Méid an Téacs

Féile Raifteirí, 22-24 Márta, 2013 – Dáta don dialann

Eanáir 22, 2013

Is mór ag Coiste Fhéile Raifteirí a fhógairt go mbeidh ealaíontóirí den scoth a chur os comhair phobal Oirthear na Gaillimhe arís i mbliana le linn Féile Raifteirí. Beidh an triúr, Breanndán Ó Beaglaíoch, Laoise Kelly agus Tommy Peoples, linn do cheolchoirm mhór na féile i mbliana. Beidh seó puipéid ar siúl sa leabharlann, beidh filí agus amhránaithe ar cuairt agus beidh seisiúin ceoil ar siúl le linn na deireadh seachtaine sin. Agus beidh cuid de na haíonna seo ar fáil do scoileanna mar chuid de réamhimeachtaí na féile.

Déanfar Féile Raifteirí a sheoladh oíche na Féile Bríde, Déardaoin, 31 Eanáir, i mBaile Locha Riach.
Cuirfidh Gearóid Ó Tuathaigh “Raifteirí, an polaiteoir” ós ár gcomhair i léacht phoiblí Dé Máirt, 12 Márta, i mBaile Locha Riach.

  • Osclóidh Féile Raifteirí Dé hAoine, 22 Márta, le ceardlann amhránaíochta a leanfar le ciorcal amhránaíochta, filíochta agus scéalaíochta.
  • Stiúrfaidh Gearóid Mac Lochlainn ceardlann filíochta do dhaoine fásta, Dé Satharn, 23 Márta.
  • Is iad Breanndán Ó Beaglaíoch, Laoise Kelly agus Tommy Peoples príomh-aoicheoltóirí cheolchoirm mhór na féile, Dé Satharn, 23 Márta.
  • Tá Gerard Clunan, Creachmhaoil, le bheith ina Fhear an Tí maidin Dé Domhnaigh, 24 Márta, ag uaigh Raifteirí, i Reilig Chill Fhinín.

Coinnígí súil amach d’fhógraí na féile agus bígí linn do sheoladh na féile, oíche Déardaoin, 31 Eanáir, 2013

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 091-870718
Suíomh Idirlín: www.lochariach.com
Ríomhphost: oifig@lochariach.com

Cóisir Oíche na Féile Bríde

Eanáir 22, 2013

Ionad: Péistín na Leabhar, Baile Locha Riach, Déardaoin, 31 Eanáir, 2013 @ 7.30 i.n.

Fear an Tí & Scéalaí na hOíche: Dara Ó Conaola, scríobhneoir, ó Inis Oirr, Co. na Gaillimhe

Inseofar scéalta, beidh ceoltóirí ón cheantar linn agus beidh ceardlann na croise Bríde ann. Mícheál Ó Fathaigh, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus a chairde a bheidh i mbun ceoil. Bígí ag ceiliúradh Oíche na Féile Bríde in éineacht le Gaeilge Locha Riach.

Seolfar Féile Raifteirí agus Seachtain na Gaeilge; agus beidh an t-eolas is déanaí ann maidir le himeachtaí eile a bhfuil baint againn leo, Slógadh Eachtaí ina measc. Fáilte roimh chách ach é a bheith curtha in iúil dom faoin 30 Eanáir.

Eolas: Gaeilge Locha Riach, Ruth ar 091-870718

Nuachtlitir Nua agus Bosca Leabhar le Buachaint

Eanáir 22, 2013

Tá Cló Iar-Chonnacht le tús a chur le nuachtlitir do scoileanna a dhíreoidh ar an litríocht sa seomra ranga.

Beidh treoir do mhúinteoirí ar na leabhair is déanaí atá feiliúnach do ranganna scoile. Chomh maith leis sin beidh lascaine ar na leabhair do scoileanna agus duaiseanna le buachaint.

Sa nuachtlitir, a thiocfaidh amach gach cúpla mí, beidh eolas faoi conas an leas is mó a bhaint as an leabhar Gaeilge sa seomra ranga chomh maith le freagraí ar cheisteanna atá ag múinteoirí. Má tá moltaí ar bith agat mar mhúinteoir, cuir chugainn iad ar poibliocht@cic.ie.

Tá bosca leabhar le buachaint do scoil amháin agus beidh gach seoladh ríomhphoist atá cláraithe don nuachtlitir nua san iomaíocht dó. Beidh an buaiteoir ainmnithe sa chéad nuachtlitir a thiocfaidh amach Dé Luain, 4 Feabhra.

Más mian leat clárú leis an nuachtlitir seo, níl le déanamh agat ach ríomhphost a chur ar chuig poibliocht@cic.ie leis an bhfocal ‘cláraigh’ scríofa air. Abair freisin, le do thoil, an le bunscoil nó meánscoil atá tú.

Bonn John Hooper do Staitisticí

Eanáir 21, 2013

Bronnfar Bonn John Hooper do Staitisticí ar mhic léinn iarbhunscoile (san Idirbhliain nó sa Timthriall Shinsearach) a dhearfaidh póstaer a thugann cuntas ar ghné dá dtimpeallacht le cabhair staitisticí. Ta an Roinn seo agus an Phríomh Oifig Staidrimh ag tacú leis. Is é téama chomórtas na bliana 2013 ná Talmhaíocht. Tá cead isteach sa chomórtas chomh maith ag mic léinn 15 go 18 bliain d’aois i dTuaisceart Éireann.

Nótáil le do thoil na príomhdhátaí don chomórtas.

1 Feabhra 2013
Spriocdháta do chlárú.

1 Márta 2013
Spriocdháta d’iontrálacha a chur isteach.

29 Márta 2013
Fógrófar na buaiteoirí náisiúnta.

Is mar seo a leanas na duaiseanna do na hiomaitheoirí a n-éireoidh leo:

1ú Áit – Bonn John Hooper na Príomh Oifige Staidrimh as anailís staitistiúil agus €1,600 (a mbronnfar €1,000 de ar an scoil agus €600 de ar an bhfoireann mac léinn);
2ú Áit – €1,000 (a mbronnfar €650 de ar an scoil agus €350 de ar an bhfoireann mac léinn);
3ú Áit – €600 (a mbronnfar €400 de ar an scoil agus €200 de ar an bhfoireann mac léinn).

Iontráilfear póstaer amháin mar ionadaí ag Éirinn, i ngach ceann den dá chatagóir aoise ILSP (Tionscadal Idirnáisiúnta na Litearthachta Staitistiúla), ó na póstaeir incháilithe is airde áite.

Tá sé mar aidhm ag Bonn John Hooper do Staitisticí an litearthacht staitistiúil a chur chun cinn, obair foirne a spreagadh i measc mac léinn agus seans a thabhairt do mhic léinn scileanna cumarsáide a fhorbairt. Is cinnte gur mór an díol suime do mhic léinn agus múinteoirí é i gcomhthéacs rollú amach Thionscadal Mata.

Tá tuilleadh eolais faoi Bhonn John Hooper agus Tionscadal Idirnáisiúnta na Litearthachta Staitistiúla le fáil ar líne ag:

http://www.cso.ie/en/newsandevents/johnhoopermedalforstatistics2013competition/

Oideas Gael

Eanáir 21, 2013

Tá suíomh idirlín úr Oideas Gael www.oideasgael.ie ar fáil anois agus sonraí na gcúrsaí uilig air, cúrsaí d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge, laetha saoire cultúrtha agus cúrsaí do mhúinteoirí.

Ranganna Gaeilge i nDún Uladh, An Ómaigh

Eanáir 21, 2013

Rang Feabhsaitheora: Dé Máirt 7pm-8.30pm. Ag toiseacht Dé Máirt 22ú Eanáir.

Bunrang: Dé hAoine 10am-11.30am. Ag toiseacht Dé hAoine 25ú Eanáir.

Reáchtálfar Ciorcal Comhrá ó 11.30am-1pm díreach i ndiadh an ranga ar an Aoine. Cuirfear tae, caife agus soláistí ar fáil saor in aisce. Deis iontach a bheidh sa chiorcal comhrá do chuid Gaeilge a chleachtach i suíomh compórdach. Fáilte roimh chách.

Gabh i dteagmháil le Sinéad i nDún Uladh le haghaidh tuilleadh eolais: sinead@dunuladh.ie 028 822 42777

Foilsithe ar Gaelport.com

Ranganna Gaeilge i Londain

Eanáir 21, 2013

Beidh ranganna Gaeilge do dhaoine fásta á reáchtáil ag Ionad na nÉireannach i mBaile Camden, Londain in 2013.
Beidh leibhéil éagsúla á n-ofráil a bheidh feiliúnach do gach duine ag bráth ar a gcumas Gaeilge:

  • Bunranganna
  • Meánranganna
  • Ardranganna

Cuirfear tús leis na ranganna i mí Feabhra 2013 agus tá costas £80 ar ocht seachtaine. Is féidir rang a chur in áirithe anseo.

Ionad:
The London Irish Centre
50 Camden Square
Londain NW1 9XB
Tuilleadh eolas:
Tel: 0207 916 2222
rphost: gaeilge@londonirishcentre.org
Suíomh gréasán: www.londonirishcentre.org

Foilsithe ar Gaelport.com

Gaelscoil vying to secure playground equipment through a Facebook competition

Eanáir 18, 2013

A few months ago, Gaelscoil Dara, Renmore, entered a Facebook competition run by the English company Wicksteed Playscapes, to win playground equipment to the value of £25,000.

After diligent efforts were made by parents of the students to share the link and encourage their online friends to vote for Gaelscoil Dara, 1,737 votes were secured which allows the school to progress to the next stage of the contest for which 10 schools have been shortlisted.

A panel of adjudicators will visit the schools later in the month to determine which is the one most deserving of the prize. Parents, teachers, and the student body will team up to prove their determination to win. The children must exhibit their passion through artistic media, why they believe their school should be selected to win.

Out of the 120 schools which entered from Ireland and the UK, Gaelscoil Dara earned one of the highest numbers of votes. After a 27 year wait, Gaelscoil Dara received funding to build a permanent, new, premises, which can be seen from the Dublin Road, opposite GMIT, including a playground, but nfortunately the funds ran out before its completion. Instead, you have an empty, fenced off, spacious play area void of playing equipment and full of the school’s wheelie bins.

The children would love to see the building completed with the equipment in the empty playground as there is no other playground within walking distance in the community. It would be especially advantageous to the children with special needs attending the school and those who still visit from Rosedale School beside where Gaelscoil Dara once used to be.

Michelle Kirby, school secretary of Gaelscoil Dara, and instigator of the school’s application to the competition, thanks all the people of Galway and their Facebook friends, who took time to vote for the very deserving potential winner.

www.advertiser.ie/galway

Gaelscoil nua do Chill Dara

Eanáir 17, 2013

Tá fáilte curtha ag an bhForas Pátrúnachta roimh an gcinneadh go n-osclófaí Gaelscoil i mBaile Chill DaraI MÍ Mean Fómhair seo chugainn.
D’fhógair an Roinn Oideachais tráth go raibh an baile ar cheann den 44 ceantar ina raibh suirbhéanna le déanamh ar thuismitheoirí maidir le pátrúnacht. Dúirt an Roinn an tseachtain seo go raibh sé le baint ón liosta toisc go raibh dóthain fianaise curtha faoina bhráid ag an bhForas Pátrúnachta go bhfuil éileamh ann don Ghaelscolaíocht.

Dúirt an tAire Oideachais, Ruairí Quinn, chomh maith go bhfuil bunscoil ag Educate Together i mBaile Chill Dara cheana féin.

“Tá ríméad orainn do mhuintir Chill Dara a,” arsa Ard-Rúnaí an Fhorais, Caoimhín Ó hEaghra. “Tá éileamh ollmhór do scoil lánGhaeilge sa cheantar rud atá léirithe sna liostaí feithimh a bhíonn ag na scoileanna lánGhaeilge eile sa cheantar.” “Tá an Foras Pátrúnachta buíoch don Roinn as freagra dearfach a thabhairt ar ár n-iarratas ar son Chill Dara.”

Beidh an scoil nua ar an seachtú bunscoil lánGhaeilge i gCill Dara. Tá na cinn eile lonnaithe i mBaile Átha Í, i gCill Droichid, i gCill Choca, sa Nás, i Léim an Bhradáin, i Maigh Nuad agus ar an gCurrach, gar don Droichead Nua.

www.gaelsceal.ie

Cúrsa Scannánaíochta do dhaltaí Iarbhunscoile

Eanáir 17, 2013

Is chun bunscileanna scannánaíochta a thabhairt do dhaltaí iarbhunscoile an cúrsa seo. Foghlaimeoidh siad cén chaoi scannán a chur le chéile, ó phleanáil agus eagrú go húsáid trealaimh agus eagarthóireacht. Beidh deis acu gearrscannán a phleanáil, a dhéanamh agus a chur in eagar iad féin. Beidh cóip dá saothar acu ar DVD ag deireadh an chúrsa.

Ábhar an chúrsa:

  • scríobh scripte
  • cruthú clárscéil
  • eagrú foirne & suíomh
  • úsáid ceamara
  • cumadh seatanna
  • úsáid solais
  • taifeadeadh fuaime
  • eagarthóireacht

Suíomh an Chúrsa: Ionad Gael Linn, Eachléim, [An Fód Dubh], Co. Mhaigh Eo.

Fad an Chúrsa: Tráthnóna Domhnaigh go tráthnóna Aoine

Uaslíon: 20 dalta

Táille: Clúdaíonn an táille de €200 an dalta, teagasc, lóistín & béilí. Níl taisteal san áireamh
Eolas: Fergus Mac Suibhne ag 086.8843489 nó fergus@gael-linn.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »