Folúntas: Naíonra Thigh Wilton, Co Chorcaí
Aibreán 12, 2016
Tá príomhstiúrthóir naíonra ag teastáil ó Naíonra Thigh Wilton, Co Chorcaí, don bhliain acadúil 2016-17.
Folúntas bliana é seo ag tosnú 31 Lúnasa 2016 go 17 Meitheamh 2017.
Déan teagmháil le Marian Ó Murchú: 087-9439783.
Croisíní Ceolmhara
Aibreán 12, 2016
Is mise Niamh Ni Chonghaile agus is múinteoir bunscoile mé. Bhí mé ag smaoineamh go mbeadh sé go deas dá mbeadh Báibíní in ann Gaeilge a fhoghlaim ó aois an-óg agus rúinne spraoi trí cheol a bheith acu lena gcuid tuismitheoirí agus buaileadh le báibíní eile.
My name is Niamh Ní Chonghaile and I am a primary school teacher. I was thinking that it would be lovely if babies could learn Irish through singing, have fun with their parents at the same time and meet other babies.
Every Wednesday, starting from the 6th of April 2016 at four o’clock in Donnycarney Community Centre
Ag tnúth go mór le buaileadh libh!
Looking to forward to meeting all the babies and parents!
Folúntas: Lámha Beaga, an Mhí
Aibreán 8, 2016
Applicants must hold a FETAC Level 6 in Childcare or an equivalent. Applicants must have 3 years experience working in a childcare setting and must be able to deliver a quality educational programme to the ECCE children in their care, meeting the child’s developmental, social and emotional needs. Applicants must be fluent in the Irish & English language this is essential.
Days, Hours & Start Date
Days per week: 5
Hours per day: 9 – 12
Hours per week: 15
Start Date: Sept 2016
Please send CV to : lamhabeagaanmhi@gmail.com
Todhchaí na Gaelscolaíochta idir chamáin i gCarn Tóchair
Aibreán 8, 2016
Ba i gCarn Tóchair, Contae Dhoire, a eagraíodh comhdháil bhliaintúil Chomhairle na Gaelscolaíochta ar na mallaibh, áit a ndearnadh plé, anailís agus scagadh ar thodhchaí na hearnála, cothú pobail Ghaeilge agus dúshláin an Ghaeloideachais.
Thug Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, Liam Ó Flannagáin, le fios go bhfuil 68 aonad, idir naíscoileanna, bhunscoileanna agus mhéanscoileanna sna Sé Chontae, rud a fhágann breis agus 5,000 páiste cláraithe san earnáil ó thuaidh.
Tugadh le fios fosta go bhfuil 33 páiste i ndiaidh iarratas a dhéanamh chuig Gaelcholáiste Dhoire don Fhómhar seo chugainn, rud a fhágfaidh 49 cláraithe sa scoil i dtréimhse bliana.
Seo achoimre den scagadh, anailís agus plé a rinneadh ag comhdháil sa Charn… Físeán
Scéim teanga an HSE ag teacht gan ‘rómhoill’ – naoi mbliana i ndiaidh an spriocama
Aibreán 8, 2016
Cuirfear dréacht de scéim teanga náisiúnta an HSE i láthair Aire Stáit na Gaeltachta gan “rómhoill” – naoi mbliana ón spriocam a tugadh don fheidhmeannacht.
Ba é Aire Stáit na Gaeltachta féin a thug le fios go raibh súil aige le dréachtscéim an HSE ‘gan rómhoill’.
Bhí an tAire ag freagairt ceiste ón Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív.
Ba i mí na Nollag 2006 a iarradh dréachtscéim teanga den chéad uair ar an HSE, ach dúirt an tAire nár daingníodh an dréachtscéim “go príomha mar gheall ar phleananna athstruchtúraithe a bhí á mbeartú ag an FFS”.
Dúirt an tAire go raibh “plé gníomhach” ar bun idir oifigigh a Roinne agus an HSE le tamall anuas faoin scéal agus go raibh próiseas comhairliúcháin curtha i gcrích ag an bhfeidhmeannacht sláinte agus “na torthaí á mbreithniú faoi láthair”.
Ní fios fós cén uair a fhoilseofar an scéim teanga nó cathain a chuirfear i bhfeidhm í.
Idir an dá linn, thug an tAire McHugh le fios nach raibh aon scéim teanga nua aontaithe fós ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta.
Ta scéim teanga na Roinne Gaeltachta imithe in éag le 11 mí.
Is ar Roinn na Gaeltachta atá an cúram scéimeanna a aontú le ranna eile rialtais agus le heagraíochtaí stáit sula gcuirtear faoi bhráid Oifig an Choimisinéara Teanga iad.
Thug urlabhraí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie ag tús mhí Feabhra go raibh ‘dréachtscéim teanga nuashonraithe na Roinne’ á breithniú ag foireann na Roinne agus go raibh súil lena foilsiú laistigh de choicís.
Is faoi chóras na scéimeanna teanga a leagtar dualgais teanga ar leith ar chomhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Tá sé ráite go minic ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go bhfuil córas na scéimeanna teanga lochtach agus gur chóir córas nua a thabhairt isteach ina áit.
www.tuairisc.ie
Bileog Eolais do Thuismitheoirí: An Curaclam Teanga Bunscoile nua don Bhéarla agus don Ghaeilge
Aibreán 7, 2016
Is gearr go mbeidh scoileanna ag úsáid Curaclam Teanga nua don Bhéarla agus don Ghaeilge.
Úsáidfear an curaclam sin i leith na leanaí ar fad i ngach uile bhunscoil.
Tá bileoga eolas maidir leis an gcuraclam scoile nua ar fáil do thuismitheorií thíos:
Curaclam-Teanga-na-Bunscoile_Tuismitheoiri_leathanach-amhain
Curaclam-Teanga-na-Bunscoile_Tuismitheoiri_dha-leathanach
Siansa Gael Linn 2016 – buaicphointe na bliana sa Cheoláras Náisiúnta !
Aibreán 7, 2016
Tá ocht ngrúpa ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta ag cleachtadh go dian faoi láthair, agus craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2016 ag teannadh linn ! Is sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 17 Aibreán ag 7.30p.m. a bheidh buaicphointe na bliana den chomórtas seo, a chothaíonn dlúthcheangal idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige. Tá Siansa á reáchtáil ag Gael Linn le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine.
An grúpa ‘Círéib’, ó Choláistí Eoin agus Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath, a bheidh san iomaíocht ag Craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2016 sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 17 Aibreán seo chugainn.
Is iad na grúpaí a tháinig trí chóras réamhbhabhtaí le bheith ar ardán ag an mórócáid seo ná ‘‘Fuaimeanna Shliabh Luachra’, Cill Áirne, Co. Chiarraí, ‘Fiúntas’, Mainistir Laoise, Co. Laois, ‘Ciréib’, Coláistí Eoin agus Íosagáin, Baile an Bhóthair, Contae Átha Cliath,‘Réidh’, Ceoltóirí Chaisleán an Danair, Co. Loch Garman, ‘Leoithne’, Coláiste/Gaelcholáiste Choilm, Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí, Spionnadh’, Laurel Hill Coláiste, Luimneach,‘Comhar’, Muineachán agus ‘Gluaiseacht’, An Sciobairín, Iarthar Chorcaí. Seinnfidh gach grúpa a rogha féin de cheol traidisiúnta, a mhairfidh idir 10 agus 12 nóiméad agus atá cóirithe go speisialta ag na baill, agus beidh amhráin Ghaeilge le cloisteáil uathu chomh maith.
Ag cur comhairle ar na grúpaí abharacha ar a mbealach chun na craoibhe i mbliana, bhí na ceoltóirí Dónal O’Connor agus Niamh Ní Charra. Beidh Declan Masterson ag moltóireacht in éineacht leo sa Cheoláras, agus roghnóidh an triúr iomráiteach seo na duaiseoirí. Le duaischiste de €4,500, is féidir a bheith ag súil le géariomaíocht agus ardchaighdeán ceoil ar an oíche. Bronnfar príomhdhuais €2,500 agus trófaí Gael Linn ar na buaiteoirí, €1,250 don dara háit agus €750 don tríú háit. Anuas air sin, bronnfar duais chuimhneacháin ar na ceoltóirí uile a bheidh páirteach sa Chraobh.
Beidh an ceolchoirm á chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 7.30p.m. ar an oíche , agus is í Áine Hensey a bheidh mar láithreoir. Craolfar clár speisialta faoi Siansa Gael Linn 2016 ar TG4 ar an Luan, 2 Bealtaine ag 5.25p.m.
Chun ticéad a chur in áirithe don ócáid, ní gá ach dul i dteagmháil leis an gCeoláras Náisiúnta ag 01:417 00 00 nó www.nch.ie.
Lean Siansa ar Facebook Gael Linn nó ar Twitter #Siansa !
Comórtas Dearadh Póstaer don dráma Ardteiste ‘An Triail’
Aibreán 7, 2016
Tá Comórtas Dearadh Póstaer don dráma Ardteiste ‘An Triail’ seolta ag an gcompántas drámaíochta Fíbín i gConamara, a théann ar camhchuairt mórthimpeall na tíre gach bliain leis an dráma céanna. Beidh dearadh an bhuaiteora le feiceáil ar bhallaí in amharclanna ar fud na tíre agus in ábhar poiblíochta ar ár suíomh gréasáin agus sna meáin shóisialta!
Tá duaiseanna luach €800 le buachan, ina measc Táibléad Android duit féin, póstaer sínithe le fráma do do scoil chomh maith le 30 ticéad chuig ‘An Triail’ do do rang!! Ní hamháin sin ach gheobhaidh do rang seisiún príobháideach Ceisteanna & Freagraí leis na haisteoirí tar éis an seó!!
Níl ort ach íomhá a dhearadh, í a scanadh agus a sheoladh chugainn ar ríomhphost ar margaiochtfibin@gmail.com
20 Bealtaine an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha agus féach treoirlínte an chomórtais thíos;
- Déan do dhearadh ar pháipéar A3
- Úsáid péinteáil/líníocht/grianghraf nó do rogha íomhá
- Is féidir íomhá aisti féin a úsáid nó focail agus íomhá
- Caithfidh an íomhá a úsáideann tú a bheith bainteach leis an dráma
- Is féidir líne/línte ón dráma a úsáid
- Is féidir leat obair asat féin nó mar chuid d’fhoireann
(English) Post sealadach ag Comhairle na Gaelscolaíochta
Aibreán 7, 2016
Tá muid ar lorg duine le taithí agus scileanna mar oifigeach cléireachais riaracháin in oifigí Chomhairle na Gaelscolaíochta ag riar ar na riachtanais cléireachais agus tacaíocht riaracháin. Ní mór don duine bheith líofa i nGaeilge agus ardchumais Ghaeilge aige/aici. Beidh na réimsí seo freagrachta a leanas faoi chúraim an Oifigigh Chléireachais Riaracháin: párolla, cuntais, gutháin, ríomhairí, trealamh oifige, miontuairiscí, freastal ar chruinnithe, rúnaíocht agus eile.
Má tá suim agat sa phost seo seol do CV agus litir chuig: Pól Ó Mórdha – Oifigeach Sinsearach Riaracháin, Airgeadais & Pearsanra.
pomordha@comhairle.org nó Comhairle na Gaelscolaíochta, Teach an Gheata Thiar, Sráid na Banríona, Béal Feirste BTT1 6ED roimh Aoine 22 Aibreán. Cuir glaoch ar 90321475 le haghaidh tuilleadh eolais.
Post: Oifigeach Cléireachais Riaracháin (Sealadach)
Tuarastal: £16,275 – £19,048 (NJC 15-20)
Uaireanta: 36.25 uair sa tseachtain ó 9.00 go dtí 5.00.
Lonnaithe: Oifigí na Comhairle.
Pinsean: NILGOSC.
Aibreán 6, 2016
Ar an 24ú Aibreán 2016, beidh mórshiúl ag dul ón Ardoifig an Phoist go dtí roinn Naomh Phóil i Reilig Ghlas Naíon agus ansin nochtófar an leacht cuimhneacháin 1916 atá athchóirithe ag an gCumann Uaigheann na Laochra Gael (National Graves Association).
Thógadh an céad leacht ag an áit naofa seo i 1926, ansin thógadh ceann nua i 1966 ach bhí easpa airgead agus de bharr sin ní raibh sé críochnaithe i gceart. Le cúig bhliain anuas tá an N.G.A. tar éis céad míle is caoga euro a chaitheamh ar an athchóiriú. Tá ochtar is déag laochra curtha san uaigh sin. Bhí siad go léir in a mbaill den Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann. Fuair siad bás ag troid ar son na saoirse i Seachtain na Cásca 1916.
Tá an comoradh seo ag dul faoin dteideal “Comóradh na Saoránaigh/Citizen’s Commemoration”. Is comóradh neamhpholaitiúl a bheidh i gceist. Ní bheidh cead ag aon grúpaí pholaitiúla a mbratacha nó a gcomharthaí a hiompar. Beidh comharthaí agus méirgí le feiceáil ó ghrúpaí cultúrtha éagsúla comhsúil linn féin, Cumainn Lúthchleas Gael, Scoil Uí Chonaill, srl…
De bharr an baint a bhí idir na hÓglaigh agus Gluaiseacht na Teanga, ba bhreá linn dá raibh sibh linn ar an 24ú faoi bhúr mbratach féin.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag:
https://www.facebook.com/NationalGravesAssociation/
https://www.facebook.com/events/363098643885739/
Ar an 24ú Aibreán beidh ceoil lasmuigh den GPO ó 10.30rn go dtí 12.30in. Rachaidh an paráid ón GPO go dtí Reilig Glas Naíon i gcomhluadar le breis is deichniúir bannaí ceol. Ag an reilig beidh ceol, filíocht, srl… agus tabharfaidh Tommy McKearney (Poblachtánach Neamhspléach, Gníomhaire Céardchumann agus Scríobhneoir) an príomh óráid.