Méid an Téacs

Folúntas: Múinteoir Acmhainne i nGaelscoil Chaladh an Treoigh, Luimneach

Iúil 10, 2015

Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 29.07.15
Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/21920/

Folúntas: Múinteoir Acmhainne i S.N Chaiseal na gCorr, Dún na nGall

Iúil 10, 2015

Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 24.07.15
Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/21888/

Folúntas: Cúntóir Riachtanas Speisialta i nGaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Ceatharlach

Iúil 10, 2015

Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 23.07.15
Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/21873/

Taighde ar Thógáil Clainne le Gaeilge

Iúil 10, 2015

Tá Hannah Ní Dhoimhín, mac léinn máistreachta le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, ag déanamh taighde faoi thógáil clainne le Gaeilge. Mar chuid den taighde seo, tá ceistneoir curtha le chéile aici do thuismitheoirí atá ag tógáil páistí óga (0-12) le Gaeilge in Éirinn.

Má tá spéis agat páirt a ghlacadh sa taighde seo agus an ceistneoir seo a chomhlánú, agus/nó a scaipeadh ar dhaoine eile a mbeadh spéis acu páirt a ghlacadh sa taighde seo, breathnaigh ar an nasc seo: https://www.surveymonkey.com/r/8DT7NVD

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an ábhar taighde seo, déan teagmháil leis an taighdeoir ag h.nidhoimhin1@oegaillimh.ie.

COMÓRTAS SPEISIALTA DO DHALTAÍ MEÁNSCOILE  

Iúil 10, 2015

A bhuí do COGG, is féidir le scoileanna ar fud na hÉireann daltaí sinsearacha a chur isteach ar scrúduithe TEG ar tháille €40 an dalta (laghdaithe ó €80) sa scoilbhliain 2015/16.

Seo deis iontach do dhaltaí díriú ar na scileanna teanga – léamhthuiscint, cluastuiscint, scríbhneoireacht agus labhairt – agus cáilíocht Ghaeilge a bhaint amach chomh maith le taithí a fháil ar scrúdú foirmiúil a dhéanamh.

Tosóidh daltaí ag déanamh staidéir ar shiollabas TEG ag leibhéal cumais cuí ag deireadh Mheán Fómhair agus tabharfaidh siad faoi scrúduithe TEG sa scoil in Aibreán/Bealtaine 2016.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi TEG i meánscoileanna, cliceáil anseo.

Chun go mbeidh do scoil san áireamh don deis seo, cuir ríomhphost chuig teanga@nuim.ie roimh an 11 Meán Fómhair 2015 leis na sonraí seo:

  • ainm agus seoladh na scoile
  • saghas scoile (scoil Ghaeltachta, Gaelcholáiste nó scoil lán-Bhéarla)
  • bliain (4,5 nó 6) agus líon na ndaltaí sa rang
  • ráiteas 100 focal ag míniú cén fáth ar mhaith leat an deis seo a chur ar fáil i do scoil

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le foireann TEG ar teanga@nuim.ie nó (01) 708 3737.

Beidh téarmaí agus coinníollacha i gceist.

Muir-Sin-É agus an t-amhrán Gaeilge a bhuaigh comórtas ceoil Youth Factor 2015

Iúil 10, 2015

Is ag an mbanna ceoil Gaeilge Muir-Sin-É a bhí an bua ag an gcomórtas náisiúnta tallainne Youth Factor, a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath le deireanas.

Beirt chailíní as Baile Locha Riach, Muireann Ní Bhaoill agus Sinéad Pokall, atá sa bhanna ceoil a chumann a gcuid amhrán féin i nGaeilge. D’éirigh leo comórtas réigiúnach na Gaillimhe a bhuachan níos luaithe i mbliana agus chuaigh siad ar aghaidh chuig an mbabhta ceannais a bhí ar siúl Dé Domhnaigh 28 Meitheamh.

Tá na cailíní seacht mbliana déag d’aois agus iad ag dul isteach i mbliain na hArdteiste i mí Mheán Fómhair seo chugainn. Is í seo an dara bliain as a chéile gur bhuaigh Muir-Sin-É an phríomhdhuais i rannóg na mbannaí ceoil.

‘Is amhrán Gaeilge é chuile amhrán dár gcuid. Bíonn muid ag scríobh faoi ghnáthrudaí, buachaillí agus tae – na rudaí is tábhachtaí dúinn!

‘Bíonn muid ag casadh ceoil ar scoil, ag comórtais scoile agus comórtais áitiúla agus déanann muid ranganna ceoil tar éis na scoile. Beidh muid ag tabhairt faoi scrúdú na hArdteiste an bhliain seo chugainn agus tá an ceol ar cheann de na hábhair a bheidh muid a dhéanamh ach is le faoiseamh a fháil ón scoil a bhíonn muid ag casadh den chuid is mó,’ a dúirt Muireann Ní Bhaoill le Tuairisc.ie.

Tá ceithre amhrán nua scríofa ag Muir-Sin-É agus iad ar fad le feiceáil ar leathanach YouTube Shinéad Pokall. Casann an bheirt acu roinnt mhaith uirlisí; bíonn Muireann ar an ngiotár agus an vióla agus Sinéad ar an gconsairtín, an fhidil agus an ucailéile.

Tá súil ag Muir-Sin-É an deis a bheith acu a gcuid amhrán a thaifeadadh i stiúideo go luath.

Chun físeán agus grianghraf a fheiceáil téigh chuig http://tuairisc.ie/muir-sin-e-agus-a-n-amhran-gaeilge-buacach-ag-youth-factor-2015/ 

Folúntas: Príomhoide – Pobalscoil Ghaoth Dobhair

Iúil 10, 2015

Tá Bord Bainistíochta Phobalscoil Ghaoth Dobhair ag lorg iarratais ó mhúinteoirí cuícháilithe do phost mar Phríomhoide. Tosóidh an té a cheapfar sa phost seo ar 1 Meán Fómhair 2015. Is scoil chomhoideachais í agus tá 375 dalta ag freastal uirthi. Is scoil Ghaeltachta í agus tá an teagasc go léir trí mheán na Gaeilge. Caithfidh an té a cheapfar a bheith ábalta a chuid/cuid oibre go léir a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Is féidir sonraí an phoist agus foirmeacha iarratais a fháil trí ríomhphost chuig

pobalscoilgd.ias@eircom.net nó scairt a chur ar (074) 9531311

Ní mór d’iarrthóirí iarratas i gcruachóip amháin a chur ar aghaidh roimh an 4.00 i.n. an Luan 20ú Iuil 2015.

Is féidir breis eolais a fháil ag www.publicjobs.ie

Site being sought for Athenry’s Gaelscoil Riada

Iúil 10, 2015

Suitable sites for Athenry’s Gaelscoil Riada and Gaelcholáiste complex are being sought by the Galway County Council and the Department of Education, and a planning application will be lodged once a site is identified.

The news has been welcomed by Labour Galway East senator Lorraine Higgins. “This is great news for the Athenry,” she said. “I hope the matter will be progressed as swiftly as possible. Our schools are at the heart of our communities and it is imperative they receive the infrastructural supports necessary to help pupils thrive and to empower educators in their important work.”

Galway Advertiser

Folúntas: Poist Mhúinteoireachta le Bord Oideachais agust Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma.

Iúil 9, 2015

Fáilteofar roimh iarratais ar na POIST MHÚINTEOIREACHTA seo a leanas a d’fhéadfaí a líonadh ar bhonn Páirtaimseartha / Téarma Socraithe / Cuspóir Socraithe don scoilbhliain 2015/2016 i mBord Oideachais agust Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma.

Matamaitic / Eolaíocht – 20 uair. – Scoil Lán-Ghaeilge

Gaeilge – 10 uair – Scoil Lán-Ghaeilge

Tuilleadh eolais anseo

Folúntas: Múinteoir Acmhainne i S.N. Gleann a’ Chaisil, Maigh Eo

Iúil 9, 2015

This is shared full-time temporary resource post between a number of schools.It is desirable for applicants to have experience of ASD , Speech and Language difficulties, agus a bheith líofa sa ghaeilge.
A panel of suitable applicants may be set up to fill vacancies which may occur within a four month period from the date on which the Board approves the successful candidate.

Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 23.07.15
Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/21845/

« Previous PageNext Page »