Méid an Téacs

Folúntas: Gaelcholáiste Dhoire

Aibreán 28, 2015

Gaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin, Contae Dhoire

Is meánscoil nuabhunaithe é Gaelcholáiste Dhoire atá ar tí an chéad iontógáil daltaí a ghlacadh isteach i Meán Fómhair 2015.
Is soláthar iar-bhunscoile ilchreidmheach, 11-19, uile-ábaltachta, comhoideachais, lán-Ghaeilge é Gaelcholáiste Dhoire. Tá d’aidhm ag Gaelcholáiste Dhoire bheith ina sholáthar páiste-lárnach a riarfaidh ar riachtanais agus ar mhianaidhmeanna na ndaltaí uilig i dtimpeallacht tumoideachais dhinimiciúil agus spreagúil. Beidh an suíomh teanga seo mar bhonn tacaíochta faoi sholáthar barrfheabhais san oideachas le béim ar smaointeoireacht neamhspleách, anailíseach agus chruthaitheach. Tá an Ghaeilge luachmhar ag Gaelcholáiste Dhoire mar ghné atá riachtanach le féintuiscint, comhthuiscint, forbairt shamhlaíoch agus meas ar éagsúlacht chultúrtha a bhaint amach. Beidh Gaelcholáiste Dhoire ina scoil phobail a chothóidh naisc láidre leis an phobal Gaeloideachais áitiúil agus leis an phobal i gcoitinne.

DHÁ PHOST TEAGAISC (Lánaimseartha)
Tá beirt mhúinteoirí á lorg ag Gaelcholáiste Dhoire le bheith mar chuid d’fhoireann dhíograiseach, dhinimiciúil agus spreagúil. Bheadh Bord Gobharnóirí Ghaelcholáiste Dhoire sásta socrú a dhéanamh le múinteoir a ghlacadh ar thréimshe iasachta.Dáta deiridh: 5pm an 6 Bealtaine Agallaimh: an 10 Bealtaine.

Critéir riachtanacha:

• Bheith cáilithe mar mhúinteoir agus cláraithe le Comhairle Ghinearálta Teagaisc Thuaisceart Éireann (GTCNI) faoin am a dtosófaí sa phost
• Ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa
• Eolas inléirithe ar an oideachas lán-Ghaeilge agus ar phrionsabail an tumoideachais
Critéir Inmhianaithe:
• Cáilithe le dhá abhar ar a laghad a theagasc ag Eocharchéim 3
• Taithí ag cur le gníomhaíochtaí seach-churaclaim
• Taithí ag teagasc i suíomh tumoideachais
• Taithí ag déanamh soláthair do riachtanais speisialta oideachais

OIFIGEACH SINSIREACH CLÉIREACHAIS AGUS FORBARTHA
Tá duine díograiseach á lorg ag Gaelcholáiste Dhoire le bheith i mbun cúrsaí riaracháin chomh maith le forbairt acmhainní a chomhordú.
Dáta deiridh: 5pm an 13 Bealtaine 2015
Agallaimh: an 20 Bealtaine 2015
Grád: Oifigeach Sinsireach Cléireachais agus Forbartha SCP 18-25
Uaireanta: 36 in aghaidh na seachtaine (£17,333- £21,734 in aghaidh na bliana)

Critéir riachtanacha:

• Ardscileanna cumarsáide i nGaeilge agus i mBéarla (labhartha agus scríofa)
• Ardchumas ríomhaireachta – ábalta Microsoft Office a úsáid
Critéir inmhianaithe:
• Táithí ar riarachán agus/nó ar obair oifige
• Cáilíocht 3ú leibhéil
• Táithí ag obair in earnáil na gaelscolaíochta nó in earnáil na Gaeilge ar feadh tréimhse sé mhí ar a laghad
• Cumas a léiriú, le cáilíocht nó le taithí, cur le gníomhaíochtaí seach-churaclaim nó TFC a éascú

NB: Do na poist seo déanfar measúnú ar chumas Gaeilge na n-iarrthóirí le linn an agallaimh.
Beidh sé de cheart ag an phainéal ceapacháin cur leis na critéir gearrliostaithe leis an ghearrliostú a éascú.

Is féidir foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais a fháil ach ríomhphost a chur chuig Cathaoirleach an Phainéil Ceapacháin, ag gaelcholaistedhoire@gmail.com NÓ clúdach A4 a bhfuil seoladh agus stampa mór den chéad ghrád air (cinntigh go bhfuil an postas ceart air) a chur chuig Niall Ó Catháin, Cathaoirleach an Phainéil Ceapacháin, Gaelcholáiste Dhoire, f/ch An Carn, 132A Bóthar Thír Chiana, Machaire Rátha, Co. Dhoire, BT46 5NH

NÍ GHLACFAR LE hIARRATAIS MHALLA

Is fostóir comhdheise é Gaelcholáiste Dhoire Teoranta agus fáiltítear roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu gan beann ar chreideamh, inscne, míchumas, cine, dearcadh polaitíochta, aois, gnéaschlaonadh nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu. Is ar bhonn fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas.
Tá poist a bhaineann le hobair in institiúidí oideachasúla faoi réir fhorálacha an Ordaithe um Chosaint Páistí agus Daoine Fásta Leochaileacha (TÉ) 2007.

Folúntas: Gaelcholaiste Luimnigh

Aibreán 28, 2015

Tuilleadh sonraí ag:  http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/11762/

An tUachtarán le cuairt a thabhairt ar Ghaelscoil Mhichíl Uí Choileáin

Aibreán 28, 2015

Scéal iomlán ag:  www.southernstar.ie

Folúntais le COGG: Comórtas oscailte chun Oifigigh Oideachais a cheapadh

Aibreán 24, 2015

Oifigigh Oideachais COGG

Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin

Aibreán 22, 2015

Dhá dhráma 1-ghníomh á léiriú ag Aisteoirí Bulfin i mBaile Átha Cliath

Aibreán 22, 2015

Beidh dhá dhráma 1-ghníomh á léiriú ag Aisteoirí Bulfin i mBaile Átha Cliath Déardaoin agus Dé hAoine na seachtaine seo, ‘Cúirt an Mheán Oíche’ agus ‘Cruachás’.

Ionad: Scoil Bhríde, Bóthar Feadha Cuileann, Raghnallach (Luas chuig Coill na Feá; busanna 11, 18, 44, 61; páirceáil sráide amháin – ní bheidh aon spás páirceála istigh san ionad féin)
Dátaí: 23 agus 24 Aibreán (Déardaoin agus Aoine)
Am: 8pm
Ticéid: €10 (€8 do mhic léinn agus do phinsinéirí) – le ceannach ar an oíche
Clár: ‘Cruachás’ le Celia de Fréine, agus ‘Cúirt an Mheán Oíche’ le Brian Merriman, drámaithe ag Celia de Fréine

Eolas agus lascainí do ghrúpaí: 087 2940476

Folúntas: Gaelscoil an tSeanchaí, Machaire Fíolta

Aibreán 22, 2015

PRÍOMHOIDE

Le tosú i MEAN FOMHAR 2015
Tá Gaelscoil an tSeanchaí ar lorg príomhoide a léireoidh go soiléir, san iarratas agus ag an agallamh, fís ghrinn don scoil a chuirfidh chun cinn agus a fhorbróidh eiteos na gaelscolaíochta agus a chruthóidh atmaisféar ina moltar luach gach dalta.

Is gá gur múinteoir cáilithe thú ag tús an cheapcacháin atá/a bhfuil:
• Fostaithe sa bhunscolaíocht nó i réimse eile chuí ar feadh, ar a laghad, 5 bliana as ocht .i. ón 1ú Meán Fómhair 2007.
• Taithíoch ar fhorbairt, ar chur i bhfeidhm agus ar mhonatóireacht phleanáil an churaclaim nó ar mheasúnú trasna na n-eochairchéimeanna.
• Ar a laghad aon liúntas teagaisc amháin acu ar feadh dhá bhliain. Chomh maith leis sin uile, is féidir go dtabharfaidh céadrogha do iarratasóir:
• A chríochnaigh Cáilíocht Ghairmiúil do Phríomhoidí TÉ (PQH) nó ata ag obair chuige nó atá ina phríomhoide nó leas-phríomhoide, nuair a thosóidh an post.

Foirmeacha ar fáil ó:

Comhairle na Gaelscolaíochta,
Teach an Gheata Thiar, 4 Sraíd na
Banríona, Béal Feirste, BT1 6ED

Cuir na foirmeacha ar ais chuig:
Faoi chúram Seán Ó Muireagáin

Dáta druidte: Déardaoin 30ú Aibreán 2015 ag 12:00 meán lae.

Folúntas: Coláiste Choilm, Corcaigh

Aibreán 21, 2015

Tuilleadh sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/11729/

Cruinniú Poiblí maidir le bunú scoil lán-Ghaeilge i gceantar Stigh Lorgan/Bhaile na nGabhar!

Aibreán 21, 2015

Ba mhór linn cuireadh a thabhairt duit freastal ar cruinniú ar an 29 Aibreán ag 19.00 in Óstán Stillorgan Park maidir le bunú scoil lán-Ghaeilge nua i gceantar Stigh Lorgan/Bhaile na nGabhar. Ba mhaith le Gaelscoileanna Teo. agus pátrún ionchasach na scoile, An Foras Pátrúnachta, bualadh le héinne gur suim leo tacú leis an bhfeachtas agus beidh fáilte roimh cách.

Le do thoil, scaip an scéal ar éinne gur dóigh leat go mbeadh suim acu ann, agus iarr orthu é a chur in iúl dúinn má tá siad le freastal. Ar ndóigh, tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn má tá aon cheist agat maidir leis an bhfeachtas, agus beidh muid ag súil le bualadh leat ar an oíche.

clare@gaelscoileanna.ie

’Coláiste Chineál Eoghain closure a ‘disgrace’

Aibreán 21, 2015

The closure of Colaiste Chineal Eoghain could also serve as the “death knell” for the peninsula’s Irish language primary and pre-schools, according to a loal TD.

Deputy Padraig MacLochlainn said: “If you’re a parent who wants their children to go through their education in the Irish language you’ll want them to do so through primary, secondary and be fluent by the time they get to university. If the secondary school closes, some may not opt to send their child to the national school.”

Deputy MacLochlainn said “all the issues need to be sorted out.”

“What we won’t be doing is accepting that there won’t be an Irish language secondary school in Inishowen,” he said.

Minister Joe McHugh described the news as “very upsetting.”

He said the school’s ‘temporary status’ which was “difficult for parents to give a commitment to.”

He said: “There are excellent teachers there and pupils who have excelled. I have learned there is a huge appetite and love for the Irish language in Inishowen and we need to do everything in our power to keep it open. Also, taking away that temporary status would increase confidence.”

Colm Og MacLochlainn, who is part of the campaign to keep the school open, said the school had been getting the required number of pupils.

“One bad year and they decide to close it. It’s a disgrace and unacceptable.”

http://www.derryjournal.com/news/colaiste-chineal-eoghain-closure-a-disgrace-1-6694954

« Previous PageNext Page »