Seolann Conradh na Gaeilge clár chúrsaí Gaeilge do 2013-14
Meán Fómhair 11, 2013
Tá clár iomlán de chúrsaí teanga Chonradh na Gaeilge don bhliain 2013 – 2014 ar fáil den chéad uair i mbliana, agus téarma nua 10 seachtaine de ranganna an fhómhair ag tosú in Uimhir 6, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, ar 23 – 26 Meán Fómhair 2013.
Arsa Brenda Ní Ghairbhí, Comhordaitheoir Cúrsaí Chonradh na Gaeilge: “Tá Gaeilge á múineadh ag Conradh na Gaeilge do dhaoine fásta ó bhí 1893 ann agus bíonn an-tóir ar ár gcúrsaí tríd an bhliain; theastaigh uainn an deis a thapú chun gach eolas faoi na roghanna foghlama éagsúla atá againn dár gcustaiméirí a chur ar aon bhileog amháin don bhliain 2013 – 2014.”
Níl ach €180 ar chúrsa teanga 10-seachtaine san ardchathair le Conradh na Gaeilge, agus tá lascaine de €20 ar fáil d’iarscoláirí, do mhic léinn, do dhaoine dífhostaithe nó ar phinsean ag www.cnag.ie/courses.
Freastalaíonn na cúrsaí ar gach leibhéal foghlaimeora agus na ranganna ar siúl ó 7 – 9.00in ar do rogha d’oíche amháin in aghaidh na seachtaine i gcroílár Bhaile Átha Cliath.
Arsa Ní Ghairbhí: “Tá clár na gcúrsaí uile atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge ar fáil ó Uimhir 6 Sráid Fhearchair nó ar ríomhphost ó eolas@cnag.ie. Is cuma an dalta Ardteiste tú gur ghá líofacht teanga a bhaint amach faoi mhí Aibreáin, nó más mamaí le páistí Gaelscoile tú atá ag iarraidh cúpla focal a chleachtadh sa bhaile, tá cúrsa ag Conradh na Gaeilge duitse le linn 2013 – 2014!”
Tá cúrsa 10-seachtaine ar leith á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge ar €140 ó 5.00 – 6.30in gach Céadaoin, dírithe ar mhic léinn Ardteiste Átha Cliath atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge in am don scrúdú cainte, dar tús 25 Meán Fómhair 2013. Beidh cúrsa comhrá eile le treoir, foclóir agus cleachtadh don scrúdú cainte ar siúl san earrach leis, dar tús 29 Eanáir 2014.
Dóibh siúd atá ag dul don iarchéim bhunmhúinteoireachta, tá réimse cúrsaí lae á dtairiscint ag Conradh na Gaeilge chun iarrthóirí a ullmhú don agallamh Gaeilge atá mar chuid den phróiseas iarratais idir seo agus Aibreán 2014, dar tús 19 Deireadh Fómhair 2013 ar 10.00rn, ar €100.
Beidh cúrsa nua dar teideal Gearrscéalta an Phiarsaigh á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge den chéad uair an fómhar seo freisin, cúrsa ar leith a bheidh oiriúnach do dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus suim acu i litríocht na Gaeilge. Cuimseoidh cúrsa an Chonartha léamh, míniú agus anailís ar rogha de Ghearrscéalta an Phiarsaigh agus gnéithe éagsúla de shaol an Phiarsaigh, ar €180/€160 do chúrsa 10-seachtaine i mBaile Átha Cliath, dar tús 25 Meán Fómhair 2013.
Cloíonn ranganna oíche Chonradh na Gaeilge le siollabais Theastas Eorpach na Gaeilge, agus is féidir áit a chur in áirithint d’aon chúrsa i gcaitheamh na bliana ar-líne ag www.cnag.ie/courses nó trí theagmháil a dhéanamh le Máire Ní Dhuiginn ag eolas@cnag.ie / 01 4757401
Foilsithe ar Gaelport.com
Deis do Ghaeilgeoirí tacú le lucht lagamhairc
Meán Fómhair 11, 2013
Tá Childvision ag lorg cainteoirí Gaeilge le tacaíocht a thabhairt don tionscadal DAISY a chuireann acmhainní foghlamtha Gaeilge ar fáil do lucht lagamhairc.
Iarrtar ar rannpháirithe páirt a ghlacadh sa togra ina bheidh comhaid fuaime curtha ar thaifead le dul le leabhair dhigiteacha. Is é an ciall atá le DAISY ná córas faisnéise digiteach atá inrochtana do lucht lagamhairc.
Cuireann Childvision acmhainní foghlamtha ar fáil do pháistí dalla a bhíonn ag freastal ar scoileanna príomhshrutha nó ar oideachas speisialta ag an mbunscoil agus ag an iar-bunleibhéal.
Ní mór do shaorálaithe bheith líofa sa Ghaeilge, bíodh glór binn soiléir acu agus is gá litearthacht ríomhairí bunúsach. Beidh an taifeadadh ar siúl i rith an lae i gceanncheathrú an charthanais lonnaithe i nDroim Conrach i mBaile Átha Cliath.
Tá gach eolas mar gheall ar na deiseanna atá ann do saorálaithe ar fáil ó bhainisteoir an tioscnadail Aisling McDonagh, amcdonagh@childvision.ie.
Foilsithe ar Gaelport.com
An tÁisaonad ag ceiliúradh 15 bliain ach neamhchinnteacht ann faoin todhchaí
Meán Fómhair 10, 2013
“Is minic go mbíonn taisce mar seo i bhfolach,” arsa Ard-Mhéara Bhéal Feirste, Máirtín Ó Muilleoir, agus é ag caint le linn cheiliúradh 15 bliain an Áisaonaid i gColáiste Ollscoile Naomh Muire.
Tá Áisaonad Choláiste Naomh Muire ag soláthar áiseanna liteartha Gaeilge do pháistí bunscoile agus méanscoile ar fud na hÉireann le cúig bliana déag anuas. Os cionn 450 leabhar atá foilsithe acu sa tréimhse sin.
Thug Foras na Gaeilge drochscéala faoina mhaoiniú don Áisaonad an samhradh seo afách, rud a fhágann go bhfuil neamhchinnteacht ann i measc na bhfostaithe.
Idir Aibréan 2012 agus Aibréan 2013, dhíol an tÁisaonad 60,000 leabhar do bhunscoileanna agus meánscoileanna ar fud an oileáin.
Ceithre oibrí lánaimseartha agus oibrí amháin páirtaimseartha atá i mbun oibre san Aonad.
Tá an tÁisaonad bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge. Tugadh le fios don fhoireann an samhradh seo go raibh ciorrú láithreach 15% ina mbuiséad.
Dúirt an Foras le bainistíocht an Áisaonaid fosta go mbeadh a gcóras maoinithe a athrú an samhradh seo chugainn (ó bhunmhaoiniú go maoiniú tionsclaíoch).
“Ar an chéad lá de mhí Iúil, dúirt siad go mbeidh 15% níos lú maoinithe againn. Níor dúirt siad cén bhealach leis sin a dhéanamh suas agus bhí an méid céanna oibre le déanamh againn,” arsa Ciarán Ó Pronntaigh, Bainisteoir an Áisaonaid.
Faoin dlí, ní féidir le Coláiste Ollscoile Naomh Muire níos lú a íoc dá n-oibrithe Gaeilge i gcomparáid le hoibrithe Béarla, dar le Bainisteoir an Áisaonaid.
Lean an tUasal Ó Pronntaigh, “tá sé cineál cosúil le zero hours a bheith againne anois. Ní bheidh a fhios againn cá mhéad oibre a bhéas ann agus na daoine atá anseo. Tá muid ag fanacht feiceáil caidé a déarfaidh an Foras,” arsa Ciarán.
Níl Uachtarán na Coláiste, Peter Finn, réidh le géilleadh d’athrú maoinithe.
The Áisaonad is an integral part of Saint Mary’s College…we would wish Foras na Gaeilge to support the Áisaonad as the arrangement stands at the moment and that is what we are negotiating with Foras to do.”
Féach an físeán ar www.meoneile.ie.
Sainmheon teanga na gaelscolaíochta slán faoin dréacht-Bhille oideachais
Meán Fómhair 10, 2013
Déanfar sainmheon teanga scoileanna lánGhaeilge a chosaint faoin mBille Oideachais (Ligean Isteach ar Scoil) 2013 ach tá imní léirithe maidir le himpleachtaí an Bhille ar chumas agus eispéireas na ngaelscoileanna.
Tá i gceist faoin dréachtscéim Ghinearálta don Bhille Oideachais go gcuirfí deireadh le cleachtais idirdhealaitheacha i gcóras oideachais na tíre ag an mbunleibhéal agus an meánleibhéal.
Tá molta sa dréacht-Bhille go mbainfí é seo amach trí theorainn a chur ar thréimhsí iarratais scoileanna ar ligean isteach, rialachán dian a chur in áit maidir le táillí iontrála, brú a chuir ar scoileanna liostaí feithimh a ghlanadh agus bearta eile a chur i bhfeidhm a dhéanfaidh an córas iontrála a leathnú.
Chuir grúpaí oideachais fáilte roimh an dréacht-Bhille a d’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, an tseachtain seo caite ach tá imní léirithe maidir le bearta áirithe de chuid an dréacht-Bhille agus tá imní ar leith léirithe ag earnáil na gaelscolaíochta maidir leis an tionchar a bheidh ag an mBille ar shainmheon na scoileanna lánGhaeilge.
Cuireadh fáilte roimh bhearta an dréacht-Bhille a fhágann nach gcuirfear bac ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do theaghlaigh lán-Ghaeilge, agus nach gcuirfear bac ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do ghaelscoileanna mar scoileanna friothálacha, ach léiríodh imní maidir le gnéithe eile den dréacht-Bhille a chruthódh dúshláin mhóra don earnáil gaelscolaíochta amach anseo.
De réir an dréacht-Bhille mar a sheasann sé i láthair na huaire, ní bheadh scoileanna in ann agallaimh a chur ar thuismitheoirí agus páistí roimh an rollú. Tá díomá léirithe ag príomheagraíocht earnáil na gaelscolaíochta, Gaelscoileanna Teoranta, maidir leis an mbac ar chóras agallaimh óir is cleachtas é i neart scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu agallamh a chur ar thuismitheoirí chun cumas agus nósmhaireacht teanga clainne a thomhais.
Léiríodh imní freisin maidir leis an easpa aitheantais a thugtar sa dréacht-Bhille don luath-thumadh sa Ghaeilge agus an bac a gcuirfeadh an dréacht-Bhille ar bhunscoileanna tosaíocht a thabhairt don fhreastal ar réamhscoil/naíonra, rud a leagann bunscoileanna an-bhéim air sa phróiseas iontrála.
Cuirfear an dréacht-Bhille faoi bhráid Choiste an Oireachtais áit a nglacfar le moltaí ar leasuithe don Bhille agus deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teoranta: “táimid ag súil le dul i ngleic anois leis an bpróiseas comhairliúcháin faoi impleachtaí na mbeart atá molta.”
“Táimid ag fanacht ar dháta le dul os comhair an Chomhchoiste Oideachais agus tuigtear dúinn go dtarlóidh sé laistigh de cúpla seachtain. Idir an dá linn fáilteoimid roimh thuairimí na scoileanna maidir leis na himpleachtaí praiticiúla lena mbaineann”.
Foilsithe ar Gaelport.com
BEO 2013 – Comórtas d’amhráin nuachumtha as Gaeilge
Meán Fómhair 9, 2013
Tá sé aontaithe ag Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta urraíocht agus tacaíocht a thabhairt do chomórtas BEO 2013 d’amhráin nuachumtha mar pháirt de cheiliúradh Bhliain na Gaeilge 2013.
Tá BEO ar siúl ó 2009 agus cuireadh tús leis le 4 aidhm bhunúsacha a bhaint amach .
- Ardán a thabhairt do bhannaí ceoil óga na hÉireann
- Togra a chuir le chéile gur féidir a úsáid i rang scoile nó i gclubanna óige.
- Scileanna bainistíochta praiticiúla a theagasc do dhéagóirí
- An Ghaeilge a chuir chun cinn
Beidh comórtas BEO 2013 dírithe ar ghaelscoileanna agus ar mheánscoileanna ar fud na tíre chomh maith le clubanna óige, Cumainn Lúth Chleas Gael, Cumainn CCE, Ógras, FORÓIGE, Óige na Gaeltachta agus araile.
Duaiseanna;
- €3,000 don chéad áit
- €1,000 don dara háit
- €750 don tríú háit
- €500 don ceathrú – ochtú áit.
Chomh maith le sin beidh na buaiteoir a roghnófar sa bhabhta ceannais ag dul amach ar cheirnín Sheachtain na Gaeilge 2014 le Raidío Rí Ra a bheas le fáil i gcóip de Foinse i Márta 2014 agus tá súil ardán a fháil do na buateoirí ar PONC XL lena chois.
An féidir linne cur isteach air?
- Tá seo dírithe ar an aoisghrúpa 11 – 18 bliain d’aois. Fáiltítear roimh iarratais ó mheánscoileanna, gaelscoileanna, clubanna óige, coláistí samhraidh, clubanna CLG, cumainn CCÉ., Ógras, Spleodar, Foróige etc, ó thuaidh agus ó dheas, thoir agus thiar, a fhad agus go gcloítear leis an choinníoll i dtaobh aoise.
- Caithfidh an t-amhrán bheith nuachumtha agus i nGaeilge.
- Caithfidh gach iarrthóir bheith faoi 18 agus thar 11 ar an 30/10/13.
- Is féidir meantóir thar 18 a úsáid le treoir agus comhairle a lorg
- Ní thig leis an amhrán bheith níos faide ná 5 nóiméad.
- Caithfidh an duine/grúpa bheith sásta an t-amhrán a chanadh beo ag an babhta ceannais den chomórtas.
- Beidh ar gach iarratas físeán 10 nóiméad a dhéanamh ina bhfuil an t-amhrán á chanadh agus cur síos gearr déanta faoi scríobh an amhráin chomh maith le taifead de cheolchoirm a heagraíodh leis an t-amhrán a sheoladh go poiblí.
- Iarrtar ort fosta cruthúnas a chur ar fáil maidir le hiarrachtaí ar bith atá déanta le poiblíocht a fháil don togra sna meáin shoisialta, ( Facebook, Twitter, na meáin etc).
- Roghnófar 8 n-amhrán le páirt a ghlacadh i mbabhta ceannais na hÉireann .
Is togra do ghrúpa atá i gceist mar go mbeidh daoine éagsúil de dhíth le hamharc i ndiaidh na gníomhaíochtaí seo a leanas mar shampla.
- Cumadh an amhráin
- Ceol a chur leis
- Físeán a ullmhú
- Poiblíocht a fháil trí Twitter/Facebook
- Cur i láthair a eagrú don bhabhta ceannais
Cur Chuige
- Spriocdháta le iarratas a chlárú agus Físeán a sheoladh isteach: 10 Deireadh Fómhair
- Babhta Ceannais na hÉireann: Le linn Scléip na hÓige ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne 31ú Deireadh Fómhair
Is feidir eolas breise agus foirm iontrála a fháil ón nasc seo: http://www.beoireland.com/song.php
Beir beannacht
Colm Ó Baoill | Ardoifigeach Feidhmiúcháin | Pobal & Gnó
An Chrannóg, Na Doirí Beaga, Gaoth Dobhair, Dún na nGall
+353 74 9558126
www.gaeilge.ie/pobalagusgno / www.gaeilge.ie/gno
Nuachtlitir Futa Fata
Meán Fómhair 9, 2013
Imeachtaí Croí Éanna Meán Fómhair – Nollaig 2013
Meán Fómhair 9, 2013
Creat Treorach “Bí Gníomhach” á Lainseáil ag an Taoiseach
Meán Fómhair 9, 2013
Soláthar sa chreat do chur chuige comhordaithe don chorpoideachas, don ghníomhaíocht choirp agus don spórt do pháistí agus daoine óga.
Inniu, lainseáil an Taoiseach, Enda Kenny TD, an Creat Treorach Bí Gníomhach go foirmeálta, creat atá ceaptha chun cur chuige comhordaithe don chorpoideachas, don ghníomhaíocht choirp agus don spórt a ghlacadh i suíomhanna scoile agus pobail do pháistí agus daoine óga.
Ag labhairt dó ag an lainse, dúirt an Taoiseach: “Is iontach an rud é an ghníomhaíocht choirp don chorp is don aigne. Tá sé mar thiomantas ag an Rialtas seo Éire a dhéanamh níos sláintiúla le cónaí inti. Chun an aidhm seo a bhaint amach, ní mór soláthar fócasaithe, éifeachtúil, inmharthana a bheith ann don chorpoideachas, don ghníomhaíocht choirp agus don spórt. Má dhéanaimid é seo i gceart, is fearr an tsláinte a bheidh ag páistí agus daoine óga, is cothroime an t-oideachas a bheidh acu agus is cothromasaí agus is cuimsithí an tsochaí a bheidh ann amach anseo. Tá Bí Gníomhach ag tógáil ar an obair a rinneadh faoi chuimsiú an Chreata Healthy Ireland chun sochaí shláintiúil a chur chun cinn ina mbeidh meas ar an bhfolláine agus tacaíocht ar fáil di.”
Tá Bí Gníomhach arna fhorbairt ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Sláinte, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óga, agus an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt i gcomhar lena chéile, agus táthar ag iarraidh folláine agus leasa páistí a chur chun cinn faoina chuimsiú.
Is féidir le heagraíochtaí agus le daoine aonair an Creat a úsáid de réir a gcuid riachtanas. Níl sé saintreorach ná uileghabhálach maidir leis na mionsonraithe. Is mó a bhfuiltear ag iarraidh an t-agallamh a spreagadh agus smaointe nua a ghiniúint.
Celebrate a Celtic birthday with Fíbín
Meán Fómhair 6, 2013
VERCINGETORIX HAS gone down in history as the Gaullish leader who in 52BC led the uprising against Julian Caesar’s conquest of his country.
Today he is revered as a proto-French patriot and there are memorials to him across France. However Vercingetorix will come alive in Connemara to narrate the history of the Celtic peoples.
Fíbín Theatre Company will bring a vast rock-face to life in Stair na gCeilteach/History of the Celts, a free outdoor videomapping spectacle on Friday September 13 and Saturday 14 at the Quarry, Furnace Road, Camus.
This action-packed story is told through the eyes of Vercingetorix, who is celebrating his 3,000th birthday. Stair na gCeilteach also marks Fíbín’s 10th birthday. The company is celebrated for its visual theatre which features masks, puppets, video projections, and shadow puppetry.
This is the company’s first sitespecific show and first time to use video-mapping, a state-of-the-art technology of mapping the contours of any surface and projecting moving images onto it. Stair na gCeilteach is directed by Rod Goodall and features music by the award-winning Galway choir Cois Cladaigh and soloist Sarah Grealish.
The show is a collaboration between Fíbín and video-mapping artists Improbable Films from Madrid and forms part of the programme for Culture Connects.
Tickets are free but must be reserved by contacting fibinteo@gmail.com or 091 – 593823. For more information see www.fibin.com
www.advertiser.ie/galway
Comórtas BEO!
Meán Fómhair 6, 2013
Thosaigh BEO mar scéim idirbhliana sa bhliain 2009. Le duais €10,000 ar fáil, tá Comórtas BEO anois mar chomórtas náisiúnta. Is iad seo a leanas aidhmeanna BEO:
- Bannaí ceoil óga Éireannach a chuir chun cinn
- Suim sa cheol a spreagadh i measc an idirbhliain agus daoine óga
- An teanga Ghaeilge a chuir chun cinn
Tá gach eolas ar fáil ar www.beoireland.com nó trí teagmháil a dhéanamh le:
Seosamh Mac Ceallabhuí
0879068709
seosmac@gmail.com