Tráth na gCeist Bórd Feachtas
Eanáir 6, 2014
Beidh tráth na gceist boird á reáchtáil ag Feachtas do scoláirí dara leibhéal sna scoileanna thíos go luath:
- i gColáiste Raithín, Bré ar 20ú Eanáir 2014 ag 19.00
- i gColáiste na Toirbhirte, Corcaigh ar 27ú Eanáir 2014 ag 19.00
- i gColáiste na Coiribe, Gaillimh ar 29ú Eanáir 2014 ag 19.00
Má tá spéis agaibh foirne a chur chur isteach, déanaigí teagmháil le Ciara Ní Bhroin, Oifigeach Forbartha Feachtas, chomh luath agus is féidir chun áit a dheimhniú ann. Bronnfar boinn agus teastais ar bhuaiteoirí na hoíche agus rachaidh siad ar aghaidh chuig ag gcraobh a bheidh ar siúl i mí an Mhárta.
Tuilleadh eolais: ciara.feachtas@gmail.com
Ciara Ní Bhroin
Oifigeach Forbartha
Feachtas
Oifig a 8
Teach Coghill
64 Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2.
Fón oifige: 01 6725940
https://twitter.com/Feachtas_ie
https://www.facebook.com/feachtas
Ceiliúradh na Nollag i mBunscoil an Iúir
Eanáir 6, 2014
Thug Meon Eile cuairt ar Bhunscoil an Iúir an tseachtain seo. Chan cóir na scoile meascán deas d’amhráin na Nollaig idir ‘Oíche Chiúin’, ‘Rudolf an Fia Rua’ agus ‘Tá Daidí na Nollag ag teacht anocht!’.
Seo chugaibh an tsiamsaíocht agus píosa cainte ó na páistí féin faoina ndúil agus faoina ndóchais don Nollaig! Féach an físeán ar www.meoneile.ie.
Na chéad fhógraí Pleanála Teanga foilsithe
Eanáir 6, 2014
Iarratas ar aighneachtaí i dtaca le trí limistéar pleanála teanga fógartha faoi Alt 7(3) d’Acht na Gaeltachta 2012
Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., go bhfuil fógraí i leith na limistéar a leanas foilsithe ag an Roinn inniu:
Ciarraí Thiar
Cois Fharraige
Gaoth Dobhair, Rann a Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir
Faoi Acht na Gaeltachta 2012 roinneadh an Ghaeltacht i 19 ceantar pleanála teanga faoi leith, agus é i gceist go mbeadh plean teanga uathúil le dréachtú do gach ceantar acu sin. Ag an am sin, bhí sé aontaithe go roghnófaí príomheagraíocht cinnireachta amháin i ngach ceantar pleanála teanga chun an próiseas a stiúradh ar an talamh, le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta. I mBealtaine na bliana seo, fógraíodh go ndéanfaí athdhréachtú ar na ceantair a roghnaíodh, ionas go mbeadh 26 ceantar ann in áit 19.
Agus é ag fógairt an chórais iarratais inniu, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich, “Tá lúcháir orm a bheith in ann a fhógairt go bhfuil an chéad trí fhógra foilsithe agam faoi alt 7(3) d’Acht na Gaeltachta 2012. Cuireann na fógraí seo tús oifigiúil leis an phróiseas pleanála teanga ar an talamh sna limistéir seo”.
Tá tugtha le fios go dtabharfar tréimhse suas le 2 mhí ón 16 Eanáir 2014 d’eagraíochtaí chun iarratais a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta le bheith roghnaithe mar eagraíochtaí chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir ar leith. Tabharfar tréimhse suas le 2 bhliain do na heagraíochtaí roghnaithe chun plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne le faomhadh agus is thar thréimhse 7 mbliana a chuirfear na pleananna teanga i bhfeidhm le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta.
“Agus tús oifigiúil curtha anois leis an phróiseas pleanála teanga i 3 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta ó thuaidh, ó dheas agus thiar, táim ag súil go mbeidh 10 bhfógra eile foilsithe i gcás 10 limistéar eile an bhliain seo chugainn agus go ndéanfar na fógraí eile ina dhiaidh sin,” a dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich.
Dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Kevin De Barra go rabhthas ag súil le níos mó ón Roinn: “Níl fógartha ach trí cheantar as sé cheantar fichead, agus má leantar le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga ar an ráta céanna seo, is beag dul chun cinn a bheidh á dhéanamh. Tá dhá bhliain ag na ceantair seo anois chun plean teanga a chur le chéile agus a aontú leis an Roinn, agus beidh seacht mbliana acu ansin chun an plean sin a fheidhmiú”.
“Níl aon sonraí eisithe fós maidir leis na hacmhainní nó na tacaíochtaí a bheidh ar fáil do na ceantair seo sa tréimhse sin. Is gá don Rialtas tosaíocht a dhéanamh d’fheidhmiú an phróisis seo agus acmhainní cuí a chur ar fáil dá réir,” a dúirt De Barra.
Foilsithe ar Gaelport.com
Daidí na Nollag ar chuairt
Nollaig 20, 2013
Daidí na Nollag ar chuairt chuig Gaelscoil Moshíológ, Guaire, Co. Loch Garman.
Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUiginn faoi agallamh ar ‘20 Bliain’ ar Raidió na Life Dé Céadaoin 18ú Nollaig, 12:00 – 13:00
Nollaig 18, 2013
Tá áthas ar Raidió na Life a fhógairt go mbeidh Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUiginn ag tabhairt mór-agallamh don stáisiún Dé Céadaoin beag seo 18ú Nollaig ag a meánlae mar chuid den tsraith ’20 Bliain’, sraith ina labhrann mórphearsantachtaí ó shaol poiblí na hÉireann le láithreoirí deonacha éagsúla ó Raidió na Life faoin méid a thit amach i saol an duine sin idir na blianta 1993 agus 2013, an tréimhse chéanna go bhfuil Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail do phobal na Gaeilge i mórcheantar Átha Cliath.
Beidh Judy-Meg Ní Chinnéide i mbun cainte leis an Uachtarán an tseachtain seo agus é ag caint faoin méid a thit amach ina shaol le fiche bliain anuas agus ag roghnú roinnt ceoil. I measc ábhair chainte eile, labhrann an tUachtarán faoina chuimhní faoi bhunú Raidió na Life féin i 1993, a ról féin mar Aire Ealaíona, Cultúir agus Gaeltachta le linn bhunú Theilifís na Gaeilge, agus a dhearcadh i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge sa sochaí Éireannach le linn an ama sin freisin. Ná caill an t-agallamh fíor-spéisiúil seo! Éist leis Dé Céadaoin ag a 12 i.n. ar 106.4FM in Átha Cliath nó ar líne ar raidionalife.ie.
Bíonn an clár „20 Bliain‟ le cloisteáil gach Céadaoin ag a 12 meánlae, le deis éisteacht arís leis ag a 7 i.n. gach tráthnóna Déardaoin. Tá réimse leathan d‟aíonna tar éis páirt a ghlacadh sa sraith, idir aisteoirí, polaiteoirí, craoltóirí aitheanta, ceoltóirí srl. Is féidir éisteacht siar leis na hagallaimh ar fad a craoladh go dtí seo ar shuíomh Raidió na Life http://www.raidionalife.ie/20bliain/, áit a thiocfaidh tú ar agallaimh le leithéidí An Taoiseach Enda Kenny, an fuirseoir Dara Ó Briain, an t-aisteoir Peter Coonan („Fran‟ i Love/Hate), an láithreoir teilifíse Bláthnaid Ní Chofaigh, Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach Fiach Mac Conghail agus neart daoine eile nach iad.
Arsa Cian Mac Cárthaigh, Clár Reachtaire Raidió na Life, “Bhí sé soiléir dúinn go bhfuil réimse leathan daoine i saol poiblí na hÉireann agus scéal le hinsint acu faoin méid a thit amach ina saolta idir 1993 agus 2013. Bhí sé tábhachtach dúinn na scéalta seo a chur ar an dtaifead trí Ghaeilge agus tá súil againn go mbeidh daoine fós ag éisteacht leo nuair atá Raidió na Life ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód. Bhí sé go deas freisin deis a thabhairt do láithreoirí deonacha RnL a gcuid talainne mar iriseoirí a léiriú agus iad i mbun agallaimh uair a‟ cloig le cuid de na daoine is mó le rá i saol poiblí na tíre.”
Tá físeán de thuras Raidió na Life chuig Áras an Uachtaráin déanta ag an scannánóir óg Laura Gaynor, oibrí deonach leis an stáisiún. Féach: http://www.youtube.com/watch?v=ooJ9gNI-rxo
Tráth Ceist na Nollag do Charthanacht | Fun Christmas Table Quiz for Charity
Nollaig 17, 2013
Ceolchoirm i PS na Tríonóide, Eochaill
Nollaig 17, 2013
Beidh Gavin James ag canadh ah ceolchoirm speisialta a bheas ar siúl ar Déardaoin, 19 Nollaig 2013, ag 7pm i bPobalsocil na Tríonóide, Eochaill, Co. Chorcaí. Beidh bannaí éagsúla de chuid na scoil ag tacú leis ar an oíche. Coastas €5 ar thicéad agus beidh gach brabús ag dul go carthantai áitiúla. Cuirfear fáilte roimh chách.
Scéal na Gaeilge, Doire Cholm Cille
Nollaig 17, 2013
Seoladh Scéal na Gaeilge i nDoire Cholm Cille ar na mailibh agus scaifte breá i láthair i Halla na Cathrach.
Taispeantas agus leabhar dátheangach atá i gceist a léiríonn stair na teanga sa chathair chomh fada siar leis an Ogham ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann.
Is é Deaglán Ó Doibhlin agus a iníon Sorcha a chuaigh i mbun an taighde le bliain anuas don tógra agus iad ag bailiú scéalta agus eolas tábhachtach ó mhuintir na cathrach, le tacaíocht shuntasach ó Oifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire, Pól Ó Frighil.
“Scéal na Gaeilge, An teanga bheo, beo go deo.”
Féach an físeán ar www.meoneile.ie
Buaiceanna na Bliana 2013
Nollaig 17, 2013
Agus muid ag druidim le deireadh 2013 caitear súil siar ar roinnt de bhuaicphointí na bliana do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Abhcóideacht agus Ionadaíocht
Sholáthar Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge eolas don phobal agus do chomhlachtaí poiblí maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003. San iomlán, seoladh 20 aighneacht chuig comhlachtaí poiblí a bhí ag ullmhú dréachtscéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le linn na bliana.
Ghlac an Chomhdháil páirt lárnach ar An Fóram chun dul i ngleic le hathruithe san earnáil, i gcomhar lena balleagraíochtaí, le heagraíochtaí bunhmhaoinithe eile agus leis an dá Stát. Bhí teagmháil rialta le Foras na Gaeilge, leis na Ranna Urraíochta, le baill Thithe an Oireachtais agus le baill an Tionóil agus le páirtithe eile leasmhara.
Glacadh ionadaíocht ghníomhach ar an gCoiste Seasta ar an nGaeloideachas agus páirt ghníomhach glactha san fheachtas chun Acht Teanga a bhaint amach do Thuaisceart Éireann.
Ghlac an Chomhdháil páirt ghníomhach ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus ar an gCoiste Stiúrtha den tionscadal taighde agus oiliúna de chuid INTEREG dar teideal Menter Iontach Nua.
Cuireadh feachtais fheasachta ar bun chun an pobal a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin poiblí maidir le léitheoireacht na Gaeilge a thionscain Foras na Gaeilge; chun an pobal a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin poiblí ar an Dréachtbhille Oideachais (Ligean Isteach ar Scoil) trí fheachtas ar líne agus plé sna meáin chumarsáide, agus trí theagmháil le baill Thithe an Oireachtais, agus le páirtithe eile leasmhara – Chuir an Chomhdháil aighneacht chuimsitheach ar fáil ar an ábhar seo, agus cuireadh feachtas feasachta ar bun chun an pobal a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin poiblí maidir le siollabas na Gaeilge ag leibhéal an Teastas Shóisearaigh.
Seirbhísí Digiteacha na Comhdhála
Cuireadh straitéis dhigiteach chuimsitheach i gcrích in 2013 agus é mar sprioc go mbeidh seirbhísí digiteacha Gaelport.com ar thús cadhnaíochta agus ar fáil ar gach ardán digiteach. Tá ag éirí go maith le Gaelport.com Móibíleach agus déantar forbairt leanúnach ar Gaelport.com ar na hardáin shóisialta dhigiteacha agus ábhar ilmheáin, grianghraif agus físeáin foilsithe ar YouTube, Facebook agus Twitter.
Le linn na bliana bhí forbairt leanúnach ar na sruthanna nuachta is mó ar Gaelport.com:
An Nuacht is Déanaí: Na scéalta is mó ó shaol na Gaeilge gach aon lá – Méadú 6% ar líon na gcuairteanna ar leathanaigh nuachta ó thús na bliana.
As na Nuachtáin: Achoimre laethúil ar na scéalta is mó a bhaineann leis an nGaeilge atá foilsithe sna meáin náisiúnta agus áitiúla.
Folúntais: Seirbhís earcaíochta saor in aisce – Méadú 19% líon na gcuairteanna ar fholúntais fógartha agus 134 folúntas fógartha sa bhliain 2013.
Féilire: Scéalta faoi na himeachtaí is mó i saol na Gaeilge – 254 imeacht fógartha saor in aisce agus méadú 57% ar líon na gcuairteanna ar leathanaigh sa mhír seo.
Foghlaim: Cur síos ar cúrsaí traenála agus ranganna Gaeilge reatha ar gach aon leibhéal – Méadú 84% ar líon na gcuairteanna ar leathanaigh faoi chúrsaí agus ranganna.
Cuireadh tús le foilseacháin seachtainiúil 7 na Seachtaine, bailiúchán de na príomhscéalta is mó ó Gaelport.com.
• 7,685 síntiúsóir don ríomhiris sheachtainiúil 7 na Seachtaine
• 2,035 síntiúsóir don ríomhiris laethúil As Na Nuachtáin
Tograí eile de chuid na Comhdhála
D’fhreastail os cionn 1,962 dalta ó 56 iar-bhunscoil ar sheimineáir Buntáiste Breise na Gaeilge sa bhliain 2013.
Craoladh an clár Cuireadh Chun Cainte ar TG4 le linn na Cásca, agus tá sé scaipthe ar iar-bhunscoileanna na tíre don bhliain 2012 – 2013. Tá breis agus 190,000 cuairt ar YouTube faighte ag an bpacáiste teagaisc/foghlama seo.
Craoladh an clár Céim Chun Tosaigh ar TG4 in earrach na bliana seo agus tá cóip den DVD agus na hiatáin a théann leis faighte ag gach iar-bhunscoil sa tír (824 scoil) ó Mheán Fómhair 2013.
Reáchtáladh Turas na bhFilí in Éirinn mí Aibreán agus in Albain mí Mheán Fómhair ag a raibh lánfhreastal ar ócáidí na féile malartaithe cultúir agus cuireadh an-spéis arís i mbliana sa chomórtas filíochta, Comórtas Uí Néill, a eagraíodh le linn na féile.
D’éirigh go maith le díolachán na bhFáinní Óir, Airgid agus Seanfháinní i rith na bliana, agus leis an tseirbhís Bileoga Aifrinn a cuireadh ar fáil do sheirbhísí lánGhaeilge i 40 paróiste timpeall na tíre, agus d’fhreastail breis agus 25 rannpháirtithe ar shraith den Chiorcal Comhrá a reáchtáladh Cois Teallaigh le linn na tréimhse Eanáir – Márta 2013.
Foilsithe ar Gaelport.com
Scéim Nuachtán Seachtainiúil Gaeilge Ar Líne
Nollaig 17, 2013
An tseachtain seo caite, d’fhógair Foras na Gaeilge scéim nua chun maoiniú a chur ar fáil do nuachtán seachtainiúil Gaeilge ar líne.
Ó tharla go ndeachaigh dhá nuachtán clóite Gaeilge in éag níos túisce sa bhliain, Gaelscéal agus Foinse, beidh pobal na Gaeilge ag brath go géar ar an scéim seo chun an bearna reatha sa soláthar de nuacht scríofa a líonadh agus iad ag guí nach é an todhchaí céanna a bheidh i ndán don fhoilseachán seo leis na nuachtáin eile a chuaigh roimhe.
Tháinig deireadh le Gaelscéal i mí Feabhra na bliana seo nuair a d’fhógair Foras na Gaeilge nach mbeadh siad ag leanúint leis an gconradh idir iad agus Torann na dTonn, toisc nach raibh ag éirí leis an nuachtán ó thaobh díolacháin de. Thagair Foras na Gaeilge d’fhigiúir de 1,300 cóip sa tseachtain mar líon iomlán an díolacháin sna siopaí, ach bhréagnaigh eagarthóir Gaelscéal, Ciarán Dunbar, na figiúirí seo um an dtaca sin. Cáineadh Foras na Gaeilge go láidir ag an am, le leithéidí Doiminic Ó Brolcháin MLA ag cur i leith an Fhorais ag an am gur thuig siad go raibh na figiúirí díolacháin a d’éiligh siad ó Gaelscéal míréadúil ón tús.
Thit tua eile ar iriseoireacht scríofa na Gaeilge i mbliana, nuair a fógraíodh nach mbeadh Foinse ag filleadh ag tús na scoilbhliana nua i mí Mheán Fómhair. Bunaíodh Foinse i 1996, ach nuair a theip ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge in 2009, rinneadh athmhúnlú ar an nuachtán agus scaipeadh an leagan úr mar fhorlíonadh san Irish Independent agus é dírithe go príomha ar lucht foghlamtha na Gaeilge. Tháinig casadh eile ar an scéal nuair a chur an Irish Independent tús le nuachtán nua Gaeilge, Seachtain, ag deireadh Mhí Mheán Fómhair le foireann eagarthóireachta agus iriseoireachta nua le teacht i gcomharba ar Foinse.
I ráiteas a d’eisigh Foras na Gaeilge i mí Feabhra na bliana seo, cuireadh in iúl gur mheas siad “nach é an fhormáid chlóite an bealach is oiriúnaí le seirbhís nuachta a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge”. Tar éis cruinnithe poiblí agus sraith d’fhócas grúpaí tá scéim úr fógartha anois chun táirge nua a chur in áit Gaelscéal.
Faoin scéim seo, beidh an ‘nuachtáin’ nua seo le soláthar go seachtainiúil saor ó tháille i bhfoirm leagan leictreonach agus beidh sé bunaithe go príomha ar an tuairisceoireacht scríofa agus ar an tráchtaireacht scríofa. I gcritéir na scéime leagtar an-bhéim ar fhreastal a dhéanamh ar riachtanais phobal uile na Gaeilge ó thaobh nuachta náisiúnta agus réigiúnach de, agus go mbeidh béim ar nuacht i nGaeilge le huasdátú leanúnach rialta.
Leagtar béim freisin i gcritéir na scéime ar anailís nó dearcadh faoi leith na nuachta atá dírithe ar phobal na Gaeilge agus cuirtear in iúl go seachnófar an lomaistriúchán. Anuas ar nuachtáin seachtainiúil a sholáthar, beidh ar an gcomhlacht rathúil a éiríonn leo an scéim seo a bhuachan “ardán, oiliúint agus fostaíocht a thabhairt d’iriseoirí le taithí agus don ghlúin úr iriseoirí le Gaeilge agus le scileanna teicneolaíochta”.
Sa bhfoirm iarratais is gá cur síos a dhéanamh ar an bhfreastal a shamhlaítear sna réimsí a leanas agus conas a bhainfear sin amach:
- nuacht ar bhonn uile-oileáin/réigiúnda/idirnáisiúnta
- freastal Gaeltachta agus earnáil na Gaeilge i gcoitinne
- seirbhís eolais faoi imeachtaí
- ábhar inspéise, gné-ailt, cartúin agus grianghraif
- cúrsaí spóirt
- cúrsaí litríochta agus na healaíona
- ábhar do dhiaspóra na Gaeilge
- rochtain d’fhoghlaimeoirí
Le buiséad de €1.2M thar thréimhse de cheithre bliana, buiséad atá níos lú dála an scéil ná an maoiniú a cuireadh ar fáil do Gaelscéal, is mór an méid atá Foras na Gaeilge ag súil go mbainfear amach. Ní hamháin go mbeidh gach cineál nuachta le soláthar ar ardchaighdeán ar an bhfoireann iriseoirí nua seo, ach beidh dualgas orthu freisin traenáil a chur ar fáil do ghlúin úr d’iriseoirí le Gaeilge. An bhfuil an botún céanna á dhéanamh in athuair, agus Foras na Gaeilge ag iarraidh freastal ar gach cineál spriocmhargadh in aon fhoilseacháin amháin?
Tá ráite i gcló beag na scéime nach mór d’iarratasóirí gabhálacha scáileáin / leagan amach samplach a chur ar fáil in éineacht leis an iarratas. Seans go dtugann seo an-bhuntáiste do dhreamanna atá ar an bhfód cheana féin agus a bhfuil na córais deartha ar fáil dóibh cheana féin.
Is é an sprioc d’iarratais ná 13.00 Dé hAoine, 24 Eanáir 2014. Bunaithe ar chéim mheasúnaithe na n-iarratas, tabharfar cuireadh chun agallaimh d’iarratasóirí gearrliostáilte le teacht os comhar Coiste Nuachtán agus Irisí an Fhorais.
Gaelport.com