Méid an Téacs

Cás na Scoileanna Lán-Ghaeilge le plé ag Seimineár

Deireadh Fómhair 7, 2010

Labhróidh an saineolaí iomráiteach mionteangacha, an Dr. Daniel Bourgeois, ó Nua-Bhrunsuic, Ceanada, ag seimineár poiblí a bheidh ar siúl in Óstán na Páirce, An Spidéal ar an 14 Deireadh Fómhair 2010.

Is é téama an tseimineáir Stiúradh na Scoileanna Lán-Ghaeilge: Dúshláin & Riachtanais agus díreoidh caint an Dr. Bourgeois ar riachtanais agus ar bhainistiú an oideachais do mhionlaigh teanga agus ar na impleachtaí atá ag polasaithe stáit ar sheasmhacht na dteangacha mionlaigh.

Tá an seimineár á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Labhróidh Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus Breandán Mac Cormaic, Cathaoirleach Bunaidh COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta roimh an léacht.

Deir Dr. Bourgeois gurb é “an t-oideachas an tseirbhís is tábhachtaí is féidir le stát a chur ar fáil do theaghlaigh agus do phobail mhionlaigh atá ag iarraidh a dteanga a chaomhnú.”

“Ba chóir díriú ar na polasaithe agus na gníomhaíochtaí a chleachtar sna scoileanna dá bharr seo agus ba chríonna an mhaise don stát Bord Oideachais a bhunú, a mbeadh lámh ag tuismitheoirí agus baill an phobail ina riaradh, le bainistiú a dhéanamh ar oideachas an mhionlaigh teanga.”

Déanfar plé ar an ábhar seo i gcomhthéacs na Gaeilge sa chóras oideachais le linn na léachta agus ag seisiún oscailte ina dhiaidh.

Seimineár Lae do Choistí Bunaithe

Deireadh Fómhair 7, 2010


Ba mhaith le GAELSCOILEANNA TEO. cuireadh a thabhairt duit freastal ar sheimineár lae a bheas ar siúl in Institiúid Oideachais Marino ar an 13 Samhain 2010. Beidh an seimineár seo dírithe ar choistí bunaithe ag an mbun- agus iarbhunleibhéal agus tá clár an lae thíos. Níl aon táille i gceist leis an seimineár ach is gá áirithintí a dhéanamh roimh an 18 Deireadh Fómhair. Tá fáilte roimh bhaill uile na gcoistí bunaithe nó éinne gur spéis leo coiste a chur ar bun. Cuirfear bricfeasta agus lón ar fáil do rannpháirtithe, agus tá lóistín saor in aisce ar fáil ar an gcampas ar Aoine an 12 Samhain ach é a chur in áirithe linn roimhré. Beidh aistriúchán comhuaineach ar fáil le linn gach seisiún oiliúna. Beidh deiseanna ann i rith an lae le ceisteanna a chur, feachtas bhur gcoiste a phlé agus naisc a chruthú le coistí bunaithe eile timpeall na tíre atá ag obair i dtreo na físe céanna.

Clár an lae

09.00
Bricfeasta agus clárú
10.00
Fáilte agus seisiún eolais: cur síos ar an staid reatha, eolas faoi na critéir nua a bheidh fógartha maidir le bunú bunscoileanna, eolas faoin athbhreithniú ar an gcóras iarbhunscolaíochta atá beartaithe. Beidh aoíchainteoir ó choiste bunaithe bunléibhéil agus ón iarbhunleibhéal ag tabhairt píosa cainte ar a gcuid taithí maidir le bunú scoileanna.  
11.15
Margaíocht, caidreamh poiblí agus stocaireacht pholaitiúil
13.15
Lón
14.15
Scileanna agus cur chuige tiomsaithe airgid
15.15
Plean Gnímh a dhréachtadh don choiste bunaithe
16.00
Críoch

Buntáiste Breise na Gaeilge le plé i dTuaisceart Éireann

Deireadh Fómhair 5, 2010

Ar Déardaoin beag seo, 07 Deireadh Fómhair, beidh seimineár Buntáiste Breise na Gaeilge, á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhar le Comhar na Múinteoirí Gaeilge i i mBéal Feirste.

Is i gColáiste Feirste a bheidh an ócáid seo á reáchtáil agus le linn an tseimineáir pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge do mhic léinn sa saol oibre.

I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid, beidh an t-iriseoir agus an craoltóir Tomaí Ó Conghaile as Iúr Cinn Trá.

Labhróidh Ursula Uí Dhonnaile faoina taithí féin, mar Oifigeach Gaeilge le Comhairle na Coirre Críochaí agus le Comhairle Dhún Geanainn agus labhróidh an peileadóir aitheanta agus múinteoir Gaeilge Conall Ó Máirtín faoina thaithí féin leis an nGaeilge agus na buntáistí agus na deiseanna éagsúla a thug an Ghaeilge dó agus é ag dul i mbun gairm bheatha agus ag obair le Campa Chormaic agus le Coláistí Samhraidh i nDún na nGall.

Roimhe seo, reáchtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge na seimineáir seo i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh agus i gCaisleán an Bharraigh, agus tá ócáidí beartaithe do Leitir Ceanainn, Baile Átha Cliath agus an Tulach Mhór sna seachtainí romhainn.

Beidh ionadaithe ó roinnt institiúidí tríú leibhéal i láthair chomh maith, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.

Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí  i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.

Ar ndóigh, cuirfear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na hAoichainteoirí labhairt.

Beidh léachtóir ó Choláiste Ollscoile Muire i láthair chun léargas a thabhairt do na daltaí scoile ar na deiseanna oideachais agus cúrsaí tríú leibhéal atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.

Beidh Aonach mór Oibre á reáchtáil ag forbairt Feirste i gcomhar le Coláiste Feirste ar an lá agus beidh deis iontach ag na daltaí scoile agus ag cuairteoirí labhairt le hionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal agus le hionadaithe ó na heagraíochtaí Gaeilge ag na seastáin eolais a bheidh i láthair.

©Gaelport.com 05 Deireadh Fómhair, 2010

Acmhainn Oideachais do Mhic Léinn A Leibhéil Seolta

Deireadh Fómhair 4, 2010

Sheol an tAire Oideachais do Thuaisceart Éireann, Caitríona Ruane acmhainn eolais  bunaithe ar an dráma Breithiúnas le Máiréad Ní Ghráda,  a bheidh ina chabhair do mhic léinn A Leibhéil as seo amach.

Bhí an tAire i láthair ag ócáid a reáchtáladh in Ardscoil Naomh Doiminic i mBéal Feirste ar an 28 Meán Fómhair.

Ba é Pobal, scátheagras phobal na Gaeilge a chur na nótaí staidéir i dtoll a chéile  agus a chur ar fáil i bhfoirm CD-ROM iad tar éis don eagraíocht ceardlanna a thabhairt do dhaltaí scoile ar an ábhar.

Tá géarghá le hacmhainní Oideachais atá in oiriúint do churaclam na scrúduithe dar le hAndrea Ní Uiginn, múinteoir Gaeilge, ”Is dúshlán mór do dhaltaí A2 í an litríocht agus, ar an drochuair, tá easpa áiseanna amuigh ansin le cuidiú leo.”

“Tabharfaidh an pacáiste seo deis iontach dúinn príomhghnéithe an dráma a phlé agus is cinnte go mbeidh áis mar seo ina bhuntáiste mhór ag daltaí agus múinteoirí.”

Chuir Séamas Mac Annaidh, an t-úrscéalaí comhairle ar Phobal maidir leis an téacs agus ghlac sé páirt lárnach sna ceardlanna a reáchtáladh sna scoileanna.

Anuas air sin, tá réamhrá le garmhac an scríbhneora, an Dochtúir Éamon Ó Ciosáin, léachtóir in Ollscoil na hÉireann Mhaigh Nuad atá ina shaineolaí ar shaothair agus ar shaol Ní Ghráda.

Tá ráite ag POBAL go gcuirfear an pacáiste eolais ar aghaidh chuig gach scoil ina bhfuil Breithiúnas ar an gcuraclam.

Gaelscoil an Chaistil – Bliots Peile

Deireadh Fómhair 1, 2010

Chaith muid 23 Meitheamh 2010 le páistí Ghaelscoil Éadáin Mhóir agus bhí lá iontach againn.  D’eagraigh muid cluichí clóis le Rang 1 go 7 agus ansin bhí bliots peile ag na daltaí sinsearacha.  Baineadh an-sult as agus ba mhór ag na páistí dul ar ais arís i mbliana ach mar a dúirt siad ar an lá, beidh orainn iomáint a imirt in ionad peile mar bhí an bua ag Gaelscoil Éadáin Mhóir agus ní againn.

« Previous Page