Méid an Téacs

Folúntas: Múinteoir Acmhainne i S.N. Ard, Carna

Iúil 9, 2015

7.65 uair
Scoil Ghaeltachta
Gaeilge líofa riachtanach

Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 23.07.15
Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/21843/

Folúntas: Múinteoir Acmhainne i Scoil Mhuire, Carna

Iúil 9, 2015

8.525 uair
Scoil Gaeltachta
Gaeilge liofa riachtanach

Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 23.07.15
Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/21834/

Folúntas: Cúntóir Riachtanas Speisialta i nGaelscoil Chluain Dolcáin, Baile Átha Cliath

Iúil 9, 2015

Cùntóir Riachtanais Speisialta ag teastáil ó Ghaelscoil Chluain Dolcáin. 4 uair agus 40 nóiméad in aghaidh an lae / 23 uair agus 20 nóiméad in aghaidh na seachtaine atá i gceist. Gaeilge líofa ag teastáil ón iarrthóir.

Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 23.07.15
Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/21854/

Folúntas: Cúntóir Riachtanas Speisialta i Scoil Chrónáin, Baile Átha Cliath

Iúil 9, 2015

Post do Lá Naíonán atá i gceist – 0.83 de phost. Tá Gaeilge riachtanach don phost seo. Taithí ar chúram pearsanta agus cothú peg ina bhuntáiste. Glacfar le hiarratais r-phoist amháin, roimh meánlae ar an dáta dúnta. Beidh agallaimh ar siúl go luath ina dhiaidh sin.

Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 22.07.15
Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/21855/

Folúntas: Múinteoir Ranga Príomhshrutha i nGaelscoil Lorgan, Muineachán

Iúil 9, 2015

Tugtar cuireadh do mhuinteoirí atá ar phainéal forlíontach dheoise Chlochair amháin speis a léiriú agus iarratas a chur isteach do phostanna buana i nGaelscoil Lorgan (20327U), Baile na Lorgan, Co. Mhuineacháin ar thráth nach déanaí ná 6.00in ar an Luan 13 Iúil 2015.

Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 13.07.15
Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/21817/

Folúntas: Múinteoir Acmhainne i Scoil Cholmáin, Gaillimh

Iúil 9, 2015

4.25 uair
Scoil Ghaeltachta
Gaeilge líofa riachtanach don phost seo

Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 22.07.15
Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/21783/

Suas le 510 aighneacht faoin oideachas Gaeltachta curtha isteach

Iúil 9, 2015

Cuireadh suas le 510 aighneacht faoi bhráid na Roinne Oideachais le linn an phróisis chomhairliúcháin a rinneadh an mhí seo caite faoin dréachtpholasaí nua maidir le hoideachas Gaeltachta. Tháinig deireadh leis an bpróiseas sin Dé hAoine seo caite, an 3 Iúil.

Thug urlabhraí na Roinne Oideachais le fios do Tuairisc.ie nach bhféadfaí figiúr cruinn beacht a thabhairt go fóill ach go bhfuil tuairim is 360 aighneacht cláraithe ag an Roinn go dtí seo agus suas le 150 eile fós le clárú.

Cheana féin dúirt an tAire Oideachais, Jan O’Sullivan, go mbeidh an polasaí nua oideachais don Ghaeltacht críochnaithe faoi earrach na bliana seo chugainn.

Cuireadh fáilte roimh mholtaí na Roinne nuair a fograíodh iad toisc gur thug siad aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil an teanga fós in uachtar mar theanga phobail agus theaghlaigh.

Tugadh suntas ar leith do na moltaí mar gurb shiúd é an chéad uair ó bunaíodh an Stát a thug an Roinn Oideachais aitheantas oifigiúil do na riachtanais ar leith a bhíonn ar dhaltaí ar cainteoirí dúchais iad. Dá réir sin tá aitheantas tugtha acu go dteastaíonn polasaí oideachais ar leith don Ghaeltacht.

Go dtí seo, níor forbraíodh ná níor feidhmíodh aon pholasaí sainiúil le dul i ngleic leis na dúshláin oideachais a bhíonn roimh pháistí, múinteoirí agus scoileanna na Gaeltachta.

Beidh grúpaí fócais ag teacht le chéile san fhómhar chun tuilleadh scagtha a dhéanamh ar na moltaí agus ar na tuairimí a tháinig chun cinn le linn an phróisis chomhairliúcháin.

Moltar sa dréachtpholasaí go ndéanfaí sainmhíniú ar scoil Ghaeltachta mar scoil a fheidhmíonn ‘go hiomlán trí mheán na Gaeilge’ agus nach ndéanfaí an Béarla a theagasc in aon chor sna ranganna naíonán i mbunscoileanna Gaeltachta.

Moltar freisin go dtabharfaí tacaíocht do scoileanna Gaeltachta an teagasc ar fad a dhéanamh trí Ghaeilge feasta, más rud é gurb Béarla atá in uachtar iontu faoi láthair.

Baineann ceann de na moltaí is conspóidí leis an éileamh atá ar an teagasc a bheith i mBéarla sa Ghaeltacht.

Sa chás go mbeadh ‘mionlach de thuismitheoirí ag iarraidh teagaisc trí Bhéarla seachas trí Ghaeilge dá gcuid páistí,’ moltar gur cheart féachaint ‘ar scoileanna le Béarla mar mheán a sholáthar chomh maith le scoileanna le Gaeilge mar mheán, má bhíonn an t-éileamh sách mór’.

Folúntas: Rúnaí i nGaelscoil Phádraig Baile Breac, Baile Átha Cliath

Iúil 8, 2015

Tá folúntas mar Rúnaí páirt aimseartha  le líonadh i nGaelscoil Phádraig, Ascaill Shíleann, Baile Breac, Co. Atha Cliath

Is le haghaidh scoil-bhliain amháin an post ar dtús, ag tosú ar 24/8/15

Riachtanais
• Eolas maith ar an nGaeilge idir a labhairt agus a scríobh
• Scileanna ríomhaireachta
• Cumas riaracháin
• In ann obair as a stuaim féin
• Iontaofa
• Éifeachtach

Seol iarratais agus cv agus ainmneacha beirt mholtóir chuig
An Cathaoirleach, trí ríomhphost gaelscoilphadraig15@gmail.com
ar nó roimh 22ú Iúil

Folúntas: Múinteoir Ranga Príomhshrutha i Scoil Naithí, Baile Átha Cliath

Iúil 8, 2015

Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 22.07.15

Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/21773/

Folúntas: Cúntóir Riachtanas Speisialta i nGaelscoil Inse Chor, Baile Átha Cliath

Iúil 8, 2015

Iarrtar orthu siúd a bhfuil ar an bpainéil CRS an páipéireachas cuí a sheoladh isteach len iarratas.

Is post ar ‘Lá Naíonáin’ (0.83) a bhfuil sa phost seo

Is gá go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag iarrthóirí don phost seo.

Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 22.07.15

Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/21767/

« Previous PageNext Page »