Folúntas: Oifigeach Tionscadail (Bunscoileanna) le Gaelbhratach
Eanáir 10, 2017
Fáiltíonn Gael Linn roimh iarratais do phost mar Oifigeach Tionscadail. Beidh an té a cheapfar i mbun forbartha ar an scéim ‘Gaelbhratach’ ag leibhéal na bunscoile.
Beidh sárthuiscint ag iarrthóirí ar an gcuraclam bunscoile agus ar na heagrais éagsúla atá bainteach le cúrsaí oideachais ag an mbunleibhéal.
Riachtanais an phoist:
• Cáilíocht 3ú leibhéal sa Ghaeilge/sa mhúinteoireacht
• Sárchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
• Scileanna láidre idirphearsanta
• Scileanna maithe eagrúcháin, ar a n-áirítear scileanna ríomhaireachta
• Láncheadúnas tiomána agus teacht ar charr
Post ar chonradh bliana a bheidh i gceist ar dtús. Beidh an post lonnaithe i gCeannáras Gael Linn i mBaile Átha Cliath ach beidh taisteal i gceist.
Foirm iarratais agus tuilleadh eolais ar fáil ó: Máire Harris, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Teil 01-6751200 maireh@gael-linn.ie
Folúntas: Múinteoir Tacaíochta Foghlama
Eanáir 9, 2017
Tá múinteoir tacaíochta foghlama ag teastáil don tréimhse 09/01/17 go dtí 31/06/2017 (saoire mháithreachais le clúdach) i nGaelscoil na Ríthe, Domhnach Seachnaill, Co. na Mí . Beidh grinnbhreithniú na ngardaí de réir Ciorcalán 31/2016 éigeantach mar aon le Dearbhú Reachtúil. Bunscoil lán-Ghaeilge , Chaitliceach í Gaelscoil na Cille.
Tuilleadh eolais ar fáil ó Rónán Mac Giolla Ruaidh (Príomhoide) ar 0861747960 nó gsnarithe@gmail.com
2 Leabhar Nua ag Cois Life
Eanáir 6, 2017
Foilseoidh an comhlacht Cois Life dhá leabhar nua ar an 20 Feabhra, agus beidh siad ar fáil ó na dáilitheoirí Áis ansin. Is é Greim na vaimpíre an ceathrú leabhar ag an údar iomráiteach Orna Ní Choileáin sa tsraith vaimpírí do dhaoine óga. Is leabhar idirghníomhach den scoth do ghasúir in aois 5+ é Cillian ag comhaireamh le Siobhain Grogan. Foghlaimeoidh na páistí conas comhaireamh agus iad ag leanúint Cillian ar a lá breithe agus é mar stiúrthóir cúnta ag cabhrú lena uncail ar an traein. Tá léaráidí gleoite ann ó Olivia Golden.
Tuilleadh eolais le fáil anseo:
Cén scoil?
Eanáir 6, 2017
An t-am sin arís. An tseachtain seo beidh tuismitheoirí ag cur iarratas isteach le haghaidh scoileanna ar leibhéil éagsúla. Cinneadh deacair atá ann. Tá taithí forleathan agam faoi scoileanna anseo in Éirinn agus in Albain agus caithfidh mé a rá go mbeadh sé an-doiligh na scoileanna Béarla anseo i nDoire a shárú maidir le caighdeán teagaisc agus díograis na múinteoirí. Mar sin de, ní déarfainn go húdarásach le tuismitheoir ‘Cuir do pháiste chuig Gaelscoil.’ Ba chóir do na tuismitheoirí an cheist a phlé agus cinneadh ciallmhar a dhéanamh. Tá a fhios agam go bhfuil mé claonta, ach mhaífinn go bhfuil buntáistí ag Gaelscoil nach bhfuil ag scoileanna eile. Léiríonn an suíomh idirlín gaelscoileanna.ie cuid de na buntáistí sin, cuir i gcás go n- éiríonn daltaí dátheangacha níos fearr ag tabhairt airde, go mbíonn siad níos fearr ag díriú ar thascanna, agus go mbíonn scileanna éisteachta agus cumarsáide níos éifeachtaí acu, de réir taighde. Déanann na bunscoileanna Gaeilge go han-mhaith i nDoire in ainneoin míbhuntáiste ollmhóir: tá na trí cinn acu lonnaithe i bhfoirgnimh shealadacha ach tá na tuismitheoirí ag troid go dian chun cúrsaí a athrú. Tugann tuismitheoirí lántacaíocht don naíscolaíocht sa chathair: glacann beirt as trí cinn de na naíscoileanna le huasmhéid daltaí le roinnt blianta anuas. Maidir le hiarbhunscolaíocht i nDoire, tá an insint chéanna ar an scéal: áiseanna den scoith agus múinteoirí den scoth i ngach scoil. Tá ar na tuismitheoirí scoil a bheadh ag freastal ar riachtanais a bpáistí a roghnú. Tá an t-ádh dearg ar dhaltaí atá ag staidéar i mbunscoil Ghaeilge agus ar mhaith leo dul ar aghaidh ag foghlaim tríd an Ghaeilge. Tá an sruth Gaeilge i gColáiste Bhríde ag dul ó neart go neart. Tá sé lonnaithe i bhfoirgneamh nua-aimseartha i scoil fhorásach faoi stiúir foirne a bhfuil taithí leathan aici. Dála an scéil, tá an Gaeloideachas ag teacht ar aghaidh in Inis Eoghain chomh maith. Tá Charlie McConnelogue TD ag cur brú ar an Aire Oideachais faoi láthair le naíscoil, bunscoil agus meánscoil a lonnú ar aon suíomh amháin i mBun Cranncha.
http://www.derryjournal.com/news/opinion/cen-scoil-1-7759857
Folúntas: Stiúrthóir Cúnta Naíonra in Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí
Eanáir 5, 2017
(English) Montessori to bid for patronage of primary school
Eanáir 5, 2017
(English) Irish medium education going from strength to strength in Limavady
Eanáir 3, 2017
Riarthóir Oifige ag teastáil
Eanáir 3, 2017
4 lá sa tseachtain, ar bhonn conraitheora /féin-fhostaí 6 mhí.
Duine le sár-scileanna eagrúcháin, riaracháin oifige agus cumarsáide, mar aon le hardchaighdeán Gaeilge atá de dhíth.
Tuilleadh eolais agus sainchuntas poist le fáil ó blathnaid@gaelscoileanna.ie.
Eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaelscoileanna.ie.
Spriocdháta le haghaidh litir iarratais agus CV: roimh a 5.00 i.n. Aoine, 13 Eanáir 2017.
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.
Nollaig Shona!
Nollaig 21, 2016
Stiúrthóir Naíonra á earcú i Leamhcán
Nollaig 20, 2016
Preschool teacher required for Naíonra Montessori in Lucan, January start. Hours 1:15-4:30 Monday to Friday. Ideal candidate will have level 7 qualification in Early Childhood Education, have a good command of spoken Irish, be able to work as a team and on their own initiative, work with both Montessori and Aistear curriculums and above all, have a natural love and understanding of children and their development. Competitive terms for right candidate.
Further information from Sharon at info@montessorimatters.ie