Méid an Téacs

Seisiúin Comhrá don 5ú & 6ú Bliain

Deireadh Fómhair 21, 2013

Labhairt na Gaeilge don 5ú agus 6ú Bliain Meánscoile

  • Beidh seisiún comhrá Gaeilge i nGaeltacht Ráth Chairn gach Máirt ó 4.30i.n go 6.00i.n
  • Ag tosú ar an Mháirt 5 Samhain 2013
  • Is deis iontach í seo chun cur le do chuidse Gaeilge
  • Bí linn
  • €50 i gcomhair sé seachtaine
  • Fón : 046 9432381 rathcair@eircom.net

Comhdháil Altram

Deireadh Fómhair 18, 2013

“Two Windows on the World” – Comhdháil Idirnáisiúnta Altram, Tower Hotel, Doire 25.09.13- 26.09.13 -27.09.13

Lainseáil Oifigiúil

Seoladh an chéad chomhdháil idirnáisiúnta riamh Altram ar dátheangachas, “Two Windows on the World”, go hoifigiúil ag Mark Durkan MP, ag ócáid cheiliúrtha in Óstán an Túir, Doire tráthnóna Dé Céadaoin, 25 Méan Fómhair 2013. Ba í aidhm na chomhdhála ná na buntáistí ginearálta a bhaineann le bheith dátheangach ag aois luath “a cheiliúradh, a fhoghlaim, a chur in iúl agus a chur chun cinn”, le fócas ar leith ar tumoideachas Gaeilge.
Thug Cathaoirleach Altram agus Bean a Tí don óiche, Áine Andrews, Méara Dhoire Martin Reilly isteach, agus é a chuir fíor-fáilte go Doire chuig na toscairí. Thug sí isteach agus ghabh sí buíochas fosta leis na cainteoirí eile, ionadaí ón City of Derry Culture Company, Shóna McCarthy agus Gerry Conway ón Health & Social Care Board, na heagraíochtaí a rinne urraíocht, mar aon le Foras na Gaeilge agus Iontaobhas Ultach, ar an Chomhdháil.
Sholáthar daltaí tréitheacha, a d’fhreastal ar nó atá ag freastal faoi láthair ar naíscoileanna agus bunscoileanna lán-Ghaeilge, an siamsaíocht ar an óiche – damhsa na hÉireann le deirfiúracha Clíona agus Éimear Devlin ó Gaelscoil na bhFál, damhsa sean-nós le hEdel Ní Churraoin, ceol traidisiúnta le Donncha Mac Giolla Mhuire agus Níamh Níc Ghiolla Mhuire ó Gaelscoil Éadain Mhóir agus críochnaíodh an óiche le sraith mhórthaibhseach ó cheoltóir Béal Feirste Gráinne Holland, iardhalta de chuid Bunscoil Phobal Feirste. Bhí an cráic ar dóigh agus an t-atmaisféar bunaithe don dá lá de “Two Windows on the World” le teacht.

Lá 1
Ar an Déardaoin 26 Meán Fómhair, Lá Eorpach na dTeangacha, d’fhreastail thart ar 50 toscaire ó chúlraí gairmiúla cúram leanaí, oideachas, pobal agus earnáil phobail. Thug Martina Anderson FPE an t-aitheasc tosaigh ar an lá.
Thug Dónall Ó Riagáin, Comhairleach Neamhspléach agus Iar-Cheannasaí den Bhiúró Eorpach ar Theangacha Neamhfhorleathana, na cainteoirí don seisiún maidine. I dtús báire bhí Dr.Antonella Sorace, Ollamh le Teangeolaíocht Fhorbartha in Ollscoil Dhún Èideann, a d’fhreagair an ceist ‘Why does bilingualism matter?” agus Dr. Piet Van de Craén ó Ollscoil Vrije sa Bhruiséil, a bhí ag caint ar “Early Bilingualism & the European Union’. Bhí cainteanna suimiúla ann fosta ó Aodán Mac Póilin, Stiúrthóir Iontaobhas ULTACH ar ‘The Irish Language – The Northern Ireland Situation”, agus ó Áine Andrews, Cathaoirleach Altram, ar “Early Years Irish Language Immersion in Northern Ireland, Achievements & Challenges”.
Ba í an t-aidhm de Lá 1 ná léargas níos soiléire ar dátheangachas agus ar thumoideachas sna luathbhlianta a chur ar fáil. Ag trácht tar éis éisteacht leis na cur i láthair ba í an tuairim ghinearálta ná gur chuir siad le peirspictíochtaí nua luachmhar ar fhorbairt bheartais agus dea-chleachtas.

Lá 2
Is iad na cleachtóirí naíscoile a bhí go mór an sprioc-lucht féachana ar an darna lá don chomhdháil ar an Aoine 27ú Meán Fómhair. Tháinig níos mó ná 65 toscairí ón earnáil tumoideachais Gaeilge sna luathbhlianta le heolas nua a chloisteáil agus teicnící nua a fhoghlaim a chuirfeadh siad i bhfeidhm ansin sa suíomh naíscoil. Cuireadh tús le clár De hAoine le sraith léirithe siamsaíochta ó pháistí áitiúla a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge I nDoire – Gaelscoil Éadain Mhóir agus Bunscoil Cholmcille. Bhí an tOllamh Antonella Sorace arís ar láimh chun an príomhchaint ar ‘Why does bilingualism matter?” a sholáthar. Ina dhaidh seo bhí ceardlanna taitneamhacha phraiticiúla den scoth ann ó Ababú agus The Gathering Drum.
Rinne an ócáid seo ceiliúradh ar chultúr agus oidhreacht Dhoire i mbliain seo Chathair an Chultúir. Tá Altram ag súil is go gcothóidh an chomhdhail tuiscint níos iomláine ar ról shealbhú na Gaeilge sna luathbhlianta sa tsochaí seo.

Grianghraf

Luathlascaine le Cúrsaí Gaeilge FNT

Deireadh Fómhair 18, 2013

Tá Forbairt Naíonraí Teoranta ag ofráil luathlascaine ar chúrsaí Gaeilge atá á n-eagrú ag an eagraíocht i gceantair ar fud na tíre (i gcomhpháirt le roinnt scoileanna lán-Ghaeilge i gceantair ar leith).

Tá réimse leathan de chúrsaí oiliúna á n-eagrú ag Forbairt Naíonraí Teoranta dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí, ach ábhartha do mhúinteoirí na scoileanna lán-Ghaeilge agus i gcásanna ar leith do thuismitheoirí le leanaí óga.

Táimid ag ofráil luathlascaine de 50% ar ár gceardlanna i gCruinneas na Gaeilge agus 20% ar ár gcúrsa Céimeanna Beaga d’iarratais a thagann isteach roimh an 29 Deireadh Fómhair 2013.

Eagraítear cúrsaí FNT lasmuigh d’uaireanta an Naíonra/na scoile agus cuirfear fáilte roimh mhúinteoirí gur spéis leo cuir lena gcumas teanga agus lena dtuiscint ar ábhair eile cúrsaí oiliúna FNT.

Níl cúrsaí FNT cláraithe leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Póstaer

Féilire Oiliúna

Foirm Iarratais

Fón: 01-853 5142

Suíomh Idirlíon: www.naionrai.ie

Irish classes at Gaelscoil na Giúise

Deireadh Fómhair 17, 2013

Beidh Ranganna Gaeilge ar fáil gach oíche Luain ar a hocht a chlog sa scoil. Beidh costas €50 ar na ranganna ó seo go dtí an Nollaig – deich rang atá i gceist ( 7,14,21 D Fómhair 4,11,18,25 Samhain, 2,9,16 Nollaig). Tá tuilleadh eolais ar fáil ón scoil. Irish Classes will be available every Monday evening in the school at 8 o’clock. The cost is €50 from now until Christmas – 10 classes ( 7,14,21 October 4,11,18,25 November, 2,9,16 December). More information is available from the school.

Oíche eolais ag Gaelscoil Shliabh Rua

Deireadh Fómhair 17, 2013

Beidh oíche eolais againn faoin scoilbhliain 2014/2015 ar an 21ù D.F sa scoil ag a 7i.n. We will hold an information night regarding the school year 2014/2015 on the 21st October in the school at 7 pm.

Ceardlann Yoga agus Ealaín do Pháistí Bunscoile

Deireadh Fómhair 16, 2013

Beidh ceardlann yoga agus ealaín ar siúl an Satharn seo i gCois Teaghlaigh 10am-12am.

Beidh ‘Óga Yoga’ agus ‘Art as Gaeilge’ ag teact le chéile chun an ceardlann seo a chur ar fáil atá dírithe ar phaistí bunscoile.

Tá costas €20/ €30 do bheirt agus is féidir teagmháil a dhéanamh le hÁine ar 0860654741 nó Ciarán ar 0867224987.

Ar smaoinigh tú riamh ar chónaí sa Ghaeltacht?

Deireadh Fómhair 16, 2013

Ar smaoinigh tú riamh ar chónaí sa Ghaeltacht? B’fhéidir gurb é seo do sheans! Tá teach deas agus cúpla suíomh le díol faoi láthair ar phraghas an-réasúnta i Ráth Chairn Glas na Mí. Tá pobal fáilteach agus áiseanna den scoth do gach aoisghrúpa sa Ghaeltacht bheag seo: naíolann, naoinrá, bunscoil, coláiste pobail, club agus halla, siopa/caife, leabharlann, seomra beag gleacaíochta, páirc thaitneamhach, páirc peile, iomáint agus camógaíocht agus páirc chuimhneachain.

Tá seirbhís bus den scoth ó Ráth Chairn go Baile Átha Cliath, (bus gach uair an chloig) agus tá ceithre bhaile mór gar don Ghaeltacht, Áth Buí, Baile Átha Troim, An Uaimh agus Ceanannas Mór.

Tá gach eolas le fáil ar www.daft.ie ó Sherry Fitzgerald, Baile Átha Troim nó óifigí an Chomharchumainn i Ráth Chairn 046- 9432381 http://www.rathchairn.net/

 

Dianchúrsa Gaeilge | Irish Crash Course

Deireadh Fómhair 16, 2013

Gaelscoil Éanna

19ú Deireadh Fómhair 10in – 2in | 19th October 10am – 2pm

Tá an dianchúrsa is fearr riamh leagtha amach againn don séasúr seo!

Beidh na saineolaithe, Sean Ó hEachain, Maitiú Ó hEachaidh agus Caoimhin Mac an Bhaird ag soláthar an chúrsa. Tabharfar gach deis duit an teanga a fhoghlaim ón tús nó forbairt a dhéanamh ar an méid Gaeilge atá agat cheana féin.

Beidh bunrang agus meánrang á reáchtáil mar chuid den chúrsa agus cuirfear lón éadrom agus sólaistí ar fáil le
linn an lae.

This season’s crash course will be the best one yet!

We have the wonderful Sean Ó hEachain, Maitiú Ó hEachaidh and Caoimhin Mac an Bhaird delivering the course and will allow every opportunity to learn the language for the first time or to develop and improve the knowledge you already have.

We will be offering Beginners agus Intermediate Level classes and a light lunch and refreshments during the day will be provided.

Croi Eanna
Bóthar an Bhaile Aird
An Baile Bocht
Gleann Ghormlaithe, Éire BT36 7AU

Anailís ar BUISÉAD 2014

Deireadh Fómhair 16, 2013

D’fhógair an tAire Michael Noonan T.D., Buiséad 2014 um thráthnóna. Tá achoimre ar Bhuiséad 2014 ina iomlána ar fáil as Gaeilge anseo: Achoimre ar Bhearta Bhuiséad 2014.pdf.

Thíos faoi seo, déantar achoimre ar na hathruithe caiteachais atá i ndán do chúrsaí na Gaeilge agus na Gaeltachta don bhliain 2014 amach romhainn.

An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

Beidh €207M ar fáil don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta mar chaiteachas reatha don bhliain 2014, mar aon le €38M do chaiteachas caipitil. Cé go bhfuil an leithdháileadh céanna ar fáil don chaiteachas caipitil, tá laghdú de 7.2% i gceist don chaiteachas reatha thar an méid a cuireadh ar fáil anuraidh.
Gaeilge, Gaeltacht agus Oileán

Ciorrú de 5% atá i ndán don bhuiséad a chuirtear ar fáil do sheirbhísí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileáin tríd an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, le titim ó €42M go dtí €40M.

Mar chuid den chiorrú seo, tá an buiséad reatha don Ghaeltacht agus do na hOileáin ciorruithe de bhreis agus 5%, ó €33,519,000 go dtí €31,882,000 agus an buiséad caipitil íslithe de 6% ó €8,441,000 go dtí €7,973,000

Tá fógartha go mbeidh sábháil de €1.3M le déanamh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa bhliain 2014 trí athbhreithniú a dhéanamh ar scéimeanna, ar struchtúir agus ar eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta.

An Foras Teanga, Údarás na Gaeltachta agus An Coimisinéir Teanga

Tá leithdháileadh de €13.6M déanta don Fhoras Teanga don bhliain 2014, ísliú é seo de 7.3% ó €14.6M don bhliain 2013.

Bíonn deontas Údarás na Gaeltachta roinnte idir deontas caipitil, riaracháin agus reatha. Tá deontas reatha an Údaráis tite de 13% síos go dtí €3M, tá buiséad riaracháin na heagraíochta íslithe de 4.5% go dtí €8.8M, agus tá buiséad caipitil an Údaráis íslithe ó €6M sa bhliain 2013 go dtí €5.7M don bhliain 2014.

Buiséad de €567,000 a bheidh ar fáil d’Oifig an Choimisinéara Teanga sa bhliain 2014, síos ó €615,000 anuraidh.

Tá ráite ag an Aire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., go gcreideann sé go bhfuil soláthar dóthanach curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta, d’Oifig an Choimisinéara Teanga agus don Fhoras Teanga (Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise) chun cur ar a gcumas a gcuid feidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh in 2014.

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

€0.5M le cur ar fáil don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus cuirfear an maoiniú seo i dtreo an Próiseas Pleanála Teanga. Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit Gaeltachta roimh an allúntas ar leith seo don Straitéis ag rá gur “léiriú follasach é seo ar chur i bhfeidhm an ghealltanais i gClár an Rialtais a deir go dtacóidh an Rialtas leis an Straitéis agus go ndéanfar na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh”.

Deir an tAire go gcuirfidh “an maoiniú seo ar chumas mo Roinne tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla a thacóidh leis an bpróiseas pleanála teanga ar an talamh. Áirítear anseo tacaíocht d’eagraíochtaí pobail chun cabhrú leo tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú faoi Acht na Gaeltachta 2012”.
Ráiteas an Aire Stáit Gaeltachta

Maidir leis an leithdháileadh iomlán atá curtha ar fáil do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán don bhliain 2014, dúirt an tAire Stáit: “Cé go raibh sé riachtanach laghdú a dhéanamh ar bhuiséad mo Roinne trasna an bhoird, tá mise dóchasach go mbeimid in ann aghaidh a thabhairt ar ár gcuid tosaíochtaí a chur i gcrích taobh istigh den soláthar atá ar fáil. Beidh cosaint na seirbhísí túslíne mar dhearbhthosaíocht agam agus cinntí crua á dtógáil i bhfianaise an leithdháilte laghdaithe. Sa chomhthéacs sin, beimid ag cur níos mó béime ná riamh ar éifeachtacht agus ar luach ar airgead a fháil ó allúntas an Státchiste.”

Foilsithe ar Gaelport.com

Gaeilge 24

Deireadh Fómhair 15, 2013

Mar chuid de Bhliain na Gaeilge beidh daltaí scoile ag tabhairt faoin dúshlán Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair an chloig ar Dé Céadaoin 13 Samhain.

Beidh an dúshlán seo, Gaeilge 24, ar cheann de phríomhimeachtaí Bhliain na Gaeilge agus muid ag druidim i dtreo dheireadh na féile sin. Tagann an dúshlán nua seo sna sála ar churiarracht domhanda a baineadh amach le déanaí nuair a lean comhrá Gaeilge ar aghaidh ar feadh 168 n-uair an chloig gan stad ag grúpaí éagsúla ar fud na cruinne mar chuid den tionscadal Comhrá 24/7, a lean ón 29 Meán Fómhair – 06 Deireadh Fómhair.

Beidh an tionscadal seo oiriúnach do mhúinteoirí agus ceannairí óige atá ag iarraidh a gcuid daltaí a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de. Gheobhaidh gach dalta pacáiste tacaíochta ina mbeidh t-léine, bileoga Fiche Frása agus smaointe don lá. Is dúshlán bailithe airgid é Gaeilge 24 agus beidh rogha acu siúd a thugann faoi urraíocht a bhailiú le cárta urraíochta nó síntiús airgid a thabhairt chun páirt a ghlacadh ann. Tabharfar gach brabús do Chiste na Teanga, chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge ar fud na hÉireann.

Arsa Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge: “Is é aidhm an dúshláin Gaeilge 24 ná daoine óga a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin do 24 uair an chloig: sa bhaile, ar scoil, le siopaí agus gnólachtaí, timpeall an bhaile, le cairde, agus sa chlub spóirt nó sa chlub óige”.

Is féidir tuilleadh eolais faoin tionscadal seo a fháil ach teagmháil a dhéanamh le hoifig Sheachtain na Gaeilge, ag +353 (0)1 4757401 nó eolas@snag.ie.

www.gaelport.com

« Previous PageNext Page »