Méid an Téacs

An Dioplóma i Múineadh na Gaeilge (Foghlaimeoirí Fásta) 2014

Bealtaine 28, 2014

Tá an-éileamh ar an gcúrsa Dioplóma i Múineadh na Gaeilge (Foghlaimeoirí Fásta) ó bunaíodh é i 2012. Bunaithe ar thaighde ar an dea-chleachtas in oiliúint múinteoirí, cuirtear béim láidir ar an gcleachtadh teagaisc sa seomra ranga. Tá béim ar an bhféin-anailís, ar an bpiar-mheasúnú agus ar thacaíocht phraiticiúil don mhúinteoir.

Tá an Dioplóma seo á thairiscint ag Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann Má Nuad sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus foinsí maoinithe eile.

Tuilleadh Eolais – Bróisiúr 2014

Folúntas: Naíonra Philib Barún

Bealtaine 28, 2014

Is naíonra lánghaelach é Naíonra Philib Barún. De bharr cúrsaí deontais ní mór do gach iarrthóir bheith lánchailithe le céim i gCuram agus Oideachais na Luathóige nó a lethéid de cháilíocht aitheanta.

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Turas Óige Feachtas

Bealtaine 28, 2014

Tá Feachtas Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge ag eagrú turais óige chuig Ionad Eachtraíochta Chipiúr ar an 28ú Meitheamh. Tá an turas seo dírithe ar Ghaeilgeoirí óga idir 12-18 bliana d’aois. Beidh deis ag na daoine óga roinnt gníomhaíochtaí eachtraíochtaí éagsúla a dhéanamh, mar aon le scileanna nua a fhoghlaim. Is deis iontach é seo do na Gaeilgeoirí óga bualadh le daoine eile ar chomhaois leo agus lá spraíúil trí Ghaeilge a bheith acu.

Clár ama an lae:

08.30 Bualadh le chéile ag Banc Ceannais na hÉireann (Beidh an bus in ann daoine a bhailiú i dTamhlacht ar an mbealach)

09:45 Landáil ag Eastáit Chipiúr

10:00 Tús le gníomhaíochtaí eachtraíochta (Meascán díbh seo: An Léim Ard – High All Aboard – Na Pollaí Cothromaíochta – Rópaí Ísle – Tascanna Foirne – Rianadóireacht). Féach ar an suíomh seo chun tuilleadh a fhoghlaim:

http://www.adventurewicklow.com/outdooractivities/adventure_days.htm

13:00 Críoch agus Lón.

13:30 Dul abhaile. Beidh muid ar ais i mBaile Átha Cliath timpeall 14.30.

Má tá suim agat sa turas seo, déan teagmháil le Ciara ar 087 904 6136 / ciara.feachtas@gmail.com chun foirm cheada agus na mionsonraí ar fad a fháil.

Costas an duine:

€20 praghas luathlascaine (má íoctar roimh an 13ú Meitheamh)
€25 (tar éis an 13ú)

Ciara Ní Bhroin
Oifigeach Forbartha
Feachtas
Oifig a 8
Teach Coghill
64 Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2

Folúntas: Gaelscoil Charman

Bealtaine 28, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie

Folúntas: Scoil an tSeachtar Laoch

Bealtaine 28, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie

Folúntais: Gael-Choláiste Chill Dara

Bealtaine 28, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie:

 

 

Cúrsa Teaghlaigh sa Ghaeltacht Iúil 2014 – Scoláireachtaí ar fáil

Bealtaine 28, 2014

Tá Foras na Gaeilge ag cur 10 scoláireachtaí, ar fiú €1000 an ceann iad, ar fáil do Chúrsa Teaghlaigh sa Ghaeilge atá a reáchtáil ag Cumann an Phiarsaigh i nGaoth Dobhair le linn na seachtaine 19-26 Iúil 2014.

Caitheann na teaghlaigh seachtain i nGaoth Dobhair ag freastal ar ranganna agus imeachtaí tré Ghaeilge a bheidh ar siúl i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá a thuilleadh eolais faoin chúrsa féin ar an suíomh idirlíon www.piarsaigh.ie

Tabharfaidh an scolaireacht an deis do bheirt dhaoine fásta agus beirt pháistí freastal ar an chúrsa agus íocfar liúntas de €400 leo chun cuidiú le cúrsaí lóistín.

Is ar theaghlaigh atá san earnáil Gaelscoilaíochta faoi láthair atá na scolaireachtaí dírithe, sé sin le rá do theaghaligh a bhfuil páiste ag freastal ar ghaelscoil, ar ghaelcholáiste nó scoil ina bhfuil oideachas tré Ghaeilge a chur ar fáil.

Beidh dhá scolaireacht a bhronnadh ar an chlár Binneas Béil (2pm-4pm) ar RTE RAIDIO NA GAELTACHTA gach lá ón Luan 9ú Meitheamh go Aoine 13ú Meitheamh.

Tá Cumann an Phiarsaigh go mór faoi chomaoin ag Foras na Gaeilge as an tacaíocht seo a thabhairt don chúrsa.

Is féidir eolas breise a fháil ó Joe Ó Gallchóir, stiúrthóir an chúrsa, ag 086 8288764.

Irish Grammar App – Gramadach na Gaeilge

Bealtaine 28, 2014

Is aip nua í ‘Irish Grammar App – Gramadach na Gaeilge’ a thabharfaidh deis do mhúinteoirí, daltaí, tuistí agus éinne a bhfuil suim acu sa Ghaeilge feabhas a chur ar a gcuid gramadaí. Beidh sé ar fáil ar iTunes agus Android ón 13ú Bealtaine 2014.

Is aip í seo a chabhróidh go mór le múinteoirí sa seomra ranga agus le tuistí agus daltaí sa bhaile. Is deis iontach í do dhaltaí atá ag tabhairt faoin Ardteiste agus Teastas Sóisearach chun a gcuid gramadaí a chleachtadh. Is féidir na rialacha gramadaí a fhoghlaim roinn ar roinn agus ansin tabhairt faoi scrúdú ag an deireadh. Is féidir í a úsáid sa seomra ranga nó sa bhaile ar do luas féin. Is aip idirghníomhach í a thugann aiseolas. Tá scrúdú ag deireadh gach roinn, áit a bhfaighidh tú cur síos agus míniú ar do fhreagraí.

Seo í an chéad aip mar seo, le os cionn 1000 ceacht gur féidir a úsáid i meánscoileanna agus bunscoileanna nó sa bhaile. Tá oll-scrúdú ag an deireadh ar fad le 50 ceist. Tá an aip seo dírithe ar éinne a bhfuil suim acu i nGramadach na Gaeilge chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Tá roinn ar leith le nathanna cainte agus seanfhocail a chabhróidh le saibhreas na Gaeilge. Is trí mheán na Gaeilge ar fad atá an aip seo seachas na rialacha a bhaineann léi. ‘Sé an sprioc is mó atá aici ná go dtabharfaidh sí an Ghaeilge isteach i ngach tigh sa tír agus thar lear! Cabhróidh sí le muintir Gaeltachta le cursaí gramadaí agus cuirfidh sí iad ag caint faoi chruinneas!

Tá an aip forbartha ag Áine McGillycuddy. Is  múinteoir í le breis is 13 bliana anuas i gColáiste Ráithín, scoil lán gaelach i mBré. Tá Gaeilge agus Gnó á mhúineadh aici ón gcéad bhliain suas go dtí na hArdteiste. Tá ‘Irish Grammar- Gramadach na Gaeilge’ ar uimhir 1 sa roinn oideachais ar iTunes ón uair gur tháinig sí amach.  Tá céim onóracha ag Áine sa Ghaeilge agus Eacnamaíocht, iarchéim san Oideachas chomh maith le Máistéireacht san Oideachas ó Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.

Gaelscoil na gCrann – Curaidh na Féile Náisiúnta Scoldrámaíochta

Bealtaine 28, 2014

Rinne Baill Tionóil Stormont ceiliúradh ar Ghaelscoil na gCrann ar na mallaibh toisc iad a bheith ar an chéad Ghaelscoil ó thuaidh le príomhdhuais na Féile Náisiúnta Scoldrámaíochta a thabhairt leo. Léirigh páistí na hÓmaí dráma faoi theaghlaigh a díbríodh óna dteach in aimsir na dtiarnaí talún. Bhí comhaltaí den Tionól Reachtach, tuismitheoirí na bpáistí agus pobal na scoile i measc lucht an cheiliúrtha ar an chnoc. Seo chugaibh buaicphointí an léirithe agus caint ó na páistí, pobal na scoile agus ionadaithe na hearnála; féach an físeán ar www.meoneile.ie.

Folúntas: Gaelscoil Átha Í

Bealtaine 28, 2014

Múinteoir tacaíocht foghlama.

Post bliana atá ann. Beidh an oide seo bunaithe i nGaelscoil Átha Í, agus lonnaithe ansin 3 lá sa tseachtain agus i nGaelscoil Mhic Aodha 2 lá sa tseachtain.Cuirfear painéal d’iarrthóirí le chéile d’aon fholúntas eile a thiocfaidh aníos sa scoil taobh istigh de threimhse 4 mhí. Ard chaighdeán sa Ghaeilge riachtanach.

Sonraí ar www.educationposts.ie.

« Previous PageNext Page »