Comhghairdeas le daltaí Choláiste Feirste!
Lúnasa 23, 2013
D’éirigh le Coláiste Feirste gráid os cionn an mheáin a bhaint amach arís i mbliana. Tháinig le formhór de dhaltaí an choláiste ar a laghad an tagarmharc de 5 GCSE A*- C amach. Baineann Coláiste Feirste barr feabhais a mach ag leibhéal GCSE agus coláiste é atá i measc na scoileanna ilchumasacha is fearr sna sé chontae. Léirigh an tIrish News sin ar an tseachtain seo a chuaigh thart nuair a tuairiscíodh go raibh Coláiste Feirste suite sa 7ú háit i measc scoileanna ilchumasacha an tuaiscirt.
Mhol Mícheál Mac Giolla Ghunna, príomhoide na scoile, tacaíocht na dtuismitheoirí, “Is sáréacht eile é seo dár scoil. Is léir go ndeachaigh an obair iontach a bhí á déanamh ag na daltaí agus foireann na scoile, gan trácht ar thacaíocht na dtuismitheoirí go mór i bhfeidhm ar bhaint amach na gcailíochtaí; gráid mhaithe a baineadh amach thar réimse leathan ábhar. Tá muid ag dúil le fáilte mhór ar ais a chur roimh na daltaí agus iad ag leanstan ar aghaidh le hoideachas trí mheán na Gaeilge.”
Dúirt Diarmaid Ua Bruadair, bainisteoir Eochairhcéim 4, “Cé go bhfuil níos mó ná trí cheathrú dár ndaltaí ag baint amach breis is 5 GCSE, caithfear a aithint go bhfuil an líon daltaí atá ag baint amach 7-11 GCSE ag ardú go suntasach, roinnt mhaith acu ar éirigh leo gráid A* a thapú. Is fianaise í seo den chineál timpeallacht foghlama ar leith a chuireann an Gaeloideachas ar fáil. Tá sé ráite ag roinnt ollscoileanna fosta go bhfuil caighdeán ard muiníne agus scileanna cumarsáide ag daltaí Choláiste Feirste.”
D’admhaigh Séamas Mac Colaim, Ceann Bliana Bhliain 12 go bhfuil scoth na dtorthaí seo bunaithe ar an obair chrua sheanaimseartha a léiríonn foireann na scoile agus iad ag cinntiú go dtagann leo riachtanais na ndaltaí a chomhlíonadh ar bhonn aonarach.
“Tá muid thar a bheith bródúil gur éirigh le líon suntasach daltaí gráid iontacha a bhaint amach, ach go háirithe Coleen Ní Thoirealaigh (3 A* agus 7 A), Robert Mac Phail Mac Siacais (2 A*, 3 A agus 5 B), Shannon Ní Choinn (3 A*, 3 A agus 4 B) agus gach aon duine eile a spreagadh chun na cáilíochta arda sin a fháil.”
Tháinig an focal scoir ó phríomhoide na scoile, “Go raibh gach rath agus bláth ar na daltaí ardleibhéil a d’imigh uainn ar na mallaibh chomh maith. Rachaidh cuid mhaith acu go hollscoileanna in Éirinn, Alban, Sasana agus eile, gan trácht ar na daoine óga eile a bheas ag leanstan le Breisoideachas agus fostaíocht. I measc na roghanna gairme a bheas ag ár ndaltaí, beidh dlíodóireacht, cógaisíocht, coireolaíocht, eolaíocht, teicneolaíocht chruthaitheach agus teangacha ar ndóigh.”
“Tá tús na bliana ag druidim linn go gasta agus muid ag súil go mór leis an scoilbhliain atá romhainn. Is mór an dóchas atá againn dár ndaltaí óga, laistigh agus lasmuigh den seomra ranga de thairbhe na foirne tiomanta, daltaí agus tuismitheoirí atá ag obair go laethúil chun cinntiú go mbaineann Coláiste Feirste a sprioc amach agus muid mar bhratscoil d’oideachas iar-bhunscolaíocht in Éirinn.”
Highland Council unveils Gaelic schools map
Lúnasa 23, 2013
Highland Council’s Gaelic education map will provide a guide for parents to source schools that teach the language in the region.
The online map is designed to help parents – both those in the Highland and Islands and those considering moving to the area – to see where they can source Gaelic education in the region.
It pinpoints where the council is currently providing Gaelic education in nurseries, playgroups, primary and secondary schools and also includes details of the number of children attending each of the centres.
Councillor Hamish Fraser, chairman of the council’s Gaelic Implementation Group, said: ”This is an excellent resource and I am sure it will be a valuable tool for the public and for parents.
“The information on the number of pupils in each location also demonstrates the council’s commitment to Gaelic education. We are pleased to provide a new service by informing parents of where we currently have Gaelic provision, providing the opportunity for children to receive bilingual education through Gaelic education.”
A council spokesman explained: “The online map shows where all the Gaelic Nursery and Playgroup provision, both council and partner centres are based, including the number of children attending each of the centres. The map displays the areas where Gaelic Primary School provision is located, the number of pupils attending, and the Associated Secondary Schools where Gaelic is taught.
The resource also highlights the Gaelic Secondary provision, including the number of pupils studying subjects through the medium of Gaelic, those studying Gàidhlig as fluent speakers, and those studying Gaelic as learners.”
The online map can be accessed at www.highland.gov.uk
www.scotsman.com
Scéal na Gaeilge, Doire: Grianghraif á lorg do Chartlann Íomhánna
Lúnasa 23, 2013
‘Cuimhní Shliabh Eachtaí’ agus ‘Na hUltaigh’
Lúnasa 23, 2013
Comhdháil Ghráig na Muilte Iarainn 24-25 Lúnasa 2013
Coláiste Lú (A)
Lúnasa 22, 2013
3 Leabhar Nua ó Chló Mhaigh Eo
Lúnasa 22, 2013
Breithlá ‘Líofa’
Lúnasa 22, 2013
Áiseanna ar logainm.ie
Lúnasa 22, 2013
Tá pacáiste acmhainní oideachais ar fáil anois ón suíomh logainm.ie, bunachar logainmneacha na hÉireann.
Tá na hacmhainní seo dírithe ar leibhéal na bunscoile, na hiar-bhunscoile agus an tríú leibhéal, ach is féidir leas a bhaint astu ag leibhéil eile freisin, mar shampla ranganna Gaeilge do dhaoine fásta mar aon le déagóirí. Sa réimse do bhunscoileanna mar shampla tá acmhainní dírithe ar pháistí sna ranganna sinsearacha sa bhunscoil. Oireann na hacmhainní do cheantar ar bith sa tír. Tá sé scéim oibre ar fáil, ceann amháin mar réamhrá don ábhar logainmneacha agus cúig chinn bunaithe ar théamaí éagsúla. D’fhéadfaí na hacmhainní seo a úsáid i roinnt ranganna iarbhunscoile chomh maith. Tá na hacmhainní oideachais seo á soláthar mar áis do theagascóirí agus d’fhoghlaimeoirí. Cuid lárnach d’oidhreacht na hÉireann is ea na logainmneacha agus leis an áis nua tá súil go spreagfaidh sé spéis daoine iontu.
www.advertiser.ie
Cúntóir Gaeilge á lorg ag Coláiste Hibernia
Lúnasa 22, 2013
Baineann na dualgais seo thíos leis Ard-Dioplóma Ealaíon sa Bhunoideachas.
Dualgais:
- Tacaíocht acadúil agus riaracháin a thabhairt do Cheann na Gaeilge
- Bainistiú ar aiseolas d’iarratasóirí agus do mhic léinn maidir le hathbhreithnithe agus achomhairc
- Aistriú, profáil agus eagarthóireacht ar dhoiciméid
- Modúil na Gaeilge (An Ghaeilge Acadúil, Cleachtadh Múinteoireachta agus Curaclam na Gaeilge) a bhainistiú go héifeachtach i gcomhar le Ceann na Gaeilge agus Leas-Stiúrthóir an Chláir
- Tacaíocht a thabhairt do Cheann na Gaeilge maidir le hearcaíocht agus agallaimh don fhoireann acadúil
- Tacaíocht a thabhairt do Cheann na Gaeilge le caighdeán acadúil an Chláir a dheimhniú
- Próifíl na Gaeilge a ardú laistigh agus lasmuigh den Choláiste agus comhpháirtíocht a chothú le páirtithe seachtracha
Riachtanach don Ról:
- Ardchaighdeán cruinnis agus líofachta sa Ghaeilge agus sa Bhéarla
- Tuiscint mhaith ar Chláir Acadúla Ghaeilge agus ar an nGaeltacht
- Tionscantach agus solúbtha
- Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta
- Teist go dtí seo ar a bheith ullmhaithe agus cruinn
- Cumas iltascála chomh maith leis an gcumas a bheith cruthaitheach agus feidhmiú faoi bhrú
- Gairmiúil le tuiscint ar éifeachtúlacht, ar dhiscréid agus ar rúndacht
- Scileanna réitithe fadhbanna den scoth chomh maith leis an gcumas smaoineamh as an nua
- Céim mháistreachta sa Ghaeilge
- Ardchaighdeán cruinnis agus líofachta sa Ghaeilge agus sa Bhéarla
- Inmhianaithe:
- Tuiscint leathan ar Churaclam na Bunscoile, ar Chláir Chumaisc Foghlama agus ar Chláir Oiliúna Tosaigh do mhúinteoirí
- 5 bliana taithí i ról in earnáil an Oideachais/ na Gaeilge
Tuiscint leathan ar Churaclam na Bunscoile, ar Chláir Chumaisc Foghlama agus ar Chláir Oiliúna Tosaigh do mhúinteoirí
Beidh téarma seasta agus conradh ar sheirbhísí i gceist, ag tosú le 3 lá sa mhí .
Próiseas iarratais:
Seol litir chlúdaigh, le cur síos ar na cúiseanna go mbeifeá oiriúnach don ról seo le CV reatha trí ríomhphost chuig careers@hiberniacollege.net.
Ní mór an t-iarratas a sheoladh roimh an Aoine, 30 Lúnasa 2013.
Foilsithe ar Gaelport.com
Cúntóir Naíonra
Lúnasa 22, 2013
Tá Naíonra Pobail-Seanchill Teo. B.Á.C. 18 ag lorg cúntóir chun obair le páistí réamhscoile agus iarscoile san iarnóin (12-6) cúig lá na seachtaine.
Tá líofacht gaeilge riachtanach don phost. Tuilleadh eolais ó cris@naionra-pobail-seanchill.com nó 087 7666419.
Spriocdháta 20/09/2013
Foilsithe ar Gaelport.com