Méid an Téacs

BEO i Luimneach – 28ú Mí na Shamhna

Nollaig 11, 2014

Ar an 28ú de mhí na Samhna, ghlac muintir idirbhliana Coláiste Ailigh, Coláiste Naomh Adhamhnáin agus an Clochar turas corraithe go Luimneach le haghaigh ceolchoirm BEO. Caidé Beo? Ní ach eagraíocht thar barr a bhíonn a réachtáil ag scoláirí chun ceolchoirmeacha a chur ar fáil ag fogrú ceol aonarach de cheoltóirí na hÉireann.

Rinneadh taispéantas de IMRO le Aaron Casay a thug léirstean mhór dóibh isteach i saol ceoil na tíre. Chomh maith le sin, labhair an Donal Walsh Live Life Foundation le na daoine óga ag méadú feasacht ar dhúlagar agus gan aon bomaite a chur amú sa saol. Léiríodh cinntiúchán agus láidreacht Donal Walsh ar fhís trí saol geal s’aige agus é ag láimhseáil ailse a chur in iúl. Ba dhornálaí é go dtí an bhomaite deireanach. Tá oidhreacht iontach ina dhiaidh trí muintir a theaghlach a insíonn an scéal cumhachtmhar seo don phobal.

Tar éis na ceardlanna oideachais agus giota siopadóireachta, tharla an ceolchoirm BEOmhar ag a seacht a chloig. Fuarthas cuairteoirí ón scoil Luimneach, Coláiste Nano Nagle, a bhí ag óstáil an eachtra. Sheinn Little Tents, Neon Atlas agus Dáithí ó Drónaí ar leibhéal den chéad scoth ag an áit. Cruthaíodh atmaisféar leictreach agus bhí damhsaí suimiúla le feiceáil ann. Míle buíochas le IMRO agus Donal Walsh Live Life a thugann ard-tacaíocht do BEO agus fosta don Choláiste Nano Nagle a chur ionad an-oiriúnach in iúl dóibh.

Poster BEO i Luimneach

IMAG0192

Aaron Casey

Foireann BEO

Cuairt daltaí ó Ghaelcholáiste an Phiarsaigh ar Thithe an Oireachtais

Nollaig 10, 2014

Thug scoláirí Ghaelcholáiste an Phiarsaigh cuairt ar Thithe an Oireachtais (Dáil agus Seanad Éireann), Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Raidió Na Life i rith na seachtaine. Baineadh taitneamh agus tairbhe as an aistear foghlama seo chun na cathrach agus d’fhoghlaim na scoláirí go leor rudaí nua.

gc_anp

rnal

rnal2

Talainn sa Taibhdhearc ag Scléip Gael Linn 2015 !

Nollaig 9, 2014

Bhí taispeántas tallainne den scoth i dTaibhdhearc na Gaillimhe inniu ag réamhbhabhta an iarthair de Scléip Gael Linn 2015. Rinne scoláirí ó Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Oileáin Árainn, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus Gaelcholáiste Luimnigh, léiríu ar sceitsí, ar rince chruthaitheach, agus ar cheol chomhaimseartha, agus bhain an lucht féachana
ard-taitneamh as an seó uilig !

Mhol an moltóir, Colm Mac Lochlainn, gach éinne a bhí ar stáitse, agus thug sé aischothú agus moltaí dóibh a bheidh ina gcabhair acu amach anseo. Leanfaidh na míreanna a leanas na buaiteoirí ó réamhbhabhtaí an oirthir, an tuaiscirt agus an deiscirt, go Baile Átha Cliath don chraobhchomórtas in amharclann Clasach, Fionnradharc, ar an Satharn, 24 Eanáir 2015:
Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) Sóisear: ‘Seomra Breagáin’, Gaelcholáiste Luimnigh, Luimneach
Sceitse ( Sinsear ): Colaiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Oileáin Árainn
Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) Sóisear: Cian O’Brien, Gaelcholaiste Luimnigh, Luimneach
Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) Sinsear: Róisín Ní Fhloinn,Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Oileáin Árainn
Ceol Comhaimseartha ( Grúpaí ) Sóisear: ‘Cuspóir’, Gaelcholaiste Luimnigh, Luimneach
Ceol Comhaimseartha ( Grúpaí) Sinsear: ’Gaiscíoch’, Gaelcholáiste Luimnigh, Luimneach

Coinnigh súil amach ar leathanach Facebook ‘Scléip Gael Linn 2015 ‘ do ghrianghraif ón ócáid in am tráth!

Gaelcholaiste Luimnigh

Scoláirí ó Ghaelcholáiste Luimnigh a rinne rince cruthaitheach dár teideal ‘Seomra Bréagáin’ Ó Chlé: Ellie Ní Dhonnchú, Jade McMahon, Orla de Búrca Chun tosaigh: Leah Carter, Taylor McEvoy, Becky Toal

Leah, Alana, Hazel agus Mollaí

Grúpa ceoil chomhaimseartha Choláiste an Eachréidh – ó chlé: Leah Ní Mhuirgheasa, Alanna Ní Chinnéide, Hazel Ní Bhroin, Mollaí Ní Fhoghlú

Páistí ó Ghaelscoil an Chaistil ag spreagadh sábháilteacht ar na bóithre le “Ditch the Dark”

Nollaig 9, 2014

Scéál iomlán ag: www.ballymoneytimes.co.uk

Gura slán an Gramascéal – Seimineár Gramadaí do Scoláirí Iarbhunscoile

Nollaig 2, 2014

Má tá an an t-eagrán gairid agat de Wingléacht, agus tá ceisteanna agat faoi beidh seans agat iad a chur ar an eagarthóir, Pól Ó Murchú, i rith mhí na Nollag seo. Beidh sé ar fáil le seimineár gramadaí a reáchtáil do scoláirí iarbhunscoile.

Chaith sé cúig bliana (2004–2009) ag déanamh na gramadaí don chláir a chruthaigh an ríomhchláraitheoir, Patrick Mulreaney. Tá an t-eagrán úd ar an margadh le seacht mbliana anois.

In 2009, luigh sé isteach ar thionscadal eile, is é sin, gramadach de réir na mBráithre Críostaí a chur i bhfoirm shoiléir don lucht léitheoireachta. Ar feadh trí bliana go leith, chaitheadh sé deich n-uaire an chloig, sé lá sa tseachtain, á dhéanamh siúd. De thairbhe na dianoibre, tháinig A Grammar of Modern Irish, An Annotated Guide to Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí ar an saol. Tá sé amuigh ó anuraidh agus le fáil ag an suíomh gréasáin, www.teangaleanga.com, agus ag siopaí leabhar ar fud an oileáin.

Más mian leat seimineá[i]r a chur ar siúl, déan teagmháil leis ag a sheoladh ríomhphoist:

polomurchu55@hotmail.com.

Tráthanna na gCeist faoi bhláth i gceantar Bhaile Átha an Rí

Nollaig 1, 2014

Reachtáil scoláirí Idirbhliana Choláiste an Eachréidh tráth na gceist idirscoile inniu, an 1ú Nollaig, dírithe ar dhaltaí ó ghaelscoileanna an cheantair. Ghlac breis is 300 dalta páirt san ócáid thaitneamhach spraíúil seo a n-eagraítear go bliantúil. Is é an múinteoir Seán Ó Briain a stiúir an lá.

An mhí seo caite, d’eagraigh Feachtas Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge tráth na gceist idirscoile do scoláirí iar-bhunscoile i gColáiste an Eachréidh féin. Bhí scór boird in iomaíocht le chéile chun dul ar aghaidh chuig Craobh Thráth na gCeist Feachtas 2015. Bhain gach duine an-taitneamh as an oíche.

TráthnaG3

TráthnaG2

TráthnaG

An Brat Buí bronnta ar Ghaelscoil Riabhach arís.

Nollaig 1, 2014

Tionscnamh comhionnanais agus ilíochta é An Brat Buí atá dírithe ar scoileanna a chuireann chun cinn agus a spreagann timpeallacht idirchultúrach.

D’éirigh le Gaelscoil Riabhach i nGaillimh athnuachan a dhéanamh ar an tionscnamh sa scoil acusan i mbliana. Comhghairdeas leo!!

gs_riabhach

Comórtas aistrúcháin do scoláirí iarbhunscoile

Nollaig 1, 2014

Beidh seans ag scoláirí iarbhunscoile €200 a bhunachan trí dhán Gaeilge a aistriú go Béarla.

Tuilleadh eolais ar fáil ag: http://translationhistory.nuigalway.ie/

Scléip Gael Linn 2015 faoi lánseoil!

Samhain 26, 2014

Cuireadh tús spleodrach le Scléip Gael Linn 2015 i mBaile Átha Cliath le déanaí – comghairdeas leis na hiomaitheoirí uilig a bhí rannpháirteach !

Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Cuireann sé béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe. Bíonn deis ag daltaí ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus sceitsí nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.

Reáchtáladh réamhbhabhta réigiúnach an oirthir de Scléip in amharclann Clasach, Fionnradharc, Baile Átha Cliath ar an Mháirt, 24 Samhain. Bhí Gaelcholáistí ó Bhaile Átha Cliath – Coláiste Cois Life, Leamhcán, Coláiste de hÍde, Tamhlacht, Coláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín, Coláiste Chilliain, Cluain Dolcáin, Gaelcholáiste Reachrann, Domhnach Míde, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair agus Scoil Chaitríona, Glasnaoin – mar aon le Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Gaelcholaiste Chill Dara, Nás na Ríogh agus Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh, i láthair. Cuireadh míreanna de ardchaighdeán ar stáitse i ngach comórtas, agus thug na moltóirí, Cian Mac Cárthaigh agus Sibéal Davitt, ard-mholadh do na ceoltóirí, aisteoirí agus rinceoirí uilig a chur taispeántais iontacha os comhair an lucht féachana mhóir. Rachaidh na buaiteoirí a leanas ar aghaidh go dtí an craobhchomórtas ar an 24 Eanáir 2015, san ionad céanna.

Sceitse -Sóisear: Coláiste Cois Life, Leamhcán
Sceitse – Sinsear: Gaelcholáiste Reachrann, Domhnach Míde
Rince Cruthaitheach –Aonair (Sóisear): Síofra Ní Luing, Gaelcholáiste Chill Dara, Nás na Ríogh
Rince Cruthaitheach – Grúpaí ( Sóisear ): Cillian, Mia agus Chloe, Coláiste Cois Life, Leamhcán
Rince Cruthaitheach – Grúpaí (Sinsear): Laoise, Tara agus Holly, Coláiste Cois Life, Leamhcán
Ceol Comhaimseartha –Aonair ( Sóisear): Affia Ní Fhaoláin, Coláiste de hÍde, Tamhlacht & Andi Snyder, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh
Ceol Comhaimseartha – Aonair ( Sinsear ): Sophia Desay, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair & Eoin Snyder, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh
Ceol Comhaimseartha -Grúpaí (Sóisear): Emma de Róiste agus Annmarie Benéid, Coláiste Íosagáin,Baile an Bhóthair & ‘Na Fómharaigh’, Coláiste Pobail Ráth Chairn
Ceol Comhaiseartha – Grúpaí ( Sinsear ): ‘Na hEochracha’, Scoil Chaitríona, Glasnaíon & ‘An bhuíon gan Chewy’, Meánscoil Gharman, Loch Garman
Comórtas Ilchineálach -Aonair agus Grúpa ( Sóisear): Grúpa aclaíochta Choláiste Cois Life, Leamhcán

Beidh réamhbhabhtaí réigiúnacha eile á n-eagrú i gCultúrlann Uí Chanainn, Doire ar an Déardaoin, 27 Samhain 2014, sa Firkin Crane, Corcaigh, Déardaoin, 4 Nollaig, 2014, agus i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an Aoine, 5 Nollaig, 2014, agus fógrófar na torthaí in am tráth !

Coinnigh súil amach ar leathanach Facebook Scléip Gael Linn do ghrianghraif ó na hócáidí éagsúla.

NaEochracha.1

unnamed

unnamed (1)

unnamed (2)

Bernard Dunne ag dul go Liatroim le tacaíocht a thabhairt do phleananna Iarbhunscoil lán-Ghaeilge a bhunú

Samhain 20, 2014

Scéal iomlán ar www.leitrimobserver.ie

« Previous PageNext Page »