Sraith cainteanna ar Phádraic Mac Piarais: a shaol agus a shaothar ar fáil do dhaltaí scoile. Cláraigh anois!!
Samhain 19, 2014
Tá sraith cainteanna curtha le chéile ag Séadna Mac Seoin do dhaltaí scoile faoi shaol agus saothaor Phádaic Mhic Phiarais.
Agus comóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916 ag druidim linn, cluinfidh na micléinn faoi ghnéithe de shaol Phádraic Mhic Phiarais. Tá an chaint dírithe ar rang ar bith sna Gaelcholáistí, ranganna a cúig agus a sé sna Gaelscoileanna. D’fhéadfainn na mionsonraí a aontú le húdaráis na scoile mar is cuí.
Is í aidhm na cainte:
• cúlra agus comhthéacs ina bhfuil an Ghaeilge á múineadh sa chóras oideachais a chur ar fáil do ghlúin úr,
• go dtuigfidh mic léinn an fáth go bhfuil Gaeilge á múineadh i scoileanna an stáit.
• léargas ar Athbheochan na Gaeilge (1876-1916) agus ar pháirt Phádraic Mhic Phiarais sa ghluaiseacht sin athabhairt
• Ag tarraingt ar fhoinsí Gaeilge agus Béarla, feicfidh mic léinn an stair trí phriosma na Gaeilge
• Tiocfaidh mic léinn ar thuiscint níos fearr ar obair is ar intinn an Phiarsaigh, agus an chúis ar iompaigh Pádraic Mac Piarais ar an bpolaitíocht ó 1912 ar aghaidh, sular chuir sé spéis san oidhreacht mhíleata.
• Gheofar eolas níos iomláine ar stair na Gaeilge is stair na tíre sa tréimhse sin
Tuilleadh eolais ó…. seadnamacs@gmail.com nó 086 8500 388. Tá sé i gceist na cainteanna a thabhairt ó Eanáir 2015 ar aghaidh. Rinneadh plé faoi na cainteanna le COGG, atá sásta tacú leo ach éileamh a bheith ann.
Leanúntas Inspioráideach an Oideachais lán-Ghaeilge á cheiliúradh ag Comhdháil Gaelscoileanna Teo.
Samhain 18, 2014
Leanúntas Inspioráideach an Oideachais lán-Ghaeilge á cheiliúradh ag scoileanna lán-Ghaeilge ó gach cearn den tír ag Comhdháil Bhliantúil agus Oideachais Gaelscoileanna Teo. ar an Aoine 21 Samhain 2014.
Tabharfaidh Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, an tUasal Seán Ó Foghlú aitheasc thar ceann na Roinne ag oscailt oifigiúil na comhdhála a bheidh ar siúl san óstán Johnstown House, ar an mBóthar Buí, Co. na Mí.
“Comhdháil ar leith is ea Comhdháil Oideachais na bliana seo”, a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo. agus í ag tagairt do na hathruithe suntasacha atá ag teacht ar réimsí oibre na heagraíochta ó ceapadh í mar cheanneagraíocht sa réimse Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge ag tús 2014. “Tá an eagraíocht i mbun próiseas pleanála chun críche feidhmiú go héifeachtach i réimsí uile na heagraíochta, idir reatha agus nua, ach acmhainní cuí a bheith curtha ar fáil don eagraíocht chun na críche sin. Cuimsíonn feidhmeanna nua na heagraíochta earnáil na luathbhlianta lasmuigh den Ghaeltacht, mar aon le bunscoileanna agus iarbhunscoileanna sa Ghaeltacht”.
“Deis iontach a bheidh sa Chomhdháil seo ionchur na scoileanna lán-Ghaeilge uile, lastigh agus lasmuigh den Ghaeltacht móide na naionraí a chinntiú in obair na heagraíochta”, a deir ní Ghréacháin.
Ag tagairt do mhana na Comhdhála Leanúntas Inspioráideach an Oideachais lán-Ghaeilge deir aoichainteoir na comhdhála, an Dr TJ Ó Ceallaigh, “le béim ar fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain, ar litearthacht agus ar uimhearthacht, ar theicneolaíochtaí nua agus eile, is tráthúil anois é dearcadh úr críochnúil a thabhairt ar oideachas lán-Ghaeilge ar mhaithe le barr feabhais i gcáilíocht an teagaisc agus na foghlama a chinntiú – feabhas atá leanúnach agus inspioráideach. Tabharfaidh an chomhdháil seo deis do mhúinteoirí leanúntas inspioráideach an oideachais lán-Ghaeilge a fhiosrú trí iniúchadh a dhéanamh ar shaincheisteanna agus ar fhorbairtí comhaimseartha ag leibhéil éagsúla le súile úra”.
Fáiltíonn Uachtarán na heagraíochta, Máirín Ní Chéileachair roimh rannpháirtithe, aoíanna agus páirtithe leasmhara uile na comhdhála, tráth a chuirfear “clár cuimsitheach fiúntach ar fáil do na forais tumoideachais uile”. Aithnítear go forleathan go bhfuil tábhacht ar leith le comhdháil bhliantúil oideachais Gaelscoileanna Teo., ní amháin mar go gcuireann sé le go mór le hoiliúint ghairmiúil leanúnach na scoileanna lán-Ghaeilge, ach mar cheiliúradh poiblí ar ardchaighdeán na scoileanna lán-Ghaeilge agus is mór againn an deis a bheith páirteach sa cheiliúradh sin”.
Gabhann Gaelscoileanna Teo. buíochas mór le Foras na Gaeilge as an maoiniú do reáchtáil na Comhdhála seo.
Féadfar clárú don Chomhdháil ach teagmháil a dhéanamh leis an oifig ag 01 8535195. Tá gach eolas faoin gComhdháil ar www.gaelscoileanna.ie.
Folúntas: Scoil na gCeithre Máistrí
Samhain 18, 2014
Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19048/
Folúntas: Gaelscoil Chnoc Liamhna
Samhain 18, 2014
Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19052/
Folúntas: Gaelscoil an Bhradáin Feasa
Samhain 17, 2014
Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19047/
Folúntas: Gaelscoil Chorain
Samhain 17, 2014
Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19044/
Folúntas: Scoil Mobhí
Samhain 17, 2014
Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19046/
Folúntas: Gaelscoil Cholmcille
Samhain 17, 2014
Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19038/
Folúntas: Meánscoil San Nioclas
Samhain 17, 2014
Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/10947/
BUAITEOIRÍ LEABHAR NA BLIANA 2014
Samhain 17, 2014
BUAITEOIRÍ LEABHAR NA BLIANA 2014 AITHEANTA AG ÓCÁID MHÓRTHAIBHSEACH I mBÉAL FEIRSTE
• BHAIN TADHG Ó DÚSHLÁINE GRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN DÁ LEABHAR ‘ANAMLÓN BLIANA Ó DHIALANNA AN RÍORDÁNAIGH’ (CLÓ IAR-CHONNACHT)
• BHAIN ÁINE NÍ GHLINN GRADAM RÉICS CARLÓ DÁ LEABHAR ‘DAIDEO’(COIS LIFE)
Bhí oíche den scoth i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich Dé Céadaoin (12 Samhain) nuair a tháinig beirt Airí rialtais, grúpa ildánach d’aisteoirí óga ó Choláiste Feirste,agus cuideachta iontach le cheile d’ócáid ceolmhar spreagúil ag ar bronnadh dhá ghradam Leabhar na Bliana 2014.
Chuir an Cheathrú Ghaeltachta fáilte nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe roimh Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh TD, agus Aire Cultúir, Carál Ni Chuilín CTR.
Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin don leabhar is fearr do dhaoine fásta ar Anamlón Bliana ó dhialanna an Ríordánaigh curtha in eagar ag Tadhg Ó Dúshláine agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. Tugann an leabhar seo léargas iontach dúinn ar intinn chráite an fhile, Seán Ó Riordáin, fríd na dialanna a choinnigh sé ó 1940 go dtí go bhfuair sé bás i 1977.
Is léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad é Tadhg, a bhfuil cuid mhór scríofa aige ar litríocht na Gaeilge chomh maith le gearrscéalta agus dánta i nGaeilge agus i mBéarla.
Ba é Daideo le hÁine Ní Ghlinn a bhain amach Gradam Réics Carló, an duais mhór do leabhair do dhaoine óga. Cois Life a d’fhoilsigh. Insíonn an leabhar seo scéal buachaill ar a theitheadh óna thuismitheoirí agus seanduine ar a theitheadh óna pháistí! Tá leagan fuaime den leabhar ar fáil ar shuíomh an fhoilsitheora, saor in aisce agus an t-údar féin le cloisteáil ag léamh an leabhair. Is léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine a bhfuil dhá leabhar is fiche scríofa aici – ceithre chnuasach filíochta agus ocht leabhar déag do dhéagóirí agus do léitheoirí óga.
Is comórtas liteartha ar leith é Leabhar na Bliana a thugann aitheantas faoi leith don tsárobair atá ar siúl ag foilsitheoirí na Gaeilge agus ag an am céanna a aithníonn ról tábhachtach na scríbhneoirí agus na n-ealaíontóirí sa phróiseas,” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge.
Agus é ag tréaslú le buaiteoirí na bliana seo, dúirt Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn go raibh an fhoilsitheoireacht Ghaeilge mar chuid den fheachtas sochaí cruthaitheach agus nuálach a chruthú.
“Léiríonn na 10 leabhar a bhí ar ghearrliosta na bliana seo an dóigh a mbíonn idir scríbhneoirí, mhaisitheoirí agus fhoilsitheoirí ag teacht le chéile lena scileanna agus a smaointe ceannródaíocha a roinnt chun leabhair áille a chruthú.
“Tá feabhas a saothair á aithint ar fud na cruinne agus ba cheart dúinn uilig bheith bródúil as sin,” ar sé.
Dúirt Susan Waring, Ceann na Drámaíochta i gColáiste Feirste “Thug sé seo deis iontach do na daltaí dul i ngleic le litriocht na Gaeilge agus píosaí drámaíochta a chruthú as an spreagadh cruthaitheachta a bhain siad as.”
Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le:
Robert McMillen: Comhrá Media
07463664435