.

Bhí tacaíocht an phobail leis an scoil; bhí suíomh acu; bhí an obair déanta agus éileamh ar oideachas trí mheán na Gaeilge.

Bhí rún ag na tuismitheoirí an scoil a oscailt, múinteoir a fhostú agus cloí leis an churaclam. Leanfadh siad leis an obair go dtí go bhfaigheadh siad aitheantas oifigiúil, a dúirt sé.

Faoi na tuismitheoirí a bhí sé anois tuarastal an phríomhoide a fháil, “gach pingin a bhailiú leis an scoil a choinneáil ar oscailt go ceann bliana” agus gach costas a bhain le riar na scoile a ghlanadh, a dúirt Ó Cuilinn.

Dúirt sé go bhfacthas don ghrúpa nach raibh an Ghaeilge “ar chlár oibre na Roinne”; ní raibh tacaíocht le fáil ón Roinn ach a mhalairt.

Ba é cuspóir an fheachtais nua tacaíocht airgid a fháil agus ceist na scoile a chur ar an chlár polaitiúil. Bhí cruinniú ag an ghrúpa cheana féin le hAire na Gaeltachta, Pat Carey; bhí siad ar lorg cruinnithe leis an Aire Oideachais, Mary Coughlan, agus bhí tacaíocht traspháirtí ag an scoil i measc polaiteoirí go háitiúil.

Bhí Comhairle Contae na Mí le rún tacaíochta ar son na scoile a rith ag tús na Bealtaine.

Dúirt ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, gur “ceist náisiúnta agus áitiúil” a bhí i gceist leis an diúltú; níor osclaíodh gaelscoil nua sa Stát ón bhliain 2008 agus bhí an chosúlacht ar chúrsaí nach raibh an Roinn Oideachais “sásta an Ghaeilge a aithint mar chuid den mheasúnú ar sholáthar oideachais”.

Rinne an colún seo teagmháil le Roinn an Oideachais faoi chás Ghaelscoil Ráth Tó. Agus muid ag dul i gcló, níor tháinig freagra ar bith uathu. Cuirfear i gcló é a luaithe agus a thiocfaidh sé.

PÓL Ó MUIRÍ Eagarthóir Gaeilge, Irish Times

Pupils ‘ignored’ in new Irish syllabus

Márta 25, 2010

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

« Previous PageNext Page »