Cúrsaí Gaeilge an fhómhair le Gaelchultúr i gCeatharlach
Lúnasa 28, 2012
Le críoch an tsamhraidh buailte linn agus míonna an fhómhair ag síneadh amach romhainn is iomaí duine atá ag smaoineamh ar chlárú do chúrsa oíche.
Tá an-áthas ar Ghlór Cheatharlach a fhógairt go mbeidh cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta i gcomhar le Gaelchultúr ar fáil arís i mbliana.
Is í seo an ceathrú bhliain de na cúrsaí Gaelchultúir i gCeatharlach. Cuirfear tús leis na ranganna an tseachtain dar tús 24 Meán Fómhair agus rachaidh siad ar aghaidh thar deich seachtaine. Chun freastal cuí a dhéanamh ar fhoghlaimeoirí beidh rogha de chúrsaí ar fáil ag bun agus meán leibhéil. Beidh na Bunchúrsaí ar siúl oíche Luain agus na Meánchúrsaí ar an Mháirt leis na ranganna go léir ó 7:00-9:00i.n. in oifigí Chomhairle Chontae Cheatharlach ar Bhóthar Átha Í.
Daoine ar mhian leo freastal ar chúrsa agus nach bhfuil cinnte cén leibhéal a d’oirfeadh dóibh is féidir leo tabhairt faoi Thriail Ghaeilge ar Líne atá ar fáil saor in aisce ar shuíomh idirlín an chomhlachta www.gaelchultur.com. Tá clárú oscailte anois ar líne nó trí ghlaoch a chur ar 1890 252 900. Tá gach eolas ar an suíomh dátheangach nó is féidir na sonraí uile a fháil ó Glór Cheatharlach ar 085 1340047 nó scríobh chuig emma@glorcheatharlach.ie.
Grúpa nuabhunaithe tuistí agus leanaí as Gaeilge i gCeatharlach
Tá ag éirí go breá le Spraoi, an grúpa nua Tuistí/Leanaí a bunaíodh i gCeatharlach le déanaí. Tagann an grúpa le chéile gach maidin Mháirt ó 10-12 meánlae in Ionad Phobal New Oak. Bíonn cupán tae nó caife ar fáil do na tuismitheoirí agus comhrá dátheangach ar siúl acu fhad is a bhíonn na páistí ag súgradh. Tá rogha leathan de bhreagáin ann do na buachaillí agus cailíní.
Gabhann an grúpa buíochas ó chroí leis na heagrais Comhluadar Teo agus Coiste Chúram Leanaí Chontae Cheatharlach as urraíocht fhlaithiúil a chur ar fáil dóibh.
Is áit iontach é an tIonad Phobal New Oak le háiseanna atá an-oiriúnach do thuismitheoirí agus pháistí araon-fiú áit shúgartha lasmuigh le sleamhnáin agus trealamh le husáid nuair a bhíonn an aimsir go breá. Ar ndóigh baineann na páistí an-taitneamh as seo. Críochnaíonn an seisiún gach seachtain le cúpla amhrán Gaeilge agus is breá leis na páistí iad a chanadh agus na gíomhaíochtaí á dhéanamh acu.
Cuirtear fíórchaoin fáilte roimh éinne go bhfuil suim acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí agus iad i suíomh spraíúil, neamhfhoirmiúil. Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge áfach-ach díreach suim agus a bheith sásta triail a bhaint aisti.
Tá costas €3 an chlann in aghaidh an lae i gceist le tae/caifé/brioscaí chomh maith le sú do na páistí san áireamh sa chostas sin. Tá an grúpa oiriúnach d’éinne le páistí suas go 4 bliana d’aois.
Tá gach eolas ar fáil ó Emma i nGlór Cheatharlach ar (085) 1340047. Bígí linn, scaip an scéal agus beidh fáilte roimh chách!
SULT an fhómhair i gCeatharlach
Tar éis bhriseadh an tsamhraidh fillfidh SULT, an oíche shóisialta trí Ghaeilge, ar Cheatharlach ar an Déardaoin 30 Meán Fómhair. Cuirfear céad míle fáilte roimh chách chuig Sult an fhómhair sa Teach Bar, Sráid na Tulaí ag 9.00i.n.
Tiocfaidh daoine le chéile ansin ar an Déardaoin deireannach de gach mí chun taitneamh a bhaint as caint, comhrá agus comhluadar trí Ghaeilge agus cuirfear fáilte roimh dhaoine nua i gcónaí.
Tabhair faoi deara an t-ionad nua agus Sult ag bogadh béal dorais ó Theach Dolmain go Teach Bar. Buail isteach le haghaidh dreas cainte. Bígí linn ar an Déardaoin seo chun SULT a bhaint as an nGaeilge.
www.carlow-nationalist.ie
Cén áit is fearr leat ar domhan?
Lúnasa 28, 2012
An tseachtain seo tá páistí bunscoile fud fad na tíre ag tabhairt aghaidhe ar ais ar an scoil arís.
Is cúis cheiliúrtha í do chuid acu ach am brónach do chuid eile agus a gcuid laethanta saoire tar éis teacht chun deiridh.
Dá mba rud é dá mbeadh seans agat féin éalú ón scoil nó ón obair, cén áit ab fhearr leat dul? Cén áit is fearr leat ar domhan?
Chuir Meon Eile an cheist sin ar dhaltaí ó Ghaelscoil Dara i gCathair na Gaillimhe.
Féach an físeán anseo: Meon Eile
Remembered: my first day at school
Lúnasa 28, 2012
Deireadh seachtaine eile Gaeilge agus cultúrtha i nGaeltacht Ráth Chairn!
Lúnasa 27, 2012
Dóibh siúd gur spéis leo a gcuid Gaeilge labhartha a fheabhsú in atmasféar taitneamhach spraíúil, tá Gael Linn ag eagrú deireadh seachtaine Gaeilge agus cultúrtha i nGaeltacht Ráth Chairn ón Aoine 5 – Domhnach 7 Deireadh Fómhair 2012. Is é seo an cúigiú bliain don eagras an ócáid ráthúil seo a eagrú i gcomhar le Comharchumann Ráth Chairn. Is le linn Éigse Dharach Uí Chatháin a reáchtálfar deireadh seachtaine na bliana seo, uair a bheidh deis ag foghaimeoirí fásta na Gaeilge blaiseadh de chultúr na Gaeltachta agus den Ghaeilge labhartha. I measc na n-imeachtaí atá beartaithe, tá ranganna comhrá Gaeilge (meánleibhéal), ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós, quiz boird agus seisiúin ceoil! Socrófar lóistín do na rannpháirtithe go háitiúil agus is é táille réasúnta na deireadh seachtaine ná €180 an duine -béilte san áireamh !
Tá Gaeltacht Ráth Chairn suite idir Baile Átha Troim agus Áth Buí i gCo. na Mí – díreach uair an chloig ó Bhaile Átha Cliath ! Bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn i 1937 nuair a aistríodh teaghlaigh iomlána aniar as Conamara chuig Co. na Mí.
Tá gach eolas faoin deireadh seachtaine mar aon le foirmeacha iarratais ar fáil ó www.gael-linn.ie nó ó Sheán Ó Ceallaigh 01:6753299.
Ranganna Gaeilge i gcroílár na príomhchathrach
Lúnasa 27, 2012
Cuirfear tús le sraith nua ranganna Gaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath an mhí seo chugainn.
Is é Scott De Buitléir atá i mbun na ranganna a bheidh ag tosú ar Déardaoin, 13 Meán Fómhair 2012.
Reáchtálfar an cúrsa gach Déardaoin, ó 6.30in go dtí 7.30in, i gCois Teallaigh ar Shráid Chill Dara.
Beidh an cúrsa dírithe ar Ghaeilge labhartha na bhfoghlaimeoirí a fhorbairt agus a gcuid muiníne inti a neartú i dtimpeallacht neamhfhoirmiúil.
Mairfidh an cúrsa 6 seachtaine agus tabharfar deis leanúint ar aghaidh le 4 rang sa bhreis i ndiaidh na buntréimhse sin.
Táille an chúrsa ná €90.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach ríomhphost a chuir chuig scottdebuitleir@gmail.com.
Foilsithe ar Gaelport.com
Launch of new Irish primary
Lúnasa 27, 2012
90% sna Torthaí GCSE do dhaltaí Choláiste Feirste
Lúnasa 24, 2012
Tá Coláiste Feirste, an t-aon iarbhunscoil lánGhaeilge sna sé chontae, i ndiaidh an treocht i dtreo ísliú grádanna scrúduithe i scoileanna an tuaiscirt a shárú. Bhain 90% de na daltaí an tagarmharc de 5 nó níos mó GCSE amach i mbliana. Tá ardú suntasach fosta i líon na ndaltaí a ghnóthaigh grádanna A* agus A i réimse leathan ábhar. Ní bhfuair dalta ar bith níos lú ná 4 GCSE agus fuair cuid acu na barrghráid i 10 n-ábhar GCSE. Beidh tromlach mór na ndaltaí seo ag pilleadh ar an scoil an tseachtain seo chugainn chun tabhairt faoin staidéar sa Séú Foirm.
Dúirt Pádraig Mac Cathail, Ceann Bliana ar an ghrúpa daltaí seo, “Thar cheann fhoireann Eocharchéim 4 ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis na daltaí agus a dtuismitheoirí ar na gráid iontacha atá bainte amach acu. Ba mhór an pleisiúr dúinn bheith ag obair leis na Gaeil óga seo le dhá bhliain anuas. Ní amháin gur daltaí den scoth iad ach is daoine óga den chéad scoth iad atá i ndiaidh forbairt agus fás mar dhaoine aibí agus mar Ghaeil. Is iontach an lá é seo don scoilphobal s’againne.”
Bhí torthaí iontacha ag go leor daltaí áirithe. D’éirigh le Déaglán Mac Conmhaoil agus Nuala Meascaigh 10 ngrád A* nó A a bhaint amach. Bhí ráta pás 100% ag an Eolaíocht, an Fhraincis, an Drámaíocht, Staidéir Mhótar-Feithicil, Cúram Sláinte Sóisialta agus Tíreolaíocht. D’éirigh le Roinn na Matamaitice an ráta pas a mhéadú faoi dhó – éacht nach beag agus an Mhata mar mhór-sprioc forbartha i scoileanna Bhéal Feirste.
Rinne Príomhoide na scoile Micheál Mac Giolla Ghunna comhghairdeas le daltaí, tuismitheoirí agus foireann na scoile. “Leanann na torthaí seo na gráid iontacha a fuair daltaí Ardléibhéil an tseachtain seo caite. Léiríonn siad díograis agus dícheall na múinteoirí agus na ndaltaí le 5 bliana anuas. Ba mhaith liom an deis seo a thapú fosta le haitheantas a thabhairt do mhúinteoirí na mbunscoileanna a thug dúshraith den scothoideachas do na daltaí seo gur féidir linne anseo i gColáiste Feirste cur leis chun barrfheabhas a bhaint amach. Chuir muid plean feabhsaithe i bhfeidhm tamall de bhlianta ó shin agus is é príomhaidhm s’againn go mbainfidh gach dalta lán a n-acmhainneachta féin amach. Tá foireann iontach againn ag Eocharchéim 4 atá ag cur an phlean sin i bhfeidhm, idir mhúinteoirí agus cheannairí, agus is léir go bhfuil rath as cuimse ar a gcuid díograis. Tá dream eile de Ghaeil óga éirimiúla sároilte cothaithe againn do phobal na Gaeilge agus do phobal na cathrach seo.
“I ndiaidh scór bliain ar an tsaol tá Coláiste Feirste faoi lánbhláth anois. Is léir go bhfuil ciall agus ceart le cinneadh Roinn an Oideachais le déanaí £11.9 milliún a infheistiú sa suíomh s’againne. Le foirgneamh agus áiseanna spóirt úrscothacha is cinnte go mbeimid ag tógáil ar rath na scoile ar na blianta atá le teacht.”
Dámhachtainí Fulbright 2013-2014
Lúnasa 24, 2012
Béidh an Coimisiún Fulbright ag oscailt an comórtas ar Dé hAoine (24.08.12) do Dhámhachtainí Fulbright 2013-2014 a thairgeann deontais do mhic léinn iarchéime, scoláirí agus daoine gairmiúla chun dul go dtí na Stáit Aontaithe le dul i mbun léachtóireachta, taighde nó staidéir ar feadh bliana. Anuas air seo, cuirtear réimse clár ar siúl do na buaiteoirí in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe agus faigheann siad árachas agus víosa J-1. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.fulbright.ie
Caithfidh cóip chrua chomh maith le cóip leictreonach de gach iarratas a bheith istigh faoi 3.00 i.n. 14 Samhain 2012.
Tá trí chineál dámhachtana ar fáil:
- Dámhachtainí Fulbright do Mhic Léinn : Suas go bliain acadúil de staidéar iarchéime nó taighde sna Stáit Aontaithe in aon réimse, na dána san áireamh. Baineann uasmhéid $20,000 leis na deontais. Is féidir le hiarrthóirí fanacht chun a gclár acadúil a chríochnú má tá sé níos faide ná bliain amháin.
- Dámhachtainí Fulbright do Scoláirí agus Daoine Gairmiúla :Tá deontais ar fáil, suas go €35,000 (An Ghaeilge) agus $20,000 (Dámhachtainí Ginearálta), don lucht léinn agus do dhaoine gairmiúla, le níos mó ná cúig bliana de thaithí, chun dul i mbun taighde agus/nó léachtóireachta sna Stáit Aontaithe ar feadh tréimhse idir trí mhí agus dhá mhí dhéag.
- Dámhachtainí Fulbright um Chúntóireachtaí Múinteoireachta i dTeangacha Iasachta (FLTA) :Is Dámhachtainí de thréimhse deich mí iad seo do mhúinteoirí Gaeilge chun deis a thabhairt dóibh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna múinteoireachta tríd a bheith ag múineadh in ollscoil sna Stáit Aontaithe chomh maith le ranganna iarchéime a thógáil.
Tá roinnt dámhachtainí urraithe ar fáil do mhic léinn agus do scoláirí i réimsí ar leith. Ina measc tá:
- Dámhachtain Fulbright – an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil in Uisce, Athrú Aeráide agus Comhshaol Inbhuanaithe (Mac léinn agus Scoláire)
- Dámhachtain Fulbright – Foras na Mara in aon topaic a bhaineann le hEolaíocht / Gnó na Mara (Mac léinn agus Scoláire)
- Dámhachtain Fulbright – Fiontraíocht Éireann sa Nuálaíocht (Mac léinn amháin)
- Dámhachtain Fulbright –Teagasc i dTalmhaíocht, Bia, agus Foraoiseacht (Mac Léinn amháin)
- L.L.M ó Fulbright – Ollscoil Notre Dame sa Dlí Idirnáisiúnta um Chearta Daonna (50% de na táillí teagaisc íoctha) (Mac léinn amháin)
Ag labhairt ag an seoladh, dúirt Una Halligan, Cathaoirleach ar Choimisiún Fulbright in Éirinn, “Bliain i ndiaidh bliana, cuireann na taighdeoirí, na daoine gairmiúla agus na hiarchéimithe is fearr in Éirinn isteach ar Dhámhachtainí Fulbright. Níl aon amhras ach go mbeidh an bhliain seo mar an gcéanna. Tugann Dámhachtainí Fulbright na hÉireann deis do na buaiteoirí staidéar agus taighde a dhéanamh chomh maith le caidrimh a chruthú sna Stáit Aontaithe. Faigheann lucht Fulbright taithí fíorluachmhar ar féidir leo a roinnt le daoine eile nuair a thagann siad ar ais agus a thugann buntáiste dóibh sna réimsí éagsúla ina bhfuil siad. Mholfainn d’aon duine a bhfuil spéis acu sna Dámhachtainí féachaint ar ár suíomh chun tuilleadh eolais a fháil”.
Bronntar Dámhachtainí Fulbright gach bliain ar mhic léinn, scoláirí agus ar dhaoine gairmiúla chun dul i mbun staidéar iarchéime agus taighde in institiúidí tríú leibhéil, cultúrtha agus institiúidí eile nach iad sna Stáit Aontaithe. Sa bhliain 2012, bronnadh dámhachtainí ar 37 duine in Éirinn – an méid is mó riamh.
Moltar do dhaoine cur isteach ar na réimsí ar fad.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:
Joanne A. Davidson, Oifigeach Cumarsáide agus Eolais, Coimisiún Fulbright na hÉireann.
joanne.davidson@fulbright.ie
01.660.7670 / 087.258.1417
Applications open for grants to study, teach and research in US
Lúnasa 24, 2012
MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais
Lúnasa 24, 2012
Tá Fiontar DCU ag taisicint scoláireachtaí de luach €2,000 don chúrsa MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais.
Clár páirtaimseartha atá ann thar dhá bhliain atá dírithe ar chéimithe ar mhian leo postanna bainistíochta agus forbartha a bhaint amach sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí, an t-oideachas san áireamh. Reáchtálfar ranganna ag an deireadh seachtaine.
Le haghaidh tuilleadh eolais is féidir dul i dteagmháil le Sally Mhic Dhomhnaill ag 01 7005614 nó ríomhphost a chur chuig fiontar@dcu.ie.
Is é 31 Lúnasa 2012 an spriocdháta le haghaidh iarratas.