Méid an Téacs

Folúntais: Scoil Chaitríona

Lúnasa 28, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie:

 

 

Folúntas: Scoil an Duinnínigh

Lúnasa 26, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Ceistneoirí Ar-líne do Mhúinteoirí/Theagascóirí (An Roinn Oideachais & Scileanna)

Lúnasa 26, 2014

Déanann an Chigireacht clár meastóireachtaí i scoileanna agus ionaid oideachais. Tugann an próiseas meastóireachta deis thábhachtach do mhúinteoirí chun machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas féin, ar láidreachtaí an tsoláthair a dhéanann an scoil/ionad agus ar ghnéithe den tsoláthar sin gur féidir iad a fheabhsú. Is mór don Chigireacht tuairimí múinteoirí agus, mar chuid den mheastóireacht atá á déanamh i do scoil/ionad, iarrtar ort ceistneoir ar-líne a chomhlánú faoi do chleachtas féin agus faoi chúrsaí oideachais sa scoil/ionad go ginearálta.

Is mór ag an gCigireacht do chomhoibriú i gcomhlánú an cheistneora mar is cuid thábhachtach é den mheastóireacht. Ba chóir nach dtógfadh sé níos mó ná 10-15 nóiméad chun an ceistneoir a chomhlánú agus beidh do chuid freagraí gan ainm agus faoi rún. Tabharfaidh na cigirí cóip de na sonraí comhbhailithe don scoil/ionad.

Chun an ceistneoir a chomhlánú, iarrtar ort:

An ceistneoir cuí a roghnú (féach thíos)

Ainm úsáideora agus pasfhocal a chur isteach (cuireadh ainmneacha úsáideora agus pasfhocail ar fáil dod’ scoil/ionad)

Moltar an ceistneoir a chomhlánú i seisiún amháin. (Dúnfar an ceistneoir má fhágtar ar feadh tamaill é gan sonraí a chur isteach. Má thárlaíonn sé seo, ní bheidh tú ábalta an ceistneoir a oscailt arís ar feadh 10 nóiméad.)

Ní mór an ceistneoir a chomhlánú roimh 5 i.n. ar an Aoine roimh an meastóireacht in-scoile.

Tabhair faoi deara, le do thoil, má tá seanbhrabhsálaí in úsáid agat (Internet Explorer 6 nó níos sinne, nó seanleagan de Firefox) tá seans ann go bhfeicfidh tú teachtaireacht earráide ag rá go bhfuil tú ag déanamh nascleanúna i dtreo láithreán gréasáin atá gan shlándáil. Moltar duit neamhaird a dhéanamh den teachtaireacht seo mar tá sé deimhnithe go bhfuil an láithreán cosanta go hiomlán.

Cliceáil ar an nasc cuí ar www.education.ie chun an ceistneoir a chomhlánú.

Folúntas: Scoil Rónáin

Lúnasa 26, 2014

Is post páirt -aimseartha é seo-3.5 uair gach seachtain. Is scoil oileánda í. Sonraí ar www.educationposts.ie.

Folúntas: An Gairdín, Scoil Montessori

Lúnasa 25, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Folúntas: Gaelscoil Choláiste Mhuire

Lúnasa 25, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Folúntas: Gaelscoil Chluainín

Lúnasa 25, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Folúntas: Coláiste Cois Life

Lúnasa 25, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Folúntas: Gaelscoil Uí Drisceoil

Lúnasa 22, 2014

16uair p/w = .5 post. Is Gaelscoil í an scoil seo. Ní mór Gaeilge líofa a bheith ag an iarrathóir. Táimíd ag lorg SNA (ionadaí ) ón 26/08/14 go dtí go mbeidh an post líonta. Sonraí ar www.educationposts.ie.

Deireadh Seachtaine Cultúrtha i Ráth Chairn Ghlas na Mí!

Lúnasa 22, 2014

Blaiseadh de chultúr na Gaeltachta ar fáil le Gael Linn agus Comharchumann Ráth Chairn.

Ón 10-12 Deireadh Fómhair 2014, tabharfar deis d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge am a chaitheamh i nGaeltacht Ráth Chairn le linn Éigse Dharach Uí Chatháin áit a mbeidh neart neart siamsaíochta, damhsa ar an sean-nós agus ceol gaelach.

I measc na n-imeachtaí atá beartaithe don deireadh seachtaine seo, tá ranganna comhrá Gaeilge, ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós, tráth na gceisteanna agus seisiúin cheoil. Tabharfaidh an deireadh seachtaine deis d’fhoghlaimeoirí na teanga chun iad féin a thumadh i dteanga agus i gcultúr na háite chun a gcuid Gaeilge labhartha a fheabhsú in atmaisféar taitneamhach.

Tá an ócáid rathúil seo á heagrú ag Gael Linn i gcomhar le Comharchumann Ráth Chairn le sé bliana anuas. Cuirfear lóistín ar fáil do rannpháirtithe go háitiúil, agus beidh béiltí don deireadh seachtaine san áireamh sa táille de €180 don deireadh seachtaine.

Tá Gaeltacht Ráth Chairn suite timpeall uair an chloig tiomána ó Bhaile Átha Cliath i gCo. na Mí. Bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn i 1935 nuair a aistríodh teaghlaigh iomlána aniar as Conamara chuig Co. na Mí. Is Gaeltacht bheo í a ofrálann timpeallacht idéalach chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh.

Tá gach eolas faoin deireadh seachtaine ar fáil ó Sheán Ó Ceallaigh: 01 675 3299 / seanc@gael-linn.ie.

« Previous PageNext Page »