Méid an Téacs

Lá amháin fágtha le cur isteach ar phacáiste tacaíochta don Oíche Chultúir – ná caill amach!

Meitheamh 28, 2018

A Chara,

Táim ag scríobh chugat maidir le hOíche Chultúir a bheidh ar siúl ar an Aoine 21 Meán Fómhair 2018, ó 4pm go 11pm, agus an iarracht atá ar bun againn cur le himeachtaí Gaeilge (taobh amuigh den Ghaeltacht) le linn na hOíche. Ó thosaigh muid ag plé leis seo dhá bhliain ó shin, tá méadú suntasach tagtha ar líon na n-imeachtaí Gaeilge le linn na hOíche, ó 86 i 2016 go 130 i 2017 ! Ní fhéadfaimis sin a dhéanamh gan comhpháirtíocht ó na heagrais Gaeilge thart timpeall na tíre.

Freastalaíonn thart ar 350,000 duine ar imeachtaí cultúir, oidhreachta agus ealaíon saor in aisce le linn Oíche Chultúir. Is deis í seo do ghrúpa/scoil a chur chun cinn, baill nua a mhealladh, aird a tharraingt ar bhur n-imeachtaí agus tuilleadh cairdis a chothú leis an bpobal.

Ar mhaithe leis sin, tá pacáiste tacaíochta á chur ar fáil againn d’aon ghrúpa a bheidh sásta imeacht cultúir, ealaíon nó oidhreachta a reáchtáil trí mheán na Gaeilge ar Oíche Chultúir. (Tabhair faoi deara nach féidir aon táille ar ghearradh ar dhaoine a bheidh páirteach nó a bheidh ag freastal ar imeachtaí na hoíche.) Ba chóir go dtabharfaidh an imeacht deis do chainteoirí Gaeilge níos mó úsáidte a bhaint as an nGaeilge.

Pacáiste Tacaíochta d’Oíche Chultúir:

  • Póstaeir le spás do shonraí an imeachta
  • Maoiniú airgid (uasmhéid €200, ach i gcásanna eisceachtúla) le costais an imeachta a chlúdach (ag braith ar mhaoiniú ón Roinn)
  • Poiblíocht san meáin shóisialta, Gaeilge, náisiúnta agus áitiúla

Samplaí d’imeachtaí gur féidir a reáchtáil d’Oíche Chultúir:

  • Seoltaí (Leabhair, scannáin, taispeántais)
  • Taispeántais (Ealaíon, Ceoil, Damhsa, Amhránaíochta)
  • Ceardlanna
  • Cainteanna
  • Seónna (Ceoil, drámaíochta)
  • Turais

Le leas a bhaint as an bpacáiste seo, caithfear sonraí an imeachta/na n-imeachtaí atá i gceist agat a reáchtáil a chlárú ar an bhfoirm thíos, agus má tá tú ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar an gciste airgid, caithfear sonraí measta costais a thabhairt freisin. Caithfear an fhoirm comhlánaithe  a chur ar rphost chuig Oireachtas na Gaeilge  ag majella@antoireachtas.ie faoi 5pm ar an Aoine 29 Meitheamh 2018, le bheith áirithe ar an gclár imeachtaí.

Is deis iontach í Oíche Chultúir aird a tharraingt ar na gníomhaíochtaí a bhíonn ar bun ag na heagrais Gaeilge agus mholfainn duit leas a bhaint as an deis seo agus as an bpacáiste tacaíochta atá á chur ar fáil.  Má tá aon cheist agat faoi seo, ná bíodh aon drogall ort dul i dteagmháil liom ag 087 9776852.

Le dea-mhéin,

Majella Ní Chríocháin
Oifigeach Imeachtaí & Forbairt Freastail

Breis Eolais & Foirm Chlárúcháin d’Oíche Chultúir

Seol chuig majella@antoireachtas.ie faoi 5pm Dé hAoine 29 Meitheamh 2018. Mura bhfaighidh tú rphost admhála go luath i ndiaidh d’iarratas a chur isteach, déan teagmháil arís ar rphost.

Spásairí, Banríonacha agus Ropairí ag cur na Gaeilge chun cinn i bhfeachtas nuálach fógraíochta TG4

Meitheamh 27, 2018

300x600_Caitlin 300x600_Hadfield

Tá feachtas nua, spraíúil seolta ag TG4, a bhfuil meascán de dhaoine clúiteacha páirteach ann, ina measc an bhanríon draig Panti Bliss, an spásaire Chris Hadfield, an ropaire rubair, Rubberbandit ‘Blindboy Boatclub’, réalta rugbaí na mban Sene agus an láithreoir aimsire Caitlín Nic Aoidh, agus iad ag tabhairt ugach do dhaoine an méid Gaeilge atá acu a úsáid agus a cheiliúradh. 

Cuireadh an feachtas ‘Tá Gaeilge Agam’ le chéile i gcomhpháirt leis an gcomhlacht fógraíochta as Baile Átha Cliath a bhfuil iliomad duaiseanna buaite acu, Publicis agus é mar chuid lárnach de rannpháirtíocht TG4 le ‘Bliain na Gaeilge’. Tionscnamh Rialtais atá anseo chun an Ghaeilge a chur chun cinn in 2018. 

Feachtas spraíúil, feiceálach, ilmheán é, ‘Tá Gaeilge Agam’, atá á chur i láthair i gcló, ar theilifís, ar raidió, ar líne agus ar fhógraí lasmuigh. Tá sé dírithe ar ‘Ghaeilgeoirí’ de gach leibhéal, chun iad a spreagadh leis an méid Gaeilge atá acu a úsáid, más ‘cúpla focal’ é – amhail an spásaire Chris Hadfield a bhain cáil amach le giolc as Gaeilge a sheol sé ón spás -nó má tá muid ‘líofa’, ar nós bean chumasach Thír Chonaill, Caitlín Nic Aoidh.

I dteachtaireacht tacaíochta don tionscnamh a chuir sí ar na meáin shóisialta le déanaí, deir réalta rugbaí na mban Sene Naoupu: ‘Is as an Nua Shéalainn domsa agus táim líofa i Samóis. Nuair a bhí cónaí orainn sa tSeapáin bhí mé líofa i Nihongo (Seapáinis). Agus muid inár gcónaí i Sasana, labhair muid Béarla. Dá bhrí sin, nuair a bhog muid go hÉirinn, atá mar bhaile anois againn, thum muid sinn féin i gcultúr na hÉireann agus leis sin tagann tuiscint ar an stair bhródúil agus ar an bhféiniúlacht a bhaineann leis an nGaeilge! Mar náisiún mór spóirt, is mór againn a bheith ina nÉireannaigh ach faraor ní leathnaíonn sé sin chuig bród inár dteanga’. 

Tá TG4 ag iarraidh ar dhaoine sampla Sene agus na réaltaí eile a leanúint, ‘maidir leis an ábhar ar líne, iarraimid ar dhaoine é a roinnt, an ‘twibbon’ a úsáid agus tabhairt faoin dúshlán iad féin. Is é sin, cuma cén cumas atá agat sa Ghaeilge, í a úsáid go bródúil agus go glórach, pé áit a bhfuil tú.

Deir Stiúrthóir Cruthaitheach TG4, Seán Cathal Ó Coileáin: ‘Caithfidh an Ghaeilge a bheith ábhartha, fáilteach agus éagsúil, má tá muid chun breith ar mhaidhm nua de dhaoine a bhfuil suim acu inti, ach atá faoi láthair beagán drogallach ár dteanga a labhairt. San fheachtas seo tá TG4 ag iarraidh, ar bhealach spraíúil, daoine a mhealladh chun gníomh dearfach a ghlacadh’.

Join the Campaign! Bí linn san fheachtas!

 You can find more information on the TG4 website here/Is féidir breis eolais ar shíomh gréasán TG4 anseo:

https://www.tg4.ie/tagaeilgeagam/

 Here is a link to the promotional video/Seo an nasc chuig an fhíseán bolscaireachta:   https://www.youtube.com/watch?v=N7_ZF7Ppa8I

 Why not add a Twibbon/Céard faoi Twibbon a úsáid:

Add the badge to your profile #TáGaeilgeAgam Cliceáil anseo  – http://bit.ly/TaGaeilgeAgam

Bunachar de mhúinteoirí ionaid naíonraí

Meitheamh 26, 2018

Tá Gaeloideachas ag forbairt bunachair d’ionadaithe feiliúnacha leis na cáilíochtaí cuí a bheadh ar fáil chun obair ionadaíochta a dhéanamh i naíonraí. Tuigeann muid go mbíonn dúshlán ag baint le teacht ar bhaill foirne ionaid go minic agus ba mhaith linn an bunachar seo a fhorbairt chun cabhrú le naíonraí teacht ar ionadaithe cuí go sciobtha agus go héasca.

Má tá aon mholtaí agaibh nó má tá aithne agaibh ar dhaoine feiliúnacha a bheadh sásta bheith ar an liosta seo, bheadh muid an-bhuíoch díobh as teagmháil a dhéanamh le Ciara lena gcuid sonraí teagmhála ciara@gaeloideachas.ie. Déanfar teagmháil leis na daoine molta ansin chun tuilleadh sonraí a lorg agus le cinntiú go bhfuil siad sásta bheith ar an liosta seo. Má tá múinteoir ionaid ag teastáil ó naíonra, déanfaidh siad teagmháil linn agus tabharfaidh muid sonraí na múinteoirí ionaid atá sa gceantar máguaird dóibh. Ní roinnfear an bunachar seo go poiblí.

Déan teagmháil le Ciara ciara@gaeloideachas.ie le breis eolais a fháil.

Folúntas le Gaeloideachas

Meitheamh 22, 2018

Folúntas

Riarthóir Oifige ag teastáil (Athfhógairt)

Conradh 3 bliana

Duine le sárscileanna eagrúcháin, riaracháin oifige agus cumarsáide, mar aon le hardchaighdeán labhartha agus scríofa sa Ghaeilge de dhíth.

Tuilleadh eolais agus sainchuntas poist le fáil ó foluntais@gaelscoileanna.ie

Spriocdháta le haghaidh foirm iarratais agus CV – meánlae, Dé hAoine, 6 Iúil 2018. Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.

Tá an post seo lonnaithe sa phríomhoifig i Marino, Baile Átha Cliath 9.

Scála Tuarastail: €23,107 – 38,724

Is ceanneagraíocht í Gaeloideachas atá freagrach as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn.

Eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaeloideachas.ie

 

 

Oiliúint Phraiticiúil ar na Cluichí Gaelacha faoi stiúir chóitseálaithe CLG

Meitheamh 22, 2018

CÚRSA OILIÚNA TRÍ GHAEILGE DO BHUNMHÚINTEOIRÍ

COLÁISTE CHOLMCILLE INDREABHÁN

2ú – 6ú Iúil 2018

Oiliúint Phraiticiúil ar na Cluichí Gaelacha faoi stiúir chóitseálaithe CLG, laistigh de théarmaí tagartha na Roinne Oideachais & Scileanna

Costas €50 Eolas & Áirithint :

Foirm le fáil ar : Tae & Caifé ar fáil http://www.galwayec.ie/courses-booking-forms/

Líon agus seol ar ais roimh 20 Meitheamh 2018

(091) 746000

Seirbhís Chúram Iarscoile – deis i nGaillimh

Meitheamh 19, 2018

Fáiltíonn Bord Bainistíochta Ghaelscoil Riabhach roimh chomhlachtaí/grúpaí pobail iarratais a chur isteach chugainn Seirbhís Chúram Leanaí a stiúradh ó shuíomh na scoile ó Mheán Fómhair 2018. Bheimís ag súil go mbeidh fís an chomhlachta/ghrúpa pobail ag tabhairt le fás is forbairt na seirbhíse a phleanáil is a riarú.

Riachtanais:

· Seirbhís d’ardchaighdeán ag cloí le héiteas na scoile ag feidhmniú.

· Polasaithe chúram leanaí, sábháilteachta is sláinte d’ardchumas curtha ar fáil

· Plean gnó agus taithí sa réimse oibre léirithe

Conradh 3 Bliana Spriocdháta: 29/6/18

Iarratais chuig:

An Cathaoirleach

Bord Bainistíochta

Gaelscoil Riabhach

Cois Móna

Baile Locha Riach

Co. na Gaillimhe

Nuachtlitir Chomhairle na Gaelscolaíochta – eagrán an tsamhraidh

Meitheamh 19, 2018

Léigh na scéalta is déanaí faoi earnáil an oideachais lán-Ghaeilge ó thuaidh in eagrán an tsamhraidh de nuachtlitir Chomhairle na Gaelscolaíochta anseo.

Seimineáir ar Fhéinmheastóireacht Scoile (FMS) á n-eagrú ag an SFGM

Meitheamh 19, 2018

Tá áthas ar an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí a fhógairt go mbeidh fáil ar thuilleadh seimineár foghlaim gairmiúla ar ábhar na Féinmheastóireachta Scoile (FMS) le linn Mí Mheán Fómhair 2018.

Dearadh na semineáir seo i gcomhair ‘chuile príomhoide atá ag lorg tacaíochta ina n-athghabháil don phróiséas FMS ina scoileanna.

Beidh seimineáir i nGaeilge ar fáil sna hionaid seo:

12 Meán Fómhair 2018: Óstán Vienna Woods, Corcaigh

12 Meán Fómhair 2018: Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar

14 Meán Fómhair 2018: Óstán Longfort Arms, Longfort

Tá sé mar aidhm sna seimineáir tacaíocht a thabhairt do phríomhoidí trí:

  • cuntas a thabhairt ar na hacmhainní agus ar na straitéisí éagsúla atá ar fail dóibh i mbun athghabhála do phróiséas na FMS.
  • Iniúchadh a dhéanamh ar Threoirlínte FMS 2016 – 2020 agus ar Ag Breathnú ar an Scoil Againn 2016: Creat Cáilíochta do Bhunscoileanna chun tacaíocht a thabhairt don athghabháil seo leis an bpróiséas FMS.
  • cuntas a thabhairt ar uasdátuithe polasaithe chuí
  • deiseanna a thabhairt do rannpháirtithe iniúchadh a dhéanamh ar phróiséas na FMS ag baint úsáide as samplaí praiticiúla, chomh maith le deiseanna a sholáthair cleachtais a roinnt le ceannairí scoile eile.

Chun áit a chur in áirithint clicéail ar an nasc chun áit a chinntiú in ionad atá feiliúnach duit:

http://pdst.ie/node/6449

Iarrtar ar rannpháirtithe  cóipeanna de Treoirlínte Feinmheastóireachta Scoile 2016 – 2020 agus de Ag Breathnú ar an Scoil Againn 2016, Creat Cáilíochta do Bhunscoileanna a thabhairt leo do na seimineár.

Nóta: Ceadóidh An Roinn Oideachais agus Scileanna ionadaíocht más gá do Phríomhoidí Teagaisc a bhéas ag freastal ar an seimineár seo. Cuirfear liúntas taistil ar fail do rannpháirtithe. Cuirfear lón ar fáil ar an lá freisin. Seimineár lae ó 9.15am go 3.30pm a bhéas i gceist.

 

Folúntais leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM/NCCA)

Meitheamh 13, 2018

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM/NCCA) ag earcú. Is mian leis an CNCM Oifigigh Oideachais bhreise a earcú don Oideachas Bunscoile agus Iar-bhunscoile sna réimsí seo a leanas:

 ▪      Teanga, Bunscoil (Gaeilge)

 ▪      Gaeilge (Iar-bhunscoil)

 ▪      Nuatheangacha Iasachta (Bunscoil agus Iar-bhunscoil)

 ▪      Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) agus Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) (Bunscoil agus Iar-bhunscoil)

 Gach eolas ar fáil ar ncca.ie  

 Spriocdháta: 12in, Dé Céadaoin, 20 Meitheamh 2018.

 

Folúntas: Naíonra Safari, Baile Átha Cliath

Meitheamh 13, 2018

Tá deis buan fostaíochta ar fáil sa seomra Naíonra san ionad cúraim leanaí ag Ceathrú Theas Heuston, Baile Átha Cliath 8.
 
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cian le breis eolais a lorg nó le hiarratas a dhéanamh powellcian74@gmail.com

Next Page »