Withdrawal of teachers disadvantaging rural schools
Aibreán 16, 2012
Tuam and Ballinasloe parents to be consulted on school patronage
Aibreán 16, 2012
Gaeltacht schools, small rural schools and rural communities will protest against austerity measures in Galway next Saturday at the Labour Party Ard Fheis
Aibreán 11, 2012
Representatives from schools will meet at the Cathedral at 1pm,and march from there to the University, where all groups will converge and ensure that the Labour Party Ard Fheis attendees, and especially the Minister for Education &Skill, hear the unhappiness of Gaeltacht schools, rural communities and small rural schools.
Spread the word and support Gaeltacht schools,communities and small rural schools on the day.
Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo.
50 towns to see handover of school patronage
Aibreán 10, 2012
Emphasis on Irish and religion
Aibreán 10, 2012
Church prepares for historic handover of primary schools
Aibreán 10, 2012
Scoileanna Gaeltachta ag ullmhú don agóid i nGaillimh
Aibreán 10, 2012
Dé Sathairn, 14 Aibreán beidh cathair na Gaillimhe mar cheannscríbe do lucht na tuaithe a rachaidh i mbun agóide in aghaidh ciorruithe a dhéanfaidh dochar mór do shaol na tuaithe dar leo.
Beidh lucht tacaíochta na scoileanna Gaeltachta lárnach sa léirsiú sa chathair. Tá bagairt do na scoileanna Gaeltachta fós i mbéal an phobail tar éis gur moladh sa cháinaisnéis go n-ardófar an cóimheas idir múinteoirí agus daltaí i scoileanna beaga le níos lú ná ceathrar múinteoirí fostaithe ann.
Tá ciorclán eisithe ag an Roinn Oideachais mar gheall ar an athrú agus tá lucht na scoileanna Gaeltachta ag súil go ndéanfar eisceacht do scoileanna Gaeltachta agus go dtabharfaí aitheantas do thábhacht na scoileanna i gceantair Ghaeltachta.
Buailfidh an slua le chéile ag an Ard-Eaglais sa chathair ag 1 in agus, máirseálfar as sin go dtí an Ollscoil, áit a mbeidh teacht le chéile chun a chinntiú go gcloisfidh baill an pháirtí míshástacht scoileanna agus mhuintir na Gaeltachta.
An tseachtain seo caite, thacaigh na peileadóirí sinsearacha Noel O Leary agus Tomás Ó Sé le feachtas na scoileanna Gaeltachta.
Anuas air sin beidh roinnt eagrais tuaithe agus eagrais oideachais ag súil go tabharfaidh baill pháirtí an lucht oibre cluais dóibh.
Beidh eagraíochtaí atá in aghaidh na dtáillí séarachais i mbun agóide i gcathair na dtreabh Dé Sathairn chomh maith le múinteoirí gairmthreoracha .
Tá molta ag an Roinn Oideachais go mbeadh gearradh siar ar an líon uaireanta scoile a chuirfear ar fáil do ranganna gairmthreoracha agus go mbeadh ar mhúinteoirí gairmthreoracha filleadh ar ais ar an seomra rang le hábhair scoile eile a mhúineadh.
Foilsithe ar Gaelport.com
Pátrúnacht agus bunscoileanna lán-Ghaeilge
Aibreán 10, 2012
Foilsíodh tuarascáil an ghrúpa comhairligh don fhóram faoi phátrúnacht agus Iolrachas in earnáil an bhunoideachais inniu. Tá molta ann go dtabharfaí aird ar an éileamh ar an ngaeloideachas má ghlactar le moltaí maidir le pátrúnacht a dhífheistiú céim ar chéim.
Bunaíodh an fóram faoi phátrúnacht agus iolrachas i mí an Mhárta 2011 d’fhonn moltaí a chur chun cinn ar cheist na pátrúnachta.
Tugtar aird sa tuarascáil go bhfuil éileamh níos mó ar fhoirmeacha nua scolaíochta ilchreidmhí agus neamh-shainchreidmhí, chomh maith le héileamh níos mó ar scolaíocht trí Ghaeilge.
Éagsúlacht Pátrúnachta
Moltar sa tuarascáil éagsúlacht pátrúnachta a bhaint amach trí an stoc scoileanna atá cheana féin i limistéir ina bhfuil an daonra seasmhach a úsáid.
I gcás ina bhfuil cnuasach scoileanna sainchreidmheacha ann ach go bhfuil tuismitheoirí ag iarraidh go mbeadh pátrúnacht mhalartach scoile ar fáil, moltar sa tuarascáil go ndéanfaí aistriú pátrúnachta le cúnamh ón Roinn.
Ach seachnaítear sa tuarascáil cur chuige ‘an bhuille mhóir’ agus moltar gur chóir athrú pátrúnachta a dhéanamh i gcéimeanna, trí chur chuige bunaithe ar scoilcheantair a ghlacadh, ag glacadh rogha na dtuismitheoirí san áireamh.
Moltar sa tuarascáil go mbainfeadh céim a haon den obair seo le pátrúnacht scoile a scrúdú in 43 baile agus i 4 limistéar i mBaile Átha Cliath. Beidh 18 ndeoise i gceist leis sin agus grinnscrúdú ar thart ar 250 scoil, agus féadfar thart ar 50 díobh sin a dhífheistiú.
Moltar próiseas trí chéim, áit a mbaileodh an Roinn Oideachais agus Scileanna faisnéis maidir leis an éileamh atá ar an dífheistiú trí shuirbhéanna a dhéanamh ar thuismitheoirí.
Ina dhiaidh sin thiocfadh tuarascáil maidir leis na roghanna pátrúnachta agus ar deireadh bheadh ar phátrúin freagra a thabhairt taobh istigh de thréimhse ama faoi leith.
Scoileanna lán-Ghaeilge
Tá molta ag an ngrúpa comhairleach gur cheart anailís a dhéanamh ar an mbealach a thagann bunscoileanna Gaeilge chun cinn agus gur cheart machnamh a dhéanamh ar an gcoincheap maidir le scoil ‘satailíte’ a bheadh ceangailte le ‘máthairscoil’ Ghaeilge atá dea-bhunaithe.
Tá formhór na scoileanna lán-Ghaeilge faoi phátrúnacht na nEaspag Caitliceach nó faoi phátrúnacht an Fhorais Pátrúnachta. Tagraítear sa tuarascáil don mhéadú atá tagtha ar an éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh de cheantair Ghaeltachta in ainneoin gur tháinig laghdú ar líon na scoileanna lán-Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta ó 153 sa bhliain 1975/1976 go dtí 106 sa bhliain 2010/2011.
Luaitear go bhfuil 30,000 dalta ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh don Ghaeltacht anois agus gur cheart eolas mar gheall ar an ngaeloideachas a scaipeadh i measc na dtuismitheoirí a bheidh ag glacadh páirte i gcéim a haon don phróiseas.
Bheadh éileamh na dtuismitheoirí ar scoileanna Gaeilge mar chuid den treoir thionscadal maidir le 47 limistéar a dhífheistiú.
Deirtear freisin gur cheart go leanfar agus go gcuirfear leis na socruithe taistil atá do scoláirí ar mhian leo freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge.
Chuir an tAire Ruairí Quinn TD fáilte roimh an tuarascáil agus dúirt sé gur cheart gurb é rogha na dtuismitheoirí an t-ábhar imní is mó a bheadh againn ar fad.
“Le roinnt mhaith blianta anois, tá athrú mór polaitiúil, sóisialta, eacnamaíoch, cultúrtha, déimeagrafach agus oideachasúil le feiceáil ar shochaí na hÉireann. Caithfear léiriú a thabhairt ar an tsochaí athraithe sin sa soláthar bunscoile agus caithfear freastal ar éagsúlacht mhéadaithe”, a dúirt sé.
Fógrófar cinneadh na Roinne Oideachais mar gheall ar mholtaí na tuarascála i mí na Bealtaine.
Foilsithe ar Gaelport.com
Foilsíonn an tAire Quinn tuarascáil an Ghrúpa Comhairligh ag an bhFóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas in Earnáil an Bhunoideachais
Aibreán 10, 2012
D’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna, an tUasal Ruairí Quinn T.D., tuarascáil an Ghrúpa Comhairligh ag an bhFóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas in Earnáil an Bhunoideachais inniu.
Ag cur fáilte roimh an tuarascáil, dúirt an tUasal Quinn “Mairimid i dtír atá athraithe agus atá ag athrú i gcónaí go deimhin. Glactar leis tríd is tríd anois go bhfuil éagsúlacht níos mó ag teastáil sa bhunscolaíocht agus táim ríméadach go bhfuil comhpháirtithe sásta fáilte a chur roimhe seo. Is é an phríomhcheist anois ná conas is fearr an éagsúlacht sin a chur chun cinn agus a fhorbairt. Cuideoidh tuarascáil an Ghrúpa Comhairligh linn sa réimse casta seo.”
Ghlac an tAire buíochas le comhaltaí neamhspleácha an Ghrúpa Comhairligh, an tOllamh John Coolahan, Cathaoirleach an Ghrúpa, an Dr Caroline Hussey agus an tUasal Fionnuala Kilfeather as an obair agus an tiomantas iontach a léirigh siad don Fhóram.
Dúirt an tAire: “Tugtar léargas sa tuarascáil seo ar stair agus ar theacht chun cinn na pátrúnachta i sochaí na hÉireann. Taispeántar inti freisin an gá atá don chóras bunscoile dul in oiriúint anois do na riachtanais atá ag sochaí níos éagsúlaí”.
Fuarthas 247 aighneacht ó ghrúpaí leasmhara, ó thuismitheoirí agus ón bpobal agus bhreithnigh an Grúpa Comhairleach iad. Bhí daltaí bunscoile agus iar-dhaltaí bunscoile rannpháirteach sa phróiseas comhairliúcháin freisin.
Tugtar ar aird sa tuarascáil cé gur oideachas sainchreidmheach 96% den soláthar oideachais ar leibhéal na bunscoile mar gheall ar fhorbairt stairiúil an bhunoideachais in Éirinn, is léir go bhfuil éileamh níos mó ar fhoirmeacha nua scolaíochta ilchreidmhí agus neamh-shainchreidmhí, chomh maith le héileamh níos mó ar scolaíocht trí Ghaeilge.
Dúirt an tAire Quinn: “Ba cheart gurb é rogha na dtuismitheoirí an t-ábhar imní is mó a bheadh againn ar fad. Le roinnt mhaith blianta anois, tá athrú mór polaitiúil, sóisialta, eacnamaíoch, cultúrtha, déimeagrafach agus oideachasúil le feiceáil ar shochaí na hÉireann. Caithfear léiriú a thabhairt ar an tsochaí athraithe sin sa soláthar bunscoile agus caithfear freastal ar éagsúlacht mhéadaithe.”
D’iarr an tAire Quinn ar na Comhpháirtithe Oideachais agus ar pháirtithe leasmhara an tuarascáil a scrúdú agus machnamh a dhéanamh ar na moltaí atá inti. Tá an tAire ag déanamh a mhachnaimh féin ar thorthaí agus ar mholtaí na tuarascála agus tá sé i gceist aige a fhreagra oifigiúil a thabhairt i mí na Bealtaine.
De réir an ghealltanais sa Chlár don Rialtas, leanfar ina dhiaidh sin le Páipéar Bán maidir le hiolrachas agus pátrúnacht in earnáil an bhunoideachais.
Is féidir moltaí an Ghrúpa Comhairligh a roinnt a bheag nó a mhór i dtrí phríomhréimse:
- Pátrúnacht a dhífheistiú in áit a bhfuil daonra seasmhach agus éileamh ar éagsúlacht scoileanna
- déileáil le bunscoileanna Gaeilge
- níos mó cuimsitheachta a chur chun cinn i ngach scoil, lena n-áirítear scoileanna ‘Aonair’ nuair nach féidir mar rogha pátrúnacht a chur faoi chúram comhlachta eile
Moltar sa tuarascáil éagsúlacht pátrúnachta a bhaint amach trí an stoc scoileanna atá cheana féin i limistéir ina bhfuil an daonra seasmhach a úsáid. I gcás ina bhfuil cnuasach scoileanna sainchreidmheacha ann ach go bhfuil tuismitheoirí ag iarraidh go mbeadh pátrúnacht mhalartach scoile ar fáil, moltar sa tuarascáil go ndéanfaí aistriú pátrúnachta le cúnamh ón Roinn.
Moltar sa tuarascáil a bheith cúramach maidir le cur chuige ‘an bhuille mhóir’ agus moltar gur chóir athrú pátrúnachta a dhéanamh i gcéimeanna, trí chur chuige bunaithe ar scoilcheantair a ghlacadh, ag glacadh rogha na dtuismitheoirí san áireamh.
Moltar sa tuarascáil go mbainfeadh céim a haon den obair seo le pátrúnacht scoile a scrúdú in 43 baile agus i 4 limistéar i mBaile Átha Cliath mar a d’aithin an Roinn in 2010, ag teacht ó iarratas a rinne an Eaglais Chaitliceach, mar rud is dóigh a mbeadh éileamh mór aige ar éagsúlacht. Beidh 18 ndeoise i gceist leis sin agus grinnscrúdú ar thart ar 250 scoil, agus féadfar thart ar 50 díobh sin a dhífheistiú.
Moltar próiseas trí chéim, áit a mbaileodh an Roinn Oideachais agus Scileanna faisnéis maidir leis an éileamh atá ar an dífheistiú trí shuirbhéanna a dhéanamh ar thuismitheoirí. Ina dhiaidh sin thiocfadh tuarascáil maidir leis na roghanna pátrúnachta agus ar deireadh bheadh ar phátrúin freagra a thabhairt taobh istigh de thréimhse ama faoi leith.
Tharlódh sé sin ag an am céanna le clár soláthair scoileanna nua i limistéar ina bhfuil fás ar an daonra, agus bheadh pátrúnacht na scoileanna sin bunaithe ar éileamh na dtuismitheoirí.
Déantar roinnt moltaí sa tuarascáil maidir le scoileanna Gaeilge, lena n-áirítear scéim phíolótach a chur ar bun maidir leis an gcoincheap a bhaineann le scoile “satailíte”, a bheadh ceangailte le ‘máthairscoil’ Ghaeilge atá dea-bhunaithe.
I gcás na bpobal sin ina bhfuil scoil ‘Aonair’ amháin, áit nach féidir pátrúnacht a aistriú, déantar moltaí sa tuarascáil atá dírithe ar a chinntiú go bhfuil scoileanna den sórt sin chomh cuimsitheach agus is féidir agus go ndéanfar freastal ar dhaltaí a bhfuil córais chreidimh éagsúla acu. Tá thart ar 1700 de na scoileanna sin ann, agus iad 3km ar a laghad ón scoil is gaire dóibh. Moltar sa tuarascáil go ndéanfaí forbairt ar phrótacal lena n-éascófaí gach scoil ó thaobh beartais shoiléire a fhorbairt a mbeadh fáil ag gach tuismitheoir orthu maidir le conas a dhéanann siad bainistiú ar éagsúlacht agus a chinntíonn siad go mbeidh timpeallacht chuimsitheach agus ómósach ag a gcuid daltaí go léir.
“Is príomhghealltanas sa chlár don Rialtas é an Fóram ar Phátrúnacht agus níl ann ach léargas eile ar an bhfonn atá orainn cúrsaí cothroime a athchóiriú agus a chinntiú inár gcuid scoileanna. Mar sin féin, tuigim go maith go gcaithfear cothromaíocht a bhaint amach idir dul chun cinn i ndáiríre ó thaobh pátrúnacht a aistriú go gearrthéarmach agus an aidhm fhadtéarmach atá againn maidir leis an ngealltanas atá tugtha ag gach taobh i ndáil le níos mó cuimsitheachta agus éagsúlachta sna scoileanna,” a dúirt an tAire Quinn.
Ag glacadh leis na héilimh atá ar acmhainní sa chóras bunscoile, tá a fhios ag an Aire gur cheart go mbeadh athruithe den sórt sin neodrach ó thaobh costais de, nuair is féidir é.
Tá tuarascáil an Ghrúpa Comhairligh ar fáil ar leathanach Gréasáin an Fhóraim ar shuíomh Gréasáin na Roinne.
Tá Caibidil na Moltaí sa Tuarascáil le fáil anseo.
Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le Deirdre Grant ag 01 889 2417 nó 086 0484 279
Forbhreathnú ar thuarascáil an Ghrúpa Comhairligh
Tugtar anailís chuimsitheach i Roinn I de thuarascáil an Ghrúpa Comhairligh ar phátrúnacht scoile mar shaincheist i bhforbairt chóras bunscoile na hÉireann, agus i Roinn II tugtar forbhreathnú ar an bpróifíl scoile agus dhéimeagrafach reatha. Bhí aird ar raon staidéar sa tuarascáil a rinneadh le blianta beaga anuas maidir le cineálacha cur chuige i dtaca le reiligiún, gnéithe de chleachtas reiligiúnach agus tuairimí maidir le reiligiún i scoileanna agus rialú scoileanna.
Tarraingítear aird i Roinn III ar an obair atá curtha ar bun cheana féin ag an Roinn Oideachais agus Scileanna a chuireann le hobair an Fhóraim, ina measc bunú na bPobalscoileanna Náisiúnta ó 2008 i leith, na socruithe nua chun iarratas a dhéanamh ar phátrúnacht agus na ceanglais agus na critéir a úsáidfear chun cinneadh a dhéanamh maidir le foirmeacha pátrúnachta amach anseo arna bhfógairt ag an Aire Oideachais agus Scileanna i Meitheamh 2011, foilsiú Phlépháipéar na Roinne, Discussion Paper on a Regulatory Framework for School Enrolment (Meitheamh 2011), agus na comhairliúcháin a lean as, agus ar ndóigh bunú an Fhóraim féin.
Tugtar aghaidh i Roinn IV ar an tsaincheist a bhaineann le dífheistiú, nó aistriú, pátrúnachta scoile. Deirtear sa tuarascáil nach bhfuil sé inmhianaithe ar bhonn sóisialta ná eacnamaíoch scoileanna nua a thógáil i limistéir ina bhfuil daonra atá seasmhach den chuid is mó. Deirtear inti freisin go nglactar leis tríd is tríd i limistéir den sórt sin, i gcás ina bhfuil roinnt scoileanna sainchreidmheacha ann agus éileamh ó thuismitheoirí maidir le foirm phátrúnachta scoile eile, go bhfuil an phríomhsprioc maidir le dífheistiú ag teacht ó phátrún reatha, an Eaglais Chaitliceach go minic, tríd an Roinn Oideachais agus Scileanna, chuig pátrún nua. Molann an Grúpa Comhairleach gur cheart go dtarlódh athrú pátrúnachta i gcéimeanna, ar bhealach incriminteach, agus gur chóir cur chuige a ghlacadh atá bunaithe ar an scoilcheantar. I gcás Chéim a hAon, molann an Grúpa Comhairleach go n-áireofaí leis sin soláthar imscrúdaithe i 43 baile agus i 4 limistéar i mBaile Átha Cliath, arna sainaithint ag an Roinn i mí Lúnasa 2010 ar iarratas na hEaglaise Caitlicí, d’fhonn roinnt scoileanna a shainaithint a d’fhéadfaí a dhífheistiú le scaipeadh ar phátrúin eile. Beidh 18 ndeoise i gceist leis sin agus grinnscrúdú ar thart ar 250 scoil, agus féadfar thart ar 50 díobh sin a dhífheistiú.
Leagtar amach trí chéim sa tuarascáil maidir le dífheistiú a chur ar bun ar bhonn píolótach. Leis sin chaithfeadh an Roinn sonraí a bhailiú maidir le soláthar reatha sna limistéir agus sainroghanna na dtuismitheoirí. I ndiaidh comhairliúchán le pobail scoile, thabharfadh na Pátrúin raon roghanna don Roinn ansin maidir le dífheistiú. Bheadh an Roinn ansin in ann na roghanna a mheas agus tuarascáil a chur isteach chuig an Aire.
Tugtar aghaidh i Roinn V ar bhunscoileanna Gaeilge. Molann an Grúpa Comhairleach gur cheart anailís a dhéanamh ar an mbealach a thagann bunscoileanna Gaeilge chun cinn agus gur cheart machnamh a dhéanamh ar an gcoincheap maidir le scoil ‘satailíte’ a bheadh ceangailte le ‘máthairscoil’ Ghaeilge atá dea-bhunaithe. Bheadh éileamh na dtuismitheoirí ar scoileanna Gaeilge mar chuid den treoir thionscadal maidir le 47 limistéar a dhífheistiú mar atá molta i Roinn IV.
Tugtar aghaidh i Roinn VI ar an scoil ‘Aonair’, .i. scoileanna, a bhfuil go leor acu i gceantair tuaithe, atá 3km ar a laghad ón scoil is gaire dóibh agus ina gcuimsítear thart ar 1700 de 3200 bunscoil, áit nach féidir éagsúlacht a chur ar fáil trí rogha scoile faoi phátrún eile. Tugtar aird faoi leith sa Tuarascáil ar conas is féidir leis na scoileanna sin a bheith níos cuimsithí agus níos mó ómóis a léiriú do chearta Bunreachtúla na dtuismitheoirí agus a gcuid leanaí, a thagann ó chúlraí éagsúla diachaí agus neamh-dhiachaí go minic. Chuig sin, cuireann an Grúpa Comhairleach creat féideartha i láthair maidir le prótacal a fhorbairt le haghaidh scoil chuimsitheach. I measc na réimsí a mholtar le cur san áireamh i bprótacal tá siad seo a leanas: go léireodh Boird Bainistíochta scoileanna sainchreidmheacha éagsúlacht an phobail áitiúil, go bhforbrófaí meicníochtaí le haghaidh meastóireachta ar an scoil uile agus féinmheastóireacht ag scoileanna ar chleachtas maidir le héagsúlacht agus éiteas; beartais rollaithe atá cothrom a chinntiú; caitheamh go héifeachtach leis an gceart Bunreachtúil fanacht amach as teagasc reiligiún; a chinntiú go mbíonn oideachas maidir le reiligiúin agus creidimh agus eitic ar fáil do gach dalta
Tugtar aghaidh i Roinn VII ar shaincheisteanna atá mar bhonn taca le héagsúlacht i ngach scoil. Ina measc sin tá gnéithe breise den phrótacal atá molta, lena n-áirítear beartais arna bhforbairt ag Boird Bainistíochta maidir le ceiliúradh reiligiúnach agus cultúrtha i scoileanna, maidir le hiarsmaí reiligiúnacha a chur ar taispeáint agus paidreacha agus tionóil chomhchoiteann, i gcás ina gcuirtear ar bun iad. Moltar sa tuarascáil go ndéanfaí athbhreithniú ar na Rialacha do Scoileanna Náisiúnta ó 1965, go háirithe Riail 68, ina ndéantar tagairt don reiligiún mar ‘an t-ábhar is tábhachtaí sa churaclam’ agus don ghá atá le spiorad reiligiúnach chun ‘an lá iomlán scoile a threorú agus a bheochan’. Meastar anois go bhfuil siad sin as dáta agus rinneadh cáineadh láidir orthu, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Moltar freisin gur cheart go mbeadh Oideachas faoi Reiligiún agus Ábhair Chreidimh (ERB) agus Eitic mar chuid den churaclam do gach leanbh agus go n-iarrfaí ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) clár ERB agus clár Eitice a fhorbairt don bhunscoil, ag teacht le Prionsabail Toledo. Samhlaítear sa tuarascáil go mbeadh cláir den sórt sin ann anuas ar chláir reatha cosúil le, ‘Alive O’ agus, ‘Goodness Me, Goodness You’, ina bhfuil gnéithe de ERB agus eitic cheana féin.
Cuirtear béim sa tuarascáil ar an tábhacht atá le soláthar a dhéanamh i gcónaí do chuimsiú sóisialta agus do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais orthu agus freastal a dhéanamh ar an éagsúlacht ag an am céanna.
I Roinn VIII breathnaítear ar na hacmhainní atá riachtanach chun moltaí áirithe atá sa Tuarascáil a chur i bhfeidhm. Liostaítear na moltaí ar fad i roinn thiomanta faoi leith i Roinn IX.
Téarmaí tagartha an Fhóraim
Ba iad téarmaí tagartha an Fhóraim comhairle a chur ar an Aire maidir leo seo a leanas:
- An chaoi is fearr lena chinntiú go bhféadfaidh an córas oideachais líon agus raon sách éagsúil de bhunscoileanna a sholáthar a bheidh ag freastal ar phobal gach uile reiligiúin agus orthu siúd nach mbaineann le reiligiún ar bith;
- Na ceisteanna praiticiúla faoin gcaoi le pátrúnacht a aistriú/dhífheistiú i gcás bunscoileanna aonair i bpobail ina bhfuil sé oiriúnach agus riachtanach;
- An chaoi le haistriú/dífheistiú dá leithéid a chur ar aghaidh chun a chinntiú go mbeifear in ann an t-éileamh ar éagsúlacht pátrúnachta (an t-éileamh ó thaobh na Gaeilge de san áireamh) a shainaithint agus a shásamh go forleathan ar fud na tíre.
Agus é ag cur na hoibre seo i gcrích, beidh aird ag an bhFóram, go háirithe, ar an méid seo a leanas:
- Toilteanas sainráite na hEaglaise Caitlicí machnamh a dhéanamh ar phátrúnacht bunscoileanna a dhífheistiú;
- Na srianta airgeadais reatha a bhfuil an Stát ag feidhmiú laistigh díobh, an gá le srianadh leantach amach anseo agus an riachtanas sa chomhthéacs seo an méid úsáide agus is féidir a bhaint as an mbonneagar scoile atá ann cheana chun freastal ar an éileamh amach anseo.
Comhaltaí an Ghrúpa Comhairligh
Cheap an tAire Grúpa Comhairleach chun maoirsiú a dhéanamh ar an bhFóram agus na téarmaí tagartha sin a chomhlíonadh. Bhí an Dr John Coolahan, Ollamh Emeritus de chuid OÉ Má Nuad ina chathaoirleach ar an nGrúpa Comhairleach. Ba iad seo a leanas comhaltaí eile an Ghrúpa Comhairligh: Caroline Hussey, iar-Chláraitheoir agus Leasuachtarán, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Fionnuala Kilfeather, iar-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí – Bunbhrainse.
An próiseas comhairliúcháin
Bhí roinnt cruinnithe poiblí ar siúl ag an nGrúpa Comhairleach agus lorgaíodh aighneachtaí ó phríomhpháirtithe leasmhara agus ón bpobal mar chuid dá chuid oibre. Fuarthas 215 aighneacht i scríbhinn agus rinne an Grúpa Comhairleach scrúdú orthu sin. Tionóladh seisiúin oibre poiblí leis na príomhpháirtithe leasmhara ar an 22, 23 agus 24 Meitheamh 2011 agus tionóladh seisiún iomlánach eile ar an 17 Samhain 2011. Fuarthas 32 aighneacht eile tar éis sheisiún mhí na Samhna. Craoladh na seisiúin oibre sin beo ar an Idirlíon agus tá taifeadtaí de na seisiúin oibre ar fáil ó shuíomh Gréasáin na Roinne, chomh maith leis na haighneachtaí go léir a fuarthas agus doiciméid eile de chuid an Fhóraim.
(http://www.education.gov.ie/home/home.jsp?pcategory=10856&ecategory=56743&language=EN).
Ba iad seo a leanas an ceathrar pháirtí leasmhar déag a bhí páirteach:
- Cumann Iontaobhaithe na Scoileanna Caitliceacha
- Cumann Bainistíochta na mBunscoileanna Caitliceacha
- An Roinn Oideachais agus Scileanna
- Ag Foghlaim le Chéile
- Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teoranta
- Gaelscoileanna Teoranta
- Cumann Múinteoirí Éireann
- Gréasán Príomhoidí Bunscoile na hÉireann
- An Cumann Gairmoideachais in Éirinn
- Cumann Náisiúnta na mBord Bainistíochta d’Oideachas Speisialta
- Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí – Bunbhrainse
- Bord Oideachais Eaglais na hÉireann
- An Chomhairle don Oideachas i gComhdháil Easpag Caitliceach Éireannach
- Fondúireacht Ioslamach na hÉireann
Bhí seisiúin chomhairliúcháin ag an nGrúpa Comhairleach freisin le daltaí bunscoile agus iarbhunscoile lena chinntiú gur tógadh a gcuid tuairimí san áireamh mar chuid de chinntí an Ghrúpa.
Tacaíocht phoiblí do Ghaelscoil Mhic Amhlaigh
Aibreán 10, 2012
Tá dúshlán an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., tugtha ag cúigear Theachta Dála Gaillimh Thiar agus iad ag iarraidh a fháil amach cén fáth a bhfuil Gaelscoil Mhic Amhlaigh fágtha ar lár ón liosta scoileanna atá le maoiniú faoi phlean thógála na Roinne ó seo go dtí 2015.
Tá na Teachtaí Dála i measc liosta iomlán de 13 ionadaithe poiblí a shínigh litir chuig an Aire Ruairí Quinn ag éilimh go gcuirfear maoiniú ar fáil don scoil.
Tá an beartas nua ag teacht sna sála ar chruinniú tacaíochta don scoil, cruinniú a mheall breis agus 600 duine chuig Óstán Bhóthar na Trá an tseachtain seo caite.
Chuala an cruinniú go raibh an-chuid obair ullmhúcháin déanta ag an scoil chun síneadh a chur leis an scoil agus cóiríocht bhuan a chur ar fáil do 200 páiste. Dúradh go raibh an scoil réidh le tairiscintí tógála a lorg ach gur tharraing an Roinn Oideachais siar ón tionscnamh ag an nóiméad déanach i mí Eanáir.
Ábhar mór sásamh a bhí sa slua mór a d’fhreastail ar an gcruinniú poiblí dar le Dairíona Nic an Iomaire, príomhoide na scoile. Ag trácht ar an tacaíocht seo dúirt sí freisin “ Laistigh de 10 lá, shínigh breis agus 3000 de shaoránaigh na Gaillimhe achainí chun an cinneadh a athrú. Tá 12 bliain caite againn ag feitheamh, tá gach céim sáraithe againn agus ní bheidh an scéal seo ag dul a chodladh. Má tá an Rialtas dáiríre maidir lena ndílseacht do pháistí, don oideachas, do chruthú todhchaí níos folláine agus cosaint na Gaeilge féin, tá dualgas orthu gníomhú láithreach.”
www.advertiser.ie/galway