Triúir múinteoirí Gaelscoile á lorg
Iúil 17, 2012
Tá triúir múinteoirí á lorg ag Gaelscoil Eiscir Riada i Leamchán, Co. Átha Cliath.
Tá ardchaighdeán Gaeilge ag teastáil do na postanna seo.
Iarratais:
Caithfear iarratais a chur ar ríomhphost chuig postgser@yahoo.ie roimh 23 Iúil 2012.
Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:
- Litir iarratais
- Teistiméarachtaí scríofa
- Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
- Gráid an chleachtaidh teagaisc
- Cóip gach teastas ábhartha (teastais, céimeanna, dioplómaí)
- Tuairiscí cigireachta
- Clárú na Comhairle Múinteoireachta
- CV (Neamhcheangailte/Unbound)
Cuirfear tús leis an tréimhse oiliúna ar 30 Lúnasa 2012.
Múinteoir tacaíochta foghlama
Iúil 17, 2012
Tá múinteoir tacaíochta foghlama á lorg ag Gaelscoil Uí Earcáin, Co. Átha Cliath.
Duine fuinniúil, le sárscileanna agus taithí múinteoireachta, riaracháin agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge atá de dhíth.
Iarratais:
Glacfar le hiarratais tríd an bpost amháin chuig:
An Cathaoirleach,
1 Cúirt An Inbhir,
Bóthar Bhaile na Mara,
Sord,
Co. Bhaile Átha Cliath
Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:
- Litir iarratais
- Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
- Tuairiscí cigireachta
- Clárú na Comhairle Múinteoireachta
- An Ghnáth fhoirm iarratais don Mhúinteoireacht
Spriocdháta: 27 Iúil 2012
Túsdáta: 3 Meán Fómhair 2012
Múinteoir Gaelscoile
Iúil 17, 2012
Tá múinteoirí á lorg ag Gaelscoil an Bhradáin Feasa, Cill, Dhéagláin, Co. na Mí.
3 phost buan (mar gur scoil í atá ag forbairt, móide téarma seasta (sos gairme) ar fáil.
Múinteoir le sár-chaighdeán Gaeilge ag teastáil.
Iarratais:
Glacfar le hiarratais tríd an bpost amháin chuig:
F/ch An Cathaoirleach,
Gaelscoil an Bhradáin Feasa,
Cnoc na Rás,
Cill Dhéagláin,
Ashbourne,
Co. na Mí
Scríobh ‘Iarratas’ ar an gclúdach led’ thoil. SAE riachtanach.
Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:
- Litir iarratais
- Teistiméarachtaí scríofa
- Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
- Gráid an chleachtaidh teagaisc
- Cóip gach teastas ábhartha (teastais, céimeanna, dioplómaí)
- Tuairiscí cigireachta
- CV (Neamhcheangailte/Unbound)
- Clárú na Comhairle Múinteoireachta
- An Ghnáth fhoirm iarratais don Mhúinteoireacht
Spriocdháta: 23 Iúil 2012
Cuirfear tús leis an tréimhse oiliúna ar 28 Lúnasa 2012.
D’fhéadfaí aon fholúntas a eascróidh sa scoil a líonadh taobh istigh de 4 mhí óna hiarratais do na postanna seo.
Oiliúnóirí garchabhrach de dhíth
Iúil 17, 2012
Tá oiliúnóirí garchabhrach á lorg ag 1 Stop Training Shop, Co. na Gaillimhe, le cursaí garchabhrach do leanaí a chur ar fáil timpeall na tíre.
Cuireann 1 Stop Training Shop, Gaillimh, Clár Náisiúnta Leanaí chun Tosaigh i bhfeidhm, clár atá forbartha ag an National Child Protection Training Centre. Tús Áite do Leanaí / Traenáil i gCosaint Leanaí, leagan Gaeilge Ról an traenálaí:
Leibhéal 1, 2 agus 3 den chlár, Tús Áite do Leanaí / Traenáil i gCosaint Leanaí a chur i bhfeidhm in eagraíochtaí Gaeilge ar fud na tíre.
Riachtanais:
- Taithí i dtraenáil a chur ar fáil trí Ghaeilge
- Eolach agus suas chun dáta maidir le treoirlínte naisiúnta Children First.
- FETAC Leibhéal 6 Oiliúint don Oiliúnóir, nó toilteanach a bheith ag obair ina threo.
Iarratais:
Seol CV a info.1stoptrainingshop@yahooo.ie
Tuilleadh eolais: http://www.1stoptrainingshop.webs.com/
New school classroom announced for Gaelscoil Uileog de Burca
Iúil 13, 2012
Samhail Mhaoinithe #2: Comhairleoir á lorg
Iúil 13, 2012
Glacadh an chéad chéim i dtreo struchtúr maoinithe nua a thógáil d’earnáil dheonach na Gaeilge Dé Luain nuair a d’fhógair Foras na Gaeilge go bhfuil comhairleoir le ceapadh acu.
Fógraíodh ar an suíomh gréasáin tairisceana etenders.gov.ie go bhfuil an áisíneacht tras-teorainn ag lorg tairiscintí ó shaineolaithe le cás gnó cuimsitheach a chur le chéile de réir threoir na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT).
Beidh an té a cheapfar freagrach as múnla úr a mholadh as liosta de roghanna féideartha chomh maith le hanailís a dhéanamh ar na rioscaí, na costais , na buntáistí agus éifeachtúlacht gach rogha atá molta aige/aici.
Iarrfar ar an gcomhairleoir na haidhmeanna atá leis an athrú ó bhunmhaoiniú go múnla maoinithe nua a soiléiriú agus molfaidh siad an bealach is fearr chun cinn don earnáil dheonach.
I mí an Mheithimh d’fhógair Bord Fhoras na Gaeilge nach leanfar ar aghaidh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe mar a bhí molta.
D’fhoilsigh Comhchoiste Oireachtais tuarascáil cúpla seachtain roimhe sin inar leagadh an bhéim ar thábhacht an bhunmhaoinithe do na heagrais Ghaeilge agus moladh go ngabhfaí i mbun taighde agus go bhforbrófaí ollstraitéis d’Fhoras na Gaeilge.
Mhol an Comhchoiste go mbeadh sé sonraithe san ollstraitéis sin conas a thacódh sin leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Straitéis Ghaeilge Thuaisceart Éireann.
Tugtar le fios sa bhfógra go bhfuiltear ag lorg tairiscintí ó iarrthóirí a bhfuil tuiscint acu ar chásanna gnó ar ardchaighdeáin a dhéanamh agus a bhfuil tuiscint acu ar earnáil na Gaeilge agus ar chur chun na Gaeilge thuaidh agus theas. Is é an spriocdháta atá luaite do na tairiscintí ná 27 Iúil 2012.
Tá ráite ag Foras na Gaeilge go mbeidh cinneadh le glacadh ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí na Samhna maidir le múnla nua maoinithe don earnáil, ó Meitheamh 2013 ar aghaidh.
Fágann sé sin go bhfuil níos lú ná cúig mhí fágtha ag an bhForas múnla nua maoinithe a dhréachtadh agus a chur os comhair na nAirí.
Foilsithe ar Gaelport.com
Fleadh Cheoil na hÉireann 2012 – Gaeilgeoirí de dhíth!
Iúil 12, 2012
Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann 2012 sa Chabhán arís ar an mhí seo chugainn. Tá Coiste áitiúil na Fleá ag lorg Gaeilgeoirí ó Dhoire chun cuidiú le maoirseacht na gcomórtas ar an Satharn 18ú agus an Domhnach 19ú Lúnasa. Clúdófar costais lóistíní agus béiltí na saorálaithe. Beidh deis agaibh fosta buaicphointí na Fleá a bhlaiseadh chomh maith.
Le tuilleadh eolais, dean teagmháil le Donncha Mac Niallais donncha@culturlann-doire.ie nó le Pól Ó Frighil pol.ofrighil@derrycity.gov.uk
Iarchéimeanna in Fiontar, DCU
Iúil 12, 2012
Scoláireachtaí €2,000 ar fáil ar an:
MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais
DC627 – Páirtaimseartha
Clár páirtaimseartha thar 2 bhliain. Ranganna ar siúl ag an deireadh seachtaine. Dírítear an clár ar chéimithe atá ag iarraidh postanna bainistíochta agus forbartha sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí, an t-oideachas san áireamh. Táillí c. €2,750.
Iarratais ar line: www.pac.ie
Breis eolais: Sally Mhic Dhomhnaill 01 700 5614
www.dcu.ie/fiontar fiontar@dcu.ie
Creative Close to Coalisland’s Irish Language Book Club
Iúil 12, 2012
Scéim gearrscannáin Scéal 2 á fhógairt
Iúil 11, 2012
Ag leanacht leis na scéimeanna Síol, Údar agus Scéal, is cúis áthais dúinn an dara bhliain den scéim gearrscannáin, Scéal 2, a fhógairt. Scéim fhorbartha í Scéal 2 a thugann deis do thallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí le Gaeilge, saothar aitheanta ó litríocht nó béaloideas na Gaeilge a athchóiriú don teilifís agus a thabhairt ó chéim bhun scripte go céim an chraolta. Is féidir an bun scéal a roghnú as gearrscéal, dán, scéal béaloidis nó aon saothar a léiríonn scéalaíocht na Gaeilge.
Tá an scéim seo ag TG4 oscailte do scríbhneoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre, bíodh taithí scáileáin acu nó ná bíodh, agus do stiúrthóirí ar mian leo taithí a fháil ar dhrámaíocht teilifíse i nGaeilge. Réamhriachtanas a bheidh i gceist do gach rannpháirtí go mbeidís líofa sa Ghaeilge agus in ann páirt a ghlacadh trí Ghaeilge i ngach leibhéal agus céim den scéim.
Tá an chéad sraith de Scéal anois taifeadta agus táthar i mbun iarléiriú air. Beidh sé le feiceáil ar TG4 go luath in 2013.
Is é an 24 Lúnasa 2012 an spriocdháta le haghaidh iarratas. As na hiarratais ar fad roghnófar gearrliosta scríbhneoirí le freastal ar cheardlanna ceirde, faoi stiúir eagarthóra scripte, ag a ndéanfar forbairt bhreise ar gach togra.
Is féidir gach eolas faoi Scéal a fháil ar shuíomh TG4; www.tg4.ie/sceal