Méid an Téacs

Molfar ag cruinniú Oireachtais inniu ‘go gcaithfí i dtraipisí’ an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Deireadh Fómhair 20, 2015

Molfar inniu do choiste Gaeilge an Oireachtais go gcaithfí i dtraipisí an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go gcromfaí ar phlean teanga a cheapadh as an nua.

Is é an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh a dhéanfaidh an moladh sin ag cruinniú tráthnóna mar gheall ar an tuarascáil Ghaeltachta ina maítear ‘nach bhfuil an Ghaeltacht inmharthana más pobal urlabhra Gaeilge a shamhlaítear leis an nGaeltacht’.

Beidh ionadaí Ó Údarás na Gaeltachta i láthair tráthnóna ag an gcruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais chun fianaise a thabhairt mar gheall ar ar an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta i ndeireadh mhí na Bealtaine.

Beidh ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Gaelscoileanna Teo. i láthair chomh maith ag an gcruinniú den fhochoiste Oireachtais.

Ní bheidh údair na tuarascála i láthair ag an gcruinniú, mar a bhí molta ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, atá ag éileamh le fada go ndéanfadh an coiste Gaeilge plé ar thorthaí an Nuashonrú.

Thug Conchúr Ó Giollagáin, duine d’údair na tuarascála le fios ar maidin, nach bhfuair sé “scéal ar bith” faoin gcruinniú. “Thiocfainn agus labhróinn ag an ócáid dá bhfaighinn cuireadh a bheith i láthair,”a dúirt sé.

Tá sé i gceist ag an Seanadóir ó Shinn Féin, aird a tharraingt ag an gcruinniú ar an easpa dul chun cinn, dar leis, atá á dhéanamh maidir le feidhm a thabhairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

“Beidh mé ag tarraingt airde ar cheist na Straitéise. Faoi láthair níl ar siúl ach píosaí beaga den phlean a phiocadh anseo agus ansiúd. Tá sé in am an Straitéis 20 Bliain a chaitheamh i dtraipisí agus tosú as an nua. Is léir go bhfuil géarchéim teanga ann agus tá plean níos radacaí ag teastáil,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh le Tuairisc.ie.

Cé go dtagann Iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív le dearcadh Uí Chlochartaigh maidir leis an easpa dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le feidhm a thabhairt don Straitéis, feictear don Teachta Dála nach mbeadh aon chiall leis an bplean a chaitheamh i dtraipisí.

“An fhadhb atá ann ná go bhfuil an Straitéis anois cosúil leis an gcreideamh Criostaí agus an Roinn ag roghnú rudaí beaga as de réir mar a oireann dóibh. Bhí sé i gceist i gcónaí go gcuirfí an rud ar fad i bhfeidhm mar thuig muid nach mbeadh aon mhaitheas ann mura gcuirfí an rud ar fad i bhfeidhm.

“Ach ní hé leigheas an scéil fáil réidh léi. Ba chóir í a chur i bhfeidhm agus ansin rudaí breise a chur ann de réir a chéile agus de réir mar is gá. Dá bhfaighfí réidh léi bheadh trí nó ceithre bliana curtha amú agus bheadh mórán an rud céanna sa deireadh agat,” a dúirt Éamon Ó Cúiv.

www.tuairisc.ie

Leabhair Ghaeilge ó The O’Brien Press

Deireadh Fómhair 20, 2015

Sraith leabhar do léitheoirí óga atá maisithe go hálainn. Bealach fíorspreagúil í an tsraith seo leis an nGaeilge a shaothrú sa seomra ranga. Áis iontach í freisin do thuismitheoirí ar mhaith leo léamh na Gaeilge a chur chun cinn sa bhaile. Breathnaigh ar an gcatalóg anseo

Folúntas: Gaelcholáiste Reachrann, Baile Átha Cliath

Deireadh Fómhair 19, 2015

Tá ionadaí do shaoire mháithreachais de dhíth i nGaelcholáiste Reachrann. Tuilleadh sonraí ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/16504/

Sraith nua drámaíochta ar Meon Eile – ‘Idir Mise Agus Tusa’

Deireadh Fómhair 19, 2015

Tá tús á chur inniu le sraith nua drámaíochta ar Meon Eile, ‘Idir Mise Agus Tusa’. As seo go dtí an Nollaig beidh deich n-agallamh beirte le feiceáil ar an suíomh agus daoine óga as gach cearn de Chúige Uladh páirteach iontu.

Seo nasc leis an chéad ceann atá foilsithe inniu fá phóitín a smuigleáil isteach sa flaithis! http://www.meoneile.ie/ailt/idir-mise-agus-tusa-agallamh-beirte-uladh

DÁTA AGALLAMH BEIRTE PÁISTE 1 & SCOIL PÁISTE 2 & SCOIL CONTAE
15/10 An Peacach Glic

le Ray Mac Mánais

Rónán Mac Eamharcaigh

Scoil Oilibhéir Pluincéid, Rann na Feirste

Cathal Ó Cathasaigh

Scoil Oilibhéir Pluincéid, Rann na Feirste

DnaG
22/10 Thuaigh vs Theas

le Pádraig Mac Suibhne

Eimear Drain

Bunscoil Phobal Feirste

Siún McSherry

Bunscoil Phobal Feirste

Aontroim
29/10 Oíche Shamhna

le Antaine Ó Donnaile

Sadhbh Ní Dhonnaile

Bunscoil Ard Mhacha

Lughaidh Ó Donnaile

Bunscoil Ard Mhacha

Ard Mhacha
5/11 Súgradh Istigh, Súgradh Amuigh

le Séamas Mac Annaidh

Kirsten Roberts

Bunscoil Naomh Phádraig, Dún Phádraig

Emmet Johnston

Bunscoil Naomh Phádraig, Dún Phádraig

An Dún
12/11 Páistí ag Rialú an Domhain

le Antaine Ó Donnaile

Sadhbh Ní Dhonnaile

Bunscoil Ard Mhacha

Caoimhe Farnan

Bunscoil Ard Mhacha

Ard Mhacha
19/11 Connallach vs Machach

le Antaine Ó Donnaile

Emma Ní Ghallachóir

Scoil Oilibhéir Pluincéid, Rann na Feirste

Lughaidh Ó Donnaile

Bunscoil Ard Mhacha

DnaG

Ard Mhacha

26/11 Saol an Mhadaidh Bháin le Méabh Fields Cadhla McCabe

Bunscoil Eoin Baiste

Port an Dúnáin

Aoife Ní Ágáin – Fontes

Bunscoil Eoin Baiste

Port an Dúnáin

Ard Mhacha
3/12 An Bhean Fháistine

le Ray Mac Mánais

Aoife Murray

Bunscoil Phobal Feirste

Caolán Johnston

Bunscoil Phobal Feirste

Aontroim
10/12 Iomanaíocht na hIomána le Eithne Ni Ghallchobhair Lucy Marie Cadden

Bunscoil an Traonaigh, Fear Manach

Alyssa Ní Shúilleabháin

Scoil Oilibhéir Pluincéid, Rann na Feirste

Fear M.

DnaG

17/12 An Trampailín

le Eithne Ni Ghallchobhair

Lily-Jo Ní Chonchuir

Bunscoil Naomh Phádraig, Dún Phádraig

Darragh Coyle

Bunscoil Naomh Phádraig, Dún Phádraig

An Dún
24/12 Mura dTaga Leat Dar Leo le Seán Mac Labhraí Bláithín Drain

Bunscoil Phobal Feirste

Dúana Coleman

Bunscoil Phobal Feirste

Aontroim

Moill fós ann ar fhorbairt Gaelscoil de hÍde

Deireadh Fómhair 19, 2015

Ta moill fós ar scoil nua do Ghaelscoil de hÍde i gCorcaigh. Scéal iomlán ag an nasc thíos:

www.independent.ie

Folúntas: Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath

Deireadh Fómhair 19, 2015

Tá Coláiste Cois Life i mBaile Átha Cliath ag lorg ionadaí do shaoire mháithreachais. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/16488/

Folúntas: Gaelscoil Átha Í, Cill Dara

Deireadh Fómhair 19, 2015

Tá Gaelscoil Átha Í ag lorg múinteoir tacaíochta foghlama. Tá tuilleadh sonraí ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23848/

€91,000 an costas tosaithe ar Ghaelcholáiste Dhoire

Deireadh Fómhair 16, 2015

Scéal iomlán ag an nasc thíos:

www.derryjournal.com

Scoil Chonamara ag tabhairt faoi churiarracht dhomhanda i rás sealaíochta

Deireadh Fómhair 16, 2015

Ghlac daltaí ó Scoil Náisiúnta Cholm Cille, Ros a’ Mhíl, dúshlán mór le deireanas nuair a thug siad faoi churiarracht dhomhanda a bhaint amach i rás sealaíochta 5,000 méadar an fhaid is a bhí daltaí ó scoileanna eile timpeall na cruinne ag tabhairt faoin dúshlán céanna.

Ba é Sportshall, eagraíocht spóirt le haghaidh scoileanna i Sasana, a d’eagraigh an ócáid.
“Ba muide an t-aon bhunscoil in Éirinn a ghlac páirt ann, go bhfios dúinn, agus bhain muid an-taitneamh go deo as,” a dúirt Síle Nic Con Iomaire, príomhoide na scoile.

“Shocraigh muid i mbliana cur le haclaíocht sa scoil agus an múinteoir Mary Jennings i mbun traenála. Ghlac muid páirt i rásaí trastíre i Meán Fómhair agus tá sé i gceist ag Rang a cúig páirt a ghlacadh i rása 5k, a bheas ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua níos deireanaí sa mí.”

Ba i ngrúpaí a bhí na gasúir agus rith chuile dhuine acu timpeall na páirce (200m) uilig.

Ba iad an grúpa gorm a tháinig sa gcéad áit agus an rás rite acu in imeacht 20 nóiméad agus 49 soicind. 20:59 an t-am a bhí ag an bhfoireann ghlas; 21:04 a bhí ag an bhfoireann bhuí agus 21:10 a bhí ag an bhfoireann dhearg.

“Tá muid fíorbhuíoch do Cliff Jennings,”a deir Síle, a thug cúnamh agus tacaíocht dúinn agus do na cuiditheoirí a bhí ann ar an lá.

“Cé nár éirigh linn aon churiarracht a bhaint amach, bhí na gasúir fíorshásta leo féin,” a dúirt sí.

Pictiúir anseo

Folúntas: Coláiste Ghobnatan, Co Chorcaí

Deireadh Fómhair 16, 2015

Tá Colaiste Ghobnatan i gCo Chorcaí ag lorg múinteoir. Tuilleadh sonraí ar fáil ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/16478/

« Previous PageNext Page »