Is feidir linn, say tiny gaelscoil’s pupils
Bealtaine 30, 2011
Painéal naíonraí lorghta ag FNT
Bealtaine 25, 2011
Tá Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ag lorg teagascóirí na luathbhlianta ó fud fad na tíre chun painéal a chur le chéile.
Cuireann FNT cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge, dírithe ar an earnáil luathóige, go príomha Naíonraí Gaelacha. Má tá tú cáilithe chun ceardlann a thabhairt ar ábhar ar leith, nó má tá taithí agat ar mhodúil CDBO (FETAC) a mhúineadh, déan teagmháil le FNT roimh 31 Bealtaine 2011. Tuilleadh eolais ar www.naíonraí.ie
Foinse
Campaí Samhraidh Feachtas sa Mhuileann gCearr
Bealtaine 25, 2011
Beidh Campaí Samhraidh Feachtas 2011 á reáchtáil sa Mhuileann gCearr, Co. na hIarmhí ag tús mí Iúil. Reáchtáilfear Campa A, dírithe ar dhaltaí san aoisghrúpa 10-15 bliana d’aois, ón 4ú-8ú Iúil agus Campa B, dírithe ar dhaltaí san aoisghrúpa 8-12 bliana d’aois ón 11ú-15ú Iúil. Beidh an dá champa ar siúl i gColáiste Naomh Fhinín sa Mhuileann gCearr.
Eagraítear réimse leathan imeachtaí le linn na seachtaine do na daltaí agus dírítear ar eispéireas taitneamhach agus spraíúil a chruthú le Gaeilge a fhoghlaim i suíomh atá neamhfhoirmeálta.
Reáchtáiltear na campaí óna 10r.n. go dtí a 3i.n. gach lá le rang Gaeilge ar maidin, imeachtaí ar nós drámaíocht, ealaíon, amhránaíocht, ceardlanna agus ceol san iarnóin chomh maith le comórtas spóirt le spóirt éagsúla ar nós peil, cispheil, corr agus sacar. Eagraítear turas lae ar an dá champa chomh maith.
Tá tríocha spás ar na Campaí Samhraidh agus tá costas €70 an duine ann. Beidh lascaine ann do theaghlaigh.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar Champaí Samhraidh Feachtas téigh i dteagmháil linn ag:
Ursula Ní Shionnain
Feachtas Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge
Oifig a 8,
Teach Coghill,
64 Sráid an Dáma,
BÁC 2.
Uimhir Theileafón: 01 6725940
Ríomhphost: ursula.feachtas@gmail.com
Foilsithe ar Gaelport.com
Cuireadh Chun Tairisceana- Leabharlann Soghluaiste
Bealtaine 25, 2011
Tá leabharlann soghluaiste ag COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) i veain a thugann cuairt ar na bunscoileanna agus ar na hiarbhunscoileanna Gaeltachta & lán-Ghaeilge, chomh maith le cúrsaí Gaeilge do mhúinteoirí agus comhdhálacha.
Tá taispeántas áiseanna teagaisc agus foghlama sa veain- téacsleabhair, DVDanna , cluichí agus, póstaeir ina measc, ach d’fhéadfaí an tseirbhís a fhorbairt ar shlite éagsúla- breis táirgí a thaispeáint, ábhar a dhíol nó orduithe a ghlacadh, mar shampla.
Is mian le COGG an tseirbhís seo a chur ar conradh le duine aonair, le heagras nó le comhlacht agus tugtar cuireadh tairiscint a dhéanamh ina ndéanfar cur síos ar phlean gnó don tionscadal reatha agus aon fhorbairtí a bheadh á moladh, mar aon leis an bplean maoinithe a chuirfeadh san áireamh aon fhóirdheontas ó COGG a bheadh riachtanach don tionscadal.
Tuilleadh eolais ar fáil ó eolas@cogg.ie .
Glacfar le tairiscintí go dtí 5pm Dé Luain 13 Meitheamh 2011.
COGG
22 Plás Mhic Liam
Baile Átha Cliath 2
eolas@cogg.ie.
Foilsithe ar Gaelport.com
Balbriggan Gaelcholáiste could solve capacity crisis
Bealtaine 20, 2011
Ranganna Gaeilge oíche ag tosú an tseachtain seo chugainn – Cláraigh anois!
Bealtaine 19, 2011
Beidh Gaelchultúr ag cur tús lena ranganna Gaeilge oíche do dhaoine fásta an tseachtain seo chugainn (23-26 Bealtaine 2011) i mBaile Átha Cliath agus i gCeatharlach. Tá líon beag spásanna fós ar fáil; tabhair cuairt ar www.gaelchultur.com chun na cúrsaí agus na hionaid a fheiceáil agus chun cúrsa a chur in áirithe.
Eolas/Information: www.gaelchultur.com | eolas@gaelchultur.com | (01) 484 5220 | 1890 252 900
Campaí Samhraidh do pháistí i gContae na Gaillimhe
Bealtaine 19, 2011
Tá clár na bliana de Champaí Samhraidh Chonradh na Gaeilge i gContae na Gaillimhe, campaí atá á reáchtáil do dhaoine óga, seolta anois.
Beidh Campaí samhraidh ar siúl ar fud Chontae na Gaillimhe le linn mhí Iúil agus Lúnasa. Tá méadú ollmhór tagtha ar na Campaí seo le dornán blianta anuas de bharr na deise a thugann na campaí do pháistí spraoi agus taitneamh a bheith acu agus iad ag freastal ar Champa trí Ghaeilge. Tá formhór na gcampaí dírithe ar pháistí idir 8 mbliana agus 14 bliana d’aois, ach tá roinnt ceantair freisin atá ag díriú ar pháistí idir 5-7 mbliana d’aois. Reáchtálfar imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge idir ceol, drámaíocht, spórt, agus ealaín mar aon le ranganna Gaeilge. Le linn na gcampaí samhraidh seo bíonn na páistí in ann sult agus spraoi a bhaint as foghlaim agus labhairt na Gaeilge.
Tosaíonn na campaí ag a 10.00r.n. gach maidin agus leanann siad ar aghaidh go dtí 3.00i.n. Is féidir tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sráid Dominic, Gaillimh ag 091-567824, conradh@bradan.iol.ie.
Galway Advertiser
Gaeilge an tSamhraidh i gCeatharlach
Bealtaine 19, 2011
Tá clár Gaeilge spleodrach fógartha ag Glór Cheatharlach don samhradh le himeachtaí ar an sceideal a bheidh oiriúnach do gach aoisghrúpa.
Am gnóthach gan dabht a bheidh ann don Ghaeilge i gCeatharlach le himeachtaí agus gníomhaíochtaí thar Mhí an Mheithimh agus Mí Iúil. Beidh Coláiste Samhraidh do dhéagóirí ó Rang 6 go Bliain 6 ar siúl idir 4 agus 15 Iúil, Campa na nÓg do pháistí óga ó 11-15 Iúil agus Campa Samhraidh do pháistí bunscoile ó 18-22 Iúil. Beidh sraith nua de Chúrsaí Gaelchultúir do dhaoine fásta ar siúl chomh maith. Tá gach eolas faoi Gaeilge an tSamhraidh i gCeatharlach ar fáil ó Glór Cheatharlach. Buail isteach chuig an oifig nua ar Shráid an Coláiste atá díreach trasna ón Ardeaglais. Is féidir glaoch a chur ar ar 059 9158105 nó 085 1340047 nó scríobh chuig eolas@glorcheatharlach.ie
Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach
Campa na nÓg 2011
Bealtaine 19, 2011
Beidh Campa na nÓg ar siúl i Naíonra Ghráig Chuilinn ón 11ú go 15ú Iúil i mbliana.
Leanfar leis an spórt agus spraoi trí Ghaeilge ó 10.00r.n.- 1.00i.n. ó Luan go hAoine. Beidh meascán d’imeachtaí oiriúnach do pháistí idir 4 agus 6 bliana d’aois idir ealaín agus ceardaíocht, cluichí agus amhránaíocht, scéalaíocht agus turas chuig ionad spraoi. Tá costas EUR40 ar Champa na nóg. Gach eolas ó Lorraine ar (085) 7377041 nó ó oifig Ghlór Cheatharlach.
Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach
Campa Samhraidh 2011
Bealtaine 19, 2011
Eagraítear Campa Samhraidh trí Ghaeilge i gCeatharlach gach bliain agus beidh sé ar siúl arís an samhradh seo.
Is i nGaelscoil Cheatharlach a bheidh an campa lonnaithe mar a bhíonn i gcónaí agus cuirfear fáilte roimh bhuachaillí agus cailíní. Beidh an campa oiriúnach do pháistí atá idir 7 agus 10 mbliana d’aois agus clúdóidh an táille EUR40 imeachtaí uile na seachtaine. I measc na n-imeachtaí beidh cluichí agus ealaín, ceardaíocht agus rince céilí chomh maith le snámh agus roinnt turasanna. Beidh an campa ar siúl ó 10.00r.n. go 2.00i.n. ón Luan 18ú go dtí an Aoine 22ú Iúil. Tá foirmeacha iarratais agus gach eolas ar fáil ó oifig Glór Cheatharlach. Níl ach caoga áit ar an gcampa agus moltar clárú gan mhoill.
Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach