Traenáil um Chosaint Leanaí FNT – SPÁSANNA TEORANTA!
Márta 18, 2014
TABHAIR D’AIRE: CÚRSA SAN ÓSTÁN CROWNE PLAZA, BAILE BHLAINSÉIR, 5 AIBREÁN LÁN ANOIS!
SPÁSANNA TEORANTA AR NA CÚRSAÍ EILE – CLÁRAIGH ANOIS!!!
Tá cúrsa oiliúna nua um chosaint leanaí atá caighdeánaithe, a bheidh á reáchtáil ag Forbairt Naíonraí Teoranta ó mhí Aibreán 2014 ar aghaidh.
An chéad leibhéal oiliúna a chuirfear ar fáil is ea Cosaint & Leas Leanaí: Bunleibhéal. Is cúrsa oiliúna um chosaint leanaí ar cháilíocht dhearbhaithe é seo atá curtha in oiriúint d’earnáil na Luathbhlianta.
Oiriúnaithe ó “Tús Áite do Leanaí”, 3.3:
Teagmhálaithe Ainmnithe (Designated Liaison Persons) chun faillí nó drochúsáid a thuairisciú
Ní mór do gach Naíonra:
(i) Duine faoi leith a ainmniú le bheith ina t(h)eagmhálaí le gníomhaireachtaí eile agus le cabhrú le baill foirne nó oibrithe deonacha a bhfuil ábhar imní acu faoi chosaint leanaí
(ii) Beidh an teagmhálaí ainmnithe freagrach as a chinntiú go leantar nós imeachta tuairiscithe caighdeánach
(iii) Ba chóir don teagmhalaí ainmnithe a chinntiú go bhfuil cur amach acu ar chosaint leanaí agus ní mór dó nó di aon oiliúnt a fháil a mheastar a bheith riachtanach chun iad a choinneáil ar an eolas maidir le forbairtí nua.
Faoi láthair tá forbairt á déanamh ar Oiliúint um Theagmhálaí Ainmnithe agus acmhainn eolais ar líne do mhic léinn cúram leanaí.
Tá sé ríbthábhachtach mar sin go mbeidh Teagmhálaí Ainmnithe gach naíonra ag tabhairt faoin “Traenáil um Chosaint Leanaí” a bheidh á reáchtáil ag FNT.
Dá bharr, beidh spásanna teoranta ar na cúrsaí seo agus muid ag iarraidh tús áite a thabhairt do theagmhálaithe ainmnithe na naíonraí. Beidh deiseanna ann do gach stiúrthóir tabhairt faoin traenáil um chosaint leanaí i ndiaidh sin.
Ceanglaím cóip den Fhéilire Oiliúna 2014 – Traenáil um Chosaint Leanaí, mar aon le cóip den fhoirm iarratais ag bun an leathanaigh.
Má tá ceist ar bith agat maidir leis an traenáil um chosaint leanaí, déan teagmháil le Laura ar laura@naionrai.ie nó 01-8535198.
Foirm Iarratais Cosaint Leanaí 2014
Dianchúrsa FNT
Márta 18, 2014
AN CHÁILÍOCHT STIÚRTHÓRA 2014
CORCAIGH
13/14 Meitheamh 2014: Scrúduithe TEG B2 – Gael-Taca, 22 Port Uí Shúilleabháin, Corcaigh.
18-21 Lúnasa 2014: Dianchúrsa FNT – Naíonra Thomáis Daibhís, Ionad Spóirt C.L.G., Carraig Dhúin, Mala, Co. Chorcaí.
Spriocdháta le hiarratas a dhéanamh ar an gcúrsa: 1 Bealtaine 2014
Tabhair d’aire: Ní glacfaidh FNT le hiarratas ar Dhianchúrsa FNT i ndiaidh na spriocdhátaí thuasluaite.
Táille an Dianchúrsa
Beidh táille an Dianchúrsa ag ardú ó €100 go dtí €160 ón scoilbhliain nua 2013-14 ar aghaidh. Clúdaíonn an táille nua an costas a bhaineann leis an Scrúdú Cainte (Teastas Eorpach na Gaeilge – Leibhéal B2).
Nóta faoi Dhianchúrsa FNT:
Is cúrsa riachtanach é an Dianchúrsa dóibh siúd atá ag iarraidh feidhmiú mar Stiúrthóir Naíonra, le tuiscint chuimsitheach a thabhairt dóibh ar an luath-thumadh iomlán, tábhacht an tsúgartha agus an tábhacht a bhaineann le scéim ardchaighdeán sa Naíonra. Cuirtear Dianchúrsaí ar siúl in áiteanna éagsúla timpeall na tíre, ag brath ar éileamh.
Tá ceithre chuid ag baint leis an Dianchúrsa:
Scrúdú Cainte (Teastas Eorpach na Gaeilge – Leibhéal B2) www.teg.ie/pdf/B2_s.pdf – Agallóirí ó Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Co. Chill Dara.
Reachtáiltear na scrúdaithe cainte timpeall na tíre ag brath ar éileamh¹.
Cén tábhacht a bhaineann le scrúduithe TEG?
Is é TEG an chéad chóras teastasaithe d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge a bhfuil baint aige le córas scrúduithe ALTE/Comhairle na hEorpa. Tá forbairt déanta ar a leithéid de chóras le haghaidh fhormhór na dteangacha eile san Eoraip cheana. Tá leibhéil éagsúla teg bunaithe ar An Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do na Teangacha: Foghlaim, Teagasc agus Measúnú (Comhairle na hEorpa, 2001). Cabhraíonn an córas seo leis na foghlaimeoirí a gcuid staidéir a phleanáil agus aitheantas a fháil as an dul chun cinn atá déanta acu. Buntáiste eile a bhaineann leis an chóras seo ná go dtugann sé cruthúnas d’fhostóirí maidir le cumas teanga agus iad ag roghnú iarrthóirí do phoist nó d’ardú céime. Tá tábhacht faoi leith leis seo ó tháinig forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) i bhfeidhm. Tá Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ina bhall de ALTE (Association of Language Testers in Europe) a dhéanann monatóireacht ar ábhar agus ar chaighdeán scrúduithe TEG.
Tá aitheantas oifigiúil faighte ag Ionad na dTeangacha, OÉ Má Nuad ón Roinn Oideachais agus Scileanna do Leibhéal B2 Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Ciallaíonn sé seo go sásaíonn TEG Leibhéal B2 na critéir iontrála do chúrsaí fochéime agus iarchéime san Oideachas sna coláistí oideachais.
Neamhchosúil leis an siollabas agus an scrúdú Ardteistiméireachta, tá siollabais agus scrúduithe TEG dírithe ar an bhfoghlaimeoir fásta, rud a chuireann go mór leis an taithí foghlama.
Dianchúrsa – Cúrsa seachtaine de cheardlanna agus de léachtaí².
Taithí oibre seachtaine (5 lá) i Naíonra aontaithe le FNT³.
Tuairisc Oibre – Léiríonn seo go bhfuil tuiscint chuimsitheach ag an té a bhfuil i gceist aige/aici bheith ag obair i Naíonra agus gur féidir leis/léi na scileanna agus na cleachtais ón gcúrsa seachtaine a chur i bhfeidhm sa Naíonra. Nuair a chríochnaítear an Tuairisc Oibre go sásúil, beidh an t-iarratasóir cáilithe mar Stiúrthóir Naíonra.
Níl an cúrsa seo creidiúnaithe.
SÉANADH: MURA N-ÉIRÍONN LEIS AN IARRATASÓIR SPÁS A FHÁIL AR AN GCÚRSA MAR THORADH AR SCRÚDÚ CAINTE TEG, BEIDH SÉ/SÍ I DTEIDEAL AISÍOCAÍOCHT DE €90 AR THÁILLE AN DIANCHÚRSA (NEAMH-IN-AISÍOCTHA=€60 COSTAS TEG + €10 COSTAS RIARACHÁIN FNT).
¹Ceisteanna coitianta maidir le TEG www.teg.ie/gaeilge/ceisteanna.htm.
²Clúdaítear raon leathan ábhar gur féidir úsáid sa Naíonra leis na páistí, agus leis an Naíonra a rith go laethúil. Is iad na daoine a thugann na ceardlanna ná saineolaithe na hearnála, iar-Stiúrthóirí Naíonraí agus Stiúrthóirí reatha, i measc daoine eile. Bíonn deis ag rannpháirtithe ar an gcúrsa páirt ghníomhach a ghlacadh i gcuid de na ceardlanna mar Ceol agus Gluaiseacht agus Puipéid agus Scéalaíocht. Tugtar cuairt ar Naíonra chomh maith le comhthéacs a fháil ar an méid a phléitear ar an gcúrsa. Tá sampla den chlár ama ar fáil ag bun an leathanaigh.
³Naíonra atá ag feidhmiú le PríomhStiúrthóir le taithí trí bliana nó níos mó agus Dianchúrsa FNT déanta ina iomláine ag an bPríomhStiúrthóir. Beidh cead ag na hÁbhair Stiúrthóirí an taithí oibre a dhéanamh ina Naíonra féin más rud é go gcomhlíonann an Naíonra na coinníollacha a bhaineann leis an taithí oibre thuas luaite.
foirm_iarratais_corcaigh_lunasa_2014_dianchursai.pdf
dianchursa_corcaigh_lunasa_2014.pdf
Ceardlann Ghaeilge i gCeatharlach
Márta 18, 2014
An bhfuil Gaeilge agat?
Ar mhaith leat beagán tacaíocht teanga a fháil chun feabhais a chur ar do chuid cruinneas teanga? Cuirfear ceardlann sa teanga ar fáil do thuismitheoirí agus oibritheoirí cúram leanaí i gCeatharlach ar an Satharn, 22ú Márta san Ostán Seven Oaks. ‘Sé Forbairt Naíonraí Teoranta a bheidh ag reachtáil na ceardlanna i gcomhar le Glór Cheatharlach agus mar chuid d’Fhéile Mhí na Gaeilge i gCeatharlach. Beidh an imeacht dírithe ar thuismitheoirí agus ar fhostaithe Naíonraí go príomha ach cuirfear fáilte roimh éinne atá ag iarriadh feabhas a chur ar a gcruinneas teanga.
Cuirfidh aoíchainteoir an ceardlann i láthair agus déanfar í a reachtáil trí mheán na Ghaeilge. Mar sin beidh leibhéal réasúnta maith Gaeilge tábhachtach d’éinne ag glacadh páirte. Beidh an cheardlann ar siúl ó 10.00r.n. go 1.00i.n. san Ostán Seven Oaks agus tá an imeacht urraithe ag Glór Cheatharlach. Is deis iontach í seo do thuismitheoirí agus d’fhostaithe Naíonraí feabhas a chur ar an méid Gaeilge atá acu. Pléfear na céimeanna sealbhaithe teanga sa phróiseas luath-thumtha agus tábhacht na teanga i bhforbairt iomlán an pháiste. Tá gach eolas faoin gceardlann ar fáil ó Glór Cheatharlach ar 059 9158105, 085 1340047 agus ní foláir clárú gan mhoill.
www.carlow-nationalist.ie
Comhartha sláinte
Márta 18, 2014
Bhí mé ag rá an tseachtain seo caite nach bhfaighimid a lán deiseanna Gaeilge a labhairt.
Táimid inár gcónaí in Eirinn, ach tá timpeallacht Bhéarla agus timpeallacht chultúrtha Shasanach againn. Amuigh ar an tsráid, cluintear Béarla an t-am ar fad, beagnach, agus ag amharc ar an chuid is mó de na comharthaí os cionn na siopaí i nDoire, shílfeá go raibh tú i mbaile Sasanach. D’imigh cuid mhaith de na comharthaí Gaeilge i rith na mblianta: Siopa Sheáin, ar Shráid an Chreagáin, mar shampla – bhí ceacht beag Gaeilge sa chomhartha sin. Feictear ainmneacha sráideanna ina lán áiteanna, áfach, agus cuidíonn sin go mór le stór focal agus le litriú na Gaeilge.
Ach tá bláth nua ag fás amuigh san fhásach. Bhuail mé isteach i siopa/caife nua ar Shráid an Chaisleáin i lár na cathrach ar na mallaibh- an Siopa Císte – comhartha taobh amuigh i nGaeilge! Labhair mé leis an úinéir, Seán Ó Baoill. Tá Gaeilge mhaith aige, cé go ndeir sé go bhfuil sí rud beag meirgeach. Ach tá scoth na Gaeilge ag duine de na freastalaithe, Aoibheann Ní Dhéin. Tá sí bródúil as a teanga, agus tá sí breá sásta comhrá a dhéanamh. D’fhreastail Aoibheann ar Bhunscoil Chomcille i nDoire, agus ar Mheánscoil Dhoire sular druideadh í. Tá beirt óganach eile ag obair sa chaife – iardhaltaí na Meánscoile fosta, agus tá Gaeilge ar a dtoil acu. Léiríonn sé seo gur féidir fostaíocht a chruthú tríd an Ghaeilge.
Chomh maith le Gaeilge bhlasta, faigheann tú cístí blasta sa chaife/siopa. Tá tríocha bliain de thaithí ag Seán. Faigheann sé uibheacha óna chearca féin, agus fásann sé torthaí do na cístí: úlla, rúbarb, sméara dubha, sútha talún. Mar sin de, feiceann tú gur siopa glas atá ann sa chiall leathan den fhocal!
Tá fáilte roimh achan duine chuig an Siopa Cístí- Gaeilgeoirí agus Béarlóirí araon. Bain sult as cuairt ar an áit an-Ghaelach seo an tseachtain seo, go háirithe. Beannachtaí na Féile ar ár léitheoirí go léir!
I was saying last week that we do not get many opportunities to speak Irish. We live in Ireland, but we have an English speaking environment and an English cultural environment. Out on the street, you hear English nearly all the time, and looking at the signs above most of the shops, you would think that you were in an English town. Many Irish signs have disappeared over the years: Siopa Sheáin on Creggan Street, for instance – there was a little Irish lesson in that sign! You can see a lot of street names in many places, however, and that is a great help with regard to vocabulary and spelling. But a new flower is blooming out in the desert. I dropped into the new café/shop in Castle Street recently- An Siopa Císte- which has the sign outside in Irish. I spoke to the owner, Seán Boyle. He has good Irish, although he says it is a little rusty.
One of the waitresses, Aoibheann Ní Dhéin, has excellent Irish. She is very proud of her language and is very pleased to chat! Aoibheann attended Bunscoil Cholmcille in Derry and the Irish secondary school before it closed. There are two other young people working in the café: they are also former Meánscoil pupils, and they are both fluent speakers. This shows that jobs can be created through Irish. As well as great Irish, you get great cakes in the café/shop. Seán has thirty years’ experience. He gets eggs from his own hens, and he grows fruit for the cakes: apples, rhubarb, blackberries, strawberries. So it is a green shop in the broad sense of the word! Everyone is welcome at the Siopa Císte- Irish speakers and English speakers! Enjoy a visit to this very Irish place – this week especially. A happy Saint Patrick’s Day to all our readers!
Sliocht na Seachtaine/ Quotation of the week
‘No language can survive if its use is confined to just private and domestic contexts. A lot of us now feel that we can only practice the language with other consenting adults behind closed doors.’ John Glennon, Irish Times, 7 Márta.
www.derryjournal.com
An chéad chlár raidió Gaeilge ó Nua Eabhrac le tosnú ar Raidió na Life!
Márta 18, 2014
Tá ríméad ar Raidió na Life, stáisiún a bhris mórán múnlaí i gcraoltóireacht na Gaeilge thar na blianta, a fhógairt go mbeidh tús á chur leis an gcéad chlár raidió trí Ghaeilge ón Úll Mór, Nua Eabhrac mar chuid de chlársceideal speisialta an stáisiúin le linn Sheachtain na Gaeilge 2014. Clár nua míosúil ó Chathair Nua Eabhraic is ea ‘Amharc as Nua Eabhrac’ atá á léiriú agus á chur i láthair ag an Ollamh Brian Ó Broin ó Ollscoil William Paterson i New Jersey. Clár spraoiúil irise is ea seo ina bpléann Brian agus a chuid aíonna cúrsaí Nua Eabhraic, Mheiriceá agus an domhain. Taifeadtar an clár ó am go chéile in ionaid éagsúla timpeall Chathair Nua Eabhraic. Craolfar an chéad eagrán den chlár uathúil is eisiach seo le linn Sheachtain na Gaeilge ar an Aoine 14ú Márta, ag a 8:00 i.n. ar 106.4FM in Áth Cliath agus ar fud an domhain ar www.raidionalife.ie. Beidh an clár ar fáil mar phodchraoladh freisin.
Fógraíodh le déanaí go bhfuil Raidió naLife ainmnithe ar ghearrliosta ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ ag Féile na Meán Ceilteach 2014, a tharlóidh i gCorn na Breataine idir an 2ú – 4ú Aibreán. Tá RnaL ar bís a bheith ainmnithe arís tar éis an gradam céanna a bhuachaint ag Féile na Meán Ceilteach anuraidh, an chéad uair i stair 34 bliain na féile gur thug stáisiún raidió pobail an duais mhór leo.
£10,000 bronnta ag Gael-Mheiriceánaigh ar an Ghaeloideachas
Márta 18, 2014
Tá an carthanas Gael-Mheiriceánach, Mary’s Gift, tar éis £10,000 a bhronnadh ar Choláiste Feirste agus ar Bhunscoil an Droichid.
Thiomsaigh an carthanas an t-airgead sna Stát Aontaithe le linn an fhómhair. Is é sprioc atá acu ná airgead a bhailiú don ghaeloideachas ó thuaidh.
Bhunaigh an tAturnae, Michael Breen, Mary’s Gift in Nua-Gheirsí sé bliana ó shin tar éis dó freastail ar chaint faoi chás na teanga ó thuaidh i gCalifornia.
D’ainmnigh an tUasal O’Breen an carthanas in omós dá mhathair mhór a chuaigh ar imirce ó chontae Ros Comáin chuig an oileán úr agus í sé bliana déag d’aois.
Seo chugaibh léargas ar obair an charthanais agus caiteachas an airgid.
Féach an físeán ar www.meoneile.ie.
Rith 2014: Gaeil ag rith ar son na Gaeilge
Márta 18, 2014
Le seachtain anuas, tá Gaeilgeoirí na tíre ag rith ar son na teanga, ó Bhaile Bhúirne i gContae Chorcaí go Béal Feirste i gContae Aontroma.
Eagraithe mar chuid de Seachtain na Gaeilge, agus ag glacadh inspioráide ón Korrika i dTír na mBascach, is rás sealaíochta í Rith, agus an sprioc taobh thiar de ná aird a tharraingt ar an Ghaeilge ar bhealach sultmhar.
Thaistil Meon Eile ó Lifear i dTír Chonaill chomh fada leis an Ómaigh i gContae Thír Eoghain le foireann Rith chun cuid den spraoi agus craic a bhlaiseadh…
Bunaíodh Rith mar fhéile i 2010 chun “pobal labhartha na Gaeilge a spreagadh, a thacú agus a mhéadú i rith Sheachtain na Gaeilge”. Tharla Rith arís i 2012, agus táthar ag súil leis an bhféile a eagrú arís i 2016.
Críochnóidh Rith 2014 i mBéal Feirste amárach, áit a léifear amach an teachtaireacht tacaíochta ó pheann Uachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUigín.
Mar sin, tá am agaibh go fóill teacht amach agus Rith don Ghailge!
Féach an físeán ar www.meoneile.ie
Feighlí linbh
Márta 18, 2014
Feighlí linbh ag teastáil i gCathair chorcaí do chailín 8 mí d’aois ag tosú Meitheamh/Iúil.
Is féidir aire a thabhairt di sa teach nó i dteach an fheighlí sa cheantar mórthimpeall. (Dúglas, an Ghráinseach, Baile an Róistigh).
Tuilleadh eolas ó Mhaidhcí: 087 2205409
Foilsithe ar Gaelport.com
Cuairteoir speisialta i nGaelscoil an Chuilinn!
Márta 13, 2014
Thug an tAire Joan Burton cuairt ar Ghaelscoil an Chuilinn le cabhair a thabhairt dóibh Seachtain na Gaeilge a sheoladh agus le plé a dhéanamh leo maidir le suíomh buan a aimsiú don scoil. Nach álainn an pictiúr!
Insealbhú an Choimisinéara
Márta 13, 2014
Tráthnóna inné, cheap Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, an tUasal Rónán Ó Domhnaill ina Choimisinéir Teanga.
Is as an gCeathrú Rua ó dhúchas do Rónán Ó Domhnaill (38), agus d’oibrigh sé le seacht mbliana anuas mar Chomhfhreagraí Polaitíochta le Nuacht RTÉ/TG4 agus mar bhall d’Aonad Polaitíochta RTÉ.
Tagann Ó Domhnaill mar chomharba ar Sheán Ó Cuirreáin, a d’fhógair ar 04 Nollaig 2013 go raibh sé le héirí as toisc gur mheas sé gur beag eile a d’fhéadfadh sé a bhaint amach go pearsanta i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ar na cúinsí laistiar dá chinneadh, thagair Ó Cuirreáin do lagú chóras na scéimeanna teanga, easpa inniúlacht Ghaeilge an státchórais, agus cinneadh an Rialtais cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga a aistriú chuig Oifig an Ombudsman.
Ag labhairt dó i ndiaidh a cheapacháin in Áras an Uachtaráin, dúirt an tUasal Ó Domhnaill gur ‘pribhléid agus onóir mhór’ dó a bheith ceaptha ina Choimisinéir Teanga agus dúirt go bhfuil i gceist aige an fód a sheasamh do phobal na Gaeilge, a gcearta teanga a chosaint ‘gan chamadh gan chlaonadh’ agus na dualgais reachtúla atá anois air a chomhlíonadh le fuinneamh agus le díograis.
Ag an ócáid in Áras an Uachtaráin, ghabh an tUasal Ó Domhnaill buíochas speisialta leis an iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, le foireann na hoifige as a bhfáiltiú croíúil agus leis an Aire Stáit Gaeltachta, Dinny McGinley T.D agus le Rialtas na hÉireann as é a cheapadh.
www.gaelport.com