Méid an Téacs

An chéad ócáid phoiblí riamh do thuismitheoirí páistí le riachtanais urlabhra, teanga agus chumarsáide atá ag freastal ar scoil dhátheangach.

Bealtaine 1, 2018

PREASRÁITEAS: LE FOILSIÚ LÁITHREACH

01.05.2018

Tá líon na bpáistí in Éirinn atá á dtógáil le dhá theanga nó níos mó sa bhaile nó sa timpeallacht scoile ag méadú. Bíonn ceisteanna ag go leor tuismitheoirí/caomhnóirí, ceisteanna nach dtugtar freagra orthu go minic, maidir le húsáid an dá theanga agus oiriúnacht an oideachais dátheangaigh do pháistí a bhfuil riachtanais urlabhra, teanga agus chumarsáide acu nó riachtanais speisialta oideachais eile acu (uathachas, disléicse, diospraicse agus Siondróm Down ina measc). Tabharfaidh painéal de shaineolaithe sa réimse seo aghaidh ar na saincheisteanna seo ag oíche eolais phoiblí agus déanfaidh siad chuile iarracht tuismitheoirí a chur ar a suaimhneas gur córas tairbheach é an t-oideachas dátheangach do pháistí le riachtanais speisialta oideachais éagsúla.

Beidh an ócáid seo, atá eagraithe ag Gaeloideachas i gcomhar leis an ‘Irish Research Network in Childhood Bilingualism and Multilingualism’, ar siúl i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar an 3 Bealtaine 2018 óna 7-9i.n. agus tá fáilte roimh chách.

Tá go leor buntáistí leis an oideachas lán-Ghaeilge in Éirinn do pháistí, agus le córais oideachais dátheangacha eile, ina measc cumas cumarsáide, litearthachta agus líofachta in dhá theanga, muinín agus braistint féiniúlachta níos láidre, gnóthachtáil chognaíoch agus oideachais níos fearr. Is buntáistí iad seo do gach páiste, do pháistí le riachtanais speisialta oideachais san áireamh. Faraor géar, bíonn go leor míthuiscintí maidir leis na cúrsaí seo agus mar thoradh air sin, ní fhaigheann páistí an deis tairbhe a bhaint as córas oideachais a bhfuil go leor buntáistí leis.

Tabharfaidh na saineolaithe sa réimse seo a ndearcthaí ar na ceisteanna ar oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ina measc an tOllamh Ianthi Tsimpli (University of Cambridge); an tOllamh Padraig Ó Duibhir (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath); an Dr Ciara O’Toole (Coláiste na hOllscoile Corcaigh); an Dr Maria Garraffa (Heriot-Watt University) & Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, (Príomhoide Ghaelscoil Bhaile Brigín – gaelscoil le dhá aonad neamhoird de chuid speictream an uathachais (ASD).
Tá fáilte roimh thuismitheoirí, tuismitheoirí ionchasacha, taighdeoirí, múinteoirí agus cleachtóirí gairmiúla freastal ar an ócáid. Ní gá ach clárú don ócáid atá saor in aisce ag an nasc seo thíos:

https://www.eventbrite.ie/e/bilingual-education-for-children-with-speech-language-and-communication-needs-tickets-44728154113?aff=es2

 

TEAGMHÁIL:

Bláthnaid ní Ghréacháin, Gaeloideachas 086 8050335

Francesca La Morgia, Irish Research Network in Childhood Bilingualism and Multilingualism: 0892504137

 

« Previous Page