Méid an Téacs

Fógraíonn an tAire Oideachais agus Scileanna ceapachán chomhaltaí nua na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Meitheamh 25, 2015

Inniu d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, T.D., ceapachán comhaltaí nua na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i gcomhair téarma oifige nua dar chríoch Nollaig 2018.

Bunaíodh COGG faoin Acht Oideachais, 1998 chun comhairle a thabhairt faoi mhúineadh trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lánGhaeilge, faoi theagasc trí Ghaeilge i scoileanna go ginearálta, agus chun soláthar téacsleabhar agus áiseanna foghlama a chomhordú, chun seirbhísí taca a sholáthar do scoileanna agus chun taighde a sheoladh.

Dúirt an tAire go bhfuil ról lárnach ag COGG maidir le forbairt an oideachais trí Ghaeilge agus le teagasc na Gaeilge, agus lena chinntiú go mbíonn áiseanna teagaisc ar ardchaighdeán ag na scoileanna chun freastal ar riachtanais na múinteoirí agus na mac léinn. Imreoidh sí ról an-tábhachtach i bhfeidhmiú Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge agus i bhfeidhmiú pholasaí na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le hoideachas Gaeltachta.

Ghabh an tAire a buíochas leis na comhaltaí den Chomhairle atá ag dul as oifig as a dtiomantas agus as a ngairmiúlacht, agus dúirt go raibh sí “ag súil le bheith ag obair go dlúth leis an gComhairle nua sna na blianta le teacht”.

Comhaltaí nua na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Ainmní an Aire agus Cathaoirleach: Dónal Ó hAiniféin
An Chigireacht: Marina Ní Threasaigh
Gaelscoileanna Teoranta: Cathnia Ó Muircheartaigh
Gaelscoileanna Teoranta: Yvonne Ní Mhurchú
Údarás na Gaeltachta: Aindrias Ó Muineacháin
Údarás na Gaeltachta: Daríona Nic Con Iomaire
CNCM: Elaine Ní Neachtain
Foras na Gaeilge: Sinéad Nic Giolla Cionnaigh
INTO: Deirbhile Nic Craith
ASTI: Robbie Cronin
TUI: SéamusÓ Fearraigh
Comhairle Churaclaim, Scrúduithe agus Measúnaithe Thuaisceart Éireann: Seán Mac Nia

Planning application error delays new school

Meitheamh 25, 2015

Parents of children at a run-down school have expressed “bewilderment” at an error in a planning application which will lead to another setback in a long-running battle to construct a new building.
Gaelscoil de hÍde New School Action Group in Fermoy, Co Cork, had mounted a lengthy campaign to get a new facility to replace archaic, cramped, conditions which 410 pupils are enduring.

After many false dawns and taking to the streets in protest, they had eventually been informed recently that the Department of Education had given the green light to build a new school on a site transferred to the department by Cork County Council.

However, the planning application sent to the county council on behalf of the Department of Education contained an error and the local authority determined it had to be resubmitted.

As a result, the process of building the new school has been further delayed.

“We’ve fought so hard to get to this point and while we’re delighted that things are finally happening it’s very demoralising to discover such a needless admin error means the wait must go on,” said Vivienne Dempsey, chairperson of the Gaelscoil de hÍde New School Action Group.

“Instead of making progress, we’re going backwards and the last three weeks have been wasted.”

Gaelscoil de hÍde principal Seán MacGearailt also said it was hard to believe such a simple error had occurred which would hold up the planning process.

“Any delay hurts because, potentially, it means our boys and girls must remain in the old cramped building for longer than they should,” Mr MacGearailt said.

“Don’t forget we were told that this school was to open last September (2014), and here we are waiting, waiting, waiting,” he said.

Currently, the pupils occupy a former vocational school on MacCurtain Street in the town centre. The original school had been designed to cater for half that number.

All-Ireland winning Kerry GAA player Tomás Ó Sé, who is a teacher at the school, once described conditions in the building as so poor that caged animals in Fota Wildlife Park had more space than the pupils.

Mr MacGearailt, however, said he still expects the new 24-classsroom gaelscoil to be opened by September 2016 as had been promised by government ministers last February.

www.irishexaminer.com

Áine Andrews ag éirí as

Meitheamh 24, 2015

Tá duine de na príomhóidí is faide san earnáil Ghaeloideachais ó thuaidh, Áine Andrews, le héirí as a post i gceann seachtaine. Beagnach dhá scór bliain atá caite ag Áine mar mhúinteoir, 24 bliain acu sin mar phríomhoide ar Ghaelscoil na bhFál.

Eagraíodh tionól speisiálta i mBéal Feirste le buíochas a ghabháil d’Áine as an méid a d’éirigh léi a chur i gcrích san earnáil. Labhair muid léi faoi fhorbairtí, deacrachtaí, dúshláin, agus a buaicphointí san earnáil ó thosaigh sí ag obair le Naíscoil Bhóthar Seoighe in 1978…

Labhair Meon Eile le hÁine le deireanaí. Féach ar an bhfíseán anseo http://www.meoneile.ie/ailt/%C3%A1ine-andrews-ag-%C3%A9ir%C3%AD-as#.VYqPVflViko 

Folúntas: Múinteoir Páirtaimseartha i gColáiste Íosagáin, Baile Átha Cliath

Meitheamh 24, 2015

Múinteoir páirtaimseartha le Béarla agus Fraincis á earcú ag Coláiste Íosagáin. Is scoil lánGhaeilge í Coláiste Íosagáin agus tá sé riachtanach go mbeidh Gaeilge líofa ag an iarrthóir. Beidh ar an iarrthóir a bheith cáilithe le tacaíocht fhoghlama a thabhairt sa Litearthacht.

Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/adverts/second_level/employee/14127/ 

Folúntas: Múinteoir Ionaid i gColáiste Íosagáin, Baile Átha Cliath

Meitheamh 24, 2015

Múinteoir ionaid le heolaíocht agus bitheolaíocht á earcú ag Coláiste Íosagáin. Is scoil lánGhaeilge í Coláiste Íosagáin agus caithfidh ardchaighdeán Gaeilge a bheith ag aon iarrthóir agus caithfidh an t-iarrthóir a bheith in ann na hábhair a mhúineadh trí mheán na Gaeilge.

Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/adverts/second_level/employee/14129/

Folúntas: Cúntóir Riachtanas Speisialta i nGaelscoil Adhamhnáin, Dún na nGall

Meitheamh 24, 2015

Tá Gaeilge líofa riachtanach chomh maith le eolas agus taithí ar réimsí eagsula riachtanais speisialta. Beidh na hagallaimh as Gaeilge. Tá an post ag brath ar chead ón Roinn Oideachais agus Scileanna. Cuirfear painéal le chéile as a líonfar postanna a d’fhéadfadh theacht aníos taobh istigh de threimhse 4 mhí.

Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/21266/

Folúntas: Múinteoir Ranga i Scoil Iognáid, Gaillimh

Meitheamh 24, 2015

Is scoil lán-ghaelach, Íosánach, comhoideachasúil í Scoil Iognáid. Conradh ar théarma seasta a bheas i gceist leis na bhfolúntais seo (briseadh gairme, post roinnt agus acmhainn). D’fhéadfaí painéal a chruthú chun folúntais eile a líonadh taobh istigh de thréimhse cheithre mhí ón dáta a cheapfar iarratasóirí na bpost thuasluaite. Ní mór d’iarratasóirí a fhaigheann cuireadh chun agallaimh cóipeanna de na torthaí, tagairtí agus teastais chuí a sheoladh chun na scoile roimh an agallamh.

Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/21253/ 

Folúntas i Naíonra Phádraig na gCloch Liath, Cill Mhantáin

Meitheamh 24, 2015

Caithfidh Gaeilge líofa agus cáilíocht Montessori a bheith ag an té a cheapfar.

Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/adverts/pre_school/employee/544/

Dráma Puipéad – Dé Sathairn Beag Seo

Meitheamh 23, 2015

Dráma Puipéad – Saor in Aisce!

Free Puppet Show This Saturday!

Dé Sathairn Beag Seo, 27.6.15, Ionad Pobal Ongar, BÁC 15 1.30-2.30i.n. Oiriúnach do leanaí aois 3 go 5. As Gaeilge

This Saturday, 27.6.15, Ongar Community Centre, D15, 1.30-2.30PM. Suitable for children aged 3 to 5. In Irish.

pobalgaeilge15@gmail.com

www.facebook.com/pobal.gaeilge.15

www.twitter.com/pobalgaeilge15

0861771119

Tús á chur le cruinnithe faoin oideachas Gaeltachta anocht

Meitheamh 23, 2015

Cuirfear tús anocht le sraith cruinnithe faoi na moltaí oideachais don Ghaeltacht i Seanscoil Sailearna in Indreabhán ag 8in. Is í an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta, a thugann tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht atá ag reáchtáil na gcruinnithe i gceantar Chonamara.

Tabharfar tuilleadh eolais faoi na moltaí atá á ndéanamh sa dréachtpholasaí don oideachas sa Ghaeltacht a sheol an tAire Oideachais Jan O’ Sullivan  ag tús mhí Bhealtaine. Déanfar cur i láthair gairid ina míneofar moltaí na Roinne agus beidh seisiún plé ann ina dhiaidh sin faoi na bealaí a bhféadfadh tuismitheoirí páirt a ghlacadh sa bpróiseas comhairliúcháin atá ar bun i láthair na huaire.

Tugann na moltaí aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh mhúineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Moltar sa dréachtpholasaí go ndéanfaí sainmhíniú ar scoil Ghaeltachta mar scoil a fheidhmíonn “go hiomlán trí mheán na Gaeilge” agus nach ndéanfaí an Béarla a theagasc in aon chor i rith na sraithe naíonán i mbunscoileanna Gaeltachta.

De réir na moltaí, tabharfar cúnamh ar leith do scoileanna Gaeltachta aistriú go múineadh trí Ghaeilge más é an chaoi go bhfuil an teagasc á thabhairt trí Bhéarla iontu i láthair na huaire.

Tá moladh conspóideach i measc mholtaí na Roinne freisin go mo bha cheart breathnú “ar scoileanna le Béarla mar mheán a sholáthar chomh maith le scoileanna le Gaeilge mar mheán, má bhíonn an t-éileamh sách mór.”

Tá sé mar aidhm ag an dréachtpholasaí tabhairt faoi na dúshláin atá roimh phobal agus scoileanna na Gaeltachta, ina measc stádas mionlaithe na bpáistí a thógtar le Gaeilge i roinnt scoileanna Gaeilge, an méadú ar úsáid an Bhéarla i bpobail Ghaeltachta agus líon na scoileanna Gaeltachta nach ndéanann teagasc do gach ábhar trí Ghaeilge.

http://tuairisc.ie/tus-a-chur-le-cruinnithe-faoin-oideachas-gaeltachta-anocht/

« Previous PageNext Page »