Méid an Téacs

CAIGHDEÁN THAR CUIMSE AG CRAOBHCHOMÓRTAS SCLÉIP GAEL LINN 2017!

Feabhra 3, 2017

Bhí caighdeán thar cuimse ag craobhchomórtas Scléip Gael Linn 2017 a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an Déardaoin, 2 Feabhra 2017.

Comórtas talainne í Scléip, ina gcuirtear béim ar na healaíona comhaimseartha, agus atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Chruinnigh scoláirí ó Dhún na nGall go dtí  Daingean Uí Chúis, mar aon lena gcuid múinteoirí agus a gcuid tuismitheoirí, in amharclann ‘Clasach’, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath, do bhuaicphointe seo an chomórtais. Bhí na hiomaitheoirí uilig – suas le 300 acu – tar éis cáiliú roimhré trí réamhbhabhtaí réigiúnach, ag a bhfuaireadar comhairle ó mholtóirí aitheanta sna réimsí éagsúla.

Ba iad Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, agus Niamh Ní Chróinín, Raidió Rí Rá,  a chur an seó i láthair go paiseanta i rith an lae. Ar dtús, bhí  taispeántais den scoth sna comórtais don Rince Cruthaitheach  ( Aonair agus Grúpaí) ó scoláirí Choláiste an Eachréidh, Baile Loch Riach, Gaelcholáiste Chill Dara, Nás na Ríogh, Coláiste Oiriall, Muineachán, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis,  Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh, Coláiste de hÍde, Tamhlacht, Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh.  Ina dhiaidh sin, bhí an comórtas Sceitse Nuachumtha, le léirithe ó aisteoirí óga an Eachréidh, Scoil Chaitríona, Glas Naíon, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí agus Pobalscoil Chloich Cheanna Fhaola, An Fálcarrach. Ba léir  ansin gur bhain rinceoirí, amhránaithe agus ceoltóirí ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Meánscoil San Nioclás, Rinn ó gCuanach, Scoil Chaitríona, Glas Naíon, Coláiste Lú, Dún Dealgan, Coláiste Naomh Éinne, Inis Mór agus Coláiste Pobail Osraí, sult as a bheith ar stáitse sna comórtais Slua-Amhránaíochta ansin.  Mhol na moltóirí Máire Uí Mhurchú,  Sile Ní Dhuibhne agus Enda Reilly an tsiamsaíocht uilig go hard!

I ndiaidh am lóin, bhí na comórtais don Ceol Aonair Comhairseartha ann, mar aon leis na comórtais Amhránaíochta le Féintionlacan, do dhaoine aonaracha agus do ghrúpaí.  Arís, bhí togha na tallainne ar ardán, agus scoláirí ó Choláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Gaelcholáiste Mhuire AG, Corcaigh, Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair agus Coláiste Pobail Ráth Chairn i measc na rannpháirtithe. Caithfear a rá go raibh an lucht féachana ag racáil nuair a chuaigh na bannaí ceoil ar stáitse ag deireadh an lae !  Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin agus Caitlín Ní Chonghaile, Foras na Gaeilge, leis na rannpháirtithe uilig.

Thug na  moltóirí  Edel Ní Churraoin, Pádraig Ó Conghaile ( aka MC Muipéad ) agus Enda Reilly, mar aon le Méabh Ní Thuathaláin, léirmheasanna dearfacha faoi na míreanna éagsúla agus mholadar na ceoltóirí agus amhránaithe óga as caighdeán thar cuimse a bhaint amach.  Bhí cinntí deacra le déanamh acu ansin agus buaiteoirí le roghnú i ngach comórtas. Anuas air sin, bhí duais ann don dara háit ins na rannóga ina raibh cúig iomaitheoir nó níos mó. Is iad seo a leanas na duaiseoirí ar fad:

Rince Cruthaitheach Aonair ( Sóisear): Chloe Ní Dhonnghaile, Gaelcholáiste Chill Dara, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara

Rince Cruthaitheach Aonair ( Sinsear ): Clodagh Ní Shúilleabháin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí

Rince Cruthaitheach Grúpaí ( Sóisear ): Grúpa CDH, Coláiste de hÍde, Tamhlacht, Baile Átha Cliath

Rince Cruthaitheach Grúpaí ( Sinsear ): Idirbhliain an Eachréidh, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe

Sceitse Nuachumtha ( Sóisear ): ‘Meascán Mearaí’, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Sceitse Nuachumtha ( Sinsear ): ‘Conraitheoirí Uí Ghallachóir Teo’, Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, An Fálcarrach, Co. Dhún na nGall

Slua-Amhranaíocht ( Sóisear ): ‘Glór na nÓg’, Meánscoil San Nioclás, Rinn ó gCuanach, Co. Phort Láirge

Slua-Amhranaíocht ( Sinsear ): ‘CPO 5 & 6’, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh

Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sóisear ): Ben Mac Eoin, Pobalscoil Chorca Dhuine, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí

Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sinsear ): Ruairí Mac Lochlainn, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le féintionlacan ( Sóisear ):
An chéad áit – Aoibhinn Ní Dheagha, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

An dara háit – Caitlín Ní Nualláin, Coláiste de hIde, Tamhlacht, Baile Átha Cliath

Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le féintionlacan ( Sinsear ) :
An chéad áit + GRADAM CHEOIL NÓS 2017 – Sonny Ní Chathasaigh, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

An dara háit – Affia Ní Fhaoláin, Coláiste Cois Life, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath

Grúpa Amhránaíochta Comhaimseartha le féintionlacan ( Sóisear ):

An chéad áit:  ‘Cailíní Binne’, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman

An dara háit: ‘Grád A’, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe

Grúpa Amhránaíochta Comhaimseartha le féintionlacan ( Sinsear ):

An chéad áit + GRADAM SCLÉIP 2017 – ‘Smugairle Róin’, Coláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí

An dara háit:  ‘Cinniúint’, Coláiste Oiriall, Muineachán

Bronnadh duaiseanna a bhí deartha go speisialta don ócáid ag an seodóir Neil Conway orthu uilig.

Bhí Gradam Scléip 2017 le bronnadh leis ar an amhránaí/ceoltóir aonair nó ar an ngrúpa is mó a sheas amach ó na buaiteoirí uilig sna comórtais ceoil/amhránaíochta. Bhí na moltóirí ar aon fhocal go raibh an duais seo tuillte go mór ag an ngrúpa ‘Smugairle Róin’, ó Choláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí.  Bhí  sceitimíní ar na réalta óga glacadh leis an ngradam speisialta seo.  Don chéad uair chomh maith, bronnadh duais Gradam Cheoil Nós don amhrán nua-chumtha ab fhearr sna comórtais amhránaíochta, canta ag duine aonair nó ag grúpa.  Bhí lúchair ar Sonny Ní Chathasaigh, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, an t-aitheantas seo a fháil as a saothar !   Mar chuid den duais freisin i mbliana déanadh taifeadadh ar na buaiteoirí uilig sna comórtais amhránaíochta agus beidh deis ag lucht éisteachta raidió deis iad a chloisteáil ar leithéidí Raidió Fáilte, Raidió Rí Rá, Raidió na Life agus Nós amach anseo.

Thar ceann Gael Linn, ghabh Seán Ó Ceallaigh buíochas leis na múinteoirí a spreag na daltaí le bheith páirteach sa chomórtas. ‘Tá Gael Linn an-sásta leis an líon scoileanna Gaeltachta agus an líon Gaelcholáistí a ghlac páirt i mbliana. Bíonn an claonadh ann i gcónaí an ceol agus an rince thraidisiúnta a lua leis na scoileanna sin ach léiríonn Scléip go bhfuil neart ceoltóirí agus rinceoirí comhaimseartha iontu freisin. Tá sé go hiontach go bhfuilimd ábalta ardán a thabhairt dóibh’, a dúirt sé.

Tuilleadh eolais:  Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie

Gairm ar pháipéir agus eolas ar Chomhdáil

Feabhra 2, 2017

Gairm ar pháipéir agus eolas ar Chomhdáil a bheas á reáchtáil i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste, 3 Bealtaine 2017:

Ar mhaith leat Gradam an Séala Eorpach Teanga a bhuachan?

Feabhra 2, 2017

Tionscadail: Tá tionscadail an Séala Eorpach Teanga nuálach, éifeachtach agus is féidir iad a athdhéanamh. Cuireann siad feabhas ar cháillíocht teagasc agus foghlaim teangacha.

Daoine Aonair: Má tá aithne agat ar mhúinteoir teanga den chéad scoth, duine atá diongbháilte díograiseach agus a spreagann daoine eile, ainmnigh é/í mar Mhúinteoir Teanga na Bliana.

Dáta dúnta: Dé Máirt 28 Feabhra 2017

Tá foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais ar fáil ó www.leargas.ie

Breis Eolais

(English) Minister Bruton announces new plans to accelerate provision of multi- and non-denominational schools

Eanáir 30, 2017

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Suirbhé ar Oideachas Iar-bhunleibhéil lán-Ghaeilge

Eanáir 26, 2017

Tá mac léinn iarchéime in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad,  i mbun taighde faoi láthair ar dhearcadh iar-scoláirí iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge i leith a dtaithí ar an oideachas lán-Ghaeilge. Más féidir libh cabhrú léi, bheadh sí fíor-bhuíoch. Níl le déanamh ach an suribhé gearr seo a chomhlíonadh https://www.surveymonkey.com/r/TXY2TCJ

Cuireann an tAire Bruton tús le próiseas comhairliúcháin 4-seachtaine ar phleananna le tabhairt faoi ról an reiligiúin in iontrálacha scoile

Eanáir 25, 2017

D’fhógair an t-Aire Bruton tréimhse chomhairliúcháin 4 seachtaine le tosú inniu 24ú Eanáir go dtí 20ú Feabhra 2017. Tá an doiciméad comhairliúcháin ar fáil ar shuíomh idirlín na Roinne ag an nasc seo a leanas: “Ról an reiligiúin shainchreidmhigh saphróiseas iontrálacha scoile agus cur cuige féidearthachta le hathruithe a dhéanamh”.

Ar an 16ú Eanáir 2017, thug an tAire Oideachais agus Scileanna Richard Bruton TD oráid faoi ról an religiúin ar phróiseas iontrálacha bunscoileanna.

Chuir an tAire in iúl san óráid go gcreideann sé:

  • Go bhfuil sé mí-chothrom go dtugtar tús áite do pháistí den reiligiún céanna leis an scoil agus a chónaíonn tamall maith ón scoil de rogha ar theaghlach díreiligiúnach, nó teaghlach a bhfuil creideamh eile acu, atá ina gcónaí cóngarach dá scoil áitiúil atá maoinithe go poiblí.
  • Go bhfuil sé mí-chothrom go mothaíonn tuismitheoirí, bfhéidir nach ndéanfadh amhlaidh i gcás eile, brú lena bpáistí a bhaisteadh chun cead isteach a fháil ar scoil áitiúil.

Leag an tAire amach ceithre ascnamh a d’fhéadfadh bheith ann chun déileáil leis an ábhar seo agus chuir sé in iúl a rún dearcthaí a lorg ó dhaoine agus grúpaí a d’fhéadfadh bheith buailte le nó a mbeadh tuairimí acu ar na hathruithe a d’fhéadfadh bheith ann.

Tá suim ag an Aire na dearcthaí a fháil ó ghrúpaí a d’fhéadfadh a bheith buailte leis na hathruithe chomh maith le daoine den phobal a bhfuil dearcthaí acu ar an ábhar seo.

I measc na saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith breithnithe sa réimse seo ná iad seo a leanas: Cé nach bhfuil an próiseas seo dírithe ar dhéileáil le ceist na teanga/na nGaelscoileanna, an féidir go mbeadh tionchair neamhbheartaithe fhéideartha ag do chur chuige roghnaithe ar an tsaincheist sin?

Ba cheart an struchtúr atá leagtha amach ar an doiciméad comhairliúcháin a bheith ar na hiarratais, agus ba cheart á seoladh ar aghaidh go dtí an seoladh r-phoist seo a leanas admissions_religion@education.gov.ie

Tabhair do d’aire le do thoil go mbeidh aiseolas faoi réir na n-Achtanna um Shaoráil Faisnéise (sonraí ar fáil ag Saoráil Faisnéise sa chás seo d’fhéadfadh eolas áirithe atá díolmhaithe faoina na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise a bheith fágtha amach, ar nós sonraí teagmhála pearsanta agus eolas atá íogair ó thaobh gnó de.

Ó tharla gur comhairliúchán poiblí é seo, d’fhéadfadh iarratais bheith foilsithe ar shuíomh idirlín na Roinne agus trí aiseolas a chur, tá tú ag cur in iúl go bhfuil tú ag tabhairt cead don chur chuige seo agus go nglacann tú nach gcinntítear do neamhainmníocht.

Dianranganna Mata & Gearmáinise ag teastáil i mBaile Átha Cliath

Eanáir 24, 2017

Tá dianranganna Mata agus Gearmáinise trí Ghaeilge á lorg ó scoláire Ardteiste i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath. An féidir leatsa cabhrú leis?
 
Déan teagmháil le Catherine cathylaw1@msn.com

Comórtas Lámhscríbhneoireachta An Post

Eanáir 23, 2017

Comórtas scoile nach bhfuil a leithéid ar fáil aon áit eile

Fáilte go dtí ár gcomórtas spleodrach le haghaidh lámhscríbhneoireachta don bhliain 2017. Tugann An Post agus Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) do dhúshlán páirt a ghlacadh sa chomórtas agus do chuid scileanna lámhscríbhneoireachta a thástáil.

Cláraigh linn chun fógraí ríomhphoist a fháil amach anseo.
Tapaigh an deis chun duaiseanna iontacha a bhuachan agus bí cinnte go mbeidh d’iontráil istigh roimh an spriocdháta – Dé hAoine, 10 Feabhra 2017.

Féadfaidh daltaí sa rang céanna cur isteach ar an gcomórtas i nGaeilge nó i mBéarla nó i dteanga Laidin-bhunaithe ar bith eile a mhúintear sa scoil (tá tuilleadh sonraí sna treoirlínte iontrála thíos).

Gach eolas anseo

 

Comórtas

Eanáir 23, 2017

Comórtas

Tá ar gcuid cairde in Gaelchultúr Teo tar éis duaiseanna iontacha a chur ar fáil dúinn le comórtas a reáchtáil. Tá muid cinnte go mbeidh an-suim ag na scoileanna agus naíonraí sna hacmhainní seo.

An chéad áit: Beart Breise Bunscoile http://siopa.ie/ga/i-909-beart_breise_bunscoile/i.aspx…
An dara háit: Beart Bunscoile http://siopa.ie/ga/i-908-beart_bunscoile/i.aspx?id=908
An tríú háit: Póstaer Pearsan http://siopa.ie/ga/i-708-postaer_pearsan/i.aspx?ID=708

Le cur isteach ar an gcomórtas iontach seo, níl le déanamh ach dul chuig ár leathnach Facebook, an cheist shimplí seo a fhreagairt agus an freagra a fhágáil mar thráchtaireacht thíos faoin mbunphostáil.

CEIST: Cad is ainm don suíomh idirlín atá ag Gaelchultúr ar féidir leabhair Ghaeilge a ordú do scoileanna uaidh?
Spriocdháta: 27ú Eanáir 2017 13.00

Mar eolas, is féidir le scoileanna agus le hinstitiúidí eile orduithe a chur isteach trí shonrasc le leabhar ar bith Gaeilge atá i gcló, leabhair scoile san áireamh, a ordú trína suíomh http://siopa.ie/ga/orduithe_ar_sonrasc.aspx

Seachtain na Gaeilge i gclub CLG Fine Ghallainn

Eanáir 17, 2017

Beidh na himeachtaí seo a leanas ar siúl ag club CLG Fine Ghallainn i rith Seachtain na Gaeilge:

4ú Márta ag 10.00

Cluiche peile trí Ghaeilge idir páistí faoi 7 ó CLG Na Gaeil Óga agus CLG Fine Ghallainn. A gcéad uair ag tógaint don pháirc i gcluiche ceart le léinte na clubanna agus réiteoirí fásta. Go léir déanta trí Ghaeilge. Lonnaithe i bPáirc Cuimhneacháin Uí Laighléas, Sord Cholm Cille.

1ú Márta ag 21.00

Grúpa Comhrá seachtainiúil. Saor in aisce agus ar oscailt do ghach caighdeán. Fáilte roimh chách. Clubtheach CLG Fine Ghallainn, Sord Cholm Cille.

8ú Márta ag 21.00

Grúpa Comhrá seactainiúil. Saor in aisce agus ar oscailt do ghach caighdeán. Fáilte roimh chách. Clubtheach CLG Fine Ghallainn, Sord Cholm Cille.

15ú Márta ag 21.00

Tráth na gCeisteanna Boird trí Ghaeilge. Oiriúnach do chách. Píosa craic le píosa Gaeilge. Clubtheach CLG Fine Ghallainn, Sord Cholm Cille.

17ú Márta ag 13.00

Lá Mór na nGael. Cóisir mór i halla CLG Fine Ghallainn tar éis paráid Lá Fhéile Padraig, Sord Cholm Cille. Céiliúrfar cultúr na hÉireann le ceol, rince, amhránaíocht, srl… agus, dar ndóigh, an Ghaeilge. Saor in aisce agus ar oscailt do chách.

Tá tuilleadh eolas faoi ghach ócáid ar fail ó Liam Ó Culbáird ar 086-3814422.

« Previous PageNext Page »