Méid an Téacs

Anseo – aip nua le gréasán Gaeilge a chruthú ar líne

Meitheamh 6, 2013

Tá feidhmchlár nua á fhorbairt ag Diaga Teo. i láthair na huaire a bhfeadfadh a bheith an-úsáideach do na scoileanna lán-Ghaeilge, www.anseoapp.com. Beidh an clár saor in aisce le híoslódáil, ar fáil ar fóin póca agus, tá súil acu, ar líne chomh maith. Tá sé dírithe ar mórphobal na Gaeilge; is féidir le scoileanna, eagraíochtaí a chuireann seirbhísí i nGaeilge ar fáil agus daoine aonair le líofacht nó suim acu sa teanga clárú leis an aip agus cruthaítear léarscáil uaidh sin, rud a bheadh áisiúil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus pobal na scoile á fhorbairt. Ciallaíonn sé go mbeidh an scoil feiceálach agus go mbeidh sé éasca d’úsáideoirí eile teagmháil a dhéanamh leis an scoil. Níl aon chostas ar clárú, ní gá ach foirm clárúcháin a chomhlíonadh ar www.anseoapp.com le go mbeidh an scoil san áireamh. Tá gné shóisialta ag baint leis an aip sa chaoi ar féidir teacht ar imeachtaí Gaeilge ar nós ranganna Gaeilge, ceolchoirmeacha, clubanna cultúrtha agus neart eile ar an léarscáil idirghníomhach agus bheadh súil ag Diaga Teo. go mbeidh sé spreagúil agus suimiúil do na scoileanna lán-Ghaeilge.

Stiúrthóir Cúnta – Naíonra Thomáis Daibhís

Meitheamh 6, 2013

Tá Stiúrthóir Cúnta ag teastáil ó Naíonra Thomáis Daibhís i gContae Corcaí.
Is gá go mbeadh líofacht na Gaeilge ag an iarrthóir (scrúdú TEG B2 molta), mar aon le céim Leibhéal 7 sna Luathbhlianta.
Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag an iarrthóir chomh maith, nó é a bheith sásta tabhairt fúthu:
– Dianchúrsa FNT
– Traenáil gharchabhrach
– Treanáil ‘Tús Áite do Leanaí
Beidh gá le dhá theistiméireacht (scríofa) freisin agus le imréiteach a fháil ón nGarda Síochána.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoin bpost seo is féidir dul i dteagmháil le Máire Ní Bhriain ar 0863233779, nó seol CV chuig naionratd@eircom.net chun cur isteach ar an bpost.
Is é an 28 Meitheamh 2013 spriocdháta an fholúntais seo.

Foilsithe ar Gaelport.com

Gaelbhrat do mheánscoileanna

Meitheamh 6, 2013

Cé go bhfuil an scoil bhliain mheánscoile críochnaithe agus aird anois ar scrúdaithe stáit, tá Conradh na Gaeilge ag pleanáil chun cinn do mhí Mheán Fómhair seo chugainn agus scéim nua, Gaelbhrat, á fhorbairt acu.

Is scéim ghradaim é an Gaelbhrat a thugann aitheantas do scoileanna a oibríonn le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad, idir mhic léinn, múinteoirí, bord bainistíochta agus Coiste Tuismitheoirí. Is í aidhm na scéime nó scoileanna dara leibhéal na tíre a spreagadh chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad ar bhonn pleanáilte, leanúnach agus taitneamhach.

Cuireadh tús leis an scéim nua seo ar bhun píolóta i mbliana le roinnt scoileanna timpeall na tíre mar chuid d’imeachtaí Bhliain na Gaeilge. Beidh an Gaelbhrat bunúsach le baint amach ag an scoil sa chéad bhliain agus beidh deis ansin Gaelbhrat dírithe ar réimse faoi leith, ar nós an cheoil, spóirt, an phobail, srl. a bhaint amach ina dhiaidh sin.

Tá an scéim á leathnú i mí Mheán Fómhair agus tá súil ag Conradh na Gaeilge go spreagfar úsáid na Gaeilge sa scoil, go spreagfar comhoibriú idir na mic léinn, na
múinteoirí agus ceannasaíocht na scoile agus go mbeidh aitheantas ón bpobal do thiomantas na scoile leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach ríomhphoist a sheoladh chuig gaelbhrat@cnag.ie

www.advertiser.ie/galway

Gaelscoil de hÍde ag bogadh

Meitheamh 6, 2013

Cuirfear tús an samhradh seo le tógáil foirgneamh nua do Ghaelscoil de hÍde in Órán Mór agus tá sé beartaithe go mbeidh an scoil tógtha faoi mhí Mheán Fómhair 2014.
Faoi láthair tá an scoil lonnaithe i prefabs ar imeall an bhaile i suíomh nach bhfuil feiliúnach don líon mór páistí atá ag freastal ar an scoil.

Bunaíodh Gaelscoil de hÍde sa bhliain 1994 agus tá fás as éadan ar an líon páistí atá cláraithe sa scoil le dornán maith blianta anuas agus bhí sé thar a bheith deacair spás a chur ar fáil ar an suíomh atá acu faoi láthair. Is foirgneamh sé sheomra ranga déag atá le tógáil mar chuid den scoil nua, rud a chuirfidh go mór le hoideachas bunscoile trí Ghaeilge sa cheantar.

Ag teacht sna sála ar cheadú foirgneamh nua do Ghaelscoil Mhic Amhlaigh léiríonn sé arís an t-éileamh atá ar an ngaelscolaíocht. Ach léiríonn sé freisin an streachailt agus an obair a bhíonn ar phobail na scoileanna seo a dhéanamh chun cóiríocht cheart a bhaint amach.

www.advertiser.ie/galway

Campaí Samhraidh do pháistí

Meitheamh 6, 2013

Tá roinnt spásanna fágtha ar Champaí Samhraidh Chonradh na Gaeilge i gContae na Gaillimhe.

Tá na campaí ar siúl le linn mhí Iúil agus Lúnasa agus tá formhór na gcampaí dírithe ar pháistí idir 8 mbliana agus 14 bliana d’aois, ach tá roinnt ceantair freisin atá ag díriú ar pháistí idir 5-7 mbliana d’aois.

Reáchtálfar imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge idir ceol, drámaíocht, spórt, agus ealaín mar aon le ranganna Gaeilge.

Le linn na gcampaí samhraidh seo bíonn na páistí in ann sult agus spraoi a bhaint as foghlaim agus labhairt na Gaeilge.

Is féidir tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sráid Dominic, Gaillimh ag 091-567824, conradh@bradan.iol.ie

www.advertiser.ie/galway

Scléip ar Raidió na Gaeltachta, Satharn 8 Meitheamh @ 11r.n.

Meitheamh 5, 2013

Cuirfear tús ar an 8 Meitheamh le sraith nua dírithe ar an gcomórtas tallainne ‘Scléip’ a reáchtálann Gaelscoileanna gach bliain.  Clár faisnéise i gcúig pháirt is ea Scléip, a thabharfaidh léargas dúinn ar an díograis, na néaróga, an tallann, agus na buaiteoirí i gcomórtas 2013.  Cloisfimid faoin ullmhúchán uilig a théann isteach sa chomórtas, casfaidh muid leis na hiomaitheoirí agus lena gcuid múinteoirí, leis na stiúrthóirí agus na moltóirí, agus beidh deis againn ar shleachta den chleachtadh, agus míreanna ar an stáitse sna babhtaí agus sa chraobh.

Seo é an seachtú bliain a bhfuil Scléip á reáchtáil, agus is cinnte go bhfuil ardchaighdeán tallainne le feiceáil ann.  Ghlac thart ar 500 dalta ó 21 scoil páirt ann anuraidh, agus iad san iomaíocht i rannóga mar ceol agus amhránaíocht nua-aimseartha, rince cruthaíoch, drámaíocht agus mím, agus ar ndóigh an rannóg a thaitníonn le gach duine – and rannóg ilchineálach!  Ar an 8 Iúil, cloisfimid réamhbhabhta 1 ó Amharclann an Axis i mBaile Átha Cliath.  Fiachna Ó Braonáin an láithreoir.  Léiríodh an tsraith seo le maoiniú ón gciste Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann.

Rinne Raven Productions 5 chlár do Raidió na Gaeltachta as na babhtaí agus craobh Scléip 2013 agus craolfar iad ar na dátaí thíos:

  • Babhta 1 ón Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath: 8ú Meitheamh 2013 @ 11.00 r.n
  • Babhta 2 ón Firkin Crane, Corcaigh: 15ú  Meitheamh 2013 @ 11.00 r.n
  • Babhta 3 ón Riverbank, Droichead Nua, Cill Dara: 22ú Meitheamh 2013 @ 11.00 r.n
  • Babhta 4 ó Chultúrlann Uí Chanáin, Doire: 29ú  Meitheamh 2013 @ 11.00 r.n
  • Craobh Ceannais: 6ú Iúil 2013 @ 11.00 r.n

Lá Spraoí i nGaelscoil na Giúise

Meitheamh 5, 2013

Ar an Satharn 8 Meitheamh, reáchtálfaidh Gaelscoil na Giúise lá spraoi do na páistí a bheidh ag freastal ar an scoil amach anseo. Beidh an ócáid ar siúl idir 11am agus 1pm ag an Ionad Pobail i dTeach na Giúise. Tuilleadh eolais: 01 6294110 nó eolas@foras.ie.

Bunchúrsa Garchabhrach i nGaeilge i mBaile Locha Riach

Meitheamh 5, 2013

Tá bunchúrsa garchabhrach ar siúl Dé Sathairn, an 8ú agus 29ú Meitheamh, in ionad Ghaeilge Locha Riach, i mBaile Locha Riach. Níl spás ach do dheichniúr ar an chúrsa agus costas iomlán €50 ar gach rannpháirtí, le híoc roimh ré.

Is cúrsa 2 lá é an bunchúrsa garchabhrach atá dírithe orthu siúd nach ga dóibh cáilíocht dhlíthiúil a bheith acu. Tá an cúrsa seo feiliúnach dóibh siúd atá i mbun obair dheonach, cumainn óige is spóirt. Clúdaíonn sé mórán an ábhair chéanna leis an gcúrsa Garchabhair Oibre ach ag leibhéal níos bunúsaí. Beidh nótaí ar fáil do gach duine.

Teistithe: Slán Sábháilte (bailí ar feadh 2 bhliain)
Fad an chúrsa: 16 uair an chloig.

Ábhar an chúrsa:

  • Measúnú ar an Othar
  • CPR & Oiliúint Dífhibrileora
  • Tráma
  • Bristeach
  • Cuir Fola
  • Leigheas
  • Cairdiach
  • Taom inchinne
  • Titimeas, Diaibéiteas agus Plúchadh

Teastais CPR ó Fhoras Croí na hÉireann agus teastais Bunchursa Garchabhrach ó Slán Sábháilte.

Cuir isteach air ar 091 870718 nó seol ríomhphost chuig oifig@lochariach.com

Cé a scríobhfaidh na plécháipéisí?

Meitheamh 5, 2013

Cé a thógfadh cinneadh crua nuair a d’fhéadfaí plécháipéis a lorg faoi na moltaí sa tuarascáil ón gcoiste ardleibhéil a bunaíodh chun staidéar a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhain le straitéis trasrannach a fhorbairt bunaithe ar aighneachtaí a fuarthas ó na geallsealbhóirí agus na páirtithe leasmhara eile le linn an phróisis chomhairliúcháin chuimsithigh ar cuireadh tús leis mar chuid den athbhreithniú uileghabhálach a fógraíodh mar gur aithin na húdaráis chuí an phráinn a bhain le dréachtpholasaí nua a cheapadh?

Sea, ní tearc na seifteanna atá ann sa pholaitíocht dóibh siúd atá ag iarraidh cinneadh a chur ar an méar fhada.

Ag labhairt dó ag comhdháil a d’eagraigh an Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta i mBaile Átha Cliath le déanaí, dúirt ardrúnaí na Roinne Oideachais, Seán Ó Foghlú, go raibh cinneadh déanta ag an Roinn Oideachais “athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar oideachais trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta le cúlraí teanga difriúla”.

Ba é cuspóir an athbhreithnithe seo “ná roghanna éagsúla a aithint maidir le hoideachas trí Ghaeilge a sholáthar a bheidh ag teacht le riachtanais na bpobal Gaeltachta agus le riachtanais phleanála na gceantar Gaeltachta de réir Acht na Gaeltachta 2012”. Bhunófaí próiseas comhairliúcháin leis na “páirtithe leasmhara” agus bheadh an t-athbhreithniú déanta faoi lár 2014.

Ach nuair a cuireadh ceist ar Ó Foghlú an mbeadh polasaí oideachais ar leith don Ghaeltacht againn i ndiaidh an athbhreithnithe, ní fhéadfadh sé a rá cé acu a bheadh nó nach mbeadh.
Faraor, ní bheidh aon ghá le polasaí oideachais ar leith don Ghaeltacht sara i bhfad. Más fíor don taighde níl ach idir 10-15 bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh fiú sna ceantair is láidre Ghaeltachta.

Mar sin féin, níor cheart neamhaird a thabhairt ar fhógra Uí Fhoghlú. Fógra suntasach a bhí ann mar in ainneoin go bhfuil lánleabharlann ann de thuarascálacha stáit faoi cheist na Gaeilge, is ar éigean gur tugadh aird riamh ar cheist an oideachais sa Ghaeltacht.

Mar a dúirt an Dr Peadar Ó Flatharta i dtuairisc a scríobh sé do COGG i 2007, ba bheag “an tábhacht a leagadh ar chóras oideachais Gaeltachta ó bhunú an Stáit i leith, tráth ar bith a raibh plé ar siúl ná moltaí á ndéanamh maidir le todhchaí na Gaeilge go náisiúnta, ná maidir le háit na Gaeilge sa chóras oideachais”.

Dúirt ardrúnaí na Roinne Oideachais ag an gcomhdháil i mBaile Átha Cliath go dtógfadh an t-athbhreithniú san áireamh an taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta faoin ábhar seo, “taighde COGG san áireamh”. B’fhiú go mór tosú le tuairisc Uí Fhlatharta inar moladh go mbunófaí Bord Oideachais Gaeltachta ar a leagfaí cúram iomlán an oideachais Ghaeltachta agus go gcuirfí cúram an oideachais Ghaeltachta agus lán-Ghaeilge ar Aire Stáit de chuid na Roinne Oideachais.

Is léir nach raibh fonn riamh, áfach, ar an Roinn Oideachais caitheamh le pobal na Gaeltachta mar mhionlach a raibh riachtanais agus cearta oideachais ar leith acu. Léiriú ar an dearcadh sin is ea an scrúdú ardteiste atá le déanamh ag cainteoirí dúchais na Gaeltachta, an scrúdú céanna a dhéanann daltaí ardteiste eile nach bhfuil díolúine ón nGaeilge acu. Masla is ea an scrúdú seo don chainteoir dúchais agus do chainteoirí líofa eile mar nach bhfuil aon dúshlán ag baint leis.

Dúirt Ó Foghlú go raibh “dualgas” ar an earnáil oideachais “a chinntiú go mbeidh dóthain daoine ann le cumas sa Ghaeilge chun freastal ar riachtanais Ghaeilge i réimsí oibre éagsúla mar shampla sa dlí, sna meáin, san aistriúchán agus, dar ndóigh, san oideachas”.

Má táthar dáiríre faoin “dualgas” sin, tabharfaidh an t-athbhreithniú aghaidh ar cheist seo an churaclaim don ardteist.
Ochtó bliain ó shin, i 1933, scríobhadh meamram sa Roinn Oideachais a mhol don Ghaeltacht “a number of higher primary schools or senior schools which will not tend to direct the pupils towards black coat occupations but will rather train them for the life to which ordinarily the most of them will be called”.

Ochtó bliain ina dhiaidh sin agus níl oiliúint cheart ina dteanga féin á cur ar dhaltaí na Gaeltachta do phostanna áirithe. Cad as a thiocfaidh na múinteoirí, na dlíodóirí, na léachtóirí, na hiriseoirí agus na státseirbhísigh le cumas ard sa Ghaeilge?

Cé a scríobhfaidh na plécháipéisí?

www.irishtimes.com

Ag tacú leis an nGaeilge

Meitheamh 5, 2013

CHUAIGH na daltaí Ciara Céitinn agus Aoife Nic Aonghusa (ar chlé) as Coláiste Leoin Naofa i gCeatharlach chun cainte ar an stáisiún raidió Kclr96fm le déanaí chun tuairisc a thabhairt ar an imeacht, Ceiliúradh Cainte, a reáchtáladh ina scoil féin.

Is imeacht é a bhí eagraithe mar pháirt de Bhliain na Gaeilge. Ba é aidhm an tionscnaimh ná na daltaí agus pobal na scoile a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin do lá iomlán sa bhaile, ar scoil, le cairde, ag siopadóireacht, srl.

www.foinse.ie

« Previous PageNext Page »