Méid an Téacs

Cosain COGG!

Nollaig 13, 2011

Tá sé tagtha chun solais go bhfuil tagairt do COGG i bplécháipéis rialtais maidir le bealaí eile  le hairgead a shábháil. Tá COGG luaite mar eagraíocht a d’fhéadfaí a scor nó a chur isteach sa Roinn Oideachais. Bheadh sé an-thromchúiseach do na scoileanna lán-Ghaeilge dá mbeadh bagairt nó baol ann do COGG agus a cuid seirbhísí riachtanacha. Leagtar amach sa bhileog an éifeacht mharfach a bheadh ag cinneadh dá leithéid. Tapaígí an deis cur i gcoinne an mholadh seo agus labhair le Teachtaí Dála agus Oifigigh na Roinne Oideachais ag gach deis.

Má chuirtear i bhfeidhm moladh an Láraonaid Meastóireachta Caiteachais deireadh a chur le COGG nó COGG a chur isteach sa Roinn Oideachais agus Scileanna, ní bheidh fáil níos mó ag bunscoileanna & iarbhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ar:

  • Téacsleabhair i nGaeilge, seachas iad siúd a chuireann an Gúm ar fáil
  • Bunachar ar líne na n-áiseanna teagaisc
  • Leabhrán eolais áiseanna agus acmhainní teagaisc
  • Seirbhísí eolais COGG, an suíomh gréasáin agus an taispeántas taistil ina measc
  • Nótaí agus ábhar tacaíochta eile do mhúinteoirí agus do dhaltaí
  • Leagan Gaeilge de théacsleabhair Tionscadal Mata
  • Leaganacha Gaeilge de Thriailscrúduithe na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh
  • Cairteacha balla, póstaeir, léarscáileanna, cruinneoga, agus a leithéid
  • Dáileachán ar an iris Breacadh
  • Dianchúrsaí Gaeilge do mhúinteoirí scoileanna
  • Gaeltachta agus lán-Ghaeilge
  • Ceardlanna múinteoirí
  • Ionadaíocht thar ceann na scoileanna leis an Roinn
  • Oideachais agus Eolaíochta, CNCM agus áisíneachtaí eile
  • Fóram trí Ghaeilge ar líne do mhúinteoirí
  • Ábhar ar líne don ghairmthreoir, don eolaíocht agus do na meáin dhigiteacha
  • Taighde ar ábhar a bhaineann le hoideachas Gaeltachta agus teagasc trí Ghaeilge

Bileog Eolais COGG

Nollaig Shona ó GAELSCOILEANNA TEO.

Nollaig 13, 2011

Trealamh ríomhaireachta ar fáil saor in aisce!

Nollaig 13, 2011

Tá trealamh ríomhaireachta ar fáil saor in aisce ó oifig GAELSCOILEANNA TEO. d’aon scoil gur mian leo é. Ar fáil tá:

  • 2 ríomhaire Fujitsu Siemens le Microsoft XP Pro orthu (iad dara-láimhe ach athchóirithe)
  • 2 mhéarchlár
  • 2 luchóg
  • Printéir dubh & bán HP Laserjet 2200D

Ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn anseo san oifig más suim le do scoil aon chuid den trealamh thuas, 01 8535195 nó oifig@gaelscoileanna.ie.

Deireadh le Tionscadal na Nuatheangacha sna Bunscoileanna fógartha sa Cháinaisnéis

Nollaig 8, 2011

Tuairiscíodh faoi mholadh an rialtais sa cháinaisnéis deireadh láithreach a chur le Tionscadal na Nuatheangacha sna Bunscoileanna.  Mar a thuigfeá, bhain an cinneadh seo geit asainn, go háirithe agus é ag teacht ag deireadh bliana inar gabhadh comhghairdeas linn ag gach cruinniú a bhí againn leis an ROS as na coigiltí SUNTASACHA atá déanta againn i dteannta le seirbhísí iontacha d’ardchaighdeán a chur ar fáil.

Tacaíonn Tionscadal na Nuatheangacha sna Bunscoileanna, (le bun-fhoireann de seisear), le múineadh na nuatheangacha i níos mó ná 550 scoil fud fad na hÉireann. Cuirimid traenáil, acmhainní agus tacaíocht scoil-bhunaithe ar fáil, anuas ar dheontais do 300 múinteoirí a thagann ó thíortha iasachta leis an gclár a chur chun cinn ar bhonn uile-Éireannach. Déanaimid seo go léir le buiséad faoi €2 mhilliún, ní an €2.5 milliún atá luaite go hearráideach i ndoiciméid na cáinaisnéise.

I dtéarmaí polasaí, táimid cheana féin blianta taobh thiar d’ár gcuid ceangaltais faoin Aontú Barcelona agus an Straitéis Liospóin – d’iarr na haontaithe seo go mbeadh na córais chuí i bhfeidhm le luath-fhoghlaim na dteangacha a éascú faoi 2010. Níos aistí fós, dhaingnigh gach tír san Aontas Eorpach, Éire ina measc, na moltaí i SAMHAIN 2011,moltaí a gheall ár n-iarrachtaí Aontú Barcelona a chur i bhfeidhm a neartú agus a mhéadú (is féidir léamh faoi anseo).

I mí Dheireadh Fómhair na bliana seo, d’eisigh Acadamh Ríoga na hÉireann Straitéis Náisiúnta do Theangacha a mhol “go gcomhcheanglófaí Tionscadal na Nuatheangacha sna Bunscoileanna isteach sa ghnáth-churaclam, mar a mhol an Sain-ghrúpa ar Riachtanais Scileanna don Todhchaí (2005) agus doiciméid Polasaí Próifíle de chuid na Comhairle Eorpaigh (2008), seachas an tionscadal a theorannú  d’am seach-churaclaim agus do roinnt scoileanna”.  Luann Straitéis an Acadaimh tuairisc ón Roinn do Phoist, Fiontar agus Nuálaíochta a deir “déanann an tuairim forleathan ach mícheart ‘gur leor an Béarla’ an-dochar do mhórghníomhartha agus uaillmhian ilteangach na dtíortha Eorpacha nach bhfuil an Béarla mar mháthair-theanga acu. Tagraíonn an straitéis agus tuairisc is déanaí de chuid na Roinne do Phoist, Fiontar agus Nuálaíochta don dúshlán is mó atá romhainn amach anseo “a bheith go fírinneach ilteangach mar shochaí, áit a dhéanfar talamh slán do chumas dá nó trítheangach na ndaoine agus go gcothaítear sin tríd an gcóras oideachais agus tríd an oideachais fad-saoil”.

Conas ar féidir seasamh leis an gcinneadh seo sa tréimhse eacnamaíochta dhúshlánach seo?  Caillfidh an córas oideachais níos mó ná 14 bliain de thaithí agus cuirfear glúin iomlán páistí faoi mhíbhuntáiste mór agus iad ag dul in iomaíocht le haghaidh post leis an gcuid eile den Eoraip. Mar thoradh ar an gcinneadh seo, ní bheidh fáil ag an ngnáth-pháiste ar na Nuatheangacha, breiseán don ard-aicme, a bhfuil na hacmhainní acu le híoc astú a bheidh iontu – ‘sé sin le rá, filleadh ar chás 20 bliain ó shin. Anuas air seo, beidh níos mó ná 300 múinteoir dífhostaithe.

Tá súil againn gur féidir le d’eagraíocht an saincheist seo a nochtadh le bhur mbaill agus iarraimid oraibh, ar bhur bhfoireann agus ar bhur dtuismitheoirí teagmháil a dhéanamh leis an TD áitiúil, le hoifig an Aire agus leis na meáin chumarsáide leis an gcás láidir chun an tionscadal seo a choinneáil agus a chaomhnú a dhéanamh.

– ráiteas ón MLPSI

Comhdháil GAELSCOILEANNA TEO. 2011 – Ábhar ó na Ceardlanna ar líne

Nollaig 7, 2011

Bhí an-rath ar Chomhdháil Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO. 2011 a reáchtáladh sa Tulach Mhór ar an 25 agus 26 Samhain 2011. Deis iontach a bhí sa chomhdháil seo múinteoirí, príomhoidí, tuismitheoirí, eagraíochtaí Gaeilge agus pobal na háite a tharraingt le chéile, agus tá grianghraif den ócáid sa ghailearaí.

Tá ábhar ó na ceardlanna á fhoilsiú againn anseo, níl ábhar ann ó gach ceardlann ach beimid ag cur leis an liosta de réir a chéile, mar sin bí cinnte agus súil a choimeád ar an leathanach sin den suíomh.

D’fháilteoimis go mór roimh aiseolas i leith na Comhdhála. Is féidir na foirmeacha aiseolais a scaipeadh ag an gComhdháil a sheoladh chugainn sa phost (GAELSCOILEANNA TEO., Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9) nó is féidir an fhoirm a líonadh amach ar líne.Táimid cheana féin i mbun pleanála do Comhdháil 2012, mar sin tapaígí an deis ionchur a bheith agaibh sa phróiseas!

Scléip 2012 – bígí linn!

Nollaig 7, 2011

Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán Ghaeilge agus Gaeltachta. Thosaigh Scléip sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith.  Is é príomhaidhm an chomórtais ná daltaí na niar-bhunscoileanna a spreagadh le Gaeilge a úsáid i réimsí éagsúla de na healaíona trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i gcomórtas spreagúil agus spéisiúil.

I mbliana, ba mhaith linn an comórtas a fhorbairt agus béim níos mó ná riamh a chur ar chruthaitheacht agus cumadóireacht na rannpháirtithe. Cuirfear béim ar leith i gcomórtas 2012 ar na healaíon nua-aimseartha – ba mhaith linn dúshlán a chur roimh na ndaltaí agus deis a thabhairt dóibh ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus drámaíocht nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.

Beidh an comórtas roinnte i 6 rannóg éagsúla, le duais sóisir agus sinsir le bronnadh i ngach rannóg agus Gradam Scléip don duine nó don ghrúpa is fearr san iomlán. Beidh deis ag cách dul san iomaíocht sna babhtaí réigiúnacha i ngach cúige agus roghnófar an tallann is fearr le dul ar aghaidh ag an gcraobh ceannais. Tionólfar na babhtaí réigiúnacha i mí Feabhra Márta agus reáchtálfar an craobh ceannais ag deireadh mí Márta. Is é an dáta deiridh d’iarratais i mbliana ná an 16 Nollaig, 2011.

Tá dátaí agus ionaid Scléip 2012 thíos:

Laighean
Axis Theatre, Baile Átha Cliath, 20 Feabhra
Mumhan
Firkin Crane Theatre, Corcaigh, 22 Feabhra
Uladh
Cultúrlann Uí Chanáin, Doire, 29 Feabhra
Connacht
Town Hall Theatre, Gaillimh, 2 Márta

Is féidir rialacha an chomórtais a léamh anseo, agus an fhoirm iontrála a líonadh amach anseo.

Tá bróisiúr an chomórtais le híoslódáil anseo: Bróisiúr Scléip 2012

Caighdeán an Bhéarla agus an Mhata sna scoileanna lán-Ghaeilge os cionn an mheáin náisiúnta

Samhain 28, 2011

D’fháiltigh GAELSCOILEANNA TEO. roimh fhógairt an Fhorais Taighde inniu gur léirigh torthaí na dtástálacha náisiúnta ar chaighdeán an Bhéarla agus an mhata sna bunscoileanna lán-Ghaeilge go bhfuil siad i bhfad os cionn an mheáin náisiúnta. Ag labhairt ag Comhdháil Bhliantiúil agus Oideachais 2011 a d’oscail inniu ar an Tulach Mhór, dheimhnigh príomhthaighdeoir an Fhorais Taighde, an Dr. Shiel gurb é seo an chéad uair riamh a rinneadh tástálacha ar fhurmhór na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta mar aonad samplach iontu féin ar ghnóthachtáil sa Bhéarla agus sa mhata. Daingníonn na dea-thorthaí seo torthaí ó thaighde dhúchasach neamhspleách eile atá déanta in Éirinn agus tagann siad le dea-thorthaí an tumoideachais ar bhonn idirnáisiúnta.

Tagann na dea-thorthaí seo sna sála ar thaighde an NCE-MSTL (an Lárionad Sármhaitheasa i bhFoghlaim agus Teagasc an Mhata agus an Eolaíocht) a léiríonn go bhfuil buntáistí trí chur chuige an dátheangachais i gceist don pháiste i bhfoghlaim an mhata in Éirinn.   Príomhfhócas na Comhdhála 2011 ná an Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta i gcomhthéacs na scoileanna lán-Ghaeilge, le ceardlanna, plé agus díospóireacht thar an dá lá ar na straitéisí is éifeachtaí le barrfheabhas a bhaint amach ar chaighdeán reatha na scoileanna agus an tionchar nach beag a imríonn sé ar an iar-bhunleibhéal agus ar an nGaeilge sa tríú leibhéal.

D’oscail an tAire Stáit Oiliúna agus Scileanna, Ciarán Cannon an Chomhdháil dar téama Ag Saibhriú Saol Páistí go hoifigiuil.  Ag labhairt ar maidin, thréaslaigh an tAire pobal na scoileanna lán-Ghaeilge, Gaeltachta agus a bpáirtithe leasmhara as na dea-thorthaí atá foilsithe agus á léiriú trí an chóras tumoideachais. Thug sé aitheantas do thábhacht na scoileanna lán-Ghaeilge agus d’obair na múinteoirí, a chinntíonn go mbíonn ard inniúlacht sa Ghaeilge ag foghlaimeoirí. D’aithin an tAire éileamh suntasach an phobail ar oideachas trí mheán na Gaeilge ag gach leibhéal agus thréaslaigh sé GAELSCOILEANNA TEO. as a bheith ceannródaíoch san obair seo ag spreagadh tuismitheoirí, ag poibliú buntáistí an dátheangachais agus ag tacú le soláthar ar ardchaighdeán.

D’fháiltigh Uachtarán na heagraíochta, Mícheál Ó Broin roimh an aitheantais seo, “fáiltímid go mór roimh na ráitis ar thábhacht na hearnála oideachais lán-Ghaeilge, agus ar ról GAELSCOILEANNA TEO.  san obair luachmhar seo agus táimid an-bhuíoch den Aire as a bheith i láthair don ócáid seo. Aithnímid, áfach, go bhfuil impleachtaí an-mhór ann don earnáil leis an ngéarchéim eacnamaíochta. Táimid ag troid i gcoinne constaicí leanúnacha. Aithnímid ar fad go bhfuil srian ar an Roinn ó thaobh caiteachais ach impím ar an Roinn agus ar an Aire inniu gan an ghéarchéim a úsáid mar cheap milleáin chun sleamhnú as a ndualgais agus gealltanais i leith forbairt na gaelscolaíochta. Níl uainn ach cothrom na féinne dár bpáistí agus dár scoileanna.”

Thréaslaigh Ó Broin leis an slua de 300 duine ó phobal uile na scoileanna ag an mbunleibhéal agus an iar-bhunleibhéal lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht as na dea-thorthaí a léirigh an Dr. Shiel. Thug sé aitheantas don bhrú breise atá ar scoileanna, go háirithe le bliain anuas leis an laghdú sa cóimheas agus an méadú sna ranganna dá bharr. “In ainneoin na gcúinsí fíor-dhúshlánacha seo tá cruthúnas againn ar sár-obair, díograis agus cumas na scoileanna agus sár-éifeacht an chórais tumoideachais mar chóras oideachais.”

Ag labhairt faoi mhana na Comhdhála Ag Saibhriú Saol Paistí deir sé “roghnaíomar an mana seo mar go  ndeimhníonn na torthaí nua seo agus na torthaí leanúnacha ó na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta go bhfuil saol na bpáistí á saibhriú tríd agus de thoradh an chórais tumoideachais. Táimid an-bhródúil as go meallann agus go bhfreastalaíonn na scoileanna lán-Ghaeilge ar pháistí ó gach cúlra sóisialta, eacnamaíochta agus acadúil. ”

Chuir Ó Broin fáilte ar leith roimh Phríomhfheidhmeannach an Choimisiún um Chearta an Duine a labhair ag fáiltiú na Comhdhála faoi pholasaithe iontrála scoile, éagsúlacht agus iolrachas sa chóras oideachais, agus rochtain ag tuismitheoirí ar an ngaelscolaíocht ag an dá leibhéal i gcomhthéacs cearta an duine.

Ghabh Ó Broin buíochas mór le rannpháirtithe na Comhdhála ó gach cearn den oileán agus chuir sé fáilte ar leith roimh rannpháirtithe an tuaiscirt agus na Gaeltachta. Deir sé “níl aon cheist ach go mbaineann rath na Comhdhála  2011 leis an tiomantas don fhoghlaim leanúnach atá sna scoileanna d’fhonn a chinntiú go leanfar ag cur ardchaighdeán oideachais ar fáil do na páistí.”

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.

« Previous Page