Méid an Téacs

Postanna i mBaile an Chaistil, Co. Aontroma.

Márta 26, 2008

 

Gaelscoil an Chaistil
(Bunscoil an Chaistil agus Naíscoil an Chaistil)
5, Bóthar na hÁithe, Baile an Chaistil, BT54 6QQ
Guthán / Facs: 20768883

 

Múinteoir cáilithe Bunscoile do Mheán Fómhair 2008

Cáilíochtaí: 
Conradh bliana le féidearthachtaí buaine.
Cumas maith sa Ghaeilge, idir labhartha agus scríofa
Taithí le spórt nó/agus teicneolaíocht.

 

Cúntóir Bunscoile do Mheán Fómhair 2008

Cáilíochtaí: 
Cumas maith sa Ghaeilge
Taithí a bheith ag obair le paistí óga.

 

Stiúrthóir Naíscoile ar feadh 26 seachtain ar a laghad (tréimhse máithreachais) ag toiseacht Meán Fómhair 2008

Cáilíochtaí:
NVQ 3 nó a mhacasamhail
Cumas maith sa Ghaeilge

 

Oibrithe do Scéim Shamhraidh 2008 (coicís)

Cáilíochtaí: 
Cumas maith sa Ghaeilge
Taithí a bheith ag obair le paistí óga.

 

Pobal an Chaistil

 

Léachtóir 3ú leibhéal páirt aimseartha (Cúrsaí Oíche) le cúrsaí Dioplóma nó/agus Céime ollscoile a theagasc i mBaile an Chaistil ag toiseacht Meán Fómhar 2008 ar feadh dá bhliain.

 

Seol CV agus litir chlúdach le teideal an phoist ar suim leat chuig an seoladh scríofa ag barr.

Dáta deiridh d’achan phost, De hAoine 4 Aibreán.

 

 

SCLÉIP! 2008: Comórtas Tallainne Na n-Iarbhunscoileanna Lán-Ghaeilge

Eanáir 28, 2008

 Is cúis áthais do GAELSCOILEANNA TEO. dátaí agus socruithe Scléip 2008 a fhógairt.

Is éard atá i Scléip 2008 ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Beidh an comórtas roinnte in ocht rannóg éagsúla: Pop/Rac-cheol, Amhránaíocht (Aonair), Ceol (Aonair), Ceol Traidisiúnta (Grúpa), Rince Cruthaitheach (Aonair), Rince Cruthaitheach (Grúpa), Drámaíocht/Mím agus Rannóg Ilchineálach.

Thosaigh Scléip sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith. I mbliana, don chéad uair riamh, beidh na babhtaí réigiúnacha de Scléip á rith le hurraíocht fhlaithiúil ó cheithre choláiste tríú leibhéil, ceann i ngach cúige. Tá GAELSCOILEANNA TEO. an-bhuíoch do na hurraitheoirí as an gcabhair seo. Creidimid go gcabhróidh rannpháirtíocht an tríú leibhéal le caidreamh níos láidre a chothú idir an iarbhun agus an tríú leibhéal agus eolas faoi chúrsaí Gaeilge agus cúrsaí trí mheán na Gaeilge a chur faoi bhráid na ndaltaí.

 

Babhtaí Reigiúnacha:

  • Babhta Mumhan a n-eagrú le hurraíocht ó Roinn na Gaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Beidh sé ar siúl ar an 29 Eanáir 2008 san Amharclann Halfmoon, Cork Opera House, i gCorcaigh.
  • Babhta Connacht a n-eagrú le hurraíocht ó Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Beidh sé ar siúl ar an 30 Eanáir 2008 san Amharclann Leisureland, Bóthar na Trá, Gaillimh.
  • Babhta Laighean a n-eagrú le hurraíocht ó Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Beidh sé ar siúl ar an 31 Eanáir 2008 san Amharclann Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath.
  • Babhta Uladh a n-eagrú i gcomhpháirt le Comhairle na Gaelscolaíochta agus tá sé urraithe ag An Scoil Teangacha agus Litríochta – Gaeilge i gColáiste Mhig Aoidh, Doire. Beidh sé ar siúl ar an 6 Feabhra 2008 san Amharclann Stiúideó i bhFóram na Míolaoise, Doire.
  • Rachaidh buaiteoirí na gcomórtais thuasluaite ar aghaidh go Craobh Ceannais Scléip 2008 a reáchtálfaí ar an 13 Márta 2008 san Amharclann Dean Crowe, Áth Luain, Co na hIarmhí.

CRÍOCH.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 168 bunscoil agus 43 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

Tuilleadh Eolais:

Seán Ó hAdhmaill           087 6895612 / 01-477 3156 nó sean@gaelscoileanna.ie

« Previous Page