Folúntas: Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Nollaig 16, 2014
Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/11175/
SAOL FAOI SHRÁID- Clár speisialta na Nollag ar Cúla4
Nollaig 16, 2014
Beidh Clár speisialta de SAOL FAOI SHRÁID á chraoladh Oiche Nollaig @ 09:00 & 15;00 agus arís ar Lá Nollaig @ 10:00 ar TG4.
Saol Faoi Shráid is teideal don tsraith nua pupadóireachta Gaeilge atá cruthaithe agus léirithe ag Meangadh Fíbín do TG4. Dírithe ar aois ghrúpa 3-6 bliana, cuirimid aithne ar bheirt phuipéad Glibín agus Ribín, carachtair ó shaol eile i lár na cruinne atá imithe ar strae mar gur thuairt a spásárthach faoin talamh. Tá siad ag cur fúthu ansin anois agus cairde nua déanta acu, tríúr a bhfuil bannaí ceoil rac bunaithe acu; Cicí, Rocco & Dris.
Beidh clár fada speisialta á chraoladh Oíche Nollag & Lá Nollag ar TG4.
Tá na cairde faoin tsráid ag réiteach do Lá Nollag.
Nuair a fheiceann Ríbín agus Glibín na bronntanaisí atá ceannaithe ag Cící, socraíonn siad go bhfuil siad ag iarraidh bronntanas speisialta a thabhairt dá cheile ach níl aon rud acu.
Os cionn na sráide, tá cór álainn le cloisteáil agus iad ag cleachtadh sa séipeáil do cheolchoirm na Nollag.
Le amhrán nua-chumtha ag Simon Noble & Patricia Forde “Anois Oíche Nollag’ & leagan álainn de “Oíche Chiúin” á chanadh ag aoíanna Speisialta – Choristers of St. Nicholas Schola Cantorum .
Beidh “Saol Faoi Shráid” á chraoladh gach maidin @ 08:00 ar TG4 ó Lá Fhéile Stiofáin ar aghaidh.
Tá an t-amhrán “Anois Oíche Nollag” & na hamhráin eile ón tsraith ar fail ar www.saolfaoishraid.ie
Folúntas: Gaelscoil Riabhach, Gaillimh
Nollaig 15, 2014
Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/11171/
Folúntas: Gaelscoil Chionn tSáile, Corcaigh
Nollaig 15, 2014
Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19285/
Mary Coughlan ag Gaelscoil Lios na nÓg
Nollaig 15, 2014
Beidh ceolchoirm iontach speisialta don Nollaig ar siúl i nGalescoil Lios na nÓg, Raghnallach, Dé Céadaoin 17 Nollaig. Beidh Mary Coughlan ann agus í ag canadh, le Johnny Taylor ar an bpiano agus Barry O Donovan ar an olldord. Beidh an ceolchoirm ar siúl i halla na scoile, agus tá ticéidí ar fáil ar €15 an cheann ó oifig na scoile. An-oíche a mbeidh ann.
Bailiúcháin Éadaí Gaelscoil na Lochanna
Nollaig 15, 2014
Comhghairdeas leis na páistí agus tuismitheoirí ó Ghaelscoil na Lochanna, Cill Mhantáin, a bhailigh 703kg de sheanéadaí roimh Nollag chun airgead a bhailiú ar son na scoile.
Lá Geansaí Nollaig i nGaelscoil Thulach na nÓg
Nollaig 15, 2014
D’eagraigh Gaelscoil Thulach na nÓg, An Mhí, Lá Geansaí na Nollag le déanaí ina raibh ar na daltaí agus an fhoireann geansaithe Nollaig a chaitheamh. D’éirigh leo €500 a bhailiú ar an lá don charthanas Focus Ireland agus bhí an spóirt acu chomh maith!
Freastalaíonn Gaelcholáiste an Phiarsaigh ar Sheoladh Gmail as Gaeilge
Nollaig 15, 2014
Ba chúis mhór ríméid do scoláirí agus go deimhin d’fhoireann Ghaelcholáiste an Phiarsaigh cuireadh a fháil le freastal ar ócáid i gCeanncheathrú Google Déardaoin, an 11 Nollaig, nuair a seoladh Gaelmail nó gmail as Gaeilge go hoifigiúil.
Thug daltaí na scoile aghaidh ar Shráid na Bearú agus nuair a bhain siad foirgneamh Google amach cuireadh fearadh na fáilte rompu. Bhí ainm na scoile ag lonrú ar chéimeanna an staighre!
Casadh go leor daoine difriúla orthu ó dhomhan na Gaeilge agus ó dhomhan na meán cumarsáide. Nuair a chuaigh siad isteach sa léachtlann ollmhór ba léir go raibh Muintir Google iad féin chomh sceitimíneach faoin ócáid agus a bhí siad!
Labhair daoine difriúla ó Google agus iad ar fad ar a ndícheall le húsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge, fear Ioruach ina measc! Labhair siad ar fad faoin logánú a dtugann Google faoi. Leag siad béim ar an tábhacht a bhain le comhlacht ar nós Google ag freastal ar theangacha agus ar chultúir éagsúla ar fud an domhain.
Ba é buaicphointe an lae ná nuair a cuireadh fáilte roimh Hector Ó hEochagáin chun an seoladh oifigiúil a dhéanamh. Ba mhór an spórt é ag labhairt agus go háirithe nuair a chuir sé Tráth na gCeist ar siúl.
Baineadh stangadh ceart as lucht an Ghaelcholáiste nuair a d’fhógair Hector gur bhuaigh duine de na daltaí, Orlaith Ní Cheallaigh, comórtas na bhfocal a raibh curtha isteach acu ar fad air tamall ó shin. Bhronn Hector Chrome Cast agus duaiseanna eile ar Orlaith.
D’éirigh leo turas timpeall an fhoirgnimh a eagrú agus bhain siad an-sult as. Gheall Hector dóibh go dtabharfadh sé cuairt ar an scoil sa bhliain nua, foirgneamh atá beagán difriúil le hais Google ach chomh hiontach céanna!
Tugann Seán Kelly, FPE, cuairt ar Gaelscoil Mhuscraí
Nollaig 15, 2014
Chuir Gaelscoil Mhuscraí, Corcaigh, fáilte roimh Seán Kelly, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, chuig an scoil le déanaí. Bhronn sé dhá ghradam mór le rá ar an scoil – ‘Digital School of Distinction’ & Lipéad Eorpach eTwinning do thionscadail eTwinning na scoile: ‘Castles and History’ agus ‘Green Schools’.
Is aitheantas é an gradam digiteach d’iarrachtaí na scoile teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide a nascadh tríd an gcuraclam go héifeachtach. Labhair Seán Kelly le pobal na scoile faoina obair i bParlaimint na hEorpa agus bhí deis ag na paistí ceisteanna a chur air freisin.
Daltaí ó Ghaelcholáiste Phort Láirge i mbun ceoil in Ospidéal Ollscoil Phort Láirge
Nollaig 15, 2014
Ádh mór ar na daltaí ó Ghaelcholáiste Phort Láirge a bheidh i mbun ceoil in Ospidéal Ollscoil Phort Láirge amárach ag 1.30in. mar chuid den chlár ‘Healing Sounds’.