Méid an Téacs

Féasta 100

Meán Fómhair 7, 2016

“Tír gan teanga, tír gan anam.”
― Pádraig Mac Piarais

Dé Sathairn an 3 Nollaig 2016 ceiliúrfar an Ghaeilge go hoifigiúil le Féasta 100, ceann de na príomhimeachtaí deireanacha i mbliain comórtha 1916. Ní féidir le haon duine cumhacht na Gaeilge a shéanadh i bpeannaireacht agus i gcumarsáid a lán de phearsaí Éirí Amach na Cásca.Tugann an ócáid ceiliúrtha seo deis uathúil do dhaoine aitheantas foirmiúil a thabhairt do stádas na Gaeilge agus lena tábhacht a cheiliúradh ag croílár stair agus chultúr na hÉireann.

Tá na sé cheanneagraíocht Ghaeilge tagtha le chéile i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge leis an nGaeilge a cheiliúradh le linn na bliana stairiúla seo, 2016, iad iad sin Conradh na Gaeilge; Cumann na bhFiann; Gael Linn; Gaelscoileanna Teo; Glór na nGael agus Oireachtas na Gaeilge. Tá lúcháir orthu fáilte a chur roimh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, mar aoi oinigh. Is ócáid é an mórdhinnéar seo freisin le tacaíocht agus ardán náisiúnta a chur ar fáil don iomad ealaíontóirí, ceoltóirí agus gnólachtaí le Gaeilge, a coimisiúnaíodh mar chuid den ócáid comórtha céid aonuaire seo.

Tá triúr de na healaíontóirí a bheidh ag taibhiú ag Féasta 100 tar éis tionscadail ealaíne a fhorbairt d’fhéilire 1916. Cheap agus léirigh an cóiréagrafaí agus damhsóir, Fearghus Ó Conchúir ó Ghaeltacht na Rinne, Tionscadal Mhic Easmainn, coimisiúnaithe ag an gComhairle Ealaíon le seónna i Londain agus i mBaile Átha Cliath. Coimisiúnaigh an Chomhairle Ealaíon an t-amhránaí sean-nóis Lorcán Mac Mathúna freisin le saothar ceoil a chumadh agus a chóiriú, le hinspioráid ó scríbhinní agus idéil cheannairí Éirí Amach na Cásca. 1916. Léiríodh Visionaries and their Words in Éirinn agus sa Fhrainc.D’eisigh an clairseoir Síle Denvir ó Ghaeltacht Chonamara albam ceoil le déanaí dar teideal Cathréim: Ceol agus Amhráin ó Dhrámaí an Phiarsaigh saothar ceoil le hinspioráid ó dhrámaí Phádraig Mhic Phiarais.

Beidh Féasta 100 ina ócáid mhór dóibh siúd a bheidh i láthair. Deis uathúil atá ann am sos a ghlacadh agus machnamh a dhéanamh ar an nGaeilge agus í a cheiliúradh go bródúil. Táthar ag súil go spreagfaidh sé cruthaitheacht, fuinneamh agus fás as an nua agus an Ghaeilge ag bogadh chun tosaigh sna céad bliain seo romhainn.

Beidh Féasta 100 ar siúl inár bpríomhchathair in Óstan an Double Tree by Hilton, Sráid Líosain Uachtarach, Baile Átha Cliath.Tá fáilte mhór curtha ag bainisteoirí agus foireann Óstán an Double Tree by Hilton roimh oiliúint Gaeilge le seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil ar an oíche, lena n-áireofar biachláir agus comharthaí.      Seo an chéad uair don óstán fáilte a chur roimh 700 aoi a labhraíonn Gaeilge agus gan amhras beidh dea-thionchar aige seo ar ábharthacht na Gaeilge sa tionscal seirbhíse inniu.

Tá ticéid le haghaidh Féasta 100 ar fáil anois le ceannach ó cheann ar bith de na ceanneagraíochtaí nó trí Eventbrite: https://www.eventbrite.ie/e/feasta-100-tickets-25641956783?aff=es2.  Tá ticéid €80 an duine.

 

Tuilleadh eolais:

eolas@feasta100.ie

Mary FitzGerald, Mary FitzGerald Public Relations, Teil: 01-6787916, info@maryfitzgeraldpr.ie

Gaeilge do Thuismitheoirí – Acmhainn nua cheannródaíoch foilsithe do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí

Meán Fómhair 6, 2016

 

GaeilgeDoThuismitheoirí
Tá ríméad ar Gaelscoileanna Teo. suíomh gréasáin nua a fhógairt, darb ainm www.irishforparents.ie. Tá sé mar aidhm ag an suíomh seo freastal ar dhá riachtanas (i) múinteoirí a bhíonn ag múineadh ranganna Gaeilge do thuismitheoirí agus atá ag lorg ábhar teagaisc dá gcuid ranganna (ii) tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge agus atá ag iarraidh cur lena gcuid Gaeilge agus níos mó a fhoghlaim faoi acmhainní a d’fhéadfadh cabhrú leo.

“Acmhainn nuálaíoch agus saor in aisce d’úsáideoirí atá ann a bheidh ina chabhair ach go háirithe do thuismitheoirí i mbunscoil lán-Ghaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht a bhfuil cúnamh praiticiúil ag teastáil lena gcuid Gaeilge”, a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo. Cuimsíonn an acmhainn rannóg ar an suíomh a thugann eolas do thuismitheoirí maidir leis na hacmhainní atá ar fáil dóibh, atá rangaithe i dtrí chatagóir (i) foghlaim na Gaeilge (ii) an saol teaghlaigh (iii) obair scoile. Tá áis ar fáil ar an suíomh a thacóidh le tuismitheoirí agus iad ag cabhrú le hobair bhaile. Beidh cabhair bheo ar fáil dóibh idir 4 p.m. agus 6 p.m. ó Luan go Déardaoin má tá ceist acu a bhaineann le hobair bhaile trí Ghaeilge. Beidh múinteoirí cáilithe ar fáil le freagraí a thabhairt ar na ceisteanna.

Díríonn an dara cuid den suíomh ar mhúinteoirí a bhíonn ag múineadh ranganna Gaeilge do thuismitheoirí agus den chéad uair riamh tá acmhainn náisiúnta ar fáil a thugann treoir, tacaíocht agus cúnamh do na múinteoirí sin. Gheobhaidh siad ábhar teagaisc samplach dá gcuid ranganna ar an suíomh seo, ábhar samplach atá bunaithe ar shainriachtanais tuismitheoirí.

Anuas air seo, tá scrúduithe samplacha bunaithe ar Teastas Eorpach na Gaeilge ar fáil ar an suíomh chomh maith – tascanna scrúdaithe atá bunaithe ar shainriachtanais tuismitheoirí.

Beidh an suíomh seo á fhorbairt de réir a chéile – beidh ábhar teagaisc nua á chur leis i rith an fhómhair agus an gheimhridh. Beidh cúrsa oiliúna ar siúl ar an 8 Deireadh Fómhair i Marino ina mbeidh deis acu siúd a mhúineann ranganna Gaeilge do thuismitheoirí níos mó a fhoghlaim faoin ábhar teagaisc ar an suíomh agus faoi conas é a úsáid sa seomra ranga.

Gabhann Gaelscoileanna Teo. buíochas le Foras na Gaeilge as an maoiniú chun an togra seo a fhorbairt. Tá an chabhair bheo á maoiniú ag COGG agus á bainistiú go seachtrach ag múinteoirí cáilithe.

Le clárú don Chúrsa Oiliúna do mhúinteoirí:
Cuir ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie roimh an Chéadaoin 21 Meán Fómhair 2016. Ní ghearrfar aon táille ar an gcúrsa. Tá spás d’uasmhéid 20 duine ar an gcúrsa oiliúna.

Tuilleadh eolais faoin acmhainn ag www.irishforparents.ie nó ó Bhláthnaid ní Ghréacháin ag 01 8535190.

(English) Enrolment doubles at Irish medium school in Dungiven

Meán Fómhair 6, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Folúntas: Beirt Stiúrthóirí á n-earcú ag Páistí na Beatha i gCill Dhéagláin, Co. na Mí

Meán Fómhair 6, 2016

Beirt Stiúrthóirí á n-earcú ag Páistí na Beatha i gCill Dhéagláin, Co na Mí

Cineál Poist:  Tá post lánaimseartha agus páirtaimseartha ar fáil

Riachtanais:

Gaeilge líofa

CDBO Leibhéal 6 nó níos airde i gCúram Leanaí

Dáta tosaithe:  Láithreach

CV agus litir iarratais chuig Sinéad ag preschool@fungalaxy.ie

Folúntas: Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath

Meán Fómhair 6, 2016

Tá Coláiste Cois Life ag lorg ionadaí do shaoire mháithreachais. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://www.educationposts.ie/post/view/75700

Folúntas: Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath

Meán Fómhair 5, 2016

Tá Coláiste Cois Life ag lorg múinteoir ar chonradh páirtaimseartha rialta.

Tuilleadh eolais ag:  http://www.educationposts.ie/post/view/75636

The 2017-2018 Fulbright Irish Awards application period is now open!

Meán Fómhair 2, 2016

2017-2018 Fulbright Irish Awards Poster

Fulbright Irish Awards provide grants for postgraduate students, researchers, lecturers and professionals across all disciplines, to study, research or teach in the USA. The application deadline is 4pm, 28th October 2016.

To find out more, visit the Fulbright Irish Awards page. Interested candidates should review the eligibility criteria & award categories on our website, then contact awards@fulbright.ie for the 2017-2018 Award application guidelines & the link to the online application.

 Further information:

  • Fulbright will host a Webinar giving an overview of the Awards on offer at 1pm on Tuesday 13th September 2016. To register, email emma.loughney@fulbright.ie by 3pm on 12th September
  • Fulbright Award Managers can be reached at awards@fulbright.ie or by phone on +353 1 660 7670 to answer queries

LEABHAR NUA EOLAÍOCHTA!

Meán Fómhair 2, 2016

CaptureTeachtaireacht phráinneach do mhúinteoirí eolaíochta na Sraithe Sóisearaí:
Tá Aonad 1&5 den leabhar ‘Fiosrú na hEolaíochta’ ar fáil ar an nasc seo:-

http://exploringscience.ie/gaeilge/

Beidh leabhair na ndaltaí sna scoileanna Dé Luain nó Dé Máirt.

Folúntais ar Phoist

Meán Fómhair 2, 2016

• Gaelcholaiste Cheitinn, ag lorg múinteoir ar théarma seasta.
http://www.educationposts.ie/post/view/75547

• Scoil Naithí, ag lorg múinteoir ranga buan.
 http://www.educationposts.ie/post/view/75599

• Scoil Naithí, ag lorg múinteoir tacaíochta foghlama buan.
http://www.educationposts.ie/post/view/75600

Seimineár ar dheiseanna fostaíochta leis an Aontas Eorpach do chainteoirí Gaeilge

Meán Fómhair 2, 2016

Dé Máirt an 4ú Deireadh Fómhair 2016 idir 2:30pm agus 4:30pm reáchtálfaidh Óstaí an Rí seimineár ar dheiseanna fostaíochta leis an Aontas Eorpach do chainteoirí Gaeilge. Tá raon leathan post i gceist agus pá agus coinníollacha den scoth ag gabháil leo.

Toisc deireadh a bheith á chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach idir seo agus 2022 tá oll-earcaíocht le déanamh ag aonaid Ghaeilge Institiúidí an Aontais chun follúntais a líonadh: 103 aistritheoir, 32 dlítheangeolaí agus 42 riaraitheoir san áireamh. Is sa Bhruiséil agus i Lucsamburg a bheas na poist seo agus don té ar spéis leis nó léi obair a dhéanamh trí Ghaeilge i dtimpeallacht ilteangach ilchultúrtha idirnáisiúnta, níl a shárú de phost le fáil.

Riaraitheoirí: Tá rátaí maithe pá ar fáil do riaraitheoirí (c.€2,700 glan sa mhí). Teastaíonn an Ardteist (nó a comhaith) mar aon le heolas maith ar an nGaeilge agus ar an mBéarla. Seo post oiriúnach don té cumasach nach bhfuil fonn coláiste air/uirthi.

Aistritheoirí: Is é c.€4,200 glan sa mhí pá an aistritheora. Is gá bunchéim chuige seo . Ní gá gur céim i dteangacha í. Teastaíonn máistreacht ar an nGaeilge agus eolas maith ar dhá theanga eile den AE, Béarla, Fraincis nó Gearmainis ar ceann acu.

Dlítheangeolaithe: Is é c.€5,500 glan sa mhí pá an dlítheangeolaí. Is gá céim sa dlí nó cáilíocht ghairmiúil sa dlí chuige seo. Teastaíonn máistreacht ar an nGaeilge agus eolas maith ar dhá theanga eile den AE. Deimhníonn an dlítheangeolaí go bhfuil an téacs aistrithe slán ó thaobh an dlí agus na teanga de.

Maidir le gach ceann acu bíonn buntáistí breise ar fáil maidir hárachas sláinte, pinsean, srl. mar aon le deiseanna cúrsaí breise léinn a dhéanamh taobh istigh d’uaireanta oibre, go háirithe cúrsaí i dteangacha an AE.

Beidh fáilte roimh sheisear nó mhórsheisear mac léinn ó Bhlianta 5 agus 6 freastal ar an seimineár seo i dteannta múinteora. Tá líon na n-áiteanna teoranta agus ba mhór againn scéala uaibh más spéis libh teacht.

Beidh fáilte romhaibh freisin chuig léacht chomórtha an Phiarsaigh leis an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh (OÉG) 5pm-6pm an lá ceanna in Óstaí an Rí tar éis an tseiminéir.

Capture

4 Deireadh Fómhair 2016 in Óstaí an Rí

 14:30          Fáiltiú

14:45          Córa de Paor, Coimisiún an Aontais Eorpaigh

“An Saol agus an Saothar thall : Ag obair don Aontas Eorpach”

 15:15          Dáithí Mac Cárthaigh BL, Comhordaitheoir Dlí agus Gaeilge Óstaí an Rí

“Cúrsaí agus Comórtais: Conas fostaíocht leis an Aontas Eorpach a bhaint amach”

 15:45          An Dr Eimear de Brún, Déan na Scoile Dlí, Óstaí an Rí

“Cara sa Chúirt: Cúrsaí agus Cáilíochtaí Dlí Óstaí an Rí”

 16:15          Ceisteanna agus freagraí, Tae agus Caifé

Beidh fáilte roimh chách chuig léacht comórtha 1916

Óstaí an Rí 17:00-18:00 ‘Oidhreacht an Phiarsaigh’ leis an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh (OÉG)

faoi Phádraig Mac Piarais, abhcóide, céimí agus ball de chuid Óstaí an Rí.

« Previous PageNext Page »