School’s farewell events open to all
Meitheamh 19, 2012
Chess players make all the right moves
Meitheamh 18, 2012
Dialann na hArdteiste – An cúlscéal de réir dalta mheánscoile
Meitheamh 14, 2012
Sa phíosa seo déanann dalta meánscoile Cathal Ó Céilleachair as Corcaigh cur síos ar an mbealach a ndeachaigh sé i ngleic le scrúdú Gaeilge na hArdteiste i mbliana.
Bhí mé lán sásta leis an scrúdú Gaeilge i mbliana, shíl mé nach raibh sé ró-dhúshlánach.
Tháinig deacracht nó dhó chun cinn dar ndóigh. Táim ag ceapadh gur éirigh go maith liom sa chluastuiscint i bPáipéar 1 ach amháin i gcás na logainmneacha – níor aithin mé cuid de na háiteanna a luadh. Rud beag é seo is dócha ach bheadh sé go deas dá mbeadh gach rud ar eolas agam!
Bhí an scéal céanna i gceist leis an gcuid eile den pháipéar. Roghnaigh mé aiste a scríobh faoin teideal “Éire: Tír oscailte fháilteach í”. Tá neart ar féidir scríobh ar an ábhar sin agus bhraith mé go raibh mé breá ullmhaithe ina thaobh. Bhí rogha eile ann maidir le coiriúlacht in Éirinn ach níor thaitin sé sin liom, agus sheachain mé mar sin é.
Níor baineadh geit ar bith asam agus mé ag tabhairt faoi Pháipéar 2, buíochas le Dia. Bhí mé lán sásta leis an dá léamhthuiscint, d’fhreagair mé na ceisteanna ceart go leor agus ansin bhí orm ainmfhocal agus briathar saor a aimsiú sa téacs rud nár bhraith mé a raibh dúshlánach.
Bhí áthas orm a fheiceáil go raibh an scéal a bhí ullmhaithe agam, “Hurlamaboc” ar an bpáipéar. Bhí mé tar éis ceist a fhreagairt ar an scéal sin sa réamhscrúdú a bhí agam, agus mar sin bhí tuairim agam maidir leis an gcineál freagra a bhí de dhíth orm. Is dócha gur buntáiste a bhí ansin. D’fhreagair mé ceist eile ar an saol nua aimseartha agus bhí sí sin éasca go leor.
Ina dhiaidh sin, thug mé faoin gceist ar “An tEarrach Thíar”. Ceapaim gur thug mé freagra breá air sin. Lean ceist eile í maidir le fuaimeanna agus leis na híomhánna a úsáideann an file chomh maith le ceist ar shaol an fhile féin.
Ar deireadh d’fhreagair mé an cheist ar an dráma “An Triail”. Thaitin an cheist shuimiúil seo liom a bhain le mná agus le fimíneacht sa drama. Dar liom tugadh deis do dhaoine sa cheist seo a gcumas cruthaitheach a léiriú. Bhí mé críochnaithe le litríocht na hArdteiste ansin agus níorbh fhada go raibh mé críochnaithe le Gaeilge na hArdteiste!
Ar an iomlán bhí mé féin agus mo chairde lán sásta le hábhair na scrúduithe i mbliana. N’fheadar an raibh baint aige sin lenár gcumas Gaeilge toisc muid a bheith ag freastal ar Ghaelscoil. Bhí na páipéir sách cothrom agus mar a dúirt mé, níor baineadh geit ar bith asam. Is dócha go raibh buntáiste agam sa chéad áit de bharr go n-úsáidim an Ghaeilge ar bhonn laethúil agus go bhfuil cleachtadh agam ar uirlisí na teanga.
Foilsithe ar Gaelport.com
Exam Diary: Irish a thorn in my side, but I love it
Meitheamh 13, 2012
Olympic effort required but second Irish test ‘ fair’ to all
Meitheamh 13, 2012
Tricky higher-level questions ‘not contemporary enough’
Meitheamh 13, 2012
Sports themes feature strongly in Irish exams
Meitheamh 13, 2012
Dul chun cinn na Gaelscolaíochta
Meitheamh 13, 2012
Beidh cruinnithe eolais á reáchtáil ag An Foras Pátrúnachta agus Gaelscoileanna Teo., ag deireadh na míosa seo le gaelscoileanna nua na príomhchathrach a phlé.
Tionólfar cruinniú sa Chéim, Baile Átha Cliath 18, agus Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24, le gach eolas a chur ar fáil do mhuintir na gceantar sin sula n-osclófar na scoileanna, faoi phátrúnacht An Fhorais Pátrúnachta, i mí Mheán Fómhair 2013.
Beidh an dá ghaelscoil mar chuid den scéim a d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, i mí an Mhárta na bliana seo, inar fógraíodh 16 bhunscoil nua ar fud na tíre sa bhliain 2012-2013, agus ceithre ghaelscoil ina measc.
Maraon leis na gaelscoileanna sa Chéim agus i dTamhlacht a osclóidh an bhliain seo chugainn, bunófar gaelscoil nua i gCnoc na Cathrach, Gaillimh, i 2013 agus osclóidh Gaelscoil Chuilinn i Mulach Eadrad, Baile Átha Cliath, i mí Mheán Fómhair 2012.
Léirigh Daonáireamh na bliana 2011 go bhfuil ardú 7.1% ar líon na gcainteoirí Gaeilge in Éirinn, rud a chiallaíonn go bhfuil éileamh an phobail ar ghaelscoileanan áitiúla ag méadú. Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Fhorais Pátrúnachta go “gcuirfidh na Gaelscoileanna nua go mór leis na ceantair agus go sásóidh siad an t-éileamh láidir atá ann don oideachas lán-Ghaeilge”.
Beidh na cruinnithe poiblí ar siúl ag deireadh mhí an Mheithimh le gach eolas a chur ar fáil do dhaoine áitiúla, tuismitheoirí agus daoine ar mhian leo cúnamh a thabhairt le linn bhunú na scoileanna. Beidh deis ag tuismitheoirí a bpáistí a réamhchlárú agus beidh ionadaithe i láthair ón dá eagraíocht, An Foras Pátrúnachta agus Gaelscoileanna Teo., le ceisteanna a fhreagairt agus buntáiste na gaelscolaíochta a phlé.
Reáchtálfar cruinniú an Céime ar an Máirt, 26 Meitheamh 2012 in Óstán Bewley’s, An Pháirc Láir, Baile na Lobhar, BÁC 18 ag 8.00pm.
Beidh an chéad chruinniú poiblí eile ar siúl ar an gCéadaoin, 27 Meitheamh 2012, sa Maldron Hotel, Bealach Bhaile an Fhaoitigh (N81), Tamhlacht, BÁC 24 ag 8.00pm ag a bpléifear gaelsocil nua Theach na Giúise/An tSeanbhábhúin.
Tá fáilte roimh chách chuig an dá chruinniú.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Caitríona Bairéad, 01-6294110, caitriona@foras.ie; nó Clare Spáinneach 01- 853 5193; cspainneach@gaelscoileanna.ie.
Widely divergent views on fairness of questions
Meitheamh 13, 2012
Teacher views on both levels mixed
Meitheamh 13, 2012