Méid an Téacs

An Ghaeilge á ceiliúradh i measc na n-imirceach

Aibreán 19, 2011

Bronnfar gradam ar dhuine eiseamláireach amháin a chuireann an Ghaeilge chun cinn i measc imirceach in Éirinn ag gradaim Metro Éireann  a bheidh ar siúl i Mí an Mheithimh. Beidh Foras na Gaeilge ag déanamh urraíochta ar an gcatagóir seo den chéad uair.

Déanann na gradaim seo ceiliúradh ar na daoine, grúpaí, eagraíochtaí agus iriseoirí a chuireann le tuiscint thrascultúrtha. Chuir an nuachtán trascultúrtha tús leis na gradaim sa bhliain 2002 agus i mbliana tá  na gradaim urraithe ag An Post, Oifig lánpháirtithe Chomhairle Cathrach Átha Cliath, Foras na Gaeilge, The Irish Times agus stiúideo MK Design.

Roinnfear na gradaim i gcatagóir ilcultúrtha agus catagóir na meán agus cuirfear fáilte roimh iarratais ón earnáil dheonach, earnáil stáit agus earnáil phríobháideach chomh maith leis na meáin chlóite, craolacháin agus idirlín.

Is féidir daoine nó eagraíochtaí atá ag obair ar son na Gaeilge a ainmniú do ghradaim Fhoras na Gaeilge .Is féidir leis an bpobal ainmniúchán a dhéanamh do na gradaim i mbliana ar shuíomh gréasáin www.mamaawards.com.

©Foilsithe ar Gaelport.com 19 Aibreán 2011

Lá na Naíonraí

Aibreán 18, 2011

Beidh an lá náisiúnta do Naíonraí ‘Lá na Naíonraí’ ar siúl i mbliana Dé Céadaoin, 18 Bealtaine. Eagraíonn an t-eagras deonach Na Naíonraí Gaelacha an lá seo gach bliain chun aird an phobail a tharraingt ar obair na Naíonraí agus chun éachtaí na bliana a cheiliúradh leis na páistí agus na tuismitheoirí.
Ar an lá seo téann beagnach gach Naíonra sa tír ar thuras nó déanann siad ceiliúradh ar an lá trí lá spóirt nó ceolchoirm a chur ar siúl.

www.naionrai.ie

Caitriona Ruane faces challenge over bus fund decision

Aibreán 14, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Lá eolais do na polaiteoirí

Aibreán 14, 2011

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag eagrú lá eolais do pholaiteoirí mar chuid den phróiseas comhairliúcháin maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Beidh an lá eolais ar siúl in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath, ar Dé Céadaoin, 1 Meitheamh. Is é seo an tríú bliain as a chéile go bhfuil lá stocaireachta eagraithe acu. Tá Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge ag tabhairt cuiridh do Theachtaí Dála agus Seanadóirí bualadh leo le cúrsaí oideachais na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 a phlé le hionadaithe ón dá eagraíocht. Beidh daoine i láthair freisin óna dáilcheantair éagsúla ar fud na tíre le labhairt lena bpolaiteoirí féin ag an lá eolais. Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Seo deis do Theachtaí nua dul i mbun comhairle le hionadaithe Chonradh na Gaeilge agus Ghuth na Gaeltachta i dtaca le cúrsaí teanga, agus is seans í do pholaiteoirí gur bhuaileamar leo cheana caidreamh níos láidre a chothú le pobal na Gaeilge agus iad féin a thabhairt suas chun dáta ar chúrsaí reatha na Gaeilge agus na Gaeltachta.”

Deir Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: “D’éirigh le pobal na Gaeilge dul i bhfeidhm go mór ar na polaiteoirí roimh an olltoghchán le déanaí, agus thug gach páirtí le fios sna forógraí a bhí acu go seasfaidís leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.” Déanfar plé freisin ar an lá eolais ar chuid de na moltaí fiúntacha a bhí i bhforógraí na bpáirtithe maidir le múineadh na Gaeilge agus conas an teanga a chur chun cinn sa chóras oideachais ag an lá eolais.

Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha

An bhfuil tusa ábalta Baile le Gaeilge a dhéanamh de do Phobalsa do TG4?

Aibreán 12, 2011

Tá sraith úrnua á léiriú ag TG4 agus Adare Productions ina mbeidh pobail nach pobail Ghaeltachta iad in ann dul in iomaíocht lena chéile le bheith ina mBuaiteoirí G-Team 2011 agus duais €40,000 ó Fhoras na Gaeilge a bhuachan
le húsáid chun a gceantar áitiúil a chur chun cinn. Beidh an clár nua agus nuálach seo urraithe ag Foras na Gaeilge.

Seard atá sa‘G-Team’ sraith nua 10 clár ar TG4 ina bhfeicfear pobail nach labhraínn Gaeilge ó cheann ceann na hÉireann agus dúshlán a thabhairt dóibh ár dteanga dhúchasach a úsáid ina saol ó lá go lá. An bhfuil do bhúistéir áitiúil in ann feoil a dhíol leat i nGaeilge? An bhfuil na tuismitheoirí áitiúla in ann go leor den teanga a fhoghlaim le scéal a léamh dá leanaí ag am codlata?

Tá Ceannairí Foirne le Gaeilge i ngach réigiún á lorg againn faoi láthair lena mbaile féin a chur san iomaíocht agus le bheith i gceannas ar iarracht a bpobal a ‘G-Day’ (Lá na Gaeilge) féin a bhaint amach.

Is éard a bheidh in ‘G-Day’ an lá a thiocfaidh na ceamaraí chuig an mbaile le féachaint ar an bpobal agus féile á reáchtáil acu agus dian-iarracht á déanamh acu an Ghaeilge a labhairt i gcaitheamh an lae. Beidh na ceannairí foirne i gceannas ar gach gné den ullmhúchán ag druidim le G-Day ar an lá féin. Beidh na ceannairí foirne freagrach as muintir an bhaile a spreagadh dul i ngleic le dúshlán an G-Team chomh maith, agus an Ghaeilge a úsáid ó lá go lá sna seachtainí
roimh an fhéile.

An ceannaire foirne tusa? An gcónaíonn tú i bpobal a bhainfeadh tairbhe agus taitneamh as dúshlán An G-Team? An féidir leat do phobal áitiúil a eagrú, a threorú agus a spreagadh a seacht ndícheall a dhéanamh agus dul san iomaíocht i gcomórtas fíor-náisiúnta? Más ea, ba mhaith linn é a chlos uait…

An 11 Aibreán beidh foirm iarratais do An G-Team ar fáil don chéad uair ar láithreán gréasáin TG4. An lá sin, agus go ceann 2 seachtaine ina dhiaidh sin- agus sin amháin – beidh ceannairí foirne ó bhaile ar bith nach baile Gaeltachta é, ar fud na tíre, in ann iarratas a dhéanamh.

Meet ‘An G-Team’ judges:

Lorcan MacGabhann
Chaith Lorcán tréimhsí  oibre le Conradh na Gaeilge, le  hÓgras, le Bord na Gaeilge, ina Fheidhmeannach Sinsearach i mBord na Gaeilge , le bhForas na Gaeilge agus ó 2001 mar Cheannasaí le Glór na nGael. Is bunaitheoir agus Cathaoirleach é ar Ghaelscoil Thaobh na Coille ó 1995 i leith. Ba cisteoir agus ball de Bhord Stiúrtha Gaelscoileanna Teo é ó 2000 – 2004. Ba cathaoirleach é agus is ball de Bhord Stiúrtha Foras Patrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge é ó 1996 go dáta.

Rossa Ó Snodaigh
Rossa, ceoltóir agus gníomhaí teanga agus duine de bhunaitheoirí an bhanna rac Gaeilge ‘Kíla’.   D’oibrigh sé go dian dicheallach le Gaelscoil a bhunú ina cheantar áitiúil Cluainín Uí Ruairc, Co. Liatroma.   Bhí an-bhaint freisin ag Rossa le bunú an ‘Speaker’s Square’ i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath agus is é a bhíonn i mbun ‘Puball Gaeilge’ Electric Picnic gach bliain.

Mary Hanafin
Iarmhúinteoir meánscoile Gaeilge agus Staire í Mary Hanafin.   Chaith sí cheithre bliana déag ina Teachta Dála agus sa tréimhse sin bhí sí ina hAire Oideachais agus Eolaíochta (2004-08), ina hAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh (2008-10), in hAire Turasóireachta, Cúltúir agus Spóirt (2010-11) agus ina hAire Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta (2011).

Le tuilleadh eolais d’fháil, déan teagmháil le:
Adare Productions ag 01 2843877

Which are the fastest growing schools – and which are down?

Aibreán 12, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

New D15 website

Aibreán 12, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Cruinniú Ginearálta faoi na Painéil Múinteoireachta

Aibreán 11, 2011

Tá Cruinniú Ginearálta faoi dheacracht na scoileanna lán-Ghaeilge i dtaca leis na painéil múinteoireachta á reáchtáil ag Gaelscoileanna Teo. agus Foras Pátrúnachta na Scoileanna lán-Ghaeilge ó 17.00-19.00, ar Déardaoin, 14 Aibreán san Óstán Mullingar Park.  Má tá sé i gceist agat freastal, iarraimid ort scéal a chur chugainn faoi dheireadh an lae ar an gCéadaoin (oifig@gaelscoileanna.ie nó 01 8535195)

Tá an cruinniú seo oscailte d’ionadaithe ó na scoileanna lán-Ghaeilge go léir (ní scoileanna a luíonn faoin bhForas Pátrúnachta amháin), ach go háirithe:

  • Scoileanna le poist le líonadh ón bPainéal (scoileanna i mbéal forbartha san áireamh)
  • Scoileanna atá ag cailliúint poist de bharr ardú sa chóimheas Daltaí le Múinteoirí
  • Scoileanna atá ag déanamh achomhairc don Bhord Achomhairc don Fhoirniú i mBunscoileanna

Roinnfear eolas faoi chásanna na scoileanna éagsúla, pléifear na sain-cheisteanna agus glacfar cinntí i dtaobh straitéise aontaithe ar an gceist seo.

Seo thíos an treoir atá tugtha ag an bhForas Pátrúnachta dá gcuid scoileanna:

Seirbhís Chúnaimh d’Fhostaithe sínte amach chuig Pinsinéirí

Aibreán 11, 2011

Tá an tSeirbhís Chúnaimh d’Fhostaithe sínte amach chuig Pinsinéirí ar feadh 6 mhí tar éis dul ar phinsean.

Is seirbhís chomhairleoireachta agus thacaíochta, atá saor in aisce agus faoi rún í an tSeirbhís Chúnaimh d’Fhostaithe (EAS) do mhúinteoirí, Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS) agus dá mbaill clainne chun cúnamh a chur ar fail dóibh chun déileáil le ceisteanna éagsúla. Tá an tseirbhís sínte amach le déanaí chun rochtain a thahairt do Mhúinteóirí agus CRS ar feadh 6 mhí tar éis dóibh dul ar phinsean. Tá seans go mbraithfidh múinteóirí / CRS meascán de mhothúcháin tar éis dul ar phinsean dóibh agus cabhróidh rochtain chuig an EAS i rith na seachtainí agus na míonna leis an oiriúint.

Cén saghas seirbhísí atá ar fáil?

  • Comhairleoireacht Theileafóin – seisiúin aonaracha nó comhairleoireacht struchtúrtha ghearrthéarmach
  • Comhairleoireacht ‘duine le duine’ – suas go sé sheisiún comhairleoireachta.

Cuirtear comhairleoireacht ar fail i dtaca le ceisteanna sláinte, caidrimh, andúile, méala, strusa, coimhlint, teagmhas criticiúil agus tráma.  Tá líon teoranta de sheirbhís as Gaeilge ar fáil chomh maith ar iarratas agus ag braith ar an gceantar.

Conas mar a dhéanaim teagmháil leis an seirbhís?

Ní  fheadfadh sé a bheith níos símplí. Tá EAS ar fáil 24 uair a’ chloig, 365 lá na bliana ar: Saorghlao 1800 411 057 nó E-phost: eas@vhics.ie

Tá breis eolais le fáil faoi EAS ach cliceáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna, www.education.ie agus lean an nasc atá curtha ar fáil.

Small is beautiful as country areas fight to retain schools

Aibreán 11, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

« Previous PageNext Page »