Méid an Téacs

Multi-denominational Gaelscoil opens for pupils of 15 different nationalities

Meán Fómhair 2, 2016

Ireland’s latest all-Irish secondary school has opened in a state-of-the art building – with students of 15 different nationalities.

Coláiste Ghlór na Mara, on Naul Road, Balbriggan, north Co Dublin, currently has 130 pupils but will eventually accommodate 1,000.

The multi-denominational school, which opened in temporary premises in 2014, is catering for a burgeoning teenage population in north Dublin, Meath and south Louth. It brings to 69 the number of schools under the umbrella of An Foras Pátrúnachta, a patron body for Irish-medium schools.

Principal Aoife Elster said the school was open to all and that pupils did not need to have attended a Gaelscoil before enrolment.

“It is really encouraging that students with such diverse backgrounds and cultures have chosen to learn through Irish,” she said.

Many of the pupils have attended a local all-Irish primary school, while others are travelling from Swords, Drogheda and Ashbourne, which An Foras Pátrúnachta says is down to a lack of other Irish-medium second-level schools in neighbouring counties.

This month, nine new post-primary schools are opening to cater for Ireland’s teenage surge, while others, such as Coláiste Ghlór na Mara, are moving into permanent premises.

www.independent.ie

TICÉID DO ‘AN TRIAIL’ AR DÍOL ANOIS!

Meán Fómhair 2, 2016

AN TRIAIL jpeg

Tá ticéid ar fáil anois ó gach amharclann!

COSTAS: €12.50 (D’fhéadfadh táille áirithinte a bheith i gceist) agus múinteoirí in aisce!

AM: 10.30r.n. & 12.30i.n. (10r.n. & 12i.n. i gCorcaigh)

FAD: 1 uair

DÁTAÍ 2016

3 & 4 D. Fómhair: The BelltableLUIMNEACH Guth: 061-953 400
6 & 7 D. Fómhair: Visual CarlowCEATHARLACH Guth: 059-917 2400
10 D. Fómhair: The EverymanCORCAIGH  Guth: 021-4501673
13 D. Fómhair: Dean Crowe TheatreBAILE ÁTHA LUAIN
Guth: 090-64 92129
17-21 D. Fómhair: AXIS Baile MunnaBAILE ÁTHA CLIATH
Guth: 01-883 2100
25-27 D. Fómhair: An TaibhdhearcGAILLIMH  Guth: 091-563 600

 

An maith libh an íomhá nua atá againn do An Triail? Seo í an íomhá buaiteach ón gcomórtas dearadh póstaer – fógróidh muid ainm an bhuaiteora go luath!! Idir an dá linn
coinnigh súil amach ar Twitter agus ar Facebook chun sampla de na hiontrálacha iontacha eile a fuair muid a fheiceáil!!

An 20 iarbhunscoil lán-Ghaeilge ‘is fearr’ sa tír…

Meán Fómhair 2, 2016

Tá Coláiste Chnoc na Labhras ar an iarbhunscoil lán-Ghaeilge ‘is fearr’ sa stát – agus ar an iarbhunscoil ‘is fearr’ sa stát don tríú bliain as a chéile, de réir staitisticí a foilsíodh ar The Sunday Times.

Tá Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn i nDún na nGall ar bharr an liosta do Chúige Uladh. Cothrom an ama seo anuraidh, iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge a bhí ar bharr an liosta náisiúnta i ngach aon chúige ach ní hamhlaidh an scéal i mbliana.

Thóg Coláiste Gonzaga, scoil phríobháideach i mBaile Átha Cliath, áit Choláiste Íosagáin i gCúige Laighean agus tá Coláiste na Coiribe sa dara háit i mbliana i ndiaidh Scoil Salerno nó Meánscoil Íosa agus Mhuire i gcathair na Gaillimhe, atá ar bharr an liosta i gCúige Chonnacht.

Tá scagadh déanta ag Tuairisc.ie ar an tábla agus liosta de na 20 iarbhunscoil lán-Ghaeilge is fearr sa stát curtha i dtoll a chéile againn bunaithe ar an eolas a foilsíodh in The Sunday Times.

Tá na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ‘is fearr’ sa Stát le fáil ar fud na tíre, ó Dhún na nGall go Loch Garman agus ó Mhuineachán go Ciarraí.

Bunaíodh na staitisticí ar eolas a bailíodh faoi líon na ndaltaí in iarbhunscoileanna uile na tíre a chuaigh ar aghaidh go dtí 32 institiúid tríú leibhéal thuaidh agus theas.

Is iad na scoileanna céanna, nach mór, atá ar an liosta i mbliana is a bhí anuraidh agus is beag athrú atá tagtha ar ord an liosta.

Tá Coláiste Chois Life i Leamhcán imithe suas céim amháin go dtí an séú háit ar an liosta agus Coláiste Oriall i Muineachán tite ón séú háit go dtí an naoú háit.

Ní raibh Coláiste Chineáil Eoghain ar an liosta náisiúnta den 400 scoil ‘is fearr’ anuraidh ach tháinig sé isteach sa 51ú háit ar an liosta náisiúnta agus sa 10ú háit ar liosta na n-iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge i mbliana agus 66.7% de dhaltaí na scoile ag freastal ar an tríú leibhéal.

Baineann conspóid go minic le táblaí na scoileanna a fhoilsítear sna nuachtáin náisiúnta.

Sna liostaí ‘scoileanna friothálacha’ seo, déantar iarbhunscoileanna a mheas bunaithe ar líon na ndaltaí a théann ar aghaidh uathu go dtí institiúidí tríú leibhéal áirithe tar éis na hArdteistiméireachta. Dar le mórán, slat tomhais róchúng ar chaighdeán agus leithne an chineál oideachais a chuirtear ar fáil i scoileanna iad na táblaí seo.

Is éard atá i gceist le ‘céatadán ar an tríú leibhéal’ sa tábla thuas ná céatadán na ndaltaí ón scoil a chláraigh le 32 institiúid tríú leibhéal le linn na mblianta acadúla 2013-14, 2014-15 agus 2015-16.

Tabla 2

www.tuairisc.ie

« Previous Page