Méid an Téacs

Oiliúnóirí garchabhrach de dhíth

Iúil 17, 2012

Tá oiliúnóirí garchabhrach á lorg ag 1 Stop Training Shop, Co. na Gaillimhe, le cursaí garchabhrach do leanaí a chur ar fáil timpeall na tíre.

Cuireann 1 Stop Training Shop, Gaillimh, Clár Náisiúnta Leanaí chun Tosaigh i bhfeidhm, clár atá forbartha ag an National Child Protection Training Centre.  Tús Áite do Leanaí / Traenáil i gCosaint Leanaí, leagan Gaeilge Ról an traenálaí:

Leibhéal 1, 2 agus 3 den chlár, Tús Áite do Leanaí / Traenáil i gCosaint Leanaí a chur i bhfeidhm in eagraíochtaí Gaeilge ar fud na tíre.

Riachtanais:

  • Taithí i dtraenáil a chur ar fáil trí Ghaeilge
  • Eolach agus suas chun dáta maidir le treoirlínte naisiúnta Children First.
  • FETAC Leibhéal 6 Oiliúint don Oiliúnóir, nó toilteanach a bheith ag obair ina threo.

Iarratais:

Seol CV a info.1stoptrainingshop@yahooo.ie

Tuilleadh eolais: http://www.1stoptrainingshop.webs.com/

New school classroom announced for Gaelscoil Uileog de Burca

Iúil 13, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Samhail Mhaoinithe #2: Comhairleoir á lorg

Iúil 13, 2012

Glacadh an chéad chéim i dtreo struchtúr maoinithe nua a thógáil  d’earnáil dheonach na Gaeilge Dé Luain nuair a d’fhógair Foras na Gaeilge go bhfuil comhairleoir le ceapadh acu.

Fógraíodh ar an suíomh gréasáin tairisceana etenders.gov.ie  go bhfuil an áisíneacht tras-teorainn ag lorg tairiscintí  ó shaineolaithe le cás gnó cuimsitheach a chur le chéile de réir threoir na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT).

Beidh an té a cheapfar freagrach as múnla úr a mholadh  as liosta de roghanna féideartha chomh maith le hanailís a dhéanamh ar na rioscaí, na costais , na buntáistí agus éifeachtúlacht gach rogha atá molta aige/aici.

Iarrfar ar an gcomhairleoir na haidhmeanna atá leis an athrú ó bhunmhaoiniú go múnla maoinithe nua a soiléiriú agus molfaidh siad an bealach is fearr chun cinn don  earnáil dheonach.

I mí an Mheithimh d’fhógair Bord Fhoras na Gaeilge nach leanfar ar aghaidh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe mar a bhí molta.

D’fhoilsigh Comhchoiste Oireachtais tuarascáil cúpla seachtain roimhe sin inar leagadh an bhéim ar thábhacht an bhunmhaoinithe do na heagrais Ghaeilge agus moladh go ngabhfaí i mbun taighde agus go bhforbrófaí ollstraitéis d’Fhoras na Gaeilge.

Mhol an Comhchoiste go mbeadh sé sonraithe san ollstraitéis sin conas a thacódh sin leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Straitéis Ghaeilge Thuaisceart Éireann.

Tugtar le fios sa bhfógra go bhfuiltear ag lorg tairiscintí ó iarrthóirí a bhfuil tuiscint acu ar chásanna gnó ar ardchaighdeáin a dhéanamh agus a bhfuil tuiscint acu ar earnáil na Gaeilge agus ar chur chun na Gaeilge thuaidh agus theas. Is é an spriocdháta atá luaite do na tairiscintí ná 27 Iúil 2012.

Tá ráite ag Foras na Gaeilge go mbeidh cinneadh le glacadh ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí na Samhna maidir le múnla nua maoinithe don earnáil, ó Meitheamh 2013 ar aghaidh.

Fágann sé sin go bhfuil níos lú ná cúig mhí fágtha ag an bhForas múnla nua maoinithe a dhréachtadh agus a chur os comhair na nAirí.

Foilsithe ar Gaelport.com

Fleadh Cheoil na hÉireann 2012 – Gaeilgeoirí de dhíth!

Iúil 12, 2012

Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann 2012 sa Chabhán arís ar an mhí seo chugainn.  Tá Coiste áitiúil na Fleá ag lorg Gaeilgeoirí ó Dhoire chun cuidiú le maoirseacht na gcomórtas ar an Satharn 18ú agus an Domhnach 19ú Lúnasa.  Clúdófar costais lóistíní agus béiltí na saorálaithe.  Beidh deis agaibh fosta buaicphointí na Fleá a bhlaiseadh chomh maith.

Le tuilleadh eolais, dean teagmháil le Donncha Mac Niallais donncha@culturlann-doire.ie nó le Pól Ó Frighil pol.ofrighil@derrycity.gov.uk

Iarchéimeanna in Fiontar, DCU

Iúil 12, 2012

Scoláireachtaí €2,000 ar fáil ar an:

MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais

DC627 – Páirtaimseartha

Clár páirtaimseartha thar 2 bhliain. Ranganna ar siúl ag an deireadh seachtaine. Dírítear an clár ar chéimithe atá ag iarraidh postanna bainistíochta agus forbartha sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí, an t-oideachas san áireamh. Táillí c. €2,750.

Iarratais ar line: www.pac.ie

Breis eolais: Sally Mhic Dhomhnaill 01 700 5614

www.dcu.ie/fiontar  fiontar@dcu.ie

Creative Close to Coalisland’s Irish Language Book Club

Iúil 12, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Scéim gearrscannáin Scéal 2 á fhógairt

Iúil 11, 2012

Ag leanacht leis na scéimeanna Síol, Údar agus Scéal, is cúis áthais dúinn an dara bhliain den scéim gearrscannáin, Scéal 2, a fhógairt. Scéim fhorbartha í Scéal 2 a thugann deis do thallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí le Gaeilge, saothar aitheanta ó litríocht nó béaloideas na Gaeilge a athchóiriú don teilifís agus a thabhairt ó chéim bhun scripte go céim an chraolta. Is féidir an bun scéal a roghnú as gearrscéal, dán, scéal béaloidis nó aon saothar a léiríonn scéalaíocht na Gaeilge.

Tá an scéim seo ag TG4 oscailte do scríbhneoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre, bíodh taithí scáileáin acu nó ná bíodh, agus do stiúrthóirí ar mian leo taithí a fháil ar dhrámaíocht teilifíse i nGaeilge. Réamhriachtanas a bheidh i gceist do gach rannpháirtí go mbeidís líofa sa Ghaeilge agus in ann páirt a ghlacadh trí Ghaeilge i ngach leibhéal agus céim den scéim.

Tá an chéad sraith de Scéal anois taifeadta agus táthar i mbun iarléiriú air. Beidh sé le feiceáil ar TG4 go luath in 2013.

Is é an 24 Lúnasa 2012 an spriocdháta le haghaidh iarratas. As na hiarratais ar fad roghnófar gearrliosta scríbhneoirí le freastal ar cheardlanna ceirde, faoi stiúir eagarthóra scripte, ag a ndéanfar forbairt bhreise ar gach togra.

Is féidir gach eolas faoi Scéal a fháil ar shuíomh TG4; www.tg4.ie/sceal

Raidió Rí-Rá ar fáil ar an gcóras DAB

Iúil 11, 2012

Fuarthas dea-scéala do na meáin tri Ghaeilge le déanaí nuair a fógraíodh go mbeidh an stáisiún raidió Gaeilge, Raidió RíRá ar fáil ar chóras Craoladh Fuaime Digití (Digital Audio Braodcasting, DAB) ó 1 Iúil ar aghaidh.

Teicneolaíocht chraoltóireachta ar ardchaighdeán is ea an córas DAB, a úsáidtear i 40 tír ar fud an domhain agus a thugann ardán do stáisiúin agus craoltóirí úra. Aistrítear tonnta analógacha go formáidí digiteacha agus cruthaítear caighdeán fuaime níos soiléire ná FM dá bharr.

Is é Raidió RíRá an chéad chairtstáisiún Gaeilge do dhaoine óga inar féidir teacht ar an bpopcheol is rathúla, iarratais a chur isteach ar amhráin, vótáil ar na hamhráin is fearr agus éisteacht le ‘Top 40’ Oifigiúil na hÉireann.

Thosaigh Raidió RíRá ag craoladh an phopcheoil ar líne sa bhliain 2008 agus bhí an stáisiún le cloisteáil ar an gcóras FM ó 2009 – 2001 agus é ag dul ó neart go neart ó shin le breis agus 4,000 éisteoir ar fud na cruinne. Bhain an stáisiún éachtaí móra amach ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i 2009, 2011 agus tugadh aitheantas don stáisiún ar Pháipéar 1 an Teastais Shóisearaigh i mbliana.

Cuirtear réimse breá clár ar fáil i rith na seachtaine – Maidin Mhaith le Cillian de Búrca, An Lón Mór le hÁine Ní Ghráda, Na Singlí Scaoilte le Síne Nic an Ailí, TRL ar Éileamh le hIlly Ó Ceallaigh, Fuaim Eile le Traic Ó Braonáin agus Top 40 Oifigiúil na hÉireann le Daithí ina gcloistear leithéidí Nicky Minaj, Kanye West, Na Coronas, Na Dirty 9s, Jessie J, Cheryl Cole agus tuilleadh. Chomh maith leis sin, cuirtear cláir sa bhreis ar fáil ag an deireadh seachtaine ‘Dioscó Dána’ agus ‘Clár na n-Ochtóídí’ ina measc.

Is féidir éisteacht le Raidió RíRá ar líne ag www.rrr.ie, tríd an bhfeidhmchlár speisialta ar iPhone, tríd an bhfeidhmchlár TuneIn ar ghuthán Android agus ar an gcóras DAB ar fáil le raidió ar leith agus ar ghutháin Nokia.

Hospice benefits from Gaelscoil’s monster efforts

Iúil 10, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Gaelscoil ag barr rang na teicneolaíochta

Iúil 10, 2012

Ó thús na bliana scoile 2013, beidh scileanna ríomhaireachta mar chuid de churaclam bunscoile an Tuaiscirt. Tá Gaelscoil i gContae Aontroma imithe céim chun tosaigh.

Is í Bunscoil Bhaile an Chaistil an chéad Ghaelscoil ó thuaidh lena cainéal Youtube féin a bhunú agus is iad na páistí féin taighdeoirí, léiritheoirí agus stiúrthóirí na bhfíseán.

Táthar ag úsáid a n-ardáin nua le nasc a chothú sa phobal, le cairdeas a chruthú thar teorainn agus le mórtas a spreagadh sna páistí lena mbuanna féin curtha ar ardán don phobal níos leithne.

Féach ar an bhfíseán ar Meon Eile.

« Previous PageNext Page »