Méid an Téacs

Suaitheantas nua Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Márta 6, 2014

Gaelcholáiste an Phiarsaigh

 

Suaitheantas nua Gaelcholáiste an Phiarsaigh leis an mana

“Neart inár lámha, fírinne inár dteanga, agus glaine inár gcroí”

Tá sé bunaithe ar sean suaitheantas ó Scoil Éanna- Scoil an Phiarsaigh i Ráth Fearnáin.

Díomá an Uachtaráin maidir le heaspa inniúlachta an Státchórais sa Ghaeilge

Márta 6, 2014

Ag ócáid speisialta in Áras an Uachtaráin inné, chuir Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn fáilte roimh ionadaithe ó phobal na Gaeilge chuig ócáid ar leith in onóir Sheáin Uí Chuirreáin.

D’fhógair an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar 4 Nollaig 2013 go raibh sé le héirí as a ról, le feidhm ón 23 Feabhra 2014. Tar éis deich mbliana a bheith caite aige sa ról, agus dhá bhliain fágtha sa téarma ceapacháin aige, dúirt an Coimisinéir agus é ag fógairt a éirí as gur beag eile a d’fhéadfadh sé a bhaint amach go pearsanta sa tréimhse ama sin i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ar na cúinsí laistiar dá chinneadh, thagair Ó Cuirreáin do lagú chóras na scéimeanna teanga, easpa inniúlacht Ghaeilge an státchórais, agus cinneadh an Rialtais cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga a aistriú chuig Oifig an Ombudsman.

An tUachtarán féin a d’eagraigh an ócáid seo chun buíochas a ghabháil le Seán Ó Cuirreáin as ucht a bhfuil curtha i gcrích aige chun “gnáth-úsáid laethúil na Gaeilge a chothú i measc ár saoránach, agus chun chearta na Gaeilge mar an gcéad teanga náisiúnta againn a shuíomh agus a húsáid leis an córas stáit mar cheart a chosaint”.

Le linn a chuid cainte, labhair an tUachtarán faoi easpa cumais an Státchórais i leith na Gaeilge agus a dhíomá pearsanta maidir leis sin: “Mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom a rá, ní hamháín go bhfuil díomá orm, ach gur cás liom an leibhéal dealraitheach íseal cumais atá sa Státchóras do na saoránaigh gur mian leo a gcearta a chur i bhfeidhm agus bheith ag caidreamh as Gaeilge leis an Stát agus a chuid gníomhaireachtaí”.

Dúirt an tUachtarán freisin nach mór tabhairt faoin “miotas nimhneach go bhfuil an Ghaeilge ina bacainn ar shealbhú aon teanga eile”.

Agus é ag tabhairt teachtaireachta láidir do Státchóras na tíre, dúirt an tUachtarán gur gá “na deacrachtaí a sheas i mbealach Shéain Uí Chuirreáin agus é i mbun a mhisin a bhreithniú go cúramach, ar dheacrachtaí den sórt sin iad, gur cheap sé gurbh fhearrde é dá sheasfadh sé siar óna phost mar Choimisinéir Teanga”.

Ag ócáid eile in Áras an Uachtaráin, ar an Luan seo chugainn, déanfar comharba Uí Chuirreáin a insealbhú go hoifigiúil, nuair a bhronnfaidh Uachtarán na hÉireann séala oifigiúil ar an iriseoir Rónán Ó Domhnaill.

Gaelport.com

Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh sna Déise

Márta 6, 2014

Tá Seachtain na Gaeilge linn arís agus ar ndóigh tá sé á ceiliúradh i gContae Phort Láirge faoi láthair, le réimse imeachtaí eagraithe in áiteanna éagsúla ar fud an chontae. Tá Oifig na Gaeilge agus Seirbhís Leabharlainne Údaráis Áitiúla Chontae Phort Láirge ag comhoibriú arís i mbliana le Coiste Cúram Leanaí Phort Láirge chun roinnt imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha a eagrú sa chontae ón 1-17 Márta 2014. Beidh an sraith ‘Scéalaíocht sa Leabharlann’ ar siúl arís, chomh maith le Bingó as Gaeilge agus Ciorcal Comhrá na Trá Móire. Leabharlann Dhún Garbhán Ar an gCéadaoin, 12 Márta, beidh Scéalaíocht do Pháistí Óga ar siúl le Jacqui de Siúin ó Choiste Cúram Leanaí Phort Láirge ag a 10.30r.n. Ócáid saor in aisce í seo, a bheidh oiriúnach do pháistí 0-3 bhliain d’aois agus beidh Scéalaíocht do Pháistí Bunscoile ar siúl ina dhiaidh ag a 11.30r.n. An Chéadaoin dar gcionn, 19 Márta reachtáilfear Ceardlann Rí Rá i nDearadh Choimicí do pháistí bunscoile leis an gcomhlacht Coimicí Gael, a fhoilsíonn coimicí as Gaeilge.
Beidh an cheardlann seo ar siúl ar a 10.30r.n. agus tá sé lán cheana féin. Leabharlann na Trá Móire Beidh Scéalaíocht sa Leabharlann sa Trá Mhór chomh maith ar an Aoine, 14 Márta ar a 11.00r.n., le Jacqui de Siúin Siúin ó Choiste Cúram Leanaí Phort Láirge. Beidh an Bingó as Gaeilge, a mbíonn an-tóir air, á reachtáil i Leabharlann na Trá Móire arís i mbliana. Tá sé seo dírithe ar pháistí bunscoile agus reachtáilfear é de réir éilimh trí theagmháil a dhéanamh leis an Leabharlann ar (051) 381479. Leanfaidh an Ciorcal Comhrá seachtainiúil ar aghaidh ar feadh mhí an Mhárta, gach oíche Dhéardaoin óna 7-8i.n., agus bíonn fáilte roimh dhaoine nua i gcónaí. Mar sin, má theastaíonn uait do chuid Ghaeilge a chleachtadh agus a úsáid i slí taitneamhach, beir leat go dtí Leabharlann na Trá Móire aon oíche Dhéardaoin. Tuilleadh eolais: Máire Seosaimhín Breathnach, Oifigeach Gaeilge (058) 20884

Foilsithe ar Gaelport.com

Cruinniú maidir le Gaelcholáiste an Phiarsaigh, 5 Márta 2014

Márta 4, 2014

Cruinniú faoi Gaelcholáiste an Phiarsaigh in Óstán Bewleys, Baile na Lobhar, BÁC 18, ag 8.00in amárach.

Pat the pipe Píobaire

Márta 4, 2014

Seolfar an dráma raidió “Pat the pipe Píobaire” in Ionad na nGleannta Dé Máirt an 11ú Márta ag a 6in. Scig-fhainéisán atá bunaithe ar leabhar den teideal céanna a scríobh Colm Ó Snodaigh is a d’fhoilsigh Coiscéim ata ann.

B’é An Puball Gaeilge a léirigh é agus Proinn Ó Duigneáin agus Rossa Ó Snodaigh a stiúraigh is a chur an saothar in oirriúnt don raidió.

Ghlac siad beirt páirt aisteoireachta mar a rinne na mór aisteoirí Dónal O Kelly, Sorcha Fox, Lochlann Ó Mearán, Des Bredin, Breandan de Gaillí, agus beirt nua Muiris Ó Conchubhair agus Ruth Smith.

Sholáthair Jacques Pellen an ceol-téama óna dhlúthcheirnín A Celtic Procession agus rinne Eoin Dillon aithris ar iarrachtaí chun píobaireachta an phríomh charactar Pat.

Taifeadadh an drama in Ionad na nGleannta (Cluainín) agus sa Stiúdeó Dearg (BÁC) le maoirsiú fuaime ó Ray Duffy.

Craolfar an scigfháisnéiseáin “Pat the pipe Píobaire” ina dhá chuid ar Raidió na Life 106.4 le linn Sheachtain na Gaeilge ag a 8.30in Aoine an 14ú agus Aoine an 21ú Márta

Maoiníodh an togra seo ón scéim Fís 7 Fuaim de chuid an UCÉ (Údarás um Chraolacháin Éireann) agus ó Fhoras na Gaeilge.

 

Seachtain na Gaeilge 2014 buailte linn

Márta 4, 2014

Beidh féile mhór na Gaeilge ar siúl ó 1-17 Márta agus le neart imeachtaí ar siúl in Éirinn agus thar lear chun an Ghaeilge a cheiliúradh.

Cuireadh tús spleodrach le Seachtain na Gaeilge 2014 i gCill Airne ag an deireadh seachtaine áit a reáchtáladh ceolchoirm sráide leis an ngrúpa Seo Linn ar an tSráid Mhór mar chuid d’imeachtaí Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2014.

Rinneadh tús na féile a cheiliúradh i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine ag ‘Game for Gaeilge’, cluiche dúshláin idir club Chiaráin Kilkeeny, ambasadóir fhéile na bliana seo, CLG Caisleán Cnucha, agus an club lán-Ghaeilge, CLG Na Gaeil Óga, i bPáirc Somerton, Caisleán Cnucha. I láthair an chluiche bhí Corn Sam Mhig Uidhir agus aíonna speisialta. Agus i mBéal Feirste, bhí ambasadóir eile na féile, Lynette Fay, i dteannta ionadaithe ón tionscadal Líofa 2015, i láthair ag Féile CLG Ollscoil na Banríon i mBéal Feirste áit a nglacadh páirt in imeacht speisialta ag leath-am Chorn Uí Riain.

Eagraítear na mílte imeachtaí mar chuid den fhéile bhliantúil a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn anseo in Éirinn agus thar lear. I measc na n-imeachtaí a bhíonn ar siúl sa phobal bíonn siúlóidí stairiúla, filíocht, ceardlainne éagsúla, imeachtaí do ghasúir, scéalaíocht, ranganna, scóráil sciobtha as Gaeilge, ceolchoirmeacha agus ar ndóigh bíonn ciorcal comhrá arna eagrú i go leor caiféanna timpeall na tire mar aon le go leor imeachtaí Gaelacha eile. Tugann an fhéile deis do gach uile dhuine, idir chainteoirí dúchasacha agus iad siúd a fhaigheann a gcéad bhlaiseadh den teanga, spraoi a bheith acu leis an nGaeilge.

Ag caint i gCill Airne ag an deireadh seachtaine, dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge, “Tá sé an-tábhachtach go bhfreastalaíonn imeachtaí na féile ar spéiseanna éagsúla an phobail agus táimid ag tabhairt cuireadh oscailte do chách páirt a ghlacadh san fhéile agus an deis a thapú chun an Ghaeilge a úsáid agus a cheiliúradh ag imeachtaí na féile nó ina slí féin: sa bhaile, san obair, le cairde, ar na meáin shóisialta nó eile. Is cuma má tá cúpla focal agat nó a lán, is linne ar fad an Ghaeilge”.

I measc phríomh-imeachtaí eile Sheachtain na Gaeilge, beidh Rith 2014, an t-ollrith náisiúnta ó Bhaile Bhúirne go Béal Feirste, ar siúl ó 7 – 15 Márta; beidh Cinemobile ag dul ar mhion-chamchuairt na tíre ó 5 – 7 Márta le scoth na scannán Gaeilge a léiriú do dhaltaí scoile ina bpictiúrlann shoghluaiste; beidh Gaelspraoi de chuid St. Patrick’s Festival ar siúl i mBaile Átha Cliath ó 14-17 Márta agus cuirfear críoch oifigiúil le himeachtaí na féile le Ceiliúradh Phobal na Gaeilge i Halla na Cathrach, Béal Feirste ar Lá Fhéile Pádraig.

Is iad grúpaí pobail, scoileanna, údaráis áitiúla, leabharlanna, eagraíochtaí cultúir, spóirt agus ceoil, agus grúpaí eile nach iad a eagraíonn imeachtaí Sheachtain na Gaeilge mórthimpeall na hÉireann agus an domhain. Tá liosta imeachtaí na féile ar fáil ar www.snag.ie agus ar aip na féile, SnaG 2014, atá ar fáil le híoslódáil saor in aisce ar iTunes agus ar Google Play.

Foilsithe ar Gaelport.com

Féile Ongar 2014

Márta 4, 2014

Mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge beidh Féile Ongar” á reáchtáil ag Muintir na Gaeilge Ongar.

Seo grúpa úr nua chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath 15 áit a mbeidh cúpla lá d’imeachtaí idir ceolchoirmeacha, Siamsaíocht do pháistí óga, Caint ar stair na Gaeilge le Pádraig Ó Snodaigh (Iar-Úachtarán Chonradh na Gaeilge), Ceardlann Bhodhráin le hIan Ó Ríordáin mar aon le ranganna Gaeilge do dhaoine fásta.

Beidh ‘Féile Ongar’ ag titim amach ón 7ú – 10ú Márta 2014.

Tá clár na féile ar fáil Anseo

Is féidir tuilleadh eolas a fháil ó:

Paula Melvin, Oifigeach caidrimh phoiblí Mhuintir na Gaeilge Ongar
T: 086 158 90 63 / R: paulamelvin@hotmail.com

Foilsithe ar Gaelport.com

Nuachtlitir an CNCM

Márta 3, 2014

Is féidir an nuachtlitir a léamh ar líne anseo.

Seachtain na Gaeilge ag Gaelscoil Moshíológ

Márta 3, 2014

SnaG 2014 Gaelscoil Moshíológ v2

Bua seachas cúlú siar

Márta 3, 2014

Ciarán Dunbar

“Aon uair a labhraím le daoine in Albain nó in Éirinn bíonn siad diúltach faoi rudaí i gcónaí… Ba bhreá liom dá mbeadh na fadhbanna atá acu againne. Má tá daoine in Éirinn in ísle brí, nó má cheapann siad go bhfuil rudaí fíor-dheacair, ba cheart dóibh a theacht go hOileán Mhanainn.” 

Adrian Cain ag caint le Colm Ó Broin – Gaelscéal, 24/10/12

Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn agus go leor daoine go fóill lán misnigh mar gheall ar Lá Mór na Gaeilge a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath cúpla seachtain ó shin.

Mar sin féin mothaím go 
bhfuil díomá agus éadóchas áirithe fós le mothú i measc an phobail.

 Pointe é sin a thóg iar-Ard-Mhéara Bhéal Feirste Niall Ó Donnghaile ó Shinn Féin le déanaí agus é ar chlár Cormac ag a Cúig – dúirt sé nár thuig sé cén fáth a bhfuil an ghruaim seo ar Ghaeilgeoirí i gcónaí nuair ba cheart go mbeadh siad lán dóchais.

Chuir mé spéis sa phointe sin óir is ábhar é a bhfuil mé féin ag déanamh imní faoi le tamall. 

Is minic a smaoiním ar an rud a dúirt Adrian Cain – ba bhreá linn bhur bhfadhbanna a bheith againn.

 Anois, ná bíodh aon amhras faoi – bhí bliain uafásach ag an Ghaeilge.

D’éirigh an Coimisinéir Teanga as ar an ábhar nach féidir leis aon rud a dhéanamh chun iachall a chur ar státseirbhísigh sa Phoblacht géilleadh do dhlíthe an stáit a fhaomhadh go daonlathach.

Tá an Ghaeilge faoi bhrú ó rialtas nach bhfuil spéis dá laghad aige inti nó atá naimhdeach don teanga fiú.

Thiocfadh liom dul ar aghaidh, ach ba mhaith liom eisceacht a dhéanamh an uair seo agus an taobh eile den scéal a thabhairt.

 Má tá roinnt de phobal na Gaeilge in ísle brí – faoi ghruaim fiú – cuirim an cheist, an bhfuil rudaí chomh dona sin?

Labhraíonn 100,000 duine an Ghaeilge gach lá in Éirinn amháin agus tá tuairim ar 120,000 duine a labhraíonn í uair sa tseachtain – ní beag an méid é sin.

Bhí na mílte amuigh ar shráideanna na príomhchathrach chun a dtacaíocht a léiriú don teanga agus beidh an scéal amhlaidh i mBéal Feirste i mí Aibreáin.


Agus ba cheart dúinn cuimhneamh go bhfuil na mílte daoine fásta ar fud na hÉireann ag foghlaim Gaeilge i ranganna oíche.

Muise is ollghuaiseacht í gluaiseacht na Gaeilge i gcónaí – gluaiseacht ar féidir leis a bheith níos láidre arís dá mbeadh aontacht agus chomh-fhís ann.

Ach ag éisteacht linn ag caint eadrainn féin, shílfeá nach bhfuil ionainn ach cúpla chéad duine atá ar mire glan.

Tá an Ghaeilge á teagaisc mar ábhar riachtanach i scoileanna ó dheas go fóill – rud a chiallaíonn go bhfuil líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu ag ardú i gcónaí – d’ainneoin na mbréag a léann tú sna meáin.
 
 Agus tá meáin de scoth againn féin.



D’ainneoin gur gearradh siar ar bhuiséad RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4 tá siad ann i gcónaí – níl mé ag rá nach bhfuil aon bhaol ann dá dtodhchaí – ach tá siad ann inniu.



Agus tá dhá stáisiún raidió eile againn – agus ceann eile ar a bhealach.

Tá páipéar nuachtáin, ‘Seachtain’, a théanns amach leis an ‘Irish Independent’ – sin tuairim ar 120,000 cóip sa tseachtain ag dul i gcló.

Tá ‘Seachtain gan aon mhaoiniú agus maireann sé ar chúiseanna tráchtála.

 Tá leathanach Gaeilge ag an ’Irish Times’ chomh maith, arís gan mhaoiniú.

 Ó thuaidh, tá ‘Meon Eile’ againn ar ndóigh agus déanann an BBC cláracha Gaeilge leis.

Agus tá ‘Goitse’, ‘Nuacht 24’, ‘iGaeilge’ agus ‘An Tuairisceoir’ againn atá ag feidhmiú gan mhaoiniú.

 Ná déanaimis dearmad ar an iris mhíosúil ‘NÓS’ a thosaigh mar ghnó tráchtála agus tá anois á maoiniú.

 Agus tá ‘Comhar’, ‘An tUltach’, ‘Feasta’ agus ‘beo.ie’. ann.

 Cinnte tá bearnaí ann ach níl a fhios agam fútsa ach ní bhíonn an t-am agam na meáin Ghaeilge ar fad a léamh!

Agus beidh seirbhís úr nuachta á maoiniú ag Foras na Gaeilge go luath chomh maith.

Cearta


Ar ndóigh, ní aithnítear an coincheap cearta teanga go forleathan in Éirinn – thuaidh nó theas.

 Ní scéal maith é sin ach fiú ansin feicimse dóchas ann nuair a mhothaíonn namhaid na Gaeilge go bhfuil sí láidir go leor go gcaithfidh siad gníomhú ina coinne i gcónaí.

Gaelscoileanna



Níl mé ag maíomh gur réiteach gach aon fhadhb iad na Gaelscoileanna ach is cinnte go bhfuil fás sna Gaelscoileanna.

Agus tá siad ag fás i gcónaí – go dtí an pointe arís go bhfuil namhaid na Gaeilge ag panic-eáil fá dtaobh dóibh.

Páistí



Is í an fhadhb is mó atá againn inniu maidir leis an teanga ná go bhfuil Gaeilgeoirí sa Ghalltacht agus cainteoirí dúchais sa Ghaeltacht ag roghnú gan a gcuid páistí a thógáil mar Ghaeil.

Seans dá mba rud é gur roghnaigh muid a bheith níos dearfaí faoin Ghaeilge go dtógfadh níos mó daoine a bpáistí leis an teanga?



Ach fiú sa réimse seo, tá dóchas ann, mar a deir an Coimisinéir Teanga níor rugadh an cainteoir dúchais deireanach go fóill – tá páistí á dtógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht go fóill agus is beag paróiste in Éirinn nach bhfuil páistí á dtógáil le Gaeilge ann.

Tá ábhar dóchais eile ann ar cheart go mbeadh muid dearfach faoi ach ní fiú dul ró-dhomhain sa teangeolaíocht.

Ach caithfidh mé seo a rá – éistfidh daoine áirithe leis seo agus ní amháin nach n-aontóidh siad leis an tuairim seo ach a bheas naimhdeach de.

Tá daoine den tuairim go bhfuil an t-éadóchas anois ina tréith dhúchasach ghaelach.

Breast é sin mar sheafóid.

Agus táthar ann a ghlacann mar mhasla gach focal dearfach faoin teanga ar an ábhar go n-íslíonn stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht dar leo.

Cha dtuigim faoin spéir cén dóigh a mbaineann an Ghaeilge á labhairt i gCathair Chorcaí de Ghaeltacht Mhúscraí caithfidh mé a rá.

Cinnte, tá cathanna le troid, troidfear iad – ach caithfidh muid foghlaim cén chaoi bua a shamhlú seachas cúlú siar.

Caithfidh muid dul ar an ionsaí go dána agus mí-náireach seachas a bheith i gcónaí ar an chosaint.



Tá todhchaí na Gaeilge i lámha na nGael – mar a bhíodh i gcónaí i ndeireadh na dála – glacaimis an fhreagracht sin orainn féin agus glacaimis misneach as.

 Ná bímis faoi ghruaim – bímis trodach ach bímis ag gaire linn agus muid ag troid.

www.meoneile.ie

« Previous PageNext Page »