Méid an Téacs

Folúntas: Gaelcholáiste Reachrann, BÁC

Eanáir 14, 2015

Sonraí ar fáil: http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/11309/

Comhairliúchán ar Acht Gaeilge le tosú roimh dheireadh na míosa

Eanáir 14, 2015

Thug urlabhraí ó Shinn Féin le fios do Tuairisc.ie go gcuirfear tús le próiseas comhairliúcháin ar Acht Teanga do Thuaisceart Éireann roimh dheireadh mhí Eanáir.

D’fhógair an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín an próiseas comhairliúcháin agus ceist á freagairt aici i dTionól Stormont inniu. Fógrófar sonraí an phróiseas comhairliúcháin an tseachtain seo chugainn, a dúirt urlabhraí Shinn Féin.

Chuir an CTR Róise Ní Thoirealaigh (SF) as Iarthar Bhéal Feirste fáilte roimh an scéala.

“Tá diúltaithe ag Rialtas na Breataine coimitmint a thug siad ag Cainteanna Naomh Aindriú d’Acht Gaeilge a chomhlíonadh go fóill. Is gá cearta Gaeilgeoirí a chosaint i reachtaíocht oifigiúil. Is seans é an comhairliúchán seo ag daoine Acht Gaeilge a scrúdú. Feicfidh siad nach bhfuil an tAcht ina bhagairt ag duine ar bith agus gur leis an phobal iomlán an Ghaeilge,” a dúirt sí.

Bhí Acht Gaeilge ina cnámh spairne ag na cainteanna traspháirtí a bhí ar siúl sa Tuaisceart roimh an Nollaig.

Bhí sé go mór i mbéal an phobail le cúpla mí anuas tar éis don Chomhalta Gregory Campbell ceap magaidh a dhéanamh den éileamh agus é ag caint sa Tionól i mí na Samhna. Spreag caint an Chomhalta léirsithe pobail agus litreacha ó eagrais éagsúla Ghaeilge.

D’fháiltigh POBAL, atá ag feachtasaíocht ar son Acht Teanga le fada an lá, roimh an scéala inniu.

Bhí POBAL ar cheann de na cúig eagras is tríocha a chuir a n-ainm leis an litir a seoladh chuig Státrúnaí na Breataine do Thuaisceart Éireann, Theresa Villier MP, a d’éiligh Acht Teanga don Tuaisceart.

Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL, “Mar cheannródaithe ar Acht na Gaeilge le 9 mbliana anuas, d’fháilteodh POBAL roimh ghníomh dearfach ar bith i dtreo reachtú Acht na Gaeilge láidir, ceart-bunaithe taobh istigh d’achar ama aontaithe.”

Mhol Muller cinneadh an Aire ach mheabhraigh sí go ndearnadh comhairliúcháin roimhe seo.

“Molann muid díograis agus suim an Aire ar an cheist seo. Caithfear a admháil, áfach, go raibh sraith de chomhairliúcháin oifigiúla ar siúl cheana féin ar an cheist seo. Is léir, mar sin, go mbeidh pobal na Gaeilge ar bís le fáil amach cad é an mheicníocht nua atá aimsithe ag an Aire le cinntiú go reachtlófar an tAcht an t-am seo. Beidh POBAL ag bualadh leis an Aire go luath leis na ceisteanna seo, agus ábhar eile a phlé léi,” a dúirt an Príomhfheidhmeannach.

Bhí dhá phróiseas comhairliúchán faoi Acht Teanga ann cheana, ceann i 2006 agus ceann eile i 2007. Dar le POBAL, léirigh 98% dóibh siúd a ghlac páirt sna próisis tacaíocht do mholtaí POBAL.

Thug Janet Muller le fios do Tuairisc.ie gur scríobh POBAL chuig Príomh-Aire na Breataine, David Cameron, le linn na gcainteanna traspháirtí, ach gur “shéan Oifig Thuairsceart Éireann na dualgais maidir le hAcht Gaeilge a ghlac rialtas na Breataine air féin i gComhaontú Chill Rímhinn.

Dúirt sí freisin gur “léir go gcaithfidh rialtas na Breataine féin beart a dhéanamh de réir a bhriathair”.

Buaiteoirí Google i nGaelscoil Dhroichead na Banndan

Eanáir 13, 2015

Bhí triúr cuairteoirí ag Gaelscoil Dhroichead na Banndan i rith mhí na Nollag. Tháinig Emer Hickey, Ciara Judge agus Sophie Healy Thaw ar cuairt chucu ó Phobalscoil Chionn tSáile. Tá an-cháil bainte amach ag na cailíní seo mar bhuadar an comórtas Google Science Fair i gCalifornia. Is comórtas ollmhór é seo ina bhfuil na mílte iomaitheoirí ó mhórthimpeall na cruinne ag glacadh páirte ann. Bhuadar scoláireacht €30,000 ó Google agus turas timpeall oileáin Galapagos.

Chuir na cailíní isteach ar an gcomórtas lena gcuid oibre, ag déanamh fiosrúchán ar bhaictéir nádúrtha a úsáid chun cabhrú le níos mó barraí a fhás. Bhuaigh na cailíní an BT young Scientist & Technology Exhibition i 2013 agus an comórtas Eorpach do na heolaithe óga chomh maith.
D’fhreagair na cailíní an-chuid ceisteanna agus ghlac siad an-chuid griangrafanna le páistí na scoile. Tá an cuma ann go raibh an-lá acu!

Ardú ar Litearthacht agus Uimhearthacht den chéad uair ó 1980

Eanáir 13, 2015

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Scoláirí ag seasamh in éadan cibearbhulaíochta

Eanáir 13, 2015

Tá dhá fhíseán le hagallaimh iontu mar chuid den scéal seo le fáil ar http://www.meoneile.ie/ailt/scol%C3%A1ir%C3%AD-ag-seasamh-in-%C3%A9adan-cibearbhula%C3%ADochta#.VLTf6SusVZg

De réir staitisticí de chuid an ISPCC agus an NSPCC, déantar cibearbhulaíocht ar 20% de dhaltaí scoile. Bliain i ndiaidh bliana tá ardú ag teacht ar líon na bpáistí agus déagóirí a ndéantar tromaíocht orthu, rud nach mbaineann le hÉirinn amháin ach gur fadhb dhomhanda í.

Tá sé foilsithe ag an NSPCC gur chuir níos mó ná 45,000 páiste scairt ar ‘Childline’ anuraidh de bharr tromaíochta a bhí á déanamh orthu agus go mbíonn 16,000 duine as láthair ón scoil gach bliain.

Cad chuige a bhfuil meadú ag teacht ar na figiúirí seo?

Tá cuid mhór eagraíochtaí agus carthanachtaí a bhíonn ag plé leis an aos óg ag cur cuid den locht ar dhaoine ag baint mí-úsáide as suíomhanna meáin shóisialta, nó cibearbhulaíocht.

Sa tuairisc atá eisithe ag an NSPCC, tá sé ráite gur tháinig meadú suas le 87% ar chibearbhulaíocht le dhá bhliain anuas.

Ní féidir na staitisticí a shéanadh agus taobh thiar d’achan staitistic tá fíordhuine agus a scéal pearsanta féin.

Bhí deis ag Meon Eile labhairt le scoláire de chuid Ardscoil Naomh Pól i gCo. Ard Mhacha, atá i mbun feachtas frith-bhulaíochta.

Tá dúshlán mór roimh scoileanna agus tuismitheoirí dul i ngleic leis an fhadhb seo.

Thug Meon Eile cuairt ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair le níos mó a fhoghlaim faoin fhadhb.

Labhair muid le Príomhoide na scoile, Noel Ó Gallachóir, faoin chinéal bulaíochta a thig a dhéanamh ar dhuine agus faoi na comharthaí ar chóir amharc amach fana gchoinne má tá duine ag fulaingt de bharr bulaíochta.

Labhair muid fosta le daltaí a rinne tionscnamh faoi bulaíocht cibir agus faoin dóigh a gcuireann sé isteach ar dhuine.
www.meoneile.ie

Míshastácht le heaspa moltóirí le Gaeilge ag Eolaí Óg BT

Eanáir 13, 2015

Tá a míshástacht léirithe ag tuismitheoirí, múinteoirí agus daltaí scoileanna lán-Ghaeilge faoin gcóras moltóireachta a bhí i bhfeidhm ag Taispeántas an Eolaí Óig BT a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath ag tús na míosa.

Bíonn roinnt mhaith scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta i láthair ag an gcomórtas eolaíochta gach uile bhliain.

Thug múinteoirí eolaíochta agus tuismitheoirí le fios do Tuairisc.ie nach bhfuil siad sásta go mbíonn ar dhaltaí a dhéanann tionscnaimh i nGaeilge a gcuid oibre a mhíniú uaireanta i mBéarla do mholtóirí an chomórtais.

Dúirt urlabhraí ó Taispeántas an Eolaí Óig BT go ndéantar gach iarracht moltóir le Gaeilge a chur ar fáil do scoileanna Gaeilge agus go bhfuil gach iarrathóir ar ‘comhchéim’ ó thaobh na moltóireachta de. Dúirt sí, áfach, gurb é an Béarla “teanga idirnáisiúnta na heolaíochta” agus gurb in an fáth a n-iarrtar ar dhaltaí a dtionscnamh a mhíniú i mBéarla “ó am go chéile”.

Mhínigh Fionnuala Nic Giolla Bháin, atá ag múineadh na heolaíochta i nGaelcholáiste an Phiarsaigh, scoil nua i mBaile Átha Cliath, na deacrachtaí a bhíonn ag daltaí scoileanna Gaeilge agus tionscadail á míniú i mBéarla acu, dar léi.

“Tá éagóir éigin á déanamh ar na daltaí i mo thuairimse agus tuigim gurb í an eolaíocht an rud is tábhachtaí agus gurb í an eolaíocht an rud a bhfuiltear ag déanamh moladh air agus is ollúna agus léachtóirí iad na moltóirí den chuid is mó; tuigim go bhfuil sé deacair teacht ar dhaoine le Gaeilge ach níl sé sásúil, tá na daltaí tar éis an-chuid oibre a dhéanamh ar na tionsnaimh go hiomlán as Gaeilge agus tá na téarmaí ar fad as Gaeilge acu.”

Luann Nic Giolla Bháin mar shampla den ‘éagóir’ seo teideal an tionscnaimh ag cailíní a scoile féin.

“An teideal a bhí ar thionscnamh mo chailíní anseo ná ‘Craobh Ginealaigh de Thréithe Feinitíopacha’ agus an Béarla atá air sin ná ‘Pedigree Charts of Phenotypic Traits’. Ní raibh na téarmaí Béarla ar eolas ag mo chailíní, bhí an obair ar fad déanta i nGaeilge, agus bhí orainn cúpla lá a chaitheamh roimh an Eolaí Óg ag foghlaim na dtéarmaí Béarla agus ba thrua é gur chaith muid é sin a dhéanamh.

“Níl se féaráilte ar shlí. Níl ag fhios agam ar fiú tionscnamh Gaeilge a chur ann mura bhfuil na moltóirí in ann iad a mheas i gceart,” a dúirt sí.

Chuir Coláiste Pobail Osraí isteach ar an gcomórtas i mbliana le trí thionsnamh agus iad faoi stiúir an mhúinteora eolaíochta Lughaidh Ó Néill.

“Bhí trí thionscnamh againn agus mar sin bhí deichniúr moltóirí ag breathnú orthu. Bhí trí ghrúpa de mholtóirí ann, ceathrar, triúr agus triúr. Bhí duine amháin le Gaeilge i measc an cheathrair, bhí giota beag Gaeilge ag duine den chéad triúr agus ansin bhí an triúr eile gan éinne acu le Gaeilge,” a mhínigh an Néilleach.

In aineoinn go raibh grúpaí moltóireachta ann agus gan éinne le Gaeilge iontu, níor mheas an Néilleach go raibh a dhaltaí faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar a rogha teanga.

Ba mhó a imní faoin rian a d’fhágfadh a leithéid de chur chuige ar na daltaí dá mbraithfidís go mbeadh orthu ábhar a tionscadail a aistriú go Béarla.

“Tá cuid mhór duaiseanna buaite againn, mar sin ní bheinn róbhuartha faoi sin ach an rud is measa faoi ná na daltaí féin. Bíonn roinnt acu ag iarraidh go mbeadh an rud dátheangach mar gheall go mbíonn siad buartha nach dtuigfí é ach cuireann muid brú orthu é a dhéanamh i nGaeilge. I mbliana, ag teacht ar ais [dóibh], bhí an-díomá orthu.

Bhí díomá ar chuid dá dhaltaí i mbliana, dar leis an múinteoir eolaíochta ó Choláiste Pobail Osraí.

“Chuaigh an t-uafás oibre isteach ann, sa leabhrán, agus mura mbraitheann siad go bhfuil an leabhrán á léamh, bíonn sé díomách dóibh, go háirithe mura mbuann siad tada agus braitheann siad nach ndearnadh ach leathamharc ar an rud.

“Tá a fhios ag an Eolaí Óg ó mhí Mhéan Fómhair nó mí Dheireadh Fómhair go mbeidh togra Gaeilge ag teacht chucu; níl mórán leithscéal acu gan moltóirí a bheith ar fáil le freastal ar na tionscadail Ghaeilge agus bíonn slam mór tograí Gaeilge thuas ann,” a dúirt sé.

Dúirt an Néilleach le Tuairisc.ie nach gceapann sé go bhfuil mórán iarrachta á dhéanamh ag lucht eagair an Eolaí Óig ó thaobh na Gaeilge de.

“Ní bhíonn an fhoirm iarratais i nGaeilge, bíonn an fhoirm iarrtais i mBéarla. Tá bosca ann le ticeáil “an bhfuil an tionscadal i nGaeilge nó i mBéarla” agus is féidir é sin a thiceáil. Cheapfainn nach ndéanann siad mórán iarrachta.

“An deacracht atá ann ná má tá na daltáí féin ag ceapadh go gcaithfeadh siad aistriú go Béarla ar mhaithe le moltóirí, ní sé sin idéalach. Ní bheidis muiníneach nó bródúil as a dteanga. Goilleann sé ar na daltaí nuair a fheiceann siad nach bhfuil moltóirí ar fáil a thuigeann an méid atá déanta acu,” a dúirt sé.

Dheimhnigh urlabhraí an Eolaí Óig le Tuairisc.ie go bhfuil Gaeilgeoirí i measc na moltóirí agus mhaígh sí go mbíonn iarrthóirí Gaeilge ar comhchéim le hiarrthóirí Béarla.

Dúirt sí go ndéantar gach iarracht moltóir le Gaeilge a chur ar fáil do scoileanna Gaeilge. Dúirt sí, áfach, gurb é an Béarla “teanga idirnáisiúnta na heolaíochta” agus gurb in an fáth a n-iarrtar ar dhaltaí a dtionscnamh a mhíniú i mBéarla “ó am go chéile”.

“However, English is the international language of science, so occasionally students will be asked to translate for the judge. All projects are given equal consideration by the judging panel,” a dúirt an t-urlabhraí.

Tá duais speisialta ann, a ndéanann Foras na Gaeilge urraíocht air, don tionscnamh is fearr i nGaeilge. Ba í Aoibhín Ní Fhionnagáin as Coláiste Oiriall i Muineachán a ghnóthaigh an duais sin i mbliana dá tionscnamh “Suirbhé de lámhscríbhneoireacht ag déanamh comparáide idir dochtúirí agus gnáthdhaoine.”

Ní chuirtear aon chúrsa ollscoile san eolaíocht ar fáil trí mheán na Gaeilge. Fágann sé sin go mbíonn ar dhaltaí Gaelscoile agus Gaeltachta iompú ar an mBéarla nuair a thosaíonn siad ar an tríú leibhéal. Dúirt Nic Giolla Bháin nach in le rá gur ceart an teagasc ar fad a dhéanamh trí Bhéarla.

“B’fhéidir nach leanfaidh na daltaí seo ar aghaidh chuig eolaíocht ag an tríú leibhéal. Níor cheart go mbeadh orthu gach rud a fhoghlaim trí Bhéarla. Cinnte, leis an eolaíocht, tugaimse anois is arís an téarma Béarla mar tuigim go dteastóidh sé uathu ach nuair atáthar ag plé leis an Eolaí Óg, táthar dírithe ar an tionscnamh sin amháin agus níor chóir go mbeadh ort é a fhoghlaim i mBéarla. Is obair sa bhreis í,” a dúirt Fionnuala Nic Giolla Bháin.

Tá comórtas an Eolaí Óig á reáchtáil ó bhí 1963 ann. Chuir 4,616 dalta ó 367 scoil 2,077 tionscnamh faoi bhráid na moltóirí i mbliana – an méid is mó riamh i stair an chomórtais – agus is iomaí scoil lán-Ghaeilge a bhí san iomaíocht. Fuarthas iarratas isteach ó gach aon chontae sa tír ach amháin Fear Manach agus Ard Mhacha.

www.tuairisc.ie

Acmhainní oiriúnach d’Aistear ar fáil ó Nexus

Eanáir 12, 2015

Cuireann an comhlacht Nexus acmhainní don churaclam Aistear ar fáil. Ina measc, tá foireann tógála, spraoi domhan beag agus eile.

Cuireann siad raon iomlán d’acmhainní don uimhearthacht, litearthacht, ealaíon agus ceardaíocht ar fáil chomh maith.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar www.nexus-euro.ie
Fón: Terri Daly ar 0872382352 nó Audrey ní Fhloinn ar 0864428790
Ríomhphost: tdaly161@nexus-euro.co.uk

Cead tugtha d`fhorbairt Ghaelscoil Thomais Daibhis i Mala

Eanáir 12, 2015

Scéal iomlán ag: www.independent.ie

Folúntas: Cúntóir Riachtanas Speisialta i nGaelcholáiste Phort Láirge

Eanáir 12, 2015

Spriocdháta: 23ú Eanáir 2015
Sonraí ar www.educationposts.ie.

Ainmniúchán do Bhord an Údaráis Oideachais úir

Eanáir 12, 2015

Iarradh ar Chomhairle na Gaelscolaíochta duine fóirsteanach a ainmniú don Údarás Oideachais úr le leas na scoileanna Gaeilge a sheasamh. Tá CnaG ag iarraidh ar dhaoine a bhfuil na scileanna agus an taithí cuí acu spéis sa ról tábhachtach seo a léiriú.

Beidh réimse ardscileanna de dhíth ar an té a ainmneofar, ina measc:

• Taithí agus saineolas i réimse an ghaeloideachais;
• Tuiscint leathan ar cheisteanna oideachais a bhaineann le hobair an Údaráis Oideachais;
• Ard-scileanna cumarsáide, idirphearsanta agus abhcóideachta;
• Taithí ag feidhmiú ar Bhord (nó a chomhmhacasamhail) in eagraíocht san earnáil phoiblí, phríobhaideach, dheonach nó phobail; sin nó/agus taithí phroifisiúnta ar leibhéal na bainistíochta shinsearaí.

Iarrann Comhairle na Gaelscolaíochta ar dhaoine ar spéis leo an ról seo teagmháil a dhéanamh linn más mian leo go rachadh a n-ainm chun tosaigh don ainmniúchán. Iarrtar ort léiriú spéise a chur in iúl d’oifig na Comhairle. Ag an phointe seo níltear ag iarraidh ach do shonraí teagmhála. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn fríd ríomhphost (eolas@comhairle.org) nó ar an ghuthán (9032-1475). Cuirfear tuilleadh eolais chugat níos faide anonn.

Is gá do CnaG an t-ainmniúchán a chur chuig an Roinn Oideachais faoi 30ú Eanair 2015. Iarrtar ort teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle roimh mheán lae ar 15ú Eanáir.

Moltar do dhaoine ar spéis leo a n-ainm a chur chun tosaigh scrúdú a dhéanamh ar leabhrán ainmniúcháin na Roinne Oideachais: Ceapachán Chomhaltaí chuig Bord an Údaráis Oideachais Ainmnithigh Leasa Ionadaíochta. Cliceáil Ceapachan chun cóip a aimsiú.

« Previous PageNext Page »