Méid an Téacs

Folúntas Poist mar Phríomhoide ar Ghaelscoil nua i mBiorra fógartha

Márta 10, 2015

Tá post mar Phríomhoide ar an nGaelscoil nua i mBiorra i gCo. Uíbh Fhailí fógartha!

Má tá fonn ort bheith páirteach i mbunú Scoil lán-Ghaeilge stairiúil lean an nasc seo thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19556/

Scéal Phádraig Naofa do Phaistí mar CD agus leabhair ar fáil anois!

Márta 9, 2015

ScéalPhádraig

Folúntas: Gaelscoil Chill Mhantáin, Co. Chill Mhantáin

Márta 9, 2015

Sonraí ar fáil: www.educationposts.ie

Foirgneamh nua do Ghaelscoil Sáirséal, Luimneach

Márta 9, 2015

Scéal ar fad ag: www.limerickleader.ie

Cúrsa Gaeilge i nGaeltacht na nDéise, 15 – 22 Lúnasa

Márta 9, 2015

Déise

déise2

Maoiniú ar fáil do ghníomhaíochtaí Oideachas na Forbartha in iarbhunscoileanna

Márta 9, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://www.worldwiseschools.ie/funding

Bileoga eolais maidir le hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge

Márta 6, 2015

Tá bileoga eolais dírithe ar an oideachas lán-Ghaeilge ag an iarbhunleibhéal ar fáil ó GAELSCOILEANNA TEO.  Cúnamh é do scoileanna ag eagrú oícheanta eolais agus atá ag scaipeadh eolais ar thuismitheoirí. Is féidir leagan leictreonach den bhileog a íoslódáil mar PDF thíos. Is féidir cóipeanna crua a ordú saor in aisce trí ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie agus seolfar amach sa phost chugat iad.

Oideachas Iarbhunleibhéil – Post-Primary Education

Litir chuig Eagarthóir an Sunday Independent maidir le Scoileanna lán-Ghaeilge

Márta 5, 2015

Maidir le: ‘Parents, not priests, driving segregation’

A Eagarthóir, a chara,

I gcolún Sarah Carey dar teideal ‘Parents, not priests, driving segregation’ (1ú Márta 2015), maítear gurb í an Ghaeilge an chonstaic iontrála is mó d’ inimircigh agus go bhfuil sé deacair teacht ar pháiste gorm i scoil lán-Ghaeilge (“up at the Gaelscoil, free from the critical eye of the Irish Times or anyone else, you’ll struggle to find a black child”). Níl aon bhunús leis an méid atáthar ag maíomh agus ní dhéanann sé ach steiréitíopaí claonta i dtaobh an oideachais lán-Ghaeilge a threisiú.

Freastalaíonn scoileanna lán-Ghaeilge ar pháistí ar gach leibhéal cumais sa Ghaeilge, agus gan Ghaeilge ar bith. Baintear úsáid as múnla an tumoideachais sna scoileanna, córas a chabhraíonn le daltaí líofacht a baint amach sa teanga go nádúrtha trí eispéireas laethúil i dtimpeallacht lán-Ghaeilge a chur ar fáil dóibh. Tá an tumoideachas oiriúnach agus ar fáil do gach páiste, beag beann ar a gcúlra sóisialta agus teanga nó a leibhéal cumais, páistí le riachtanais speisialta oideachais san áireamh.

Tá na scoileanna lán-Ghaeilge uileghabhálach agus ar fáil do chách. Cuireann siad fáilte roimh an ilchineálacht fhairsing shaibhir a thagann leis na páistí agus a dteaghlaigh, ó gach cúlra cultúrtha, cúlra teanga agus cúlra eitneach. Tugann na beartais rollaithe i roinnt bheag scoileanna tús áite do pháistí a labhraíonn an Ghaeilge sa bhaile, páistí a ndéanfaí faillí orthu oideachas a fháil ina dteanga dúchais murach sin. Ní tharlaíonn sé seo, áfach, ach amháin sa chás go mbíonn éileamh níos airde ar spásanna sa scoil ná mar atá ar fáil, díreach cosúil le critéar ar bith eile i mbeartas rollaithe scoile. Tá critéir na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le bunú scoileanna nua, atá i bhfeidhm ó 2011, tar éis bac a chur ar fhás scoileanna lán-Ghaeilge. De dheasca seo, tá ró-éileamh ar go leor de na scoileanna agus ní féidir leo freastal ar gach iarratasóir. Níl na hathruithe ó bhun atá molta ag Ms. Carey inchurtha i gcrích agus tá sé mífhreagrach agus seafóideach an milleán a chur ar scoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil near tar bith acu ar an riocht seo.

Léiríonn taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta, araon, na buntáistí a bhaineann leis an tumoideachas. San áireamh anseo, tá: ilchultúrachas níos doimhne, caoinfhulaingt cultúir eile níos fearr agus níos lú ciníochais, inchultúrú níos forleithne (ag foghlaim agus ag glacadh fút féin luachanna cultúir eile), agus scileanna cumarsáide níos fearr. Toisc gurb í an Ghaeilge teanga chumarsáide gach gníomhaíocht scoile, níl páiste a labhraíonn beagán Béarla nó a labhraíonn Béarla ar bith faoi mhíbuntáiste ag clárú i scoil lán-Ghaeilge.

Is mór an éagóir ar thuismitheoirí na 45, 000 dalta atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge i láthair na huaire ag tabhairt le fios gur de bharr cúiseanna scothroghnacha a chláraigh siad a bpáiste i scoil lan-Ghaeilge. Déanann sé éagóir níos mó fós ar na tuismitheoirí siúd nach í an Ghaeilge ná an Béarla a dtéanga dhúchais, tuismitheoirí a dtuigeann go dtosóidh a gcuid páistí ar bhonn cothrom le daltaí eile a bheidh ag foghlaim trí mheán teanga atá úr nua dá bhformhór, i scoil ina bhfuil ardmheas aici ar an ilchineálacht.

Le meas,

Bláthnaid ní Ghréacháin
Ardfheidhmeannach, Gaelscoileanna Teo.

Teenage App Developer Launches Free Irish / English Dictionary App “FOCAL.ie”

Márta 5, 2015

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

62% de dhaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge ag foghlaim teanga eile

Márta 5, 2015

‘Ábhar imní’ iad na figiúirí nua atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, a deir Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG

Rinne 62% de na daltaí Ardteiste a fuair díolúine ón nGaeilge le trí bliana anuas staidéar ar theanga eile seachas an Béarla.

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise déanann formhór na ndaltaí Ardteistiméireachta a fhaigheann díolúine ón nGaeilge staidéar ar theanga nó teangacha eile chomh maith leis an mBéarla.

Le trí bliana anuas fuair 6,111 dalta Ardteiste díolúine ón nGaeilge agus rinne 3,791 duine acu sin staidéar ar theanga nó ar theangacha eile nach Béarla iad, ina measc an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis agus eile.

Anuas air sin, tháinig méadú beagnach 5% ar líon na ndaltaí Ardteiste a fuair díolúine ón nGaeilge idir 2011 agus 2014. 1,997 duine a fuair díolúine sa scoilbhliain 2011/12 agus 2,088 duine a fuair díolúine sa scoilbhliain 2013/14.

Tháinig méadú freisin ar líon na ndaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge ach a rinne staidéar ar theanga eile – ó 1,237 sa bhliain 2011/12 go 1,272 sa bhliain 2013/14.

Dúirt Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG, gur “ábhar imní” iad na figiúirí nua atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise agus dúirt sí go bhfuil sí ag súil go mór le torthaí an athbhreithnithe atá ar siúl faoi láthair ar an diólúine ón nGaeilge.

“Dá mhéid ionchur teanga a bhíonn ag páiste is ea is fearr é go háirithe do pháistí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu. Is í an Ghaeilge an t-ábhar is oiriúnaí do dhaltaí más fadhb léitheoireachta atá acu mar murab ionann agus Fraincis agus teangacha eile na hEorpa tá 50% de mharcanna an scrúduithe ag dul don scrúdú béil agus don chluastuiscint.

“Níl aon fhianaise ann go bhfuil aon rud eisciachtúil faoin nGaeilge ná a thabharfadh le fios go mbíonn fadhbanna ar leith ag baint le foghlaim teanga amháin seachas teanga eile,” a dúirt Muireann Ní Mhóráin le Tuairisc.ie.

Tosaíodh ag caint ar athbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge sa Roinn Oideachais ag deireadh na nóchaidí, breis agus cúig bliana dhéag ó shin.

San áireamh sna figiúirí thuas tá daltaí iarbhunscoile a rinne an Ardteistiméireacht, an Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus Gairmchlár na hArdteistiméireachta sna blianta 2012, 2013 agus 2014. Ní áirítear na daltaí a bhí ar an Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG), scoláirí ar chúrsaí iar-Ardteistiméireachta ná scoláirí a bhí i mbun athscrúdú na hArdteistiméireachta.

Ceadaítear díolúine ón nGaeilge i sé chás;

  1. Sa chás go bhfuil míchumas foghlama ar leith ar an dalta sa mhéid is go dteipeann air na leibhéil a mbeifí ag súil lena mbaint amach sna bunscileanna teanga sa mhá
  2. Sa chás go bhfuil an dalta ar mhíchumas foghlama ginearálta de bharr mórbhaic mheabhracha agus go bhfuil teipthe air leibhéil shásúla a bhaint amach sna bunscileanna teanga sa mhá
  3. Sa chás go bhfuil an dalta ar mhíchumas foghlama ginearálta de bharr morbhaic céadfaigh agus go bhfuil teipthe air leibhéil shásúla a bhaint amach sna bunscileanna teanga sa mhá
  4. Sa chás gur ón gcoigrích an dalta agus nach mbeadh dóthain Béarla aige ag am an chláraithe, ní bheadh sé de dhuaglas air ach teanga amháin a fhoghlaim, Gaeilge nó Bé
  5. Sa chás go bhfuair an dalta a bhunoideachas i dTuaisceart Éireann nó taobh amuigh d’Éirinn go dtí go raibh sé 11 bliain d’aois
  6. Sa chás gur cláraíodh an dalta cheana féin mar dhalta aitheanta i mbunscoil nó i scoil dara leibhéal agus go mbeadh athchlárú á dhéanamh aige tar éis tréimhse thar lear.

http://tuairisc.ie/62-de-dhaltai-a-fuair-dioluine-on-ngaeilge-ag-foghlaim-teanga-eile/

« Previous PageNext Page »