Méid an Téacs

Post Ionaid – Múinteoir Acmhainne ,Gaelscoil na Lochanna, Cill Moloma, Baile Coimín, Co. Chill Mhantáin

Aibreán 7, 2014

Múinteoirí le Gaeilge líofa amháin.

Tuairim is 2/3 lá sa seachtain atá i gceist idir seo agus deireadh na scoilbhliana seo. Is é 11 Aibreán 2014 an sprioc d’iarratais. Tá tuilleadh eolais faoin scoil seo ar fáil ar www.gaelscoilnalochanna.com.

Múinteoir Ionaid – Múinteoir matamaitice, fisice agus ceimice, Gael-Choláiste Chill Dara

Aibreán 7, 2014

Is Meánscoil Lán Ghaelach í Gael-Choláiste Chill Dara. Caithfidh go bhfuil an t-iarrthóir in ann na hábhair seo a mhúineadh trí Ghaeilge. Tá tuilleadh eolais faoin bpost seo ar fáil ar http://www.educationposts.ie/

Cúntóirí Gaeilge 2014-2015

Márta 21, 2014

Tugann bliain mar chúntóir Gaeilge deis iontach;

– Taithí a fháil

– Do ghairm bheatha a fheabhsú

– Bunscileanna inaistrithe a fhorbairt

Is é an ráta (bunaithe ar thuarastal 2013-2014) £16.90 san uair.

Gabh chuig ár suíomh gréasáin, le do thoil, faoi choinne tuilleadh eolais faoin dóigh le hiarratas a chur isteach.

I: www.britishcouncil.org/nireland

R: laura.miskelly@britishcouncil.org

Feighlí linbh le Gaeilge

Márta 21, 2014

Feighlí linbh le Gaeilge á lorg le haire a thabhairt do bheirt pháistí ó 8-2 Luan go Déardaoin inár dteach (i dTír an Iúir) nó i dteach an fheighlí ó Lúnasa/Mheán Fómhair.

Beidh cáilín (dhá bhliain d’aois) ann ó 8am-2pm agus buachaill (ceithre bliana d’aois) le bailiú ón naíonra (Raghnallagh) ag 11.15am.

Fáilte roimh cheisteanna – fionnuala.cloke@gmail.com.

Foilsithe ar Gaelport.com

Gairm ar Iarratais

Márta 19, 2014

Tá eolas thíos faoin ngairm ar iarratais do Theagascóirí Gaeilge 2014-15, a fógraíodh ar an 3ú Márta.

Cuireann Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada na dámhachtainí seo ar fáil chun tacú le teagasc na Gaeilge in ollscoileanna áirithe i gCeanada, le maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Is é príomhaidhm an chláir seo ná tacú le fás agus forbairt na Gaeilge i gCeanada. Cuirtear teagascóirí ar fáil chun an Ghaeilge a mhúineadh taobh istigh den ollscoil, agus chun cuidiú le dul chun cinn na teanga i mbéal an phobail.

Is mian leis an bhFondúireacht Teagascóirí Gaeilge a cheapadh don tréimhse naoi mí, Meán Fómhair 2014 – Bealtaine 2015.

Tabharfar deis do mhúinteoirí reatha barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna múinteoireachta agus cur lena n-eolas faoi shochaí agus faoi chultúr Cheanada ionas gur féidir leo tarraingt orthu tar éis dóibh filleadh ar Éirinn.

Tá tuilleadh eolais faoi na dámhachtainí, faoi na téarmaí agus coinníollacha, agus foirmeacha iarratais ar fáil ag www.icuf.ie/clar-gaeilge/teagascoiri.

Is é 5 i.n. Dé hAoine, 28 Márta 2014 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

Le gach dea-ghuí,

James Kelly
Príomhoifigeach Feidhmiúcháin
www.icuf.ie
@ICUF_awards

Feighlí linbh

Márta 18, 2014

Feighlí linbh ag teastáil i gCathair chorcaí do chailín 8 mí d’aois ag tosú Meitheamh/Iúil.

Is féidir aire a thabhairt di sa teach nó i dteach an fheighlí sa cheantar mórthimpeall. (Dúglas, an Ghráinseach, Baile an Róistigh).

Tuilleadh eolas ó Mhaidhcí: 087 2205409

Foilsithe ar Gaelport.com

Bainisteoir Oideachais

Márta 13, 2014

Tá Coláiste UISCE ag cuardú Bainisteoir Oideachais nua.

Is post dúshlánach, freagrach in Ionad Eachtraíochta Gaeilge é seo lonnaithe i gcroí-lár Gaeltacht Mhaigh Eo. Is post lán-aimseartha buan atá i gceist.

Tá réimse leathan dualgais i gceist don Bhainisteoir Oideachais, san áireamh; freagracht as Polasaí Gaeilge a chur i bhfeidhm san Ionad agus sa cheantar, Cúrsaí Gaeltachta a reáchtáil agus a rith go héifeachtach, foireann oideachais a bhainistiú, seirbhísí riaracháin agus custaiméara chomh maith le plean gnó a fhorbairt agus tionscnaimh faoi leith a bhainistiú. Tuilleadh eolais ag http://uisce.ie/jobs/ nó seol r-phost chuig jobs@uisce.ie

Riachtanais Riachtanach:

  • Líofacht sa Ghaeilge
  • Céim tríú leibhéal (NFQ leibhéal 7 +)
  • Scileanna scríbhneoireachta den scoth i nGaeilge agus i mBéarla
  • Taithí 3 bliana bainistíochta
  • Scileanna Ríomhaireachta den scoth
  • Taithí ag bainistiú buiséadaí
  • Carr féin le ceadúnas iomlán glan
  • Scileanna idirphearsanta agus ceannaireachta maithe agus ard-scileanna cumarsáide

Riachtanais Inmhianaithe:

  • Céim sa Ghaeilge
  • Cáilíocht san oideachas
  • Scileanna eagrúcháin
  • Éifeachtach ag bainistiú struis
  • Scileanna ball foirne den scoth
  • Scileanna straitéiseach i gcúrsaí gnó
  • Bainisteoir maith ama

CV agus litir iarratais chuig jobs@uisce.ie roimh an 28/03/14
Foilsithe ar Gaelport.com

Múinteoirí ar Chúrsaí Samhraidh Gaeilge

Márta 6, 2014

Is í Coláiste na bhFiann Teo an tseirbhís náisiúnta is mó don óige trí mheán na Gaeilge. Tá múinteoirí ag teastáil i rith an tSamhraidh do chúrsaí 2014.

Cén saghas múinteoirí atá ag teastáil?
• Múinteoirí Bunscoile
• Múinteoirí Meánscoile

Cathain?
• Meitheamh, Iúil agus Lúnasa

Cén áit?
• Rosmuc, Co. na Gaillimhe
• Gaoth Dobhair, Co. Dhun na nGall
• Ráth Chairn, Co. na Mí
• Droim Rí, Co. na Mí
• Sligeach, Co. Shligigh
• Cill Áirne, Co. Chiarraí

Tuilleadh eolais ó Michelle Fón: 01-825 9342 / Rphost: michelle@colaistenabhfiann.ie

Seoladh:
Coláiste na bhFiann
Droim Rí
Co. na Mí
Suíomh: www.colaistenabhfiann.ie

Príomhoide Tánaisteach

Márta 6, 2014

Laurel Hill Coláiste FCJ, Luimneach, ag earcú Príomhoide Tánaisteach.

Ag tosnú ar an 1.9.2014

Tá foirmeacha iarratais agus eolas eile ar fáil ó principal@laurelhillcolaistefcj.ie

Glacfar le foirmeacha iarratais i scríbhinn amháin go dtí tráth nach déanaí ná 10am ar an 18ú Márta 2014

Is meanscoil Dheonach Chaitliceach Lán – Ghaeilge do chailíní í Laurel Hill Coláiste FCJ faoi iontaobhas Le Chéile. Is é 404 tinreamh na scoile faoi láthair

Is fostóir comhionannais deiseanna é An Bord Bainistíochta

D’fhéadfaí iarrathóirí a chur ar ghearrliosta

Foilsithe ar Gaelport.com

Rannpháirtithe á lorg le haghaidh clár nua ‘Teacher Teacher’

Feabhra 28, 2014

An bhfuil tú ar tí cáiliú i do mhúinteoir an samhradh seo? Ar mhaith leat páirt a ghalacadh i sratih nua faisnéise. Rachfaidh ‘Teacher Teacher’ ar aistear le seisear múinteoir nua-cháilithe agus iad ag tabhairt faoina gcéad bhliain ós comhair an ranga. Más spéis leat an scéal bí i dteagmháil le aine@midasproductions.ie

Rachfaidh ‘Teacher Teacher’ ar aistear le seisear múinteoir nua-cháilithe agus iad ag tabhairt faoina gcéad bliain ós comhair an ranga. Beidh gach aon mhúinteoir lonnaithe i scoil an-difriúil, idir bhunscoil agus mheánscoil, ar fud na tíre. Agus ár múinteoirí ag tabhairt aghaidh ar a gcéad bliain i mbun múinteoireachta, beidh a naistear mar oscailt súl don lucht féachanna maidir lenár gcóras oideachais agus ár sochaí; ag scalladh spotsolas ar shaol dhaoine óga na linne seo agus iad ag déanamh a slí i saol nua éiginnte. Más spéis leat páirt a ghlacadh sa sraith nua spreagúil seo bí i dteagmháil le aine@midasproductions.ie

« Previous PageNext Page »