DIARY OF A WIMPY KID® -COMÓRTAS
Eanáir 12, 2016
Tá an t-aistriúcháin déanta, an obair eagarthóireachta curtha i gcrích agus an dearadh idir lámha, – tá an leagan Gaeilge de ‘DIARY OF A WIMPY KID® ar an mbealach. Níl ann ach faidhbín beag amháin!
Níl muid aontaithe ar an teideal a thabharfaidh muid ar an leagan Gaeilge! Rith sé linn gur cheart dúinn na smaointe atá againn a chaitheamh i hata agus ceann amháin a roghnú, nó b’fhéidir vóta a chaitheamh don teideal is fearr linn. Ach, ó bhó go deo, ní raibh muid in ann aontú air sin ach an oiread!
Mar sin…..
….Shocraíomar ceist ar chur oraibhse, sea, oraibhse, a léitheoirí óga na tíre, daoine óga a bhfuil tuiscint acu, níos fearr ná muide, ar an gcineál saol atá ag an Wimpy Kid cáiliúil, Greg Heffley.
Tá muid ag iarraidh oraibh mar sin bhur gcuid moltaí a chur chugainn!
Ocáid stairiúil atá ann agus deis agaibhse páirt a ghlacadh i gcruthú an 46ú aistriúchán den leabhar seo a bhfuil oiread daoine ar fud an domhain tar éis taitneamh a bhaint as!
Is féidir bhur gcuid moltaí don teideal Gaeilge a tvuíteáil chugainn @futafata #WimpyKidGaeilge, nó bhur smaointe a roinnt linn ar Facebook nó ríomhphost a sheoladh chugainn ag eolas@futafata.ie Mar tá duais le baint ag an moladh is fearr. Duais iontach. Luach €500 de leabhair do leabharlann na scoile!
Deán teagmháil linn go beo mar tá an Wimpy Kid ar bís castáil libh Lá Domhanda na Leabhar, 3ú Márta 2016.
Spriocdháta an chomórtais ná an 22 Éanair 2016.
Feighí Linbh á Lorg i gCorcaigh – i gceantair Bhaile an Chollaigh
Eanáir 12, 2016
Feighlí linbh á lorg le haire a thabhairt do bheirt chailíní, 2 bhliain go leith agus 9 mhí d’aois i gCorcaigh, i gceantar Bhaile an Chollaigh / Na hUamhanna / Cill na hOmnaí /an Eatharla.
Luan-Aoine ó dheireadh mhí Lúnasa ar aghaidh. Duine le Gaeilge atá á lorg nó duine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Mhaighréad ag 087 9817305
Folúntas: Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa, Corcaigh
Eanáir 11, 2016
Tá Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa ag lorg ionadaí do chúntóir riachtanais speisialta. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24688/
Folúntas: Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall
Eanáir 11, 2016
Tá Pobalscoil Ghaoth Dobhair ag lorg ionadaí do shaoire mháithreachais. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/17376/
Folúntas: Gaelcholáiste Reachrann, Baile Átha Cliath
Eanáir 11, 2016
Tá Gaelcholáiste Reachrann ag lorg ionadaí do shaoire mháithreachais. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/17369/
(English) Launch of inaugural NÓS ‘Irish language’ Music Awards
Eanáir 8, 2016
Folúntas: Coláiste Chilliain, Baile Átha Cliath
Eanáir 8, 2016
Tá ionadaí do shaoire mháithreachais de dhíth i gColáiste Chilliain. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/17354/
Maolú ar bith tagtha ar an gconspóid i bhFear Manach maidir le hathlonnú Bhunscoil an Traonaigh, an t-aon Ghaelscoil sa chontae
Eanáir 8, 2016
Séanann Aontachtaí sinsearach i ndeisceart Fhear Manach gur naimhdeas don Ghaeilge a spreag conspóid faoi athlonnú Bhunscoil an Traonaigh, an t-aon Ghaelscoil sa chontae, go suíomh a raibh meánscoil stáit (Phrotastúnach) ann tráth. D’fhógair an tAire Oideachais, John O’Dowd, i rith na Nollag go bhfuil Bunscoil an Traonaigh i Lios na Scéithe le suíomh nua a fháil san áit a raibh Lisnaskea High School.
Tá 45 dalta i mBunscoil an Traonaigh, Gaelscoil atá 12 bliain ar an bhfód.
Dhruid an Roinn Oideachais Lisnaskea High School dhá bhliain ó shin. Ba ann a bhí an mheánscoil stáit dheireanach sa chontae, taobh amuigh d’Inis Ceithleann.
Cháin feisire an cheantair, Tom Elliott (Páirtí Aontachtach Uladh) athlonnú na bunscoile. Dúirt Elliott go raibh O’Dowd ar ruathar aonair, nó ‘solo run’. “Dhruid John O’Dowd Lisnaskea High School i 2013. Ba í an chúis a thug sé ag an am ná an laghdú ar líon na ndaltaí, ach nuair a bhí an próiseas comhairliúcháin ar siúl, bhí togra á mholadh le go mbeadh oideachas i bpáirt ann, agus bhí trí oiread dalta ag an scoil agus a bheidh ag an scoil nua seo,” a dúirt Elliot.
Chuir Elliott i leith O’Dowd go raibh tús áite á thabhairt aige d’idé-eolaíocht Shinn Féin seachas do na riachtanais atá ag daoine óga an cheantair.
Dúirt Sorcha Ní Mhurchú, an múinteoir atá i bhfeighil na Gaelscoile, nach raibh rud ar bith le rá aici faoi ráiteas Elliott.
“Is buntáiste ollmhór dúinn an suíomh nua. Tabharfaidh sé spás don scoil forbairt níos mó a dhéanamh. Beidh ceithre sheomra ranga réamhdhéanta ann a chiallaíonn nach mbeidh cuid ar bith de na páistí á dteagasc sa tseomra bia mar atá faoi láthair.
Beidh bealach isteach níos fearr ann ina mbeidh busanna ábalta fáil isteach, chomh maith leis na tuismitheoirí a fhágann na páistí ar scoil i gcarranna.
“Agus cúrsaí mar atá, níl an bealach isteach leathan go leor chun na busanna a fháil isteach. Beidh tuilleadh spás stórála againn atá de dhíth go práinneach, chomh maith le neart spáis taobh amuigh le ligean do na páistí súgradh go sábháilte agus go compordach.”
Cinnte, tá go leor den phobal aontachtach sa cheantar míshásta faoi athlonnú na bunscoile ach ní naimhdeas don Ghaeilge is cúis leis an míshástacht sin, a deir Aontachtaí sinsearach sa cheantar le Tuairisc.ie.
Dúirt sé nach raibh aon bhaint ag an nGaeilge leis an scéal ach amháin i gcás “roinnt daoine ón TUV”.
“Is mar gur gheall gur druideadh an mheánscoil stáit dheireanach i ndeisceart Fhear Manach atá daoine míshásta,” arsa an tAontachtaí.
Dúirt sé go raibh an pobal sásta go mbeadh oideachas i bpáirt ann i gcomhar le Coles (Coláiste Naomh Chomghaill) agus St Aidan’s, dhá mheánscoil Chaitliceacha sa cheantar. Bhí laghdú suntasach ar líon na bProtastúnach sa cheantar thar na blianta, ach tá fás ar an phobal Protastúnach in áiteanna, a mhaígh sé. Dar le daoine áirithe, b’ionann dúnadh na meánscoile ar an suíomh sin agus “níl spás ar bith ann daoibhse” a rá .
D’fhógair an tAire O’Dowd go mbeadh an suíomh á roinnt ag Bunscoil an Traonaigh leis an South East Fermanagh Foundation, eagraíocht d’íospartaigh. Ní fios go fóill an leor sin leis an chonspóid faoi athlonnú na scoile a mhaolú.
www.tuairisc.ie
Agallamh beirte don aos óg
Eanáir 7, 2016
Tá críoch á chur ag Meon Eile inniu leis an sraith drámaíochta ‘Idir Mise Agus Tusa’ ina raibh 10 n-agallamh beirte nua-chumtha curtha i láthair ag páistí bunscoile agus iad uilig dírithe ar an aos óg.
Tá na 10 físeáin ar aon leathanach amháin ar an suíomh inniu agus tá na ranntaí uilig curtha le chéile in aon cháipéis amháin. Seo nasc leis: http://www.meoneile.ie/ailt/idir-mise-agus-tusa-taobh-thiar-den-taifeadadh#.Vo4_1PmLTIU
Bróga Cróga
Eanáir 7, 2016
Déan plé ar chúrsaí meabhairshláinte trí Ghaeilge. Tá acmhainn iontach darb ainm BRÓGA CRÓGA curtha le chéile ag an ngrúpa “Walk in My Shoes” le cuidiú libh. Déan íoslódáil ar an bpacáiste ANSEO!