Méid an Téacs

Lá Oscailte Ghaelscoil Dhroichead na Bandan

Lúnasa 17, 2012

TÁ lá oscailte le bheith ag Gaelscoil nua i gContae Chorcaí Dé Domhnaigh seo chugainn chun cur leis an suim sa ghaelscolaíocht sa cheantar.
Is i nDroichead na Bandan a osclóidh an Ghaelscoil is déanaí sa chontae agus tá dóchas láidir i measc lucht a bunaithe go n-éireoidh chomh geal léi agus a d’éirigh le gaelscoileanna i gCloch na Coillte, Beanntraí agus An Sciobairín.
Tá an Ghaelscoil nua suite faoi láthair i gclubtheach an CLG ar an mbaile. Traolach Ó Donnabháin atá ina chathaoirleach ar an mBord Bainistíochta – tarlaíonn sé go bhfuil sé freisin sa phost céanna ar an mBord Bainistíochta i gCloch na Coillte a ch ní miste leis an cúram breise.
“Tá ana ríméad orainn go bhfuil céim eile tógtha ag an nGaelscolaíocht sa cheantar seo, iarthar Chorcaí, agus go bhfuil Droichead na Bandan anois i gciorcal caradach na Gaelscolaíochta,” ar sé. “Beimid ag súil go mbeidh ár ndóthain daltaí againn chun tús a chur leis an bhforás anseo i nDroichead na Bandan, mar a tharla roimhe seo ar mo bhaile dúchais féin, Cloch na Coillte, agus ar an Sciobairín agus Beanntraí freisin.”
An tseachtain seo caite fuair muintir Chloch na Coillte cead pleanála d’fhoirgneamh nua sé sheomra dhéag dá nGaelscoil. De réir plean nua atá ag an Roinn Oideachais, tá ceangal ar an bhforbróir an foirgneamh a chríochnú go hiomlán laistigh de 30 seachtain, rud a chiallaíonn go mbeidh 320 dalta na Gaelscoile agus an fhoireann de 25 ag bogadh isteach go dtí a bhfoirgneamh nua ag tús na scoilbhliana seo chugainn, 2013-14.
Foilseofar gné-alt faoin obair éachtach atá ar bun i gCloch na Coillte an tseachtain seo chugainn i nGaelscéal.

http://www.gaelsceal.ie/

Girls outperform boys in most Leaving subjects

Lúnasa 17, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Cúis cheiliúrtha Raidió Rí-Rá

Lúnasa 17, 2012

Tá fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD inniu go bhfuil deontas €27,000 ceadaithe do Raidió Rí-Rá chun cur ar a gcumas stiúideo a fhorbairt agus craoladh ar an ardán nua raidió, Craoladh Fuaime Digití, (Digital Audio Broadcasting nó DAB i mBéarla).

Thosaigh an cairtstáisiún ag craoladh ar an gcóras digiteach i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge i mí Iúil agus tá beartaithe go mbeidh an stáisiún le cloisteáil ar an gcóras sin i Luimneach agus i gCorcaigh roimh dheireadh na bliana.

Freastalaíonn an stáisiún ar an aos óg ach go háirithe agus seinntear amhráin popcheoil ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Thosaigh an stáisiún ag craoladh ar an idirlíon i mí an Mhárta 2008 agus bíonn breis agus 4,000 duine ag éisteacht le ceol ón stáisiún ar líne gach mí. Tá Raidió Rí-Rá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus tá sé maoinithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta.

Ag labhairt dó inniu dúirt an tAire Stáit go raibh áthas air go raibh Raidió Rí-Rá ag cur na Gaeilge chun cinn i measc daoine óga agus thug sé aitheantas don ról lárnach atá ag na meáin craolachán nua sa ghort sin.

Is teicneolaíocht raidió digitigh do stáisiúin raidió é Craoladh Fuaime Digití, ardán atá in úsáid i mbeagnach 40 tíortha éagsúla.

GAELPORT.COM

Faoiseamh agus sonas le dáileadh torthaí A-Leibhéal

Lúnasa 17, 2012

Beagnach 13,000 scoláire i dTuaisceart na hÉireann a fuair torthaí A-Leibhéal i mbliana. Le himeacht an tsamhraidh, tá tús nua anois i ndán do na fir agus na mná óga seo.

Tugadh deis do scoláirí teacht ar a gcuid torthaí ar an idirlíon. Tháinig beagnach 5,000 scoláire i 35 tír éagsúil ar a dtorthaí ar an dóigh seo i mbliana. In ainneoin an fhíric seo, lean an tromlach acu an bealach traidisiúnta lena dtorthaí a bhailiú ón scoil.

Thug Shane Ó Curraighín cuairt ar Choláiste Feirste, an mhéanscoil Ghaeilge is mó sna sé chontae nuair a dáileadh na torthaí i measc iar dhaltaí na scoile.
Labhair sé leo faoin dúil agus dóchas atá acu don todhchaí agus faoi osna faoiseamh na maidine…

Bhí dea-scéala torthaí ann fosta d’fhir agus mná óga lasmuigh den ghnáth chóras mhéanscolaíochta. Díríonn GaelChúrsaí ar dhaltaí nár lean gnáth chóras na méanscolaíochta nó a d’fhág an scoil go luath.

“Seo an chéad bhliain dúinn daltaí a chur fríd an Ard Leibhéal agus d’éirigh le 100% Ard Leibhéal a bhaint amach, a dúirt Colma Kee, Stiúrthóir Gaelchúrsaí. “Scéal iontach agus sár-iarracht ag na daltaí seo,” arsa Colma.

Físeán le feiceáil ar Meon Eile.

Shane leads roll of honour at gaelscoil

Lúnasa 16, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

24 hours in . . . An Ghaeltacht

Lúnasa 16, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Fáilte curtha roimh thorthaí Gaeilge na hArdteiste

Lúnasa 16, 2012

Ní hé amháin gur tháinig méadú ar an líon dalta a thug faoin Ghaeilge ag an ardleibhéal sa scrúdú Ardteistiméireachta sa bhliain 2012 – d’éirigh le céatadán níos airde grádanna A a bhaint amach chomh maith.

Bronnfar torthaí na hArdteiste ar 56,000 dalta scoile inniu agus cuireadh fáilte go forleathan roimh an fhógra gur tháinig méadú 35% ar líon na ndaltaí a thug faoi scrúdú matamaitice  ag an ardleibhéal i mbliana.

Anuas air sin, d’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna ar maidin gur tháinig méadú 11% ar an líon duine a thug faoin nGaeilge sa scrúdú.

Chuir an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD  fáilte roimh an scéal agus dúirt sé gurb iad na hathruithe i mbéaltriail na hardteiste is mó ba chúis leis an athrú sin.

De réir staitisticí atá eisithe ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar maidin, rinne 42,965 dalta scrúdú sa Ghaeilge san Ardteist. Ina measc, thug 15, 937 dalta faoin scrúdú Gaeilge ag an ardleibhéal  Sa scrúdú ardleibhéal fuair 7.3% de na hiarrthóirí grád A1 agus fuair 11.3% de na hiarrthóirí grád B1.

San iomlán tugadh grád A do 17.4% de na scoláirí a thug faoin scrúdú ag an ardleibhéal i mbliana, méadú suntasach go maith ón 13.9% ar tugadh grádanna A dóibh sa bhliain 2011.

Thug 22,875 faoin scrúdú ag an ngnáthleibhéal agus fuair 74.2% de na hiarrthóirí grád A, B nó C ag an gnáthleibhéal.  Ghlac breis agus 4,000 dalta leis an bpáipéar Gaeilge ag an mbonn leibhéal.

Ag labhairt dó inniu dúirt an tAire Oideachais gur tháinig athrú i mbliana ar an mbealach ina raibh an Ghaeilge á múineadh sna scoileanna agus go raibh níos lú béime ar chúrsaí gramadaí sa mhéid is go raibh an bhéim anois  ar an nGaeilge labhartha.

Scrúdú comónta don Ghnáthleibhéal agus don Ardleibhéal atá ann anois agus tá 40% de mharcanna ag brath ar an mbéaltriail leasaithe.

Tá ceithre mhír sa bhéaltriail nua: fáiltiú, léamh na filíochta, cur síos ar shraith pictiúr agus comhrá.

Léiríodh imní roimhe seo áfach go raibh an t-ábhar á shimpliú ag leibhéal na hArdteiste agus nárbh scrúdú dúshlánach go leor á chur os comhair na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.

Foilsithe ar Gaelport.com

Droichead Feirste

Lúnasa 16, 2012

CUIRFIDH an t-ionad cultúir i mBéal Feirste, An Droichead, tús le féile seachtain ón lá amárach, a scríobhann Pól Ó Muirí. Mairfidh na himeachtaí go dtí an Domhnach, 26ú Lúnasa.
Beidh ceolchoirmeacha le hIarla Ó Lionáird agus Steve Cooney, Breandán Begley agus Caoimhín Ó Raghallaigh agus Pádraig Rynne, Dónal Lunny, John McSherry agus Graham Henderson, mar aon le ceardlanna ceoil do thosaitheoirí.
Le cois an cheoil, beidh na scannáin Poitín agus Mise Éire le feiceáil, turas siúlóide logainmneacha, oíche airneáil, dianchúrsa Gaeilge, bunrang Gaidhlig agus imeachtaí do pháistí.
Eolas: www.androichead.com

IRISH TIMES

The ups and downs of results 2012

Lúnasa 16, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Leaving Cert Results: Record numbers get bonus in maths

Lúnasa 16, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

« Previous PageNext Page »