Cúig cheanneagraíocht nua roghnaithe ag Údarás na Gaeltachta don phleanáil teanga
Bealtaine 17, 2016
Tá cúig cheanneagraíocht Ghaeltachta eile roghnaithe ag Údarás na Gaeltachta le dul i mbun pleananna teanga sa Ghaillimh, i Maigh Eo, i nDún na nGall agus sa Mhí.
Réiteoidh na cúig cheanneagraíocht sin plean teanga do na Limistéir Pleanála Teanga (LPT) atá faoina gcúram. Tá dhá bhliain anois ag na heagraíochtaí an plean a réiteach dá gceantar féin.
Ceadaíodh maoiniú idir €20,000 agus €40,000 do gach eagraíocht chun tacú leo san obair atá le déanamh acu.
Tá 18 ceanneagraíocht ag obair i gcomhar leis an Údarás agus le grúpaí pobail le pleananna teanga a réiteach agus 27 ceanneagraíocht ar fad a bheas ann.
Tá an tÚdarás ag súil go mbeidh fógraí á ndéanamh go luath maidir leis na limistéir eile agus beidh siad ag lorg iarratas ó eagraíochtaí ar suim leo tabhairt faoi phleananna teanga sna ceantair sin nach bhfuil ceanneagraíochtaí ainmnithe iontu fós.
Na ceanneagraíochtaí nua:
Comhar Caomhán Teo: Oileáin Árann
Gaeilge Iorrais: Maigh Eo Thuaidh (Ceantar Iorrais)
Comharchumann Ráth Cairn Teo: Ráth Chairn agus Baile Ghib
Céim Aniar Teo: Tuaisceart Dhún na nGall (ceantar Fhánada agus Gleann Bhairr, Ros Goill agus An Tearmann
Comharchumann Thoraí Teo: Toraigh
Rialacháin Nua do Sheirbhísí Luathbhlianta sínithe ag Dr. James Reilly, an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige.
Bealtaine 5, 2016
Foilsíodh na Rialacháin nua do Sheirbhísí Luathbhlianta inné (4ú Bealtaine 2016), agus beidh siad ag teacht i bhfeidhm ar bhonn céimnithe ón 30ú Meitheamh 2016.
Seo thíos achoimre ar chuid de na príomhathruithe atá leagtha síos sna Rialacháin seo:
Clárúchán:
De réir Acht 2013, cuireadh ceanglas ar sheirbhísí luathbhlianta clárú le Tusla sular tugadh cead dóibh oscailt. Sna Rialacháin nua, leagtar síos nósanna imeachta Tusla agus measúnacht á déanamh acu ar sheirbhísí nua réamhscoile, mar aon leis na doiciméid agus polasaithe éagsúla atá le soláthar ag seirbhísí ionchasacha lena gcuid iarratas. Sula ndéanfar cinneadh i dtaobh clárúcháin, tabharfaidh ball foirne ó Tusla cuairt ar an tseirbhís le cinntiú go bhfuil an foirgneamh oiriúnach le seirbhís luathbhlianta a lonnú ann.
Cáilíochtaí:
De réir na Rialachán nua, caithfidh gach ball foirne atá ag plé go díreach leis na páistí cáilíochtaí sa chúram agus oideachas na luath-óige ag leibhéal a 5 de réir an Creat Náisiúnta Cáilíochtaí a bheith bainte amach acu, nó cáilíochtaí eile atá aitheanta bheith comhionann leis seo. Tiocfaidh an t-athrú seo i bhfeidhm do sheirbhísí úrnua ar 30ú Meitheamh 2016, agus do sheirbhísí reatha ar 31ú Nollaig 2016.
Bainistíocht:
De réir na Rialachán nua, caithfidh seirbhísí luathbhlianta a léiriú go bhfuil struchtúr soiléir bainistíochta i bhfeidhm acu, agus go bhfuil gach ball foirne ar an eolas faoina gcuid freagrachtaí agus faoin ról faoi leith atá acu féin sa tseirbhís. Maítear gur chóir maoirseacht chuí a dhéanamh ar bhaill foirne agus go gcuirfear traenáil ar fáil dóibh de réir mar is gá (traenáil i dtaobh pholasaithe agus nósanna imeachta na seirbhíse san áireamh)
Tá sé de dhualgas ar an soláthraí seirbhíse cinntiú go ndéanfar Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána ar gach ball foirne agus go bhfuil nósanna imeachta láidre acmhainní daonna i bhfeidhm chun baill foirne nua a earcú agus teistiméireachtaí a lorg uathu agus iad a scrúdú go mion.
Tá Creat Cáilíochta agus Rialála á fhorbairt ag Tusla faoi láthair d’fhonn cabhrú le seirbhísí luathbhlianta dul i ngleic leis na Rialacháin nua seo agus tá Gaelscoileanna Teo. ag plé go leanúnach leo maidir leis, in éineacht le baill an Chomhar Náisiúnta Deonach um Chúram Leanaí, na coistí cúram leanaí agus eile. Má tá seirbhís luathbhlianta faoi do chúram, cuirfidh Gaelscoileanna Teo. fáilte roimh aon aiseolas maidir leis na Rialacháin seo ar an ríomhphost chuig clare@gaelscoileanna.ie le go gcuirfí faoi bhráid Tusla é.
Tá preasráiteas an Aire le fáil ar shuíomh Tusla agus is féidir na Rialacháin a íoslódáil anseo http://www.dcya.gov.ie/documents/publications/20160504EarlyYearsRegs2016.pdf
(English) The Gaeltacht must be broken and remade to save Irish
Aibreán 27, 2016
Seoladh leabhar “Beartas Úr na nGael” faoi thodhchaí na teanga
Aibreán 27, 2016
FÍSEÁN: Scannán ‘LEGO’ a insíonn scéal 1916 i nGaeilge curtha ar fáil
Aibreán 27, 2016
http://tuairisc.ie/fisean-scannan-lego-a-insionn-sceal-1916-i-ngaeilge-curtha-ar-fail/
‘Athchóiriú iomlán’ le déanamh ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta roimh dheireadh na bliana
Aibreán 25, 2016
Tá súil ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh “athchóiriú iomlán” déanta acu ar struchtúr bainistíochta na heagraíochta roimh dheireadh na bliana seo.
Rinneadh athbhreithniú neamhspleách ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta le linn na bliana 2015.
Ba í Roinn na Gaeltachta a d’fhostaigh an comhlacht Public Affairs Ireland le hathbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta.
Deirtear sa tuarascáil neamhfhoilsithe gur cheart straitéis a fhorbairt don Údarás a chinnteodh go mbeadh an fhoireann ag cur le chéile mar is ceart agus go mbainfí leas as na buanna is mó atá ag baill foirne.
Moltar sa tuarascáil struchtúr nua a thabhairt isteach a bheadh ag cur leis na dualgais is mó atá ar an eagraíocht sna réimsí ‘Fiontraíocht agus Fostaíocht’, ‘Pleanáil Teanga agus Forbairt Pobail’, agus ‘Rialachas Corparáideach’.
Luaitear i dtéarmaí tagartha na tuarascála na scileanna agus an taithí is gá a bheith ag baill foirne le go bhféadfadh an tÚdarás a cuid cuspóirí a bhaint amach. Moltar iontu chomh maith go mbeadh cur síos beacht, cruinn ar phostanna sinsearacha agus iad á bhfógairt i dtreo is gur féidir iarratasóirí a mheas mar is ceart agus na daoine is fearr a fháil amach anseo.
Thug Aire Stáit na Gaeltachta le fios i bhfreagra ar cheist Dála go raibh cur i bhfeidhm mholtaí an athbhreithnithe pléite anois ag an Roinn agus an tÚdarás.
“Sa chomhthéacs sin, tuigim ón Údarás go bhfuil tús curtha acu le déanaí le cur i bhfeidhm na moltaí sin agus go bhfuil sé mar sprioc acu go mbeidh moltaí na tuarascála curtha i bhfeidhm go hiomlán roimh dheireadh na bliana seo. Ar ndóigh, tuigfidh an Teachta go bhfuil an príomhchúram maidir leis an bpróiseas seo ar Phríomhfheidhmeannach agus ar Bhord an Údaráis,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh agus é ag freagairt ceist Dála a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív air.
www.tuairisc.ie
Líon na ndaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge méadaithe ó 7,000 in 2004 go dtí 19,000 in 2014
Aibreán 25, 2016
Mhéadaigh líon na ndaltaí meánscoile a fuair díolúine ón nGaeilge ó 20,000 in 2004 go dtí 32,000 in 2014.
7,000 dalta meánscoile a fuair díolúine ón nGaeilge in 2004 mar go raibh míchumas foghlama orthu, agus 19,000 duine a fuair a leithéid de dhíolúine in 2014.
De réir taighde nua a rinne an ESRI agus a bhfuil tuairisc faoi ar an Irish Times ar maidin, measann daltaí meánscoile gurb í an Ghaeilge an t-ábhar ‘is deacra’ acu.
De réir eolais a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise anuraidh, rinne 62% de na daltaí Ardteiste a fuair díolúine ón nGaeilge le trí bliana anuas staidéar ar theanga eile seachas an Béarla
Le trí bliana anuas fuair 6,111 dalta Ardteiste díolúine ón nGaeilge agus rinne 3,791 duine acu sin staidéar ar theanga nó ar theangacha eile nach Béarla iad, ina measc an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis agus eile.
Anuas air sin, tháinig méadú beagnach 5% ar líon na ndaltaí Ardteiste a fuair díolúine ón nGaeilge idir 2011 agus 2014. 1,997 duine a fuair díolúine sa scoilbhliain 2011/12 agus 2,088 duine a fuair díolúine sa scoilbhliain 2013/14.
Tháinig méadú freisin ar líon na ndaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge ach a rinne staidéar ar theanga eile – ó 1,237 sa bhliain 2011/12 go 1,272 sa bhliain 2013/14.
Tosaíodh ag caint ar athbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge sa Roinn Oideachais ag deireadh na nóchaidí, breis agus cúig bliana dhéag ó shin.
Nuair a rinne Tuairisc.ie iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) in 2014 ar dhoiciméid a bhaineann leis an athbhreithniú sin, cuireadh in iúl nárbh ann do cháipéisíocht ar bith a bhain le hábhar agus go gcaithfí diúltú don iarratas dá réir.
Thug an Roinn Oideachais le fios do Tuairisc.ie nach raibh aon chomhfhreagras, plépháipéir, meamraim, miontuairiscí ná cáipéisíocht eile faoi cheist díolúine na Gaeilge ina seilbh.
Dúradh nárbh ann do dhoiciméid ar bith a measadh a bheith bainteach leis an scéal.
www.tuairisc.ie
(English) Gaelscoil Moshíológ reach finals of Waltons National Music Competition
Aibreán 25, 2016
(English) First Irish language alarm system is launched
Aibreán 25, 2016
Gan aon chinneadh fós faoi fhoilsiú ná feidhmiú na moltaí oideachais Gaeltachta
Aibreán 22, 2016
Níl cinneadh déanta ag an Roinn Oideachais faoi cén uair a fhoilseofar an polasaí nua don oideachas Gaeltachta agus níl aon chinneadh déanta maidir cén uair a gcuirfear an polasaí nua i bhfeidhm.
Bhíothas ag súil anuraidh, nuair a foilsíodh na moltaí don pholasaí nua, go gcuirfí i bhfeidhm é ag tús na scoilbhliana 2016 – i gceann ceithre mhí.
Dúirt Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG ag Comhdháil Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga an mhí seo caite, áfach, nach raibh mórán dóchais aici go bhfoilseofaí an polasaí nua roimh theacht na scoilbhliana nua, gan caint ar é a chur i bhfeidhm.
Thug urlabhraí de chuid na Roinne Oideachais le fios do Tuairisc.ie nach bhfuil bailchríoch curtha fós ar an bpolasaí agus nach bhfuil dáta a fhoilsithe socraithe go fóill.
“Táthar faoi láthair ag tabhairt an pholasaí oideachais Gaeltachta chun críche agus áireofar ann plean chur chun feidhme. Níl cinneadh déanta maidir leis an dáta ar a gcuirfear tús leis an gcur i bhfeidhm,” a dúirt an t-urlabhraí.
D’fhoilsigh an tAire Jan O’Sullivan na moltaí i mí na Bealtaine seo caite. Thug na dréachtmholtaí aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail agus theaghlaigh leis an bpolasaí nua.
Déantar moltaí ar leith don chainteoir dúchais sa dréachtpholasaí agus moltar ann freisin go dtabharfaí tacaíocht do scoileanna Gaeltachta atá ag teagasc i mBéarla tosú ag teagasc trí Ghaeilge.
Déantar moltaí ar leith don chainteoir dúchais sa dréachtpholasaí agus moltar ann freisin go dtabharfaí tacaíocht do scoileanna Gaeltachta atá ag teagasc i mBéarla tosú ag teagasc trí Ghaeilge.
Baineann ceann de na moltaí is conspóidí a dhéantar sa dréachtpholasaí leis an éileamh ar theagasc i mBéarla sa Ghaeltacht.
Sa chás go mbeadh “mionlach de thuismitheoirí ag iarraidh teagasc trí Bhéarla seachas trí Ghaeilge dá gcuid páistí” moltar sa dréachtpholasaí gur cheart féachaint ar scoileanna ‘Béarla’ a sholáthar má bhíonn an t-éileamh ar a leithéid “sách mór”.
Tugadh le fios ag díospóireacht oscailte a reáchtáladh i mí Dheireadh Fómhair i gceannáras na Roinne Oideachais go gcuirfí bailchríoch ar an bpolasaí nua Gaeltachta roimh dheireadh na bliana 2015 agus go bhfoilseofaí é go luath in 2016.
Dheimhnigh an Roinn Oideachais arís i mí Eanáir na bliana seo go raibh sé i gceist an polasaí nua a fhoilsiú “go luath in 2016”.
Bhí Dónal Ó hAiniféin, cathaoirleach COGG, “an-dóchasach” an uair sin go bhfoilseodh an Roinn an polasaí roimh an Olltoghchán ag deireadh mhí Feabhra, ach níl tásc ná tuairisc ar an bpolasaí ó shin.
Ba mhór an spéis a chuir an pobal sa pholasaí nua. Faoi mhí Iúil na bliana seo caite, dhá mhí i ndiaidh fhoilsiú na moltaí, bhí os cionn leathmhíle aighneacht faighte ag an Roinn Oideachais ó scoileanna, múinteoirí, tuismitheoirí agus eagraíochtaí teanga agus pobail.
Tugadh suntas ar leith do na moltaí mar gurb é an chéad uair ó bunaíodh an stát ar thug an Roinn Oideachais aitheantas oifigiúil do na riachtanais ar leith a bhíonn ag daltaí ar cainteoirí dúchais iad. Go dtí seo, níor forbraíodh ná níor feidhmíodh aon pholasaí sainiúil le dul i ngleic leis na dúshláin oideachais a bhíonn roimh pháistí, múinteoirí agus scoileanna sa Ghaeltacht.
www.tuairisc.ie